19.3.15

Ag siúl arís...


Da réir mar a thagann feabhas orm tá mé ag dul amach ag siúl arís.

Is áit álainn an áit ar a bhfuil chónaí orm, Caorán na gCearc i ndeisceart Chonamara. Má fhéacann tú ar learscáil na tíre tá an taobh ó thuaidh de Bá na Gaillimhe (nó Loch Lurgain) tá sé cuíosach réidh agus tú ag dul siar (Cois Fharraige) agus nuair a thosnaíonn an uisce ag teacht isteach in ionraoi nó i mbearnaí chosta is ansin díreach ag an gcead cúinne atá  an Caorán. Tá Ros a'Mhíl ansin ó thuaidh uainn agus feictear na báid ag dul go hÁrainn nó ag iascaireacht go minic ón teach s'againne.

An loch agus an tSean Bhaile ar chúl ar dheis!

Agus muid ag siúl ó dheas ón dteach lá lochán bheag, Loch an tSean Bhaile, agus tá sean bhaile ar a bhruach thiar le fothraigh de thimpeal ocht tithe agus sraideanna ann fós ach iad lán anois le dris, sméara dubha agus neantóga. Ag bun na bóithre sin tá Toit Chónáin agus cuireadh píosa le Máirín Mhic Lochlainn anuireadh anseo!

Radharc ar an gCodú, Oileán an Bhromaigh agus an mórthír ó Thoit Chónáin, taobh thiar ar fád tá leithinis na Ceathrún Rua.
Ag barr a chuain sin tá carraig mór dubh agus thógamar ainm na carraige sin mar ainm ar an mblag seo, An Codú. Tá seanfhocal sa cheantair seo a luann an charraig "Chomh sean leis an gCodú!"

Agus mé ag siúl buaileann díocas ghlachadh griangrafadóireachta mé agus thógaim an fón phóca amach.

Tá samplaí de dhá pictiúirí a thóg me anseo agam.

12.3.15

Spúinse as uisce agus istigh sa phictiúrlann!

Beidh an scannán ‘SpongeBob an Scannán, Spúinse as Uisce’ le feiceáil i bpictiúrlanna na tíre ón 27 Márta ar aghaidh. Is ócáid stairiúil í seo do ghasúir Ghaelacha agus éacht déanta ag TG4, Paramount Pictures, Macalla agus chuile duine a raibh baint acu leis. Comhghairdeas leo.
Tá  socrú speisialta déanta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta  a thabharfas seans do theaghlaigh leagan 3D den scannán a fheiceáil seachtain roimhe sin ar an Satharn 21 Márta!

Beidh léiriú speisialta ar bun i bpictiúrlann an Eye Cinema i nGaillimh ag tosú ar 6.30 tráthnóna, Dé Sathairn 21 Márta.

Praghas speisialta de €5 a bheidh ar na ticéid, cuma ar gasúr nó duine fásta tú. An-mhargadh go deo!

San áireamh i bpraghas na dticéad, beidh teacht le chéile beag mar a mbeidh seans againn seal a chaitheamh in éindí leis an bhfear é féin SpongeBob! Tabharfaidh siad aghaidh ar Scáileán a 6 ina dhiaidh sin, atá curtha in áirithe go speisialta dúinn agus gheobhaidh chuile dhuine deoch agus bosca popcorn. Suífidh muid síos ansin leis an gcéad fhéachaint a thabhairt ar an scannán.

Caithfear na ticéid a chur in áirithe roimhré agus moltar do dhaoine é seo a dhéanamh láithreach mar go bhfuil an-éileamh go deo orthu agus gan againn ach líon áirithe suíocháin.


"Beidh polasaí Gaeilge i bhfeidhm mar is gnáth – Gaeilge ar an Scáileán, Gaeilge sna Suíocháin!!!"

6.3.15

Liam T nó WT?

Leabhar a osclíonn doirse ar thréimhse bhúnú an stáit agus an fear príobháideach a thoghadh "tré thimpist" le bheith mar cheannaire air.

Nuair a bhí mise ag dul ar scoil stop an stair sa bhliain 1918 agus toghchán don gcéad Dáil. Anois is arís chualamar faoin dTreaty agus is annamh a chualamar faoin chogadh cathardha, bás Airt Uí Gríofa nó "dúnmharú" Mhichíl Uí Chuileáin. (Is as ceantair Dhún Laoghaire mé agus is cuimhin liom bheith istig i dtithe le pictiúirí Rí Shasan le thaispeáint faoi ghradam istig ionta!). Ní raibh clú ar bith ar chonas ar thárla sé go raibh cúrsaí polataíochta mar a bhí sna caogadaí. Ach is cuimhin liom nuair a fuair WT Cosgrave bás sna seascaidí agus dúradh gur Uachtarán a bhí ann sna ficheadaí agus athair Liam Cosgrave a bhí ann.


Nuair a fuarthas bronntanas le deanaí den leabhar seo bhí seans agam an-chuid de an lacunae a lionadh. Agus is leabhar cuimsitheach atá inti le h-an mhion eolais ar an bhfear chúin stuama ionraic seo. D'fhéadfá a rá gur tré tionóisc traigóideach a thárla gur rogníodh é mar ceannaire ar chéad rialtas ar Éirinn.

Ag breathnú ar phictiúirí de cheapfá gur duine a bhí ag ceapadh go bhfuil an naois aois deag fós faoi lán tseoil. Gléasta go néata le bóna aisiompraithe a bhí i bhfaisiún ag tús na 20 aoise agus bowler no trilby ar a cheann - deismear fiú géar, gruama. Ach sa leabhair seo buaileann an léitheoir le fear atá cinnte, siúrálta a agus cruinn agus beacht. Ach ag an am céanna deireann an chuid is mó a bhuail sé leis gur fear lách,  dea-araíonach, soilbhir a bhí ann. Ach thár aon rud eile ba daonlathach a bhí ann ina shaol poiblí.

Poblachtánach!
Ag maslú Seoirse V?
Bléa Cliathach go smior a bhí ann, ó chroí lár na catharach (Sr Séamais). Go luath san 20 aois bhí an-míshástacht sa tír. Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893. Bhí gluiseacht Brátheareacht na Poblachta ann i gcónaí ó na 1860í faoi rún. Bunaíodh Sinn Féin sa bhliain 1905 agus bhí WT ina bhall de ón tús agus seas sé, agus toghadh é, ar Bhárdás Bhaile Átha Cliath sa bhlian 1908 mar bhall den bPáirtí. Mar sin bhí taithí ar (agus ar Sheán T Ó Ceallaigh) ar obair riaracháin a cabhraigh go mór leis níos deanaí. Mar ball den Bhárdas chuir sé i gcoinne rún chomhbhrón ón gCathair ag bás Rí Shasana sa bhliain 2010 agus rún comhghairdeis leis an Rí nua Seoirse V. An fhaid is a bhí sé mar chomhairleoir rinne sé troid mór ar son na boicht go mór mór i gcúrsaí tithíochtaí.

Bunaíodh Oglaigh na hÉireann mar fhreagra ar bhúnú ar Oghlaigh Ulaidh ó thuaidh ag na hAondachteoirí agus bhí seiseann i láthair sa Rotunda i mBaile Átha Claith ag a bhunú. Mar bhall de Óghlaigh na hÉireann agus bhí sé páirteach i smuigléireacht gunnaí Bhinn Éadair. Bhí sé san South Dublin Union faoi Éamonn Ceannt agus le Cathal Bruagha. Tár éis an géilleadh daoradh chun bháis é ach aistríodh go príosún m saoil. Scaoileadh saoir e (agus na priosúnaigh eile) iad i 1918 ach i gcogadh na saoirse caith sé dhá seal eile i ngéibhinn.

Tá fhios ag cach faoin gConradh a shiníodh mí na Nollag 1921 agus a díospóireacht sa Dáil agus ansin bunú Saorstáit Éireann Nollaig 2022.  Ach fágadh an stáit nua gan ceannaire nuair a fuair an Coilleánach (a bhí mar Uachtarán) agus Art Uí Ghríofa bás taobh istigh de ceithre lá déag. Nuair a fhéach na ceannaire a bhí fágtha thár timpeall ortha bé WT Cosgrave an t-aon duine udarásach le taithí ar chúrsaí riaracháin agus roghnaíodh é mar Uachtarán ar Rialtas Saorstáit Éireann. Téann an údar isteach go mion ar a rinne sé i rith a thréimhse i gcumhacht idir an Chogadh Cathrach agus ina dhiadh. Ach nuair a bhí a thréimhse istigh, a mbuíochas le Pobal na Tíre, bhí sé sásta an rialtas a thabhairt chuig a namhaid Éamon De Valera gan aon trioblóid.

An Ghaeilge
Chuir mé féis spéis ar a bhí ann bhí a dhearcadh i leith na Gaeilge. Rinne sé iarracht í a fhoghlaim ach is cosúil nár éirigh ró mahit leis. D'aimsigh an údair cuid d'óráid a thus sé le píosa i nGaeilge agus litriú foghraíochta á úsáid aige (ar dheis). Ach chuir sé a bheirt mhac siar go Carna le Gaeilge a fhoghlaim, rud a bhí neamh-gháthach ag an am. Nuair a bhí a mhac, an iar-Thaoiseach Liam Cosgrave, i gCarna le déanaí ag oscailt Ionad Cuimhneacháin na nImirceach. Shínigh sé a aimn mar "Liam T Mac Cosgair "suas go dtí éirigh le De Valera dul i gcumhacht 1932 ach ait go leor ina dhiadh sin, mar cheannaire ar Chumann na nGael gus ansin ar Fhine Gael is "W.T. Cosgrave" a bhí á úsáid aige.

Leabhar tabhachtach é seo, curtha le chéile go cúramach le cabhair ón gclann. Tá sé éasca le léamh agus do cuid is mó go neodrach. Ní naomhsheanchas atá anseo. Má tá duine ag lorg eolas ar an tréimhse seo i stair na hÉireann tá sé tabhachtach. Rud nach bhfuil go leor de ann ná daonacht an fhir ann. Níl mórán ann faoina bhean agua a chlann agus b'fhéidir gur ceart é sin mar i ndairíre ba fear an príobháideach a bhí ann. Ach mar sin féin taitn an fear ionraic daona seo liom agus ní beag san. Cé gur as ár, troid agus neamhthreocaireacht an Chogadh Cathardha ar bhealabh bhí an t-ádh linn gur faoi fear stuama agus tár aon rud eile daonlathach a roghnaíodh mar chéad cheannaire ar Saorstáit Éireann.

• "Judging W.T.Cosgrave," Michael Laffen, RIA. ISBN 978-1-908996-39-8 2014