Ní minic a fhéacaim ar an BBC ach aréir bhí mé ag breathnú ar chlár faoi cibearshlándáil mar tá spéis agam san ábhar sin (féach mo leathanach i mBéarla ICS & SCADA Security). Nuair a bhí an clár thart bhí mé chun é a mhúcadh nuair a thug mé faoi deara go raibh clár i nGaeilge le bheith ar siúil "Art agus Tomaí san Eoraip!"
D'fág mé ar siúl é.
Tá áthas orm gur fhág! Clár spéisiúil spraoiúil atá ann. Aréir bhí an beirt gaiscígh, Art Hughes agus Tomaí Ó Conghaile, sa Chatalóin, ag féile dochreidthe ghlórach i Vilafranca - Castellers de Vilafranca (Caisleáin Vilafranca). Bhíodar ag tagairt do chultúr an réigiúin, mar is náisiún gan a stáit fhéin atá ann. Fuaireadar beagáinín cúlra ar an náisiún féin ón údar Tomás Mac Síomóin, atá ina chónaí sa ceantair le fada, i gceantair nach bhfuil faoi scáth chultúir BHéarla angla-meiriceánach.
Taobh istigh de leathuair a chloig bhí spórt, spraoí, eolas, agus beagáinín ól fíona - ach Tomaí bocht, ós rud é go raibh seisean ag tiomáint ní fhuair sé oiread agus braon!
Is anamh a fheictear clár chomh nádúrtha, eolasach, spreagúil, éadroim agus greannmhar agus a bhí an clár seo. Bhí an beirt láthóir go maith compóirdeach le chéile. Bhí an-spóirt acu ann agus ba léir é sin.
Chaill mé an céad dá mír den srath seo, sa Bhriotáin agus san Ghearmáin ach LCD ní chaillfidh mé an eachtra deireadh ag an mbeirt áthasach glórach seo, ag Féile Thrumpa Mearaí i Guca na Seirbia.
20.8.13
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment