8.8.20

Coineáil folláin!

Cheap mé gur billeog eile ón Roinn Sláinte a bhí ann nár cuireadh sa phost a bhí ann.

Cuireadh Leabhrán Eolais don Phobal amach go luath sa Bhéarla (agus sé seachtaine ina dhiadh san sa Teanga Náisiúnta). Ansin bhí ceann eile leis an treoirlínte a bhí dhá theangach. Ach ní fhaca mé an ceann seo go dtí go bhfaca mé carn beag i measc na billeoga éagsúla in Oifig an Phoist. Thóg mé ceann abhaile liom.

"Conas Thú Féin & Daoine Eile a Choimead Folláin" a bh ar an leabhrán agus istig ann bhi na treoracha atá molta ag na hudaráis sláinte agus ag na doctoirí ó thus agus comhairle sláinte eile atá ciallmhar ach b'fhéidir nach smaoiníonn muid ortha go ró mhinic: neart codhladh, béilí agus aclíocht rialta.

Teagmháil
Ansin téann sé tré na treoirlínte go simplí, Sláinteachas Pearsanta, Teagmháil le Daoine, Scaradh Sóisialta, Maisc Aghaidhe, Miotóga Aon Uaire agus mar sin de.

Ansin ag a cúl tá Gluais bheag ann. Tá focal simplí mínithe mar "tógálach", "víreas" agus "sláinteachas" ann. Tuigeann muid cad iad ach b'fhéidir nach féidir linn iad a mhiniú go simpli. Ach tá cinn eile mar "Sárocsad Hidrigine" "Dífhabhtán" atá b'hfheidir beagáinín níos deacra a thuiscint nó a mhiniú.

Níorbh iad an Roinn Sláinte a d'fhoilsigh an leabhrán seo ach an Eaglais Scientology Idirnáisiúnta, rud a chuir beagáinín íontas orm.

Tá suíomh acu chomh maith "Ionad Achmhainní Coiscthe" le hacmhainní éasúla mar aon le físeanna. "Cruthaíodh an t-ionad acmhainní seo le buneolas a chur ar fáil faoin méid is féidir leat a dhéanamh chun tú féin agus daoine eile a choinneáil folláin," a deirtear ann.  Is cosúil go bhfuil an suíomh seo le fáil i breis is scór teangacha éagsúla mar aon le n-ár dTeanga féin.

Ar ndóigh is cosúil gur caoindíol atá ar siúl ag an dream seo ach tá sé suimiúil go gcuireann siad an méid sin oibre sa tógra.

An t-aon rud nach bhfuil ann ná nasc chuig aon Udarás Sláinte mar an an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) nó (i gcás na suimhe Ghaeilge) chuig an Roinn Sláinte s'againne.

@Scientology @roinnslainte #coróinvíreas #COVID19 #coronavirus

3.8.20

"...gan mná ná páistí a áireamh!"

Bhí mé ag aifreann ar an nDomhnach, mise agus caoga eile.

S.Apollinare Nuovo, Ravenna na hIodáile
Chuaig m'intinn ar strae, mar a thárlaíonn go ró mhinic. Bhí mé, mar Rí úd na Sicile fadó, "lulled by the chant monotonous and deep...!" Bhí mé faoi sheachmall.

Tháinig mé ar ais chugam féin ag cloisint focail ón léachtán "...gan mná ná páistí a áireamh."

Bé an píosa ina thug Íosa béile don gcúig míle le "cúig builíní agus dhá iasc.” Rinne na hAspail comhaireamh agus i dtuairisc Mhatha, "Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh."

Nach minic leis na glúnta, fiú go dtí an lá atá inniú ann, nach comhairtear na mná agus na páistí?