20.10.15

"Deichniúr marbh ó aréir!"

Dán scríofa ag Marion Gunne faoin dtubaist a thárla i gCarraig Mhaighin 10/11 Deireadh Fomhair 2015.

Mairgne ar an 10 de lucht siúil na hÉireann a d'éag an tseachtain seo i mo cheantar féin (Dún Laoghaire-Ráth an Dúin), go ndéana Dia grásta orthu, is go dtuga sólás dá maireann dá muintir.

Deichniúr marbh i ndóiteán na hoíche aréir
i mbachlainn gheal Dé go gcastar iad
mar ní móide clos trácht tharstu thar sáile
is do-gooders abhus ag díriú ar chúrsaí eile
ag soláthar bheith istigh agus fáilte
do dhaoine nach dá muintir féin
droim láimhe acu do lucht cónaithe
ar an dealús ar bhéal dorais acu féin
i mbotháin neamhbhuana shuaracha
agus ar thaobh lom an bhothair mhóir
mar an leanbh sé mí d'aois a loisceadh
mar na clanna iomlána de mhuintir misli
a dódh ina mbeathaidh faoi chom oíche aréir
mar ár ndeichniúr marbh.
Marion Gunne 

Beannacht Dé ar anamnacha na marbh! Aiméan!

1 comment: