31.7.21

Saotharlanna Nuálaíochta oscailte.


D'oscail Heather Humphreys T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail,an t-ionad saotharlainne nuálaíochta atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta i gteic@An Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá na háiseanna saotharlanna forbartha mar áis nuálaíochta do ghnóthaí atá lonnaithe sa mol digiteach agus a bheadh ag forbairt coincheapa nó i mbun tástála ar tháirgí. D’oscail an tAire an trí saotharlann ina bhfuil dhá chomhlacht éagsúil ag feidhmiú faoi láthair.

Dúirt an tAire, "Tá ríméad orm na saotharlanna seo a oscailt ag gteic@An Spidéal agus a fheiceáil mar atá an mol seo ag úsáid na teicneolaíochta agus na heolaíochta chun an cian oibre a chur chun cinn. Léiríonn an togra seo cumhacht na nascachta chun gnóthaí d’ardchaighdeán a mhealladh chuig ceantair tuaithe cosúil leis An Spidéal i nGaeltacht Chonamara.
"Léiríonn comhlachtaí cosúil le HiTech Health agus Epitheal gur féidir le gnóthaí fás agus forbairt is iad ag obair as moil tuaithe agus nach gá a bheith cóngarach do chathracha nó bailte móra chun rath a bheith ar do ghnó.
"Tá an cian oibre agus tógáil gréasán náisiúnta d’os cionn 400 mol mar chuid lárnach do pholasaí Forbartha Tuaithe an Rialtais, Ár dTodhchaí Tuaithe. Tá muid an-sásta a bheith ag tacú le hÚdarás na Gaeltachta agus iad ag leathnú a ngréasán gteic ar fud na gceantar Gaeltachta sa tír.”

Achar 86 méadar cearnach atá i gceist leis na saotharlanna atá forbartha i gteic@An Spidéal agus á n-úsáid d’fheidhmeanna éagsúla saotharlainne ag cothú éiceachóras fíor fheiliúnach do ghnóthaí atá ag tosú amach. Tá na saotharlanna suiteáilte amach le háiseanna uisce agus doirteal agus binsí oibre le córais aerála sa gcaoi is go mbeidh trealamh sainfheidhmeach ag obair go héifeachtach sa tsaotharlann. Is féidir an caighdeán is airde maidir le hanailís fisiciúil, cheimiceach agus DNA agus réimsí teicniúla gaolmhara a chur i gcrích sna saotharlanna agus cuireann seirbhís den scoth ar riachtanas oibríochtúil na gcomhlachtaí HiTech Health agus Epitheal, atá lonnaithe iontu.

Tógadh gteic@An Spidéal le tacaíocht suntasach maoinithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe le blianta beaga anuas agus fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh os cionn €424,000 de mhaoiniú ceadaithe faoi Scéim Connected Hubs na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun uasghrádú a dhéanamh ar 15 ionad gteic maidir le héifeachtacht fuinnimh, bothán rothar, áiseanna físchomhdhála agus teicneolaíocht do dhoirse nua-aoiseacha i measc oibreacha eile. 

 “Tá muid fíor shásta go bhfuil na saotharlanna nuálaíochta atá oscailte go hoifigiúil inniu ag réiteach an bhealaigh d’fhorbairtí nua as ár n-ionaid gteic," a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh. "Cuireann na háiseanna seo luach agus deiseanna breise ar fáil do chomhlachtaí ó mhoil gteic. Beidh forbairtí dá léithéid ag cur go mór lenár bpobail, le gnóthaí a fhás agus fostaíocht a bhuanú i gceantair tuaithe na Gaeltachta. Bhí an maoiniú a ceadaíodh don eagraíocht faoin gciste RRDF ríthábhachtach do leathnú gréasán digiteach gteic, gréasán ar bhain daoine leas as le linn na paindéime agus a mbeidh an-tóir air sna blianta atá le theacht.”

@UdarasnaG @HHumphreysFG @DeptRCD @HealthHitech #Sláinte #Saotharlann

24.7.21

"Tá sé ag smaoineamh!"


Bhí sé de nós agam dul chuig na pictiúirí nuair a bhí mé óg sna seascadaí. Is cuimhin liom go raibh scannán faoin tSualainn agus bhí eolas faoi Teach na nAosach ann. Chuir sé isteach orm gur fágadh na seandaoine seo san sean teach - Teach na nEilifeant mar leas ainm. Scríobh mé dáinín beag faoi ag an am agus chuir mé ainm "Swedan, Heaven and Hell..." air. Ait go leor is cosúil gur tár éis tamall a caitheamh sa tSualainn a tháinig an athrú ar dhearcadh Dheasún Fennell ar fhealsúnacht an iarthair - mas féidir fealsúnacht a thabhairt air; Fealsúnacht an saoltaí; Fealsúnacht an dí-eaglaisí.

Deasún Fennell 1929-2021
Roinn mé leabhrán dá chuid ar líne sa bhliain 2016  nuair a fuair mé cead uaidh leabhrán dá chuid (Iarchonnacht Began) a roinnt ar líne. Scríobh mé roinnt faoi conas ar chuir mé aithne air an bhfear tréna chuid scríobhnóireachta faoin gCríostaíocht i bhfoisichán na nDoiminiceach, Doctrine and Life. Taitn a bhí á scríobh aige ansin lion, a dhearcadh ar an gCríostaíocht ag an am sin, díreach tár éis Comhairle na Vatacáine (1962 - 1965).

Bhí dhá rud tabhachtach i mo shaol ag an am sin - an creideamh Chriostaí agus Éire. Tá siad fós tabhachtach. Mar sin nauir a thosaigh sé ag scríobh san Irish Press bhí íontas orm gur as croí lár na Gaeltachta a bhí sé ag scríobh. Scríobh mé chuige agus thug mé cúirt air roinnt mhaith uair ag plé cúrsaí. Bhí fáilte mór ag a bhean Máire Troy romham i gcónaí .

Ba réabhlóidí é gan aon amhras. I cuimhin liom go litrigh sé ainm na háite ina raibh siad lonnaithe, Maoras, caoch súile i dtreo fir an leabhair dhearg!

Chuala mé a iníon Kate Fennell ar an Raidío ag caint faoin a chuid smaoineoireachta - bheadh cuaiteoirí chuig an teach le labhairt leis agus bhí ar Mháire a rá leo, "Tá sé ag smaoineamh!" Bhí píosa deas scríofa ag Seosamh Ó Cuaig ag tús na seachtaing ar "Deasún Fennell, a chara na gcarad!" nach deas sin. Ar na cuairteanna chuig a teach aige bhíodh seiseann ag lorg mo chuid tuairimí b'fhéidir níos mó nár a bhí mise ag lorg a chuid smaointe féin. Bhí mé páirteach sa ghluaisteacht Iarchonnacht 85 agus bhí mé ag fiosrú ar chonas gnó a thosú thiar ag an amm. I ndairíre níor éirigh liom dul siar go dtí 2001 ach is dócha go raibh mé ró shean faoin am sin le rud fiúntacha a dheanamh ann.

Is cuimhin liom é ar chláracha cainte teilifíse leis a phíopa agus a smaointe faoi ionsaí ag cainteoir eile agus ní dhearna sé ach gal ar a phíopa. Bhí sé beasach i gcónaí agus ni labhródh sé nuair a thug an cathaoireleach cead dó. Ach ag an am céanna bhí tuairimí docht aige agus ní raibh sé sásta géilleadh don status quo riamh. Táid ann a deireann gur "Solzhenitsyn na nGael" é! 

Is beag teangabháil a bhí agam leis ó tús na seachtóidí - bhí timpist agam i 1971 i nGaillimh agus thug sé cuairt orm i agus mé san oispidéal ruda narbh gá dó a dheanamh ach ba mhór dom a chuairt.

Chuaigh an saol ar aghaidh ach níor chaill mé an creideamh in an-cuid dá chuid smaointe go mó mór an "Bundessache" - tabhacht dílárú agus an pobal.

Beidh an chomhra aige lena chomh-fealsúnaithe go sioraí.

An rud is truamhéalaí faoi imeacht Deasún Fennell ná nach bhfuil níos mó daoine, intleachtóirí, ag léamh a chuid tuairimí. Tá an iomarca ag sodar nó ar chosa in airde i ndiaidh fhealsúnacht an saoltaí, an dí-eaglaisí, go mór mór ó tíortha eile agus i mBéarla. Má tá duine míshásta le treo náisiún na hÉireann ní fhéadfadh sé níos fhearr na scrúdú ar shaothar an fhir seo. Dúirt Uachtarán na hÉireann: "Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh inspioráid le fáil go leanúnach óna oidhreacht agus óna fhiosracht."

Tá súil agam go bhfuil an ceart aige!

ÓMÓS: ‘Tabharfar siar go Maínis thú, áit a gcaoinfear thú go hard’ – slán fágtha le Desmond Fennell, mórsmaointeoir Gaelach (Tuairisc.ie 19/7/2021)

11.7.21

'tuige?

Shuigh mé taobh leis an gcosán agus mé ag siúl ar maidin. 

Cad é seo?
Bhí an lá go deas agus cé go raibh sé scamallach bhí sé meirbh go leor.

Bhí slua bláthanna éagsúla ag mo chosa, cuid a cud a d'aithin mé - seamair, feochadán agus Lus cré talún. Ach bhi an ceannaín beag seo fluairseach ann. Bláth le cúig chinn de pheitil spotaí ortha agus bláthaín beag ina lár.

N'fheadair cad é?

Thosaigh mé ag smaoineamh ansin ar chén fáth a bhfuil a leithéid ann. Tá sé scríofa sa leabhair naofa. "Tá a ionú féin ag gach uile ní agus tá a thráth ann don uile ghnó faoin spéir..." Agus thosaigh mé ag smaoineanamh ar cén fáth a bhfuil a leithead ann ar chor ar bith? 

Creadtear gur cruthaíodh muid ag Dia - ach cén fáth? Fuair mé freagra ó fear a bhí i bhfad níos cliste ná mé tráth: "Is dúinn féin a chruthaigh sé muid dó féin!" 

Cad is brí leis sin?

Nach aisteach na smaointe a thagann chugat agus tú in do shuí ar thaobh chosán i gConmara?