8.3.20

Taispeántas tré thimpist!

Tá sean phictiúir againn sa bhaile de mo shin shean athair - Peter and t-ainm a bhí air agus fuair sé bás sa bhliain 1894 ag agus é naoi mbliain agus dhá scóir bhliain d'aois. Deitear sa taifead go bhfuair sé bás de dheasca "cerebral effusion." (D'fhéach mé i nGoogle agus fuair mé amach go bhfuil grúpa ceol ó thír na mBascach iad - níor thaitin a gcuid "ceol" liomsa.)

Mo shin sean athair!
Thug muid faoi deara go raibh roinnt marcanna ar an bpictiúir úd le deanaí. Scoilteanna nó áiteanna a bhfuil an phéint ag teacht amach uaidh dhromchla an pictiúir. Tá muid ag ceapadh gur grianghraf atá ann agus gur cuireadh péint ar len é a dhathú. Is cosúil gur nós é sin a bhí coitíanta ag an am.

Bhiomar istigh sa cathair inné agus muid ag tiomáint thár Kenny's. Smaoinigh mé ar an bpictiúir agus chuamar istigh a lorg comhairle ar chonas an pictiúr a dheisiú. Ar ndoigh bhí sé deacair mórán comhairle a thabhairt nuair nach raibh an pictiúir liom agus chinneamar ar é a thabhairt isteach an cead uair eile a bhíomar sa bhaile mhor.

Bhí taispeántas ar siúl sa dánlann atá ag Kenny ar an lá. Is cosúil gur osclaíodh é ag an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ar oíche Aoine. Aisbhreathnú ar shaothair (Béarla) ealaíontóir Iodáileach Laura Vechi Ford. Chaith sí 40 bliain ag múineadh ealaíon agus litríocht na hIodáile sa ollscoil.

Stíl ildaite bríomhar beomhar atá sna pictiúirí lán de siombalachas, éin ag eitilt, íasc ag léimneach, an gealach agus eile.  Pictiúr deas mar shampla (ar bharr anseo) "Seoltóireacht amuigh agus istigh." Tá portráidí ann chomh maith. Bhí ceann amháin den údar Iodálach Umberto Eco - bhí aithne acu ar a chéile. Bhí taispeántais dá cuid saothair in Éirinn agus thar lear thár an blianta.

Is fiú dul isteach le breathnú ar na pictiúirí. Tá sé ar siúl go dtí tús mí Aibreáin.
Laura Vecchi Ford agus a pictiúir de Umberto Eco.