28.3.13

Athrú síoraí?

Is léir go bhfuil athraithe tagtha ar an mbealach a oibríonn muid ó tháinig na meán soisialta i réim. Seachtain nó dhó ó shin shroic twitter, an córas giolcaireachta, seacht mbliain ar an saol. Tá facebook, blaganna agus LinkedIn ann agus ar ndóigh Google. An cuimhin le h-éinne nuair nach raibh siad ann?

Bhí mé ag smaoineamh ar na rudaí sin agus Foras na Gaeilge ag lorg daoine len a Suirbhé Pobail ar roghanna maidir le formáid seirbhís nuachta do phobal na Gaeilge a líonadh. (Ar líon tusa isteach go fóil é?) Tá mise agus na daoine atá ag léamh an blag seo i ndán an suirbhé sin a líonadh. Bainimíd-ne úsáid as na meán soisialta beag nó mór. Ach tá daoine ann nach bhfuil fhios acu céard tá ann. San baile fearainn ina bhfuil cónaí ormsa tá timpeal 25 tithe go bhfios dom tá 5 nó 6 chin "ceangailte" leis an idirlíon. Tá an áit seo sa Ghaeltacht agus seans go mbeidh tuairimí ag an 20 taighlaigh nach bhfuil ceangailte. Conas a bhfaighfidh FnaG a dtuairimí siúd?

Bíodh sin mar atá, is cinnte go bhfuil an cine daoine ag dul i dtreo an ceangailt seo mar is cinnte go bhfuil fón phóca ag an cuid is mó acu óg nó sean.

Ag smaoineamh dom ar na rudaí seo tháining mé ar alt suimiúil sa Huffington Post (Cá raibh sé sin deich mbliain ó shin?) faoin na meán soisialta agus ar an mbealach atá sé ag athrú ár módh oibre. Trén idirlíon tá muid go léir cónasctha ar bhealch nach raibh nach raibh indéanta roimhe seo. Mar shampla, níl aithne agam-sa, (gnáth duine, nach iriseoir mé, nach politeoir mé, nach duine a úsáideach na sean meáin ach iad a léamh, nó éisteacht leo nó breathnú isteach ortha) ar an cuid is m de na daoine a léifidh an píosa seo. San alt seo (Béarla) deireann an údar, Vala Afshar, go bhfuil cúig athraithe ar mhódh oibre an cine daoine de bharr na meáin soisialta. Bhí an rud céanna, ar bhealach, á rá i Seth Godin ina leabhair "Meatball Sundae!" (Béarla)

Seo rud nua. Seo athrú nach bhfaca muid ó chum Gutenberg an leabharlannaíocht i Mainz na Gearmáine!

14.3.13

An Pápa nua!

"Qui Sibi Nomen Imposuit Franciscum"

Nuair a tháining an Cairdinéal Tauron amach ar Loggia Lár Eaglais Naomh Peadair bhí gach éinne ag súil le togha duine de na Papabile, iad siúd a bhí na i mbéal lucht an phreasa, Schola (Milano), nó Scherer (Sao Paulo) nó fiú O'Malley (Boston). Ach bhí féirín gan coinne aige dúinn.

Súiomh na Vatacáine ar maidin! (Spáinis)
Habémus Papam
Bhí guth cuíosach lag ag an gCairdinéal agus é ag rá na focail traidisiúnta:
"Anunnuntio vobis gaudium magnum..."
Bhí ciúineas sa slua leis an ainm a cloisint. "Seoirse Máire.." Cén sloinne? Níor chuala mé an sloinne i gceart. Ach ansin dúirt sé ..."Qui Sibi Nomen Imposuit Franciscum"
Tháinig osna ón slua, "Cen duine é seo?" "Seo ainm nua ar fad!" "Prionsias.!"

Thóg tráchtaire RTÉ, Bryan Dobson, neomad nó dhó leis an eolas a thabhairt dúinn. Ar deireadh bhí sé aige agus dúirt sé gur Cairdinéal ón Airgintín abhí ann, Jorge Mario Bergoglio, 76 Bliain d'aois, agus leis an ainm Prionsias, an chéad duine a thóg an ainm sin. Mar aon leis sin Íosánach a bhí ann, an chéad Íosánach riamh a toghadh mar Pápa.

Habemus Papem (Smaointe Fánacha Aonghusa 4/4/2013)
Ar ndóigh thosaigh gach éinne ag smaoineah ar cén brí a bhí le rogha ainm Il Poverello, Naomh Assisi, naomh bochtanais, naomh an dúlra, an naomh a fuair an teachtaireacht "Téir agus déan mo h-eaglais a ath-tógáil dom!" An siombal a bhí san ainm seo?

Seo muid
Thóg se cúpla neomad eile leis an fuinneog a oscailt arís agus ansin tháining sé amach.

Thug daoine a thuigeann na rudaí sin faoi dearadh go raibh sé spéisiúl nach raibh air ach a chuid éadaí bán. Ní raibh air an muzzetta, nó an fhallaing dearg le cóiriú eirmín leis an stól. Ní raibh ach an éidaí simplí bán air. Siombal eile? Bhi an cuma gur baineadh geit mór as nuair a sheas sé go cúthalach ós comhair an slua.

Ansin labhair sé, nós a thosigh Eoin Pól II, "Fratelli e sorelli, Buona sera..." Bhí Iodáilis mhaith aige! Agus bhí athás ag an slua Romhánach. "...chuaig na Cairdinéal chuig deireadh an domhain le bhúr n-easpag nua a fháil....ach seo muid!"

Ansin threoirigh an slua ag urnaí don iar-Phápa Benedict XVI, "Ár nAthair...Sé do Bheatha a Mhuire...Glór don Athair." Rud nua eile!

Ansin d'iarr sé ar gach éinne guidhe go ciúin leis roimh a chéad bheannú mar Pápa. Chroim sé a cheann agus tháinig ciúineas mór ar an slua, slua ollmhór sa chearnóg.

Ansin chuir sé air an stól agus thug sé a bheannacht Urbi et Orbi, don cathair agus don domhain. Briseadh eile leis an dtraidisiún a bhí anseo mar níor chan sé an bheannú.

Nuair a bhí an beannú thart dúirt se leis an slua go raibh sé le dul le guidhe ag scrín Salus Populi Romani - scrín Mhuire in Eaglais Mhuire Mhór.

Ag an deireadh dúirt sé "Oíche mhaith agus codladh sámh!"

Mar a deirim is cosúil gur duine nua atá mar Pápa againn. Tá comharthaí le feiscint agus le cloisint. A ainm, Iosánach, simplíocht a bheatha go dtí seo, a dhúcas mar "Papa Americano." Mar a dúirt duine éigin ar twitter: "Ní h-é Prionsias I chomh mór san againn ach Eoin Pól I!"

Mar a deireann siad sa Róimh, "Viva il Papa Francisco!"
Simplíocht! Eoin Pól II agus Prionsias ar lá a dtogha


12.3.13

Reoite i mí Márta...

Bhí sé fuair ar maidin.

Inniú lá na h-araidí bruscair anseo agus chuaig mé amach leo go luath. Bhí an féir beagáinín brioscánach faoi mo chosa agus mé ag siúl leis na málaí chuig ionad iontrála ár ndiméine!

Ar mo bhealach thug mé faoi deara go raibh an locháinín bheag atá againn i ngairdínín, atá á dhéanamh againn taobh leis an sciobóil, reoite. Bhí an oighear crua agus tiubh. Chuir sin íontas orm mar níor cheap mé go raibh sé chomh fuair sin. Bíonn díonta na tithe thár timpeall bán i gcónaí le sioch agus ní raibh ar maidin. Is cosúil gur oíche an-tirim a bhí ann gan mórán tais san aer.

Anois tá an ghriain ag éirí agus níl scamall sa spéir. Beidh an lá go hálainn.

Buíochas le Dia.

6.3.13

Calafort Chill Rónáin


Bhí slua maith ag an gcruinniú.

Is ar maidin a fuair mé teachtaireacht ón Roth (Eagráiocht de chuid Cumann na nInnealtoirí) ag rá go raibh léacht le bheith ann san Forbacha an oíche sin, maidir le Calafort Chill Rónáin.

Duais na nInnealtóirí
Bhí fhios agam go raibh an obair sin ar siúl le roinnt bhlianta go mór mór mar bhí lorraithe móra trom ag dul anoir agus aniar go Ros a'Mhíl lán de carraigeacha oll-mhór le haghaidh an tógra seo. Ní dhearna na lorraithe chéanna mórán maitheas do bhóthaire bhochta Chonamara ach b'shin scéal eile. Chuala mé leis áit éigin go raibh an tógra ceanna tár éis duais innealtóireachta éigin a gnóthú. Mar sin chuaig mé soir chomh fada le h-áras Údarás na Gaeltachta ar an Forbacha.

Bhí an oíche flúich go leor tár éis deich lá a bhí fuair ach tirim agus cheap mé nach mbeadh mórán daoine i láthair ach bhí cathú orm. Bhí breis is dhá scór i láthair i seomra mór chompóirdeach romham.

Bhí Pádraig Ó Cinnéide BE - iarfhostaí den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Joe Murphy BE CEng FIEI CDipAF RConsEI - comhairleoir, Punch Consulting Engineers (Béarla) a bhí leis an caint a thabhairt.

Léirigh Pádraig Ó Cinnéide ar an gcúlra leis an tionscanamh, an teacht agus imeacht, an idirghabháil idir poball Inis Mór, na hIascairí, lucht an Bháid Tarthála, lucht na mbád farantóireachta agus "na húdaraisí", Comhairle Chontae na Gaillimhe, An Rialtas, Údarás na Geltachta agus níos deanaí lucht Pleanála. Is cosúil gur sna seachtóidí a thosaigh an caint seo ach i ndairíre thosaigh an pleanáil ag tús an chéid seo, 2000, a thosaigh a pleanáil i gceart agus ansin an stocaireacht chun maoiniú a fháil. Faoi dheireadh fuarthas maoiniú (€39 milliún) sa bhliain 2007 agus thosaigh an obair ceart ansin.

Bhí constaicí eile ann seachas maorlathas ag an tionscnamh. Áit an-oscailte atá in Árainn idir an aigéin agus Cuan na Gaillimhe a chuireann le garbheacht agus neart na mara! Mar aon leis sin bhí fadhbanna le dromchla ghrinneill na farraige. In áiteachaa bhí sé ró bhog le portach doimhin faoi agus in áiteanna eile bhi fána chlaonais ar rófhána é. Rinneadar múnla nó mionsamhail oibríoch den suíomh le coincheapa éagsúla a thriaileadh. Nuair a bhí sé seo déanta acu bhíodar reidh leis an obair ceart a dhéanamh!

Neart carraigeacha
Rud a chuir go mór leis an gcostas ná an cinneadh a rinne an Bórd Pleanála gan cead coincréid a úsáid leis an tonncosc, 550m ar fháid, a thógáil. Mar sin bhí ortha carraigeacha móra a úsáid. Ach ní raibh cead acu chuir isteach ar dhúlra an oileán féin mar is áit caomhnaithe spisialta (SAC) é Inis Mór. Mar sin bhí ortha iad a fháil ón mórthír.

Chuireadh leis an gcaladh a bhí ann le breis is céad bliain ionas go mbeidh na turasóirí sabháilte ón gnáth obair iascaireachta agus tionscalaíochta a bhíonn ar siúl ar chéibh gnóthach agus rinneadar an deisiúchán ar an sean céibh.

Bhí an-chuid pléascadh agus druileáil mar a bheitheá ag súil leis ach bhí ortha bheith an-chúramach gan chuir isteach ar an ndúlra, rónta agus eile a bhíonn sa bhfairrge sa cheantair sin.
Calafort Chill Rónáin 2011
Cuireadh críoch leis an dtógra ina iomláine sa bhliain 2011. Bé an tionscadal is mó a tógadh riamh ar oileán sa stát é.

D’éirigh leis an tionscadal seo an gradam “Engineering Project of the Year 2012” a bhaint amach, bunaithe ar vótáil poiblí, sa chomórtas Engineers Ireland Excellence Awards”, comórtas oscailte don phobal ar fud na tíre. I measc na tógraí a bhí istigh don duais áirithe seo bhí Foirgneamh Titanic, Béal Feiriste, Skyline Páirc an Crocaigh agus Ionad Chuairteoirí Chlochán an Aifir i dtuaisceart Chontae Aontroim. Bé vótáil ón bpobal a shocraigh an toradh ar an gcomortas seo.

Tá mé ag súil le dul isteach go hInis Mór i rith na bliaina leis an éacht mór innealtóireachta a fheisint mé fhéin.