3.1.24

Ecx - giolch tachtaithe?

Le bliain anuas tá athru tagtha ar an idirlín ó cheannaigh billiúnaí éigin ceann de na mór ardáin - twitter.

Bhíodh sé an suimiúl agus bhí an-chuid díospóireachta air - díospóireachta fiúntacha uaireanta. Is minic a rinne mé iarracht eolas breise a fháil ann agus d'fhaighinn é gan mórán moille. Ar bhealach ba cineál tobar na gaoise a bhí ann!

Bhí giolch (an giolch iad a thuile?) ag rá gur trua an rud é go raibh daoine imithe ón ardán agus gur bocht an suíomh dá bharr. Cuid acu imithe chuig ardáin eile, Mastodan, Spéir Ghorm nó Telegram. Ach mo léan níl siad siúd chomh maith nó chomh éasca a lamhsáil is ata an sean twitter. Agus "ach is é an toradh ar seo ná go bhfuil na háiteacha go léir leamh go leor anois - níl a dhothán chomhrá in áit ar bith.

Cinnte baineann na foinse nuachta, Tuairisc, Nós, Nuacht TG4, Meon Eile, Molscéal, ExtraG, Éire Beo agus Treibh an úsáid as - mar a déannan Iriseoirí i mBéarla - ach tá an comhrá agus an teacht le chéile a bhíodh ann imithe anois faraoir.

Mothaím uaim é?

1.1.24

Sórt rógaire sagairt?


Tá mé díreach tár éis leabhair "Eaglais na gCatacómaí" leis an tAth Pádraig Standún a léamh*.

An céad rud a sheas amach domsa ná a chreideamh - a chreideamh in Íosa Chríost. Ach ar an dtaobh eile ní raibh fhios agam cén fáth go bhfuil an creideamh sin chomh láidir istigh ann ... go bhfuil sé dílis dá shagartóireacht! Cad as a tháinig a chuid spioradáltachta máß spioradáltacht atá ann. 

Mar duine mé fhéin a d'aistrigh go dtí an Ghaeltacht thuig mé na deachrachtaí a bhí aige teanga mhuintir na Gaeltachta a thuiscint nuair a cuireadh siar go hÁrainn é don gcéad uair.

Foilsíodh an leabhair sa bhliain 2004. I ndairíre séard tá sa leabhair ná imeachtaí a shaoil suas go dtí an am sin. Léiríonn sé trína a chuid altanna, leabhaor agus drámai an meon a bhí aige in amantaí áirithe. Ach dár liom chuaig sé thár n-ais chuig a ghairm mar Shagart agus mar Críostaí. Már is eol dúinn tá an-chuid scríofa aige - go mór mór na húrscéalta ach i gcónaí filleann se arís ia arís eile ar a pharóiste.

Cinnte is "réabhlóidí" é atá sásta fulaingt ar son a chuid tuairimí ach dár liom ní ar a son féin atá sé ag troid ach ar son a chosmhuintir, a phobal. Ag an am céanna tuigeann sé meon iad siúd atá í gcomhacht, más Easpag nó Polaiteoir é.

Tá cuimhne agam ar agallamh a thug sé agus é á scaoileadh amach, as Muinseó sílim, agus cuireadh ceist air. "Cad a dhéanfadh tú anois?"

"Tá searmanais na Cásca le céiliúradh sa pharóiste!"

Insíonn sé gur thóg sé sos le bheith ag scríobh go lán aimsirtha ach tár éis tamall "D'airigh mé uaim gnáth shaol an tsagairt ... sásta bheith ag filleadh arís ar Inis Meáin. Bhí mé sásta filleadh ar mo chéadgairm."

Ar ndóigh tá tuairimi éagsúla aige faoi rialacha na hEaglaise léirithe aige agus sílim gur ciúnaíodh sagairt nó heaglasaigh eile le tuairimí cosúil leo. Ach ag an am céanna léirítear dílseacht don gcreideamh agus don bpoball sa leabhair seo.

Mar a dúirt mé scríodh é seo ag tús an chéad seo agus réimis Eoin Pól II ag druidim chun chríoch. Tá Benedict XVI imithe agus anois tá Prionsias againn. Tá Ard-Easpag eile ar an Deoise (Tuama) anois chomh maith.

Ba bhreá liom saothar eile uaidh ar a shaol ó 2004 ar aghaidh. Bhí sé i dTuair Mhic Éadaigh nuair a scríobh sé an leabhair seo agus uaidh sin sílim gur chaith se seal mar shagart i gCarna.

Bhí an leabhair seo éasca le léamh (mar atá aon leabhair ón údar seo) agus molaim é.


* Eaglais na gCatacómaí, Pádraig Standún, Cló Iarchonnachta 2004, ISBN 1 902420 67 5

Seans go mbeidh spéis agat sna píosaí seo chomh maith: