31.12.12

Ár gcara sráide!

Tá cara beag again  anseo i gCaorán na gCearc. Glasóg sráide atá ann. Bíonn sé amuigh ar an sráid ós comhair an tí beagnach chuile maidin agus anois tá sé de nós againn grabhóga aráin a caith amach ansin dó. Uaireanta tagann cáirde leis (nó léithí ní fios dom a inscne!) le píosa den fhlúirseacht a roinnt leis. Má thagann muid chuig an doras eitlíonn siad ón áit ach seasann ár gcara gan eagla.

Tá scéal ann faoin stampa a d'éisigh An Post. Anois is arís bíonn fadhb an síne fada a chuir ar ghuta i nGaeilge má tá cló leictreoineach á úsáid. Is cosúil gur thárla san agus iad ag chuir an stampa seo i gcló. Níor thug éinne faoi deara nach raibh an litriú i gceart ar ainm an Ghlasóig ar an stampa féinghreimiú. In ionad "ó" agus "á" bhí "U" agus ".". Níl fhios agam ar cheartíodh an botún seo níos deanaí. Le fada ar ndoigh bhíodh "Eire" inionad "Éire" acu ar na stampaí. (Féach "Díspeagadh An Post" beagnach deich mbliain ó shin!)

Ar ndóigh is cosúil nach cáirde iad muintir An Phoist don Ghaeilge agus tá píosa scríofa faoin a pholasaí i leith na Gaeilge agus ainmneacha Oifigí Phoist sa Ghaeltacht scríofa cheana féin - Gníomh na péinte duibhe!!

14.12.12

Bullaíocht!

Tá olc orainn go léir cloisint faoi bullaíocht agus na torthaí thruamhéalacha a thagann as go mór mór don íosparptach. Bhí an scéal i mbéal an phobail aríst i rith na seachtaine.

Rinne comhlucht maragaíochta Fusion (Béarla) rud éigin faoi. "Is é seo an freagra atá againne ar bhulaíocht ar líne. Tá ról againn ar fad anseo!" Cruthaíodar postaer le cabhrú linn ar cad ba cheart dúinn dhéanamh chun chur i aghaidh an fhadhb iomparaíochta seo. Tá sé le fáil i mBéarla chomh maith le Gaeilge!



Deireann siad: "Déan do chion féin – cuir ríomhphost chuig design@fuzion.ie chun comhad a fháil atá réidh le priontáil!"

10.12.12

Béal Bocht agus an Taoiseach!

Tá An Béal Bocht, ceann de mhórleabhair na Gaeilge foilsithe ag Cló Mhaigh Eo mar úrscéal grafach, é cóirithe ag Colmán Ó Raghallaigh, in eagar ag Breandan Ó Conaire agus maisithe ag John McLoskey. Sa phictiúr thuas i dTithe an Rialtais leis An Taoiseach Enda Kenny TD, tá Grainne Ní Raghallaigh agus Colmán Ó Raghallaigh (Cló Mhaigh Eo).

"Áit faoi leith ann féin is ea Corca Dorcha agus daoine gan a gcomhacasamhail a mhaireann ann."


5.12.12

Maidin fuair!

"Ag éirí dom féin ar maidin an lae ghil...."
Ní raibh mé i ndán codladh agus ag an am ceanna níor léigh mé mo uaireadóir i gceart. Mar sin d'éirigh me go luath, ró luath, ar maidin.

Bhí sioch ann ach ós rud é go bhfuil m'oifig sa teach agam ní raibh fhios agam gur chuala mé Gráinne Ní Dhomhnaill á rá ar Nead na Fuiseoige. Shúil mé amach faoin aer ansin agus b'fhíor dí. Bhí sé fuair, an-fhuair.

Is beag scamall a bhí sa spéir. Bhí réalt san oirthear, plainéad éigin, níl mé cinnte cén ceann, Iúpatar i bhfad uainn nó Véineas níos congaraí dúinn. Bhi solas buí oráisteach dearg mar cineál bóna ag bun na spéire agsu a griain ag iarraidh éirí ag tús an lae.

Smaoiníos ar fhocail an amhrán:

...Ag éirí dom féin ar maidin an lae ghil 
'S mé gabhail fá'n choill chraobhaigh 's mé seoladh bó
Tharla dhom an spéirbhean 'na suí ar an léana
'S a fallaing léithe 's í lán de ghnó....


Ghlach mé pictiúir! An maith leat é?


1.12.12

Foirceannadh toirchis nó ginmhilleadh!

Tá an scéal brónach, truamhéileach, faoi chlann Shavita i nGaillimh a chaill a céad ghin agus beatha an máthar in oispidéal na Gaillimhe i mbéal an phobail le coicís anuas. Tá se deachair a shamhlú cé chomh chroí bhriste is atá a fear agus tuigfeá a fhearg agus é ag lorg freagra ar a chuid ceisteanna.

Lus míonla goirt
Tá meoin nó aigne na hudarais, idir an FSS agus an Roinn Sláinte, deachair le tuiscint nuair nach ndearna siad teangabháil leis an fear agus an teangabháil leis a leanúint go dtí go raibh pé fhiosrú a bhí le déanamh déanta. Bhí sé scannalach go raibh air dul chuig na nuachtáin chun go dtosódh aon fhiosrú!

Dár liom tá an-mhíthuiscint ar an gcás fhéin agus má tá firinne ar bith sa tuairisc a thug a fear, tá an-cheist le freagairt. Cén fáth gur diúltaíodh cóir leighis ceart a thabhairt don bhean seo agus a leanbh?

Tá sé easca orainn, nach raibh ann, breithiúnas a thabhairt ach sílim go bhfuil "Lucht an ginmhilte" agus "Lucht Frith-Ghinmhilleadh," ag dul thár fóir leis. Tá an-chuid ag déanamh ceangal leis an gcás cáiliúil "X". Ní dóigh liom go bhfuil ceangal ar bith leis sin. Tá an ceangal sin ag ceapadh gur ginmhilleadh a bhí ón gclann, agus bfhéidir gur usáid siad an focal Béarla "abortion" ach tá mé ag ceapadh gur focal eile a úsáid siad, an focal "terminate the pregnancy." Sa Ghaeilge áfach is féidir an difir a fheiscint go soiléar. Rud a thug síciatraí le fios ar chlár ar Raidío na Gaeltachta cupla lá ó shin. Bhí alt maith (Béarla) ag Breda O'Brian in Irish Times ar an Sathairn a mhínigh an pointe seo go beacht soiléar.
Dom fháisceadh idir dhá bhró mhuileann (Alan Titley, Irish Times 5/12/2012)
Dár liom fhéin níl an rud ar a dtugtar "Ginmhilleadh" dlithúil nó fiú ceart. Is milleadh atá i gceist, sé sin deireadh a chur leis an leanbhín istigh i mbruinne d'aon ghnó. Ach más "Foirceannadh Toirchis" atá i gceist is scéal eile atá i gceist. Ón méid atá ar eolas againn go dtí seo níl aon rud sa dlí nó sa Bhunracht (ná i dteagasc na hEaglaise Chaitlicí) i gcoinne "foirceannadh toirchis," i gcás Shavita.

Tá áfach fadhb sa dlí maidir le cás X nach ndearnadh rud ar bith faoi ón gcás cúirte truamhéalach sin. Tá ar an Rialtas dlí a rith a déanfadh soiléar cás mar sin, go mór mór i gcás bagairt féin-mharú an máthar i gceist.

Sílim féin gur ceart dóibh, mar a mholann Breda O'Brien, dlí, ní chun deireadh a chur le saoil an pháiste, ach chun saol an mhathar a shabháil.

Ach thár aon rud eile ní mór dúinn smaoineamh agus gan dearmad a dhéanamh ar bhrón agus ar bhriseadh chroí atá ar Phraveen, chéile Shavita. Pé rud a thárla, tré mhí-thuiscint ar an dlí, nó diognóis mícheart, is ag caint faoi clann, daoine daonna atá scriosta in ár dtír féin agus iad i bhfad óna dtír fhéin.

20.11.12

Comóradh ar éagóir Mhám Trasna 1882


Beidh ócáid chomórtha ar siúl i nGaillimh i lár mhí na Nollag mar ómós do Mhaolra Seoighe, a cuireadh chun báis go héagórach 130 bliain ó shin. Ciontaíodh é as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo sa bhliain 1882: crochadh agus cuireadh é ar láthair phríosún na Gaillimhe san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois.
Ceantair Mhám Trasna (Pic: SÓ Mainin)
Fear Gaeltachta gan Bhéarla a bhí ann ach ní raibh aon Ghaeilge ag an dlíodóir nó ag na h-abhcóidí a bhí á chosaint os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath. Ní raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh ná ag baill an ghiúiré agus níor thóg sé ach faoi bhun 6 nóiméad orthu teacht ar chinneadh go raibh sé ciontach. Rinneadh neamhaird dá fhianaise i nGaeilge, coinníodh siar ón gcúirt fianaise a chabhródh lena chosaint agus thug brathadóirí fianaise bhréige ina aghaidh.

Beidh an ócáid chomórtha ina ómós á heagrú i bpáirt le chéile ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Músaem Cathrach na Gaillimhe (Béarla) agus Conradh na Gaeilge. Fógraíodh eolas faoin ócáid inniu (20 Samhain 2012) cothrom an lae 130 bliain ó shin ar cuireadh deireadh le triail Mhaolra Seoighe agus ar gearradh pionós an bháis air i gCúirt Shráid na Faiche i mBaile Átha Cliath.

Beidh an ócáid ómóis ina thaca d’fheachtas atá ar bun sa Bhreatain ag roinnt ball de Thithe na Parlaiminte ansin faoi cheannaireacht na dTiarnaí Alton agus Avebury tabhairt ar údaráis na Breataine anois féachaint athuair ar chás Mhaolra Seoighe agus a fhógairt go raibh iomrall ceartais i gceist agus gur go héagórach a ciontaíodh agus a cuireadh chun báis é.

Uaigh Mhaolra Seoighe
Beidh gnéithe difriúla sa chomóradh atá beartaithe ar Mhaolra Seoighe Dé Sathairn an 15 Nollaig 2012, cothrom an lae go díreach ar crochadh é, 130 bliain ó shin. Beidh Aifreann ina chuimhne san Ardeaglais agus bláthfhleasca á leagan ar an áit ar crochadh é agus a bhfuil sé curtha faoin tarmac sa charrchlóis in aice na hArdeaglaise. Beidh siompóisiam i Músaem na Cathrach agus imeasc na gcainteoirí beidh an staraí, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh; an Tiarna Alton ón mBreatain, arbh as Tuar Mhic Éadaigh dá mháthair; agus Johnny Joyce ó Bhaile Átha Cliath, duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh i Mám Trasna agus as ar ciontaíodh Maolra Seoighe. Beidh taispeántais, léitheoireacht as sleachta stairiúla agus scannán de chuid RTÉ faoi Mhám Trasna mar chuid den ócáid freisin agus imeachtaí eile a bheidh le fógairt amach anseo.

Tá an clár i bhfoirm pdf le fáil anseo.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh cás Mhaolra Seoighe ar cheann de na léirithe is suntasaí agus is truamhéalaí dá raibh riamh ann ar shéanadh ar chearta teanga. “Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla”. Mheabhraigh sé an méid a tuairiscíodh a dúirt Maolra Seoighe féin agus é á thabhairt chuig crann a chrochta: “Feicfidh mé Íosa Críost ar ball beag –crochadh eisean san éagóir freisin.”

Dúirt Breandan Ó hEaghra ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe go raibh áthas ar an Músaem a bheith páirteach sa chomóradh seo. “Cuid de stair na cathrach, an chontae agus na tíre é an méid a tharla do Mhaolra Seoighe. Ar nós aon mhúsaeim, tá ról tábhachtach againn i meabhrú na staire don ghlúin reatha agus do chaomhnú na gcuimhní do na glúnta atá le teacht” a dúirt sé.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge gur dheacair a shamhlú anois an éagóir a rinneadh ar Mhaolra Seoighe agus ar dhaoine eile a chaith blianta i bpríosún as dúnmharuithe Mhám Trasna. “Tharraing an cás Gaeltachta seo raic a mhair ar feadh na mblianta i bParlaimint Westminster agus bhí sé ar cheann amháin de na cúiseanna gur thit Rialtas Liobrálach William Gladstone in 1885nuair a thacaigh na teachtaí Éireannacha faoi cheannas Charles Stewart Parnell leis na Tóraithe faoi cheannas Randolph Churchill.”

As an ochtar a ciontaíodh as dúnmharuithe Mhám Trasna, crochadh triúr ach glactar leis go coitianta go raibh duine amháin acu sin, Maolra Seoighe, neamhchiontach. Cuireadh pian seirbhís saoil ar an gcúigear eile agus bhásaigh beirt acu i bpríosún. Tuigtear go raibh ceathrar de na príosúnaithe neamhchiontach freisin. As an triúr a mhair, scaoileadh saor beirt deartháireacha agus nia le Maolra Seoighe, nuair a bhí fiche bliain príosúin déanta acu i 1902.

De réir na staire agus na dtaifead oifigiúil, áfach, ba dhúnmharfóirí iad ar fad.

Fógrófar mioneolas faoin gcomóradh sna seachtainí romhainn.

16.11.12

Ceiliúradh 40 Bliain RTÉ Radio na Gaeltachta



Tiocfaidh laochra an tsean-nóis le chéile i gcathair na Gaillimhe oíche Shathairn seo chugainn, 24 Samhain, ag ócáid atá a eagrú ag Club Áras na nGael mar chomóradh ar bhunú Raidió na Gaeltachta 40 bliain ó shin.

Bheartaigh an Club nasc a dhéanamh idir chomóradh Raidió na Gaeltachta agus an amhránaíocht ar an sean-nós mar aitheantas ar thábhacht an Raidió i gcur chun cinn an tsean-nóis sa tréimhse sin.

Is í Treasa Ní Cheannbháin a bheidh mar bhean an tí don oíche agus i measc na haíonna a bheidh sa Chlub beidh laochra Iorras Aithneach, Johnnie Mháirtín Learaí Mac Dhonnchadha, Joe John Mac an Iomaire agus Josie Sheáin Jeaic. Ar ndóigh is iomaí amhránaí eile a bheidh i láthair chomh maith agus tá oíche den scoth geallta.

Beidh neart ceoltóirí le cloisteáil chomh maith agus cuirfear tús leis an tsiamsaíocht ag 9.30i.n.

15.11.12

An bua ag clocha Chonamara!

D'éirigh le Cuan nua Chill Rónáin an chéad duais a fháil mar an Tógra Innealtóireachta na Bliana 2012.  Is tré vótáil ar líne a roghnaíodh an tógra seo faoi choimirce BSL agus á stiúradh ag Cumann na nInnealtóirí. B'iad Punch Consulting (Béarla) as Dún Laoghaire a rinne an déaradh agus an taighde innealtóireachta agus timpeallachta.
An caladh á thógáil
Ar bhealach d'fhéadfá éacht inealtóireachta a thabhairt ar an scéim seo. Ní raibh cead clocha ón oileán féin a úsáid agus mar sin is ó Chonamara a tháinig siad. Is cuimhin liom na leoraithe móra ag gluaiseacht go trom agus an talamh ag crith futhu ag trial go Ros a'Mhíl. Is oth liom a rá gur briseadh gaothscáth an sean-charr s'againne le cloichín fánach a shaor ceann de na leoraithe ón mbóthar. Ach sin scéal eile!

Bhí costas an mhór ar an tionscadal de breis is €39m ach is fiú go mór gach pingin leis an feabhas atá ar shaol pobal Inis Mór. Anois tá caladh mór atá sabháilte ón dian-fharraige agus stoirimeacha Atlantach agus a thugann fothain do bháid agus réadmhaoin eile muintir Chill Rónáin. Scéim ollmhór atá ann agus clúdaíonn an calafort nua acair atá chomh mór le dhá oiread Pháirc an Chrocaigh. Tá an tonnchosc leath ciliméadar ar fháid.

Dúradh ag an tiolcadh san Ostán 4Seasons (Béarla) i mBaile Átha Cliath go bhfuil saol na ndaoine feabhsaithe cheana féin ag an gcaladh nua.

14.11.12

Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle!

Tá Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle, ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, le foilsiú i mí na Samhna 2012.

Feileann leabhar mór do Chathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá sé aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ón am a d’fhoilsigh sé a chéad alt acadúil leathchéad bliain ó shin. Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith.

Tá breis is míle leathanach ann agus breis is daichead alt ardchaighdeáin le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu. Tá na hailt go léir as Gaeilge, le péire acu as Gaeilge na hAlban.

Beirt léachtóirí i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide – Eoin Mac Cárthaigh agus Jürgen Uhlich – a chuir an leabhar in eagar. Tá sé á fhoilsiú ag An Clóchomhar / Cló Iar-Chonnacht.

Deir Damian McManus, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, “Táim thar a bheith sásta go bhfuil an leabhar breá seo á fhoilsiú. Léiríonn sé an t-ardmheas atá ag lucht léinn na Gaeilge ar an Ollamh Ó Háinle. Is maith atá an t-aitheantas seo tuillte aige.”
Bhí slua mór de phobal na Gaeilge i láthair i gColáiste na Tríonóide Déardaoin 22 Samhain nuair a seoladh ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle.

11.11.12

Muic ag eitilt?

Dúradh ar RTÉ ar maidin go mbeadh sabháilt de leath milliún Euro tré tosú ar vótáil sa Reifreann ag a naoi ar maidin. Is maith an rud é sin.

Dleathach
Ní deirtear linn cé tá chun an €1.1m a caith an Rialtas go mí dleathach a íoch thár n-ais chuig poball na tíre. Cé go raibh roinnt a cheap go raibh sé mídleathach an labhrán agus suíomh a fhoilsiú ag aon Ranna Rialtas ar an ábhar, go mór mór nuair atá Comisiúin dleathach ag obair ar an obair céanna agus a cosnaíonn níos mó na €1m chomh maith.

Mídleathach
Rinne an Cúirt Uachtarach breithiúnas ar an gcás (Béarla) ar an nDaoirdaoin agus bhí ar an Rialtas an suíomh idirlíon a dhúnadh. Níorbh fhéidir leo aon rud a dhéanamh faoin labhrán claonta nó faoin mbutún atá ar leathannach naoi den labhrann (Leath 8 sa leagan Bearla) nó faoi na fógraí aontaobhach a bhí sna nuachtáin.

Beidh an breithiúntas iomlán á fhoilsiú ag an gCúirt ar ball agus ansin feicfidh muid cé tá chun an aisíoch a dhéanamh, nó mar a dúirt duine éigin ar twitter "pigs might fly!"

Is cinnte áfach go chuir cinneadh na Cúirte isteach ar an méid daoine a bhí sásta teacht amach le vótáil.



28.10.12

Clocha, carraigeacha agus ciúnas!

Dún Chunchúir
Bhí mo dheartháir sa bhaile ón a pháróiste sa Róimh agus tháinig se anse chugainn i gCaorán na gCearc ar feadh cupla lá.

Slán leis an gCodú!
"An bhfuil seans againn dul amach go hÁrainn?"

"Má tá an aimsir go maith!" arsa mé.

Bhí sé scammalach ar maidin ach chinneamar dul. I ndiaidh Aifreann rinneamar ceapairi agus líonamar buidéil le huisce.

"Cén oileán?" a dúirt me. Is cuma liom a dúirt sé. Bhíomar beirt ar Inis Mór cheanna, agus cé go raibh mé fhéin ar Inis Meáin fadó sna hochtóidí chinneamar dul ansin.

Tá áit cuíosach nua ag na báid i Ros a'Mhíl agus bíonn dhá bád ag dul amach gach lá ag an gcomhlucht bháid farantóireachta, ceann amháin go h-Inis Mór agus an ceann eile go dtí an dá oileain eile. Fagann siad an calafort ag an am céanna gach maidin - 10.30 - agus ar an Máirt se d'fhagadar i n-am.

Ba turas maith timpeall daichead neomad a bhí againn. Agus thug mé beannacht don Codú, atá mar ainm ar an mblag seo agam, ar an mbealach amach.

Cé go raibh sé scamallach agus ceomhar go leor ní raibh sé ag báisteadh. D'imigh an mór thír (nó Éire) as radharc go sciopadh agus ansin bhíomar ag an caladh nua atá tógtha ag Inis Meáin.

Ansin thosnaíomar ag siul.
Ni fada go dtí go rabhamar ag an aerstraice. Níl mórán tithe ar an taobh sin den oileán ach mar sin féin bhí sé soiléar go raibh na garrai glás néata agus bhí na fallaí árd agus dorcha, ní cosúil le Conamara ar chor ar bith. Is aoilcloch atá ar Árainn agus cloch eibhir geal atá anseo i gConamara. Thugamar faoi deara cé chomh ciúin is a bhí an áit. Ní raibh duine nó deoraí le feiscint ann.

N Caomhán
Diaidh ar ndiadh thánagmar chuig an áit a raibh na tithe agus bhí cor daoine le feiscint anseo is ansiúd.  Tá an taobh seo den oileán ar cineál ardán agus tá dhá sean dhún ann, Dún Fhearbhuí agus Dún Chonchuir. Thugamar aghaidh ar Dhún Chonchuir atá sa baile beag atá ann ar a dtugtar Móinín na Ruaige. Is ansin atá an séipéil agus Teach Synge chomh maith.

Bhí an séipéil ar oscailt agus chuamar isteach ann. Séipéil álainn atá ann, fuinneoga breatha de chuid stiúideo Harry Clarke agus an altóir deartha ag athair na bPiarsach. Is fiú go mór dul isteach ansin chun iad a fheiscint agus ar ndóigh "Hello!" a rá leis an Tiarna!

Agus ár  n-ágalamh leis an Tiarna thart chuamar ar aghaidh thar Theach Synge, a bhí dúnta (tá séasúr na turasóireachta thart) agus uaidh sin go dtí an Dún féin.  Tá sé ar bharr chnoic leis an cianta. Chuamar isteach ansin agus bhí lón istigh ann againn mar bhí fothainn ón gaoth ann.

Áit ársa mór atá ann. Chuirfeadh sé íontas ort  cé chomh mór is atá sé. Tá na ceisteanna ann leis nach bhfuil freagra le fáil orthu, agus seans nach mbeidh go deo. Cé thóg é? Cén fáth a dearnadh é? Ar bhealach bhí se cosúil le h-iarsmaí atá in Arizona sna stáit ar nós Caisleán Mhontatsuma, cé go bhfuil Dún Chonchúir i bfhad níos sine - agu níos fuaire!. Ach árdaíonn sé na ceisteanna céanna. Cé thóg é? agus cén fáth gur thréig siad an áit?

Ingearán
Shúileamar ansin go mall ar ais chuig an chaladh. Faoin am seo bhí an ghriain ag iarraidh teacht amach dúinn. Bhí nios mó daoine amuigh agus bhuaileamar le roint a bhí ag siúil. Tá an talamah "an-tanaí" anseo agus in áiteanna níl ithir ar bith ann. I ngarraí eile is ithir a deineadh leis na cianta as gainimh agus feamainn atá ann, ithir a deirtear liom, atá an toirtiúil.

Faoin am seo bhíomar ag dul thár trá a bhí lán de eineacha difriúil ag lorg beatha sa gainimh, san fheamainn agus ar ndóigh san uisce. Chonaic mé Cor Éisc ina measc agus broigheall agus dosaen nó dhó d'eanacha a cheap me gur géanna fíáine a bhí iontu ach ní saineolaí mé.

Bhí an grian amach faoin am seo agus shroiceamar an caladh díreach ag an am céanna agus a bhí ingearán ag teacht i dtír ag an aerstraice.  Ba chuid den cabhlach aertharrthála ag cleachtadh a bhí ann is dócha.

Bhí an bád beagáinín déanach ag teacht anoir as Inis Oírr ach tháining sé ar deireadh le sin a thabhart abhaile go Ros a'Mhíl áit ar ar bailíodh muid le dul abhaile chuigh béile deas blásta agus te. D'fhagamar slán le h-Inis Meáin le smaointe maithe d'áit, clochach, carraigreacha agus ciúin. Áit éagsúil.
Slán le hInis Meáin


• Tá learscáil in aice leis an gcaladh le trí lúbanna márcáilte, ach cé go bhfuil na logainmneacha i nGaeilge ar is i mBéarla amháin atá na treoracha. An rud céanna faoin suíomh turasóireachta atá ag Bórd Fáilte ar líne, muna bhfuil Béarla agat is beag a cabhair atá ionta.

Tá pictiúirí eile a tógadh ar an dturas le fáil anseo!
Inis Meáin 2013

11.10.12

Aggiornamento!

Caoga bliain ó shin osclaíodh Comhairle na Vatacáine sa Róimh. Bailíodh níos mó ná dhá mhíle easpag in Eaglais Mór Naomh Pheadair don fichiú chomhairle dá chineál.

Tá an Pápa Benedict XVI á gcomóradh tré Bliain an Chreidimh a fhógairt ón lá seo le smaoineamh agus guidhe ar thorthaí na Comhairle. Tá an méid sin rudaí gur féidir a rá faoi agus tá an-mhí-thuiscint air na Doiciméidí a thánaigh amach as. Bhí sé le "fuinneoga na hEaglaise a oscailt le seans a thabhairt don Spiorad Naomh séideadh i ngach áit inti," mar a dúirt Eoin XXIII.

Tháinig an-chuiod athraithe as an gComhairle ar ndóigh agus tá tuilleadh le theacht. Ach ar bhealach tá teipithe ar muna dtuigean muid toil an Spiorad Naomh céanna. B'fhéidr go bhfuil aidmm an Chomhairle agus aidhm na hEaglaise féin i bhfocail an fáidh Míoca fadó:

"Míníodh duit a dhuine, céard is maith agus cad a iarrann an Tiarna ort?

Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, an buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé!"

Conas atáim inniu?

2.10.12

Ag eitilt le hiolair...

Thugamar cuairt ar áit álainn, nach raibh aon eolas agam faoi go dtí cúpla lá ó shin.

Scréachóg reilige
Gearr do Bhaile an Mhóta i gContae Sligeach atá Láriond Taighde Éin Chreiche na hÉireann (Béarla) agus molfainn d'éinne chuairt a thabhairt ar an áit chun an obair atá ar siúl ann leis na hulchabháin, na híolair, seabhaigh agus bultúir. Níl siad gaolta lena chéile ach amháin gur éin a déanann fiach nó seilg ar ainmhithe nó éin bheaga don chuid is mó. Tá gob cúrán acu agus gríobh mar chos acu.

Tá ceithre cineál ann agus táid le fáil thar timpeal an domhain. Tá eolas éigin ar a suíomh idirlín acu ach is fearr go mór dul ann agus foghlaim ó na heolaithe ann. Fuaireadar aitheanta mar Zú EU cúig bliain ó shin. Ach ní gnáth zú atá ann mar molann siad do lámh a chuir ar na hainmhithe tú fhéin. Is íontach go deo iolar nó ulchabhán a bheith ina seasamh ar do dhorn.

Chuirtear na héin ag eitilt dhá uair i rith an lae ar maidin agus sa iar nóin.

Fiú muna bhfuil spéis agat sna cúrsaí seo is áit álann an áit le cuairt a thabhairt air chun an grá soiléir atá á thaispeáint ag lucht an ionaid a fhéiscint.

17.9.12

"Éirí na Gréine" i dTuaim

Eagrán eile de New Dawn le fhoilsiú!

Tar éis chomh maith is a d’éirigh leis an gcéad eagrán de’n Irishleabhar ‘New Dawn’ – Iris de chuid choiste Tréadach na Deoise – deirtear linn go mbeidh seoladh an dara eagráin ar an Deardaoin beag seo, 20ú Meán Fómhair ag 6.30 in san Ostán Árd Rí i dTuaim.


Aifrean Naofa ag Máiméan
Féile Mhic Dara ar a Oileán
Jim Carney, iriseoir spóirt RTÉ (Béarla) agus an Tuam Herald a sheolfas an t-eagrán seo.

San eagráin seo beidh cur síos ar mór-imeachtaí creideamh an tSamhraidh seo, an lá mór ar Chruach Phádraic, Oilithreacht go Máméan, Féile Mhic Dara, Nóibhéine go Cnoc Mhuire, chomh maith le neart scéalta eile ó na paróistí Gaeltachta agus Galltachta sa Deoise.

Ós rud é go bhfuil Co. na Gaillimhe agus Co. Mhuigh Eo suite i gceart-lár na Deoise agus an dá chondae i gcraobh na hÉireann san iomáint agus sa pheil ins na seachtainí ós ár gcomhar – tá altanna ann a bhaineann leis sin freisin.  

Galiimh Abú! 

Muigheó Abú!

Táthar ag súil go mbeidh eagrán nua ’chuile trí mhí. Beidh an chéad eagrán eile amuigh romh na Nollag. €3 an costas. Beidh sé ar fáil sna paróistí an deireadh seachtaine seo chugainn.

Ar ndóigh bíonn gearán ó daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil mórán san iris i dteanga na Gaeltachta agus tá daoine eile a deireann go bhfuil an iomarca i nGaeilge ann. I nDeaoise chomh mór leis an Árd Deoise seo ina bhfuil áiteanna chomh h-éagsúil le Árainn i mBá na Gaillimhe agus Tuar Mhic Éadaigh, Inis Bó Finne agus Caisleán a'Bharraigh agus le teorannacha atá deacair a thuiscint in áiteacha, ní nach íonadh go mbíonn deachtaireacht déileál leis in aon iris amháin.

Mar sin féin chuireann an Eagarthóir fáilte roimh altanna go mór mór altanna i nGaeilge.

12.9.12

Rós aonarach!

Bhí mé amuigh ag siúl, ag lorg breis sméara dubha, nuair a chonaic mé dáth bán dearg i measc na luachra.

Cheap mé go mbfhéidir gur bláth neamhghnach a bhí ann agus rinne iarracht dul amach chuige chun pictiúir a ghlacadh. Rud a rinne mé ach ní sular bathadh mo dhá chois sa riaisc.

Cad a bhí ann ach rós fiáin agus ní sampla mhaith a bhí ann ach bhí sé go hálainn leis féin sa bhfásach fliuch sin.

3.9.12

Fomhair nár chuireamar!


Tá an fomhair i réim nuair a feictear na sméara dubh go tiubh ar na fáil sceacha ar thaobh an mbóthair. Anseo ar an gCaorán bhíomar amuigh á bhailiú i rith na seachtaine agus táid fós ag dubhú ar na sceacha. D'fhéadfadh planda amháin a nochtú agus an maidin dár gcionn bheadh tuilleadh le fáil.

Deirtear linn gur beag daoine a bhaileann sméara dúbha anois. Ní thuigim cén fáth mar níl rud ar bith chomh deas le subh nó tóirtín déanta asta agus deirtear liom ag ise istigh go bhfuil sé éasca go leor subh a dhéanamh astú. Ní bheadh fhios agamsa mar is mise an té a itheann agus nach ndéanann aon rud sa chistin!

Ach tá mé go maith á phiocadh mar ní ithim iad agus mé obair, rud nach bhfuil fíor ag páistí, agus iad atá óg ina gcroí, mar de gnath itheann siad níos mó ná a bhailíonn siad!

Nach íontach go deo an nádúr Dé a thugann rudaí chomh deas agus milis saor in aisce dúinn. Moladh go deo leis!

27.8.12

Árainn agus an Ghealach!


"Nuair atá tú amuigh ar oíche ghlan, caoch do shúil leis an nGealach."
Criú Apollo 11, Neil Armstrong (Captaen), Michael Collins agus Buzz Aldrin
Is cuimhin liom go maith cá raibh mé nuair a chéad siúil Neil Armstraong ar an Gealach! Bhí mé in Árainn!

Talamh tanaí Árann
B'é an chead uair dom-sa bheith san áit draíochta sin agus bhí mé ag campáil ann in Eognacht ann. Is cuimhin liom go ndúirt fear a tí agus mé ag tógáil an pobal go raibh an talamh "an tanaí" do na stangaí. Agus bhí, mar ar an lá dár cionn thárla stoirm mór mar aon le báisteach trom san oíche agus bhí mé amuigh faoin aer. Ní dhearna mé campáil ó shin. Is fearr liom go mór an leaba compórdach faoi díon seasta!

Talamh na Gealaí
Tá sé go deas tuairisc a chloisint ar Mheiriceánach stuama ionraic, fiú nuair ar a bhás atá miuid ag caint. Gan aon amhrás b'shinn a saghas duine a bhí i Neil Armstrong. Ceannródaí ciúin, measúil a bhí ann. Nuair a deineadh mór den éacht a rinne sé bhí sé de nós aige aird a dhiriú ar an fhoireann i NASA (Béarla) agus iad siúd a bhí leis san arthach (Buzz Aldrin & Michael Collins). Dúirt sé, "when you have hundreds of thousands of people all doing their job a little better than they have to, you get an improvement in performance. And that's the only reason we could have pulled this whole thing off."

Mar laoch féadach sé fanacht i NASA agus bheith mar "an chéad fhear ar an Gealach!" ach ní raibh sé sásta é sin a dhéanamh. D'éirigh sé as NASA tár éis bliain agus chuaigh ag múinteorcht in Ollscoill Cincinnati. Dúradh dá bharr gur duine ann féin agus aonaránach a bhí ann. Ach sé fírinne an scéal gur fear cúthalach, ach fear a bhí sásta a shaol agus a chuid thaithí mar spásaire agus mar aerloingseoir a roinnt leis an gcéad glún eile. Ar bhealach d'fhéadfádh muid a rá gur bé sin an obair is tabhachtaí a rinne sé.

Mar sin molaimís é, ní h-amháin mar gheall ar an céim beag a rinne sé ós ár gcionn agus ar ár son ach mar gheall ar an obair a rinne sé go ciúin ina shaol ar fád.

Dúirt a chlann comóradh a dhéanamh air mar seo: "Nuair atá tú amuigh ar oíche ghlan, caoch do shúil leis an nGealach."

25.8.12

Turasanna nach ndéanfainn...


Shroich mé aois suntasach anuireadh agus díreach in am fuair mé brontanas nach féidir luach a chuir leis: mo phás saorthaistil!

Pás luachmhar!
Níor thuig mé cé chomh úsáideach is atá an scéim seo a bunaíodh sna seascaidí í. I ndairíre níor bhaineas mórán úsáid as an gcóras taistil go dtí go bhfuair mé an pás. Anseo i gConamara thugas faoin ndeara an méid daoine a úsáideann an seirbhís atá ag úsáid an pás, sean-daoine (mar mé fhéin anois is dócha) agus daoine cáilithe eile. Is dócha nach n-úsáidíodh an tseirbhís ag leath nó níos mó murach an pás saorthaistil.

Faigheann Bus Éireann (Béarla) agus comhluchtaí taistil eile fóirdheontas ar gach duine le pás a úsáideann an seirbhís.

Murach an pás seo bheadh ar CIÉ (Béarla) deontas glan a fháil chun seirbhís ceart a thabhairt, go mór mór i gceantreacha mar Chonamara. I ndairíre is cineál deontas atá ann, deontas ní hamháin a thugann tacaíoch do CIÉ ach ag an am céanna a cuidíonn le mianach saoil daoine a chaith a shaoil ag obair agus ag íoch cáin leis an stáit. (Ar bhealach nach féidir a rá nach "saor" thaistil é ar chor ar bith?) Deirtear go gcosnaíonn an pás seo timpeall €800m agus murach an pás seo bheadh air CIÉ an tairgead seo a fháil ó foinse eile.

Maidir liom féin bainim úsáid as an pás anois is arís. Ní gá dom smaoineamh ar chostas tailstil má tá orm dul thár n-ais go Baile Átha Cliath. I ndairíre is dóch nach ndéanfainn cuid de na thurasanna murach an pás. Buíochas don té a chéad smaoinigh ar an scéim!

20.8.12

Cluiche Oilimpeacha agus an Spiorad Naomh!

Dearcadh eile!
Éacht Katie Taylor (Colm Mac Séalaigh, Beo) 
Le Katie an chraobh, (Éilís Ní Anluain, Irish Times)
Bhí an áthas orainn faoi torthaí ag an tírín beag seo sna Cluiche Oilimpeacha i Londain seachtain ó shin. Fuair "Team Ireland" cúig chinn (Ceann Ór, Ceann Airgead agus trí chinn Cré Uamhaí) agus bhí trí chinn ag iomróirí ón gCúil Raithin (2 cheann Airgead agus ceann amháin Cré Uamhaí) a bhí ar foireann GB. Is ceart go mbeadh bród orainn as an éachta atá déanta acu agus ag na foirne ar fad. Rinne siad go maith.

Ar ndóigh bé bua Katie Taylor a stop chuile rud ar fud na tíre. Is beag duine ná chuala fuithi sna laethanta roimhe. B'ise a iompair brat na hÉireann ar oíche oscailte na cluiche agus da réir mar a chuaigh sí ar aghaidh sa chomortas d'ardaigh sí níos mó aird uirthí mar dhuine. I ndairíre is fíor gur thit muid go léir i ngrá leis an gcailín ó Bhrí Chualainn. Chuir Coláiste Lurgain amhrán fáidhiúil ar líne "Katie Taylor - croílár na Féile" . Chuaigh trachtaireacht Sheáin Bháin thar timpeall an domhain. (Tá níos mó ná 81míle tar éis éisteacht leis seo agus mé á scríobh!).

Rud a chuir i bhfeidhm orm-sa ná iompair an chailín í fhéin. Ba duine deas séimh taobh amuigh den chró dornálaíochta í. Bhí sé soiléir go raibh an-chreidimh sa Chríostaíocht aici agus nach raibh eagla ar bith é sin a admháil.  Scríobhadh ag Páidí Ó Lionard i nGaelscéal (15/8/2012) gur cosúil nach raibh tuairisceoirí RTÉ, agus b'fhéidir tuairisceoirí eile ábalta déileáil lena creidimh chomh oscailte agus soiléir. San Irish Times (Béarla 18/8/2012) níos déanaí rinne Theo Dorgan an pointe céanna.

Deirtear gur Críostaí "athbheirthe" a bhí inti. Ach céard is brí leis an téarma sin? Cad as a dtáining sé?

Sa bíobla deireann Íosa le Nicodemus, "Muna n-athbheirthe duine ó uisce agus ón Spiorad ní fhéadann sé dul isteach i ríocht Dé!" (Eoin Caib3). I dteagasc an Creidimh Caitliceach is é sacraimint an Bháiste atá i gceist. Mar sin tá gach duine a fuair an Báiste Chríostaí athbhreithe. Ach cén bhrí atá leis an tearma sa lá atá inniú ann? Nuair a deireann muid gur "Críostaí Athbhreithe" atá ann céard tá i gceist againn? Bhfuil muid ag séanadh teagasc na hEaglaisí eagraithe nó mar a deireann siad sa Bhéarla, na "Mainline Churches?"

Chun freagra a fháil ar sin ní mór dul siar go dtí bunú na hEaglaise. Cad a thárla ar lá mór bhunú na hEaglaise ar an chéad Domhnach Cincíse nuair a thurlaing an Spiorad Naomh ar Mhuire, Peadair agus iad siúd a bhí ag guidhe sa Seomra Uachtair (Gníomh. na nAspal Caib 2). is léir gur tharla rud éigin tabhachtach. Chaill na h-aspail a n-eagla agus chuaigh siad i measc na daoine ag craobhscaoileadh an "soiscéal." Tárla rud cosúil leis i Samaria faoi Pilib, Peadair agus Eoin, ba léir gur tháinig athrú ortha siúd a bhí ag éisteacht leo. Fuaireadar Báiste agus ansin nuiar a chuir Peadair agus Eoin a lamha ortha fuaireadar an Spiorad. Nuair chuiagh Peadair go Cornelius thosaigh an slua ag caint "i dteangacha" ag moladh Dé agus d'ordaigh Peadair go mBáistíodh iad leis. Is léir ón na cúntaisí go bhfuil dhá rud i gceist, Uisce agus An Spiorad, agus sna cúntaisí éagsúla is léir gur rud éigin gur féidir a mhothú atá i gceist.

Le himeacht ama is cosúil gur imigh an cleachtadh ar a glaoghtar "Teangacha" (xenoglossia) agus miriúltaí in éag. Dúirt Naomh Aibhistín agus an Eaglais ina iomlán gur cosúil gur bhain na buanna sin leis an "Eaglais óg" agus aimsir na n-aspal. Ceapadh gur bhain na buanna sin leis na Naomh amháin as sin amach go dtí an fichiú aois.

Fuinneog an Spiorad Naomh
Ar an gcéad lá Eanáir 1901 guí Pápa na Róimhe, Leo XIII in eaglais Naomh Peadair ann ag an bhfuinneoig cáiliúl don Spiorad Maomh ag ceann na hEaglaise sin. Chan sé iomann mór an Spiorad Naomh, Veni Creator Spiritus ar son na hEaglaise Uile.

Ar an gcéad lá Eanáir 1901 i dTopeka, Kansas sna Stáit Aontaithe, ag Coláiste Bethel agus Scoil Bhíobla thuirling an Spiorad Naomh anuas ar ghrúpa Phrostúnacha imeallacha a bhí ag guí leis an Spiorad Naomh a fháil mar a thárla sé i nGníormhartha na n-Aspal Caib 2. Ba eaglais athbhunaidh (primitive) nach raibh baint aige le na hEaglaisí Eagraithe Protastúnacha nó Caitliceacha agus nach raibh meas ar na "Críostaithe" eile ortha i Topeka. Bhí bean ann, Agnes Oznam, a d'iarr ar na daoine eile a bhí ag seirbhís san eaglais an oíche sin, a lámha a chuir uirthi agus iarr ar Dia an bua a bhí luite i Gníomhartha na nAspall a thabhairt di. Thosaigh sí ag moladh Dé i dteangacha. Ó sin téann muid go Los Angeles agus sa Faith Gospel Mission ag 312 Azusa Street in Los Angeles méadaíodh ar an ngluaiseacht agus thosaigh ar séipéil a bhunú sna Státaí. Ba seo na Cincísigh agus leathnaigh siad ar fúd an Domhain go dtí an lá atá inniu ann.

Mar a dúirt mé is beag aird a thug na hEaglaisí Eagraithe don ghluaiseacht seo má bhí eolas futha acu fiú. Anois is gluaiseacht mór é an gluaiseacht Cincíseach seo. Diadh ar ndiadh cuaigh sé i bfeidhm sna hEaglaisí Protastúnacha ach bhí deachtrachtaí ag na Caitliceach go dtí an Dara Comhairle Vatacáine. (Nuair a d'fhogair Eoin XXIII an Comhairle sin dúirt sé gur "Un'illuminazione inaspettata" - soilsiú gan choinne - a bhí aige an cinneadh seo a dhéanamh!). Is ansin a fuair sé beannacht na hEaglaise tár éis díospóireact bríomhar idir dhá Cairdinéil tabhachtach, Ruffini agus Suenens faoi úsáid na "charisma" ag tuathaigh. Ar deireadh d'oscail an Comhairle an doras (Lumen Gentium Alt 12 1964 agus Apostolicam Actuositatem Alt 3 1965).

Is i mí Feabhra 1967 a tharla an chéad imeacht "Cincíseach" san Eaglais Caitliceach i Meiriceá freisin. Is féidir cúrsa spioradálta in Olscoil Dusquene a roghnú mar an dáta cinnte (17-19 Feabhra 1967) mar lá briethe na gluaiseachta san Eaglais Caitliceach. Uaidh sin méadaigh sé chomh tapaidh sin go rabhadar i ndán Eaglais Naomh Peadair sa Róimh a líonadh i rith Cincíse na Bliana Naofa 1975 i láthair Póil VI. Dúirt sé agus é ag chuir fáilte roimh an slua "Cén chaoi a bhféadfaí an "athnuachan spioradálta" seo gan a bheith ina "sheans" don Eaglais agus don domhan?" Macalla ar a réamhtheachtaí fadó, "An féidir le haon duine cosc a chuir ar an uisce a mbaistfear na daoine seo ann, iadsan a bhfuil glactha acu leis an Spiorad Naomh ar an nós céanna linne?"

Mas mían leat eolas faoin nGluaiseacht Cincíseach sa fichiú aois molfainn "The Glory and the Shame!" le Peter Hicken 1994 ó Amazon (Béarla)

Tá eagraíocht oifigiúil anois ann (ó 1993) faoi scáth na Vatacáine an ICCRS (Ilteangach) le bheith mar "ambasadóirí ar "bhaisteadh sa Spiorad Naomh", chun an Caitliceach dílis a choimead ar an eolas faoina gné "fuinniúil" den saol d'fhonn fás i naofacht agus le freastal ar Ríocht Dé agus ar an Eaglis ina iomlán."


3.8.12

Máiméan


Bíonn an oilthreacht bliantúil go dtí Máiméan ann ar an gcéad Domhnach i mí Lúnasa de gnáth.

Deirtear gur sean-áit pagánach atá i Máiméan ach san 5ú aois tháinigh Pádraic, Aspal Éireann, chuig a bearna seo sna sléibhte Mám Tuirc agus bheannaigh sé tailte agus muintir Chonamara. Mar sin is thachtach an áit é do phobal Chonamara ó shin agus tá nós phatrúnachta san áit ón am sin anuas.

Se an tAth Micheál Mac Gréal S.J., a chuir crot eagraithe ar an oilthreacht agus an suíomh mar atá sé anois. Tógadh seipéil beag - Cillín Phádraigh in aice leis an uaimh nó cuasán beag a glaoghtar Leaba Phádraic air. Tá stáisiún na croise ann agus dealbh Phádraic agus é óg snoite ag Clíona Cussen sna hochtóidí.

Tá carraigh aifreann ann leis, mar is cosúil gur anseo a céiliúradh an Aifreann naofa in aimsir na péindlithe.

Tá sé éasca go leor dul ann, níl sé leath chomh deacair leis an dreapadóireacht ar Chruach Phadraig ó thuaidh. Is siúlóid deas é ón mbóthar N59 in aice leis an Srath Salach nó ón mbóthar idir Mám agus An Líonáin. Agus is aoibhinn go deo iad na radharcanna le feiscint ann.

Pádraic, Aspal Éirinn guidhe orainn!

31.7.12

Maeve

Is dócha gur leor a h-ainm. Ní minic gur féidir ainm duine a rá gan sloinne agus fios ag gach éinne cé tá i gceist agat.

Chuala mé ar an raidío ar maidin é!

Fuair Maeve Binchy bás aréir.

Ba as Deilginis í Maeve agus is cuimhín liom an clann agus a triúir árd maorga, Maeve agus a dreifúir agus a dreatháir ag siúil síos Br Sorrento go minic agus muid óg. Níos déanaí is cuimhin liom síob a thabhairt dí ag m'athair isteach go scoil Miss Meredith ar Br Pembroke.

Níos deanaí thosigh sí ag scríobh don Irish Times agus níos déanai ag scríobh na leabhair cáiliúil.

Ba duine deas séimh í Maeve. Cé go raibh bua na cainte agus na scríobhnóireachta aici bhí bua eile a bhí soiléir sna hailt san Times agus níos deanaí sna leabhair. B'shin bua na héisteachta. Bhí na cúantaisí a thug sí ar chomhra ar an mbus nó sa tube i Londain agus é úsáid chun scéal samhlaíoch a scríobh faoi. Ní Joyce a bhí inti ach bhí an bua céanna a bhi aige, tréithe an gnáth duine a fheiscint agus cuir síos creidmheach a chuir síos ar pháipéar, aici.

Bean deas grámhar cáirdúil cabhrach a bhí i Maeve.

Ar dheis Dé go raibh sí agus is cinnte go bhfuil sí ag tabhairt scéalta íontacha dó ar neamh mar a rinne sí dúinne thíos anseo.

Gura maith agat Maeve.

27.7.12

Tárlaíonn athraithe! Arbh eol duit?

Seo aistriú a roinn Andy Caomhánach, a bhíonn ag caint ar Raidío Gaeltachta ar nithe a bhaineann leis an dteichneolaíocht nua - riomhairí, an idirlíon agus an rud ar a glaoghtar na "meáin sóisialta!" Físeán a chruthaigh Acadamh Ghaoth Dobhair atá bunaithe ar an físeán cáiliúil, "Shift Happens". Dírithe ar muintir na Gaeilge agus muintir na hÉireann. Bain Sult as!

22.7.12

An Domhnach seo...

Chuamar siar go Geallta bád Chloch na Rón inniú. Bhí an lá scamallach, gaothmhar agus ní raibh na húicéirí i ndán dul amach sa bhfarraige, ach bhí rásaí curachaí ann don slua.

Bhí seabhdar againn in Tigh Uí Dubhda don lón! Neam! Neam!

21.7.12

An sean is an nua!

Bhí cruinniú ag Aontas Esperanto na hEorpa i nGaillimh i mí Iúl 2012. Bhí cainráiteach ann ar ndóigh, ina measc Uachtarán na hÉireann, agus an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Seo mar a labhair sé ar an ocáid ag taispeáint a dhearcadh ar an teanga, a stair, a stádas agus a todhchaí, mar an teanga scríofa is sine i dtuaisceart na hÉorpa ós comhair comhdháil ag céiliúradh an teanga is nua ar domhain.



A dhaoine uaisle,

Is mór an onóir agus an phribhléid dom cuireadh a fháil le labhairt libh ag bhur gcomhdháil anseo i nGaillimh. Gabhaim buíochas le lucht eagraithe na comhdhála agus go háirithe le mo chara, an Dr Seán Ó Riain, as an gcuireadh labhairt libh anseo inniu.

Ba mhaith liom cur leis an bhfáilte atá curtha cheana féin roimh na cuairteoirí idirnáisiúnta go hÉirinn agus fáilte a chur romhaibh ar fad go Gaillimh. Tá súil agam go mbainfidh sibh tairbhe agus taitneamh as bhur gcuid ama inár measc.

An Dr LL Zamenhof
Aireagóir Esparanto 1887
Níl amhras ar bith orm ach go mbaineann luachanna uaisle leis na haidhmeanna atá luaite le gluaiseacht Esperanto, mar atá siad dearbhaithe i bhforógra Phrág – an tacaíocht don chumarsáid dhaonlathach, don oideachas domhanda, do mhúineadh éifeachtach teangacha, do chearta teanga agus do shaoirse an duine.  Tuigim gur 125 bliain ó shin a chéadseoladh Esperanto mar theanga agus go bhfuil cainteoirí aici anois i 115 tír ar fud an domhain. Is mór an dul chun cinn atá déanta ón chéad chomhdháil domhanda de lucht Esperanto sa bhFrainc i 1905.

Tá áthas ormsa mar Choimisinéir Teanga deis a bheith agam léargas a thabhairt daoibh ar staid na dteangacha anseo sa tír seo agus eolas a roinnt libh faoi na cúraimí atá orm féin.

Teangaí in Éirinn
Ba mhaith liom a rá ar dtús gur tír ilteangach í Éire. Tá na céadta teanga á labhairt anseo. Go deimhin, i suirbhé a rinne ceann d’ollscoileanna na tíre seo cúpla bliain ó shin, tháinig siad ar líon na dteangacha a bhí á labhairt anseo ag an am, 167 ar fad.

Ach is ceart dom a mhíniú go soiléir nach bhfuil stádas mar theangacha oifigiúla ach ag péire de na teangacha sin, Gaeilge agus Béarla.

An Ghaeilge
Aithnítear i mBunreacht na hÉireann gurbh í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil ós í an teanga náisiúnta í. Teanga náisiúnta í sa mhéid is gurbh í an teanga stairiúil í a labhraíodh anseo le suas le dhá mhíle bliain. Agus maireann sí fós mar theanga bheo phobail i gceantair áirithe theoranta, ar chósta an Iarthair den chuid is mó. Tháinig an teanga sin anuas ó ghlúin go glúin sna ceantair sin, gan bhriseadh, gan bhearna agus is é an dúshlán mór atá romhainn í a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn mar theanga bheo.

Tá an limistéar Gaeltachta is mó agus is láidre ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail ar leic an dorais agaibh anseo ag bhur gcomhdháil  i nGaillimh – ceantar Chonamara. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt don oiread agus is féidir agaibh cuairt a thabhairt orainn sa cheantar Gaeltachta sin fad is atá sibh inár measc anseo agus tuilleadh tuisceana a fháil ar ár dteanga náisiúnta. Tá sí ar an teanga scríofa is sine i dTuaisceart na hEorpa a mhaireann fós mar theanga bheo phobail.

Ach, ar ndóigh, tá stádas mar theanga oifigiúil eile ag an mBéarla anseo agus is í sin an teanga is mó as a mbaintear úsáid i mbeagnach gach gné de shaol na tíre. I ndeireadh an 12ú haois a tháinig an Béarla chun na tíre seo den chéad uair le hionradh na Normannach agus tá sí ag neartú léi anseo ó shin. Is faoin 16ú agus 17ú haois a thosaigh na heachtraí ba mhó tionchar ó thaobh mheath na teanga nuair a thit an tsochaí chumhachtach Ghaelach as a chéile de réir mar a threisigh réimeas na Sasanach in Éirinn.

Faoi dheireadh an 18ú haois, pobal aonteangach Gaeilge a bhí i leath de dhaonra na tíre, ar bhochtáin iad a bhformhór. Rinne an Gorta Mór ó 1846-9, agus an eisimirce a lean de, léirscrios ar an bpobal seo. Faoi dheireadh na haoise sin, ní raibh ach aon faoin gcéad den phobal ar chainteoirí aonteangacha Gaeilge iad. Sin é an leagan amach a bhí ar chúrsaí nuair a bunaíodh an Stát. Agus bhí caomhnú agus cur chun cinn na teanga mar chuid de pholasaí an Stáit ó shin i leith. Ach is í firinne an scéil go raibh an uair sin agus go bhfuil fós an Béarla in uachtar i mbeagnach gach gné de shaol na tíre, agus gurbh í atá mar ghnáth-theanga ag formhór mór an phobail i gcoitinne.

Is ábhar bróid dúinn, áfach, go bhfuil Gaeilge fós ag céatadán suntasach den phobal anseo. Sa daonáireamh deiridh a foilsíodh níos luaithe i mbliana, léirigh 1.77 milliún duine go raibh Gaeilge acu, os cionn 41% den phobal.  San áireamh sna staitisticí sin tá réimse leathan cumais i gceist ó dhaoine nach bhfuil acu ach beagán bídeach den teanga go dtí cainteoirí dúchais, líofa.

Fós féin, feictear domsa go dtaispeánann an figiúr sin an leibhéal ard tacaíochta agus measa atá ag an bpobal i gcoitinne ar an teanga, agus gur mhian le cuid mhór acu a bheith áirithe ina measc sin a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu.

Sa bhreis air sin, tá a fhios againn go bhfuil sciar mór eile den phobal ar mian leo go mairfeadh an teanga fiú mura bhfuil sí ar a dtoil acu féin. Léirigh suirbhé gairmiúil eile cúpla bliain ó shin go raibh 93% de phobal na tíre a thacaigh le caomhnú nó le cur chun cinn na Gaeilge: faoi bhun 7% a bhí glan ina coinne.

Mar a dúirt mé, ó bunaíodh an Stát anseo 90 bliain ó shin bhí athbheochan na Gaeilge aitheanta i gcónaí mar phrionsabal tábhachtach ag gach Rialtas. Is ceacht de chuid na staire é gur éirigh le hiarrachtaí agus scéimeanna áirithe níos fearr ná a chéile.

Ar na buntáistí agus deiseanna oifigiúla atá ann don teanga, tá aitheantas mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach, aitheantas i mBunreacht na tíre mar phríomhtheanga oifigiúil, cead í a úsáid i dTithe an Oireachtais (sin tithe na parlaiminte) agus i ngach cúirt sa tír.

Tá Acht Teanga mar thaca aici a chuireann dualgas áirithe ar gach ceann de 650 comhlacht stáit cuid dá seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, agus oifig neamhspleách le cinntiú go bhfuiltear ag cloí le forálacha an Achta sin. Achtaíodh na scórtha Achtanna parlaiminte eile a thugann aitheantas don teanga i gcúrsaí pleanála, oideachais, craoltóireachta, Gaeltachta agus eile.

Tá sé de dhualgas ar fhormhór gach dalta scoile staidéar a dhéanamh ar an teanga ar feadh c.1,500 uair an chloig le linn na dtrí bliana déag a bhíonn siad ag freastal ar scoil – ó chúig bliana go dtí ocht mbliana déag d’aois agus tacaíocht a bheith á tabhairt don oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge agus an teanga a bheith á múineadh in iliomad ollscoileanna, lasmuigh den tír seo féin.

Tá, ar ndóigh, Aire agus Roinn Rialtais againn a bhfuil an teanga mar chúram ar leith orthu, stáisiún náisiúnta raidió atá ag craoladh sa teanga ar fud na tíre agus an domhain mhóir, stáisiún teilifíse a bhfuil cuid mhór dá chraoladh laethúil i nGaeilge le drámaíocht, siamsaíocht, nuacht, spórt agus eile.

Tá dhá nuachtán sheachtainiúla ar fáil i nGaeilge agus irisí agus foilseacháin eile.

Tá foras stáit trasteorann againn leis an teanga a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann chomh maith le heagraíocht forbartha Gaeltachta. Tá córas nua pleanála teanga do na limistéir Ghaeltachta á bheartú faoi Acht nua atá ar tí a rite sa pharlaimint anseo.

Laistigh den chóras oideachais tá aitheantas agus tacaíocht á dtabhairt do Ghaelscoileanna, scoileanna a chuireann a gcuid oideachais ar fad ar fáil trí Ghaeilge, tá scéimeanna tacaíochta ann le haghaidh chur chun cinn na litríochta, na drámaíochta agus na n-ealaíon eile trí Ghaeilge agus, ar ndóigh, tá eagraíochtaí, coistí agus comhairlí de gach cineál ann ag scrúdú staid na teanga agus ag forbairt bealaí lena cur chun cinn.

Is beag suáilce nó sochar, sonas nó gradam oifigiúil nach bhfuil bronnta ar an teanga seo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile in imeacht na mblianta, ach is ceist eile ar fad é an bhfuil foirfeacht agus lánéifeacht i gceist leo seo ar fad.

Teanga i mbaol
Fós féin, is teanga í atá faoi bhrú agus i gcontúirt. Ní dócha go raibh sí chomh leochaileach aon uair is atá anois sna ceantair Ghaeltachta. Tá an-bhrú ar aos óg na Gaeltachta ó mhórmheáin chumarsáide an Bhéarla – saol an cheoil, na siamsaíochta, an fhaisin agus na scannán – síorbhrú cultúrtha gan stad gan staonadh.

Níl amhras ar bith orm ach gur scáfar an beart é dá ligfí don teanga bás a fháil anois. B’uafásach an chailliúint é an tsaíocht agus an saibhreas seanchais agus cultúir a chaillfí dá bharr agus ba bhoichte mar náisiún agus mar phobal muid. Cuid dár n-oidhreacht í an teanga agus níor thug aon náisiún neamhspleách, ceannasach uathu riamh dá dtoil féin gné chomh lárnach sin dá ndúchas.

Mhair an teanga trí bhlianta crua agus dearóile – curtha ar aghaidh gan bhriseadh ó ghlúin go glúin – agus ba dhona an mhaise é a cheapadh go dtiocfadh briseadh anois ar shlabhra sin na staire. An nasc teanga sin a shíneann siar isteach sna cianta, b’fhurasta an rud go ligfí dó briseadh ach ba thruamhéalach an toradh a bheadh ar an gcliseadh sin.

Níl an Ghaeilge ina haonar mar theanga atá i mbaol, ar ndóigh, agus áiríonn na saineolaithe teangeolaíochta go bhféadfadh 90% de theangach an domhain a bheith i mbaol a gcaillte. Meastar go bhfuil thart ar 6,700 ar dhromchla an domhain ach go bhféadfadh an líon sin a bheith laghdaithe go dtí 700 faoi cheann 100 bliain eile. Is ionann sin agus níos mó ná teanga amháin ar dhromchla an domhain a bheith á cailliúint gach seachtain, seachtain i ndiaidh seachtaine, ar feadh 100 bliain.

Tá cuid de na saineolaithe den bharúil go bhfuil seans ann go mbeidh an Ghaeilge ar cheann de na teangacha a mhairfidh thar thairseach an chéid seo chugainn. Luaitear dhá shlat tomhais leis sin: tacaíocht ó stát neamhspleách agus pobal líonmhar cainteoirí.

Tá an dá rud sin fós ag an teanga seo agus, cé nach ábhar sóláis ar bith dúinn líon na dteangacha atá i mbaol a gcaillte, agus nár chóir dúinn talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an cogadh buaite againn féin, is féidir linn dóchas éigin a bheith againn nach bhfuilimid tar éis cliseadh fós.  Agus is lóchrann beag dóchais dúinn i gcónaí gur féidir linn a mhaíomh nár saolaíodh fós an cainteoir dúchais deireanach. An dúshlán atá romhainn ná a chinntiú go mbeidh dóthain cainteoirí dúchais ann i gcónaí agus ina dteannta líonraí go leor de dhaoine ar fud na tíre a roghnóidh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide.

Tá léargas tugtha ag an teangeolaí an Dr. James McCloskey, Éireannach ó dhúchas, atá ag obair in Ollscoil Chalifornia i Santa Cruz ar bhás teanga. Deir sé an méid seo ina shaothar Glórtha in Éag Voices Silenced:
“Gach teanga a ghéilleann do na brúnna eacnamaíochta, polaitíochta agus cultúrtha atá ag luí orthu inniu, agus a thugann suas a hanam, bheireann sí léi chun na huaighe stór fairsing, iliomadach eolais agus seanchais – iarracht iomlán phobail thar na cianta dul i ngleic le deacrachtaí agus le rúndiamhra na beatha.

Tá nócha faoin chéad den stór eolais, tuairimíochta agus géarchúise ar tí a chaillte. Is mór an chaill don chine daonna uilig díobhadh an stór eolais, cuimhneacháin, grinn agus saoithiúlachta. Is scáthmhar agus is léanmhar cúinge an mheoin atá fágtha.

Deir an Dr. McCloskey an méid seo freisin:
 “Níl rud ar bith is éasca ná teanga a chur ar aghaidh
chuig glúin eile más cainteoir dúchais thú agus má tá an mhuintir óg sásta í a thógáil uait. Is fíor fosta nach bhfuil rud ar bith is éasca ná snaidhm sin na hurlabhra ó ghlúin go glúin a scaoileadh.  Ach a thúisce an tsnaidhm sin scaoilte, níl rud ar bith is deacra ina dhiaidh sin ná an teanga sin a thabhairt ar ais ina beatha. Ró-mhall a thuigtear an méid sin go minic. 'With that single break in the chain of generational transmission, language and all that goes with it, becomes a walking ghost.'”


Creidim go bhfuil deis againn ar fad, agus dualgas orainn dá réir, a chinntiú nach dtarlóidh sé sin.

Cad tá le déanamh!
Glactar leis nach mairfidh an Ghaeilge mar rogha theanga an phobail sa Ghaeltacht mura bhfuil stádas ag an teanga agus í á húsáid i ngach gné de shaol na tíre, i dtithe na parlaiminte, sna cúirteanna, in obair laethúil na seirbhíse poiblí, i gcúrsaí gnó, creidimh agus spóirt, mar shampla.

Agus ní mhairfidh sí sna réimsí sin den saol mura bhfuil pobail Ghaeltachta ann a bhfuil sí mar theanga bheo phobail acu. Tá an dá ghné seo fite fuaite ina chéile agus iad ag brath go hiomlán ar a chéile.

Creidim go bhfuil ceithre rud riachtanach d’fhorbairt na teanga:

  • Cumas teanga a thabhairt don phobal i gcoitinne, tríd an gcóras oideachais ar fud na tíre, agus ó dhúchas i gcás na Gaeltachta; 
  • Deis úsáide a sholáthar, deiseanna sa chóras riaracháin phoiblí san áireamh; 
  • Ceannaireacht agus dea-shampla d’úsáid na teanga; 
  • Agus cosaint a thabhairt don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. 

Tráth, faraor, a bhfuil ár bhflaitheas eacnamaíoch idir dhá cheann na meá, ba dhona an mhaise é gan an deis a thapú ár bhféiniúlacht agus ár bhflaitheas cultúrtha agus teanga a chur ar shlí a shábhála.

Tá sé de bhuntáiste againn, ar bhealach amháin, agus ag an am céanna de mhí-ádh orainn go bhfuilimid buailte, gualainn ar ghualainn, le ceann de na teangacha is forásaí agus is treise fás dá raibh riamh ann, nuair atá an próiseas sin ar a dtugtar domhandú ag brú teangacha ar leataobh agus á gcur de dhroim seoil. An dúshlán atá ann dúinn i gcónaí ná a chinntiú go gcruthaítear agus go gcinntítear i gcónaí áit agus spás dár dteanga náisiúnta i saol nua-aimseartha ár linne.

Mar Choimisinéir Teanga is féidir a rá go bhfuil roinnt cúraimí ar leith ormsa – seirbhís ombudsman a sholáthar don phobal le déileáil le gearáin ón bpobal i dtaca le deacrachtaí le seirbhísí stáit trí Ghaeilge, feidhmiú mar oifig ghéilliúlachta le cinntiú go bhfuil eagraíochtaí an Stáit ag comhlíonadh a ndualgas i leith na Gaeilge agus, ar deireadh, comhairle a sholáthar don phobal faoina gcearta teanga agus d’eagraíochtaí stáit faoina ndualgais teanga.

Tá údarás agus cumhachtaí tugtha le dlí dom leis an obair sin a dhéanamh agus tá orm feidhmiú go neamhspleách i mbun mo chúraimí. Trí chomhoibriú agus comhpháirtíocht a dhéantar formhór na hoibre agus is maith sin.


An Cosav
Tá caidreamh maith againn freisin le coimisinéirí teanga i ndlínsí eile, i gCeanada, sa Bhreatain Bheag agus sa Chosaiv, áit a bhfuil muid tar éis a bheith ag gníomhú ar bhonn deonach le bliain anuas ag cabhrú le hEagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip, an OSCE, agus le Rialtas na Cosaive le hatheagar a chur ar struchtúr agus ar fheidhmiú oifig an choimisinéara teanga ansin. Tá an Chosaiv mar stát i mbun atheagair nó athshlánú uirthi féin tar éis na coimhlinte a d’fhág os cionn 11,000 duine marbh. Tá 3,000 duine fós ar iarraidh. Moslamaigh iad c.90% den 1.7 milliún duine ansin. Is iad an Albáinis agus an tSeirbis an dá theanga is coitianta ansin, cé go bhfuil teangacha dúchais eile ansin fosta. Labhraíonn thart ar 90% den phobal Albáinis agus thart ar 7% den phobal Seirbis. Tá stádas mar theangacha oifigiúla ag an dá theanga sin sa bhunreacht acu agus ceadaítear aitheantas mar theangacha oifigiúla do theangacha dúchais eile má tá dlús áirithe cainteoirí i bpobail ar leith.

Achtaíodh Acht Teanga ansin (LAW ON THE USE OF LANGUAGES) i mí Iúil 2006. Dá thoradh sin, bunaíodh Coimisiún Teanga na Cosaive ach ar chúiseanna casta go maith níor oibrigh nó níor fheidhmigh an córas mar is ceart dóibh. Chuige sin, d’iarr an OSCE orainn sraith de dhian-cheardlanna a eagrú dóibh leis na pearsana cuí ón Chosaiv agus ón OSCE féin le struchtúir nua a aithint agus a thabhairt i bhfeidhm.

D’iarr Oifig an Phríomh-Aire i bPristina orainne ina dhiaidh sin a bheith mar chuid de Ghrúpa Oibre idirnáisiúnta a chuirfeadh comhairle orthu le cuidiú leo i ndréachtú na leasuithe reachtúla agus na socruithe eile a bheadh riachtanach le bonn a chur faoin reachtaíocht teanga agus faoi oifig úr coimisinéir teanga ansin.  Tá áthas orm a rá go bhfuil éirithe go hiontach leis an tionscnamh sin. Tá dualgais, feidhmeanna agus struchtúir an choimisinéara úir ansin an-chosúil leis na cúraimí atá ormsa agus tá comhoibriú leanúnach geallta againn don oifig sin trí Oifig an Phríomh-Aire i bPristina.  Mar chuid den chomhoibriú sin, tá ráite agam le hOifig an Phríomh-Aire ansin go dtabharfaidh muid cuireadh go hÉirinn don choimisinéir teanga úr nuair a bheas an duine sin ceaptha acu thall.
Aithnítear sa Chosaiv agus iad ag teacht as coimhlint fhuilteach gur gá go mbeadh cearta teanga mar chuid den chlár oibre a bhaineann le hathmhuintearas a chothú ansin athuair. Tá áthas orm go raibh deis againn a bheith páirteach leo san obair sin.

Agus ar bhealach, tugann sin ar ais mé go dtí tús mo chainte anseo agus na haidhmeanna uaisle atá agaibhse sa ghluaiseacht Esperanto, maidir le tacaíocht don chumarsáid dhaonlathach, do chearta teanga agus do shaoirse an duine.  

Esparanto & an Ghaeilge
Ba spéis liom a fheiceáil go bhfuil Cumann Esperanto na hÉireann tar éis samplaí de litríocht na Gaeilge a aistriú go Esperanto, sleachta as M’Asal Beag Dubh le Pádraig Ó Conaire, as Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, as saothar Pheig Sayers agus Mhuiris Uí Shúilleabháin. Tréaslaím an obair sin leo agus is maith an rud go mbeadh seoda litríochta as teanga na nGael – litríocht a théann siar na mílte bliain – á gcur ar fáil do léitheoirí nua i dteanga nua.

Tuigim, gan amhras, gur cur chun cinn Esperanto mar theanga an cúram agus an t-ábhar suime is mó agaibhse ag an chomhdháil seo.  Fós féin, ó tharla sibh a bheith linn anseo in Éirinn mheas mé go mbeadh sé tráthúil léargas a thabhairt daoibh ar staid reatha na dteangacha a labhraítear anseo. Tá mé an-bhuíoch díobh as éisteacht go foighneach liom ar an ócáid seo.  Agus tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe mhór as imeachtaí eile na comhdhála seo.

Meabhraím arís go mbeidh fíorchaoin fáilte roimh aon duine agaibh ar mhaith libh turas a thabhairt siar chun na Gaeltachta chugainn, go Conamara, áit a bhfuil an Ghaeilge á labhairt le 2,000 bliain agus a maireann sí fós mar theanga bheo phobail.

Go n-éirí le himeachtaí uile na comhdhála seo agus go raibh maith agaibh arís.