21.5.19

Buaileadh leis an Ridire!

"...sgaoil díot anuas an brón agus an imnidhe agus an doilgheas croidhe..."

Bhí mé ag lorg rud éigin le léamh agus mé ag dul ar thuras le déanaí. Cé go bhfuil neart leabhair sa teach againn tá sé deachair uaireanta ceann a roghnú. Ar an lá seo tháinig mé ar sean leabhair beag salach atá breactha le smal uisce. Is cosúil gur raibh sé amuigh faoin mbaisteach am éigin, nó gur thit sé isteach i soitheach uisce. Ach tré míorúilt éigin tháinig sé slán agus ní raibh na leathanaigh greamaithe le chéile mar a bheithfeá ag súil.

"An Crann Geagach," a bhí ann le Pádraic Ó Conaire, bailiúchán aistí agus scéalta ag an Máistir. Ina measc tá an scéal faoin a asal beag dubh. Is cuimhin liom ag léamh an scéal sin ar scoil fadó. Is i leabhair ann féin leis an dteideal sin a bhí againne ar scoil agus thosaigh sé leis an scéal cáiliúl sin agus mar a cheannaing sé an asal i gCinn Mhara. Ní raibh cuimhne ar bith ar aon chuid eile den leabhair agus chuile seans nár thuig mé mórán de is mé in ainm is a bheith ag foghlaim!

Ní fios dom caithin a foilsíodh an leagan seo den leabhair. Bhí sé foilsithe ag Comhlucht Oideachais na hÉireann ach níl dáta ar bith air. Tá sé sa sean-chló agus sa sean-litriú. Tá sé tiomnaithe go deas aige

"Do'n Chraoibhiín Aoibhinn
an Leabhrán seo

marach thú a Chraoibhiín ní móide go mbéadh aon 
Ghaedhilge ghá scríobhadh in Éirinn indiu!"

Agus nach raibh an ceart aige? Gan an Craoibhinn agus a chomh Conrathóirí cá bhfios....

Tá an leabhair féin an suimiúil. Tá sé scríofa i stíl atá beagáinín sean-fhaiseanta dúinne inniú. Chuir sé stíl nó b'fhéidir nósanna scríobhnóireachta údair na haistí ghearra a bhí á scríobh ag deireadh an naoi aois déag agus tús na fichiú aoise - stíl Belloc nó Kenneth Graham, ag baint sult as an dúlra.

"Tréig an chathair agus nósa na cathrach, sgaoil díot anuas an brón agus an imnidhe  agus an doilgheas croidhe; caith díot sean-ghiobailghruamdha do shaoghail agus do gheimhridh fhadaanróitigh, agus tar liomsa go bhfeicidh tú an t-earrach aoibhinn ag teacht, go gcuirfidh tú aithne ar éanlaith na coille, ar mhionn-bheithidhighibhna ngort, ar fheithidibh bídeacha na dtonn, ar an mbreach n-a pholl srótha ar an gcoinín beag faiteach, ar an ngiorrfhiadh mear, ar an mbroc dásach ar an sionnach, ar an  ngráinneóig dhealgnaigh, ar an iorraidh ruadh sa gcrann, ar an dobharchú i gcumar abhann; tar liomsa go dtógfar do chroidhe brúighte, go mborruighthear do mheanmhna, go leighseóchar do ghalar dubhach, go bhfáiltighmid beirt roimh an earrach agus roimh aithbheóchaint an tsaoghail...."

D'fhág mé an sean-litriú anseo mar sílim go bhfuil draíocht éigin ag baint leis. Nach bhfuil an focal "saoghal" i bhfad níos saibhre ná "saol" mar shampla, agus cad faoi  "doilgheas croidhe"?

An bhféadfadh éinne cuireadh mar sín a dhiúltú? Lean mé mar sin é ar a thuras taiscéalaíochta - ón aonach i gCinn Mhara agus amuigh ar bhóithre árd agus íseal. B'aoibhinn an turas é.

An fhaid is a bhí mé á léamh rith sé liom nach féidir turas mar sin a dhéanamh sa lá atá inniú ann. Is beag áit gur féidir le duine siúl mar sin anois. Tá na bóithre ró bhruidiúil agus dainséarach. Is beag áit gur féidir le duine poball a thógáil faoi chrann. Tá an saol sin beagnach imithe ar fad agus muis báite i gcúramaí an tsaoil. Tá deireadh le Ridirí na Bóithre nach mór!

Nach trua san?

20.5.19

Kernow a'gas dynergh! (4)


Ar ndóigh tá cáil ar chósta thiar Chorn na Breatiane mar áit surfála.


Éinne a bhí ag breathnú ar chlár íontach Mhicdara Uí Cuaig, Taoide, bhí léiriú ansin ar an bhfarraige i mBealach Bhristó agus an titim mór idir lán mara ann agus tráth na taoide agus an luas a athríonn sé.

Sin an fáth go bhfuil an surfáil chomh maith ansin Agus tá na tráthanna thar a bheith oiriúnach ann chomh maith.

Chuamar go dtí áit in aice le Newquay chun ceachtanna a fháil ar an sport seo. Tá neart scoileanna ann agus bhí an chuid daoine amuigh. 

Agus bhí an aimsir go maith leis. Bhí an traenáil an cuimsitheach. Níor chuaigh éinne amuigh ar na tonntracha go dtí go raibh miniú ar chúrsaí sabhála agus béasaíoch na céirde léirithe ag na traenálaithe.

Ag teacht thár n-ais!

13.5.19

Kernow a'gas dynergh! (3)

Iarsmaí sean is nua i gCorn na Breataine!


Iarsma sean
Leanamar siar go dtí áit nach raibh mórán eolas agam faoi. Tá Sceilg Mhichíl againne ó dheas agus in Iarthair na Normáine (muna bhfuil sé sa Bhriotáin féin) tá Mont Saint-Michel. Mar aon leis sin tá Cnoch Mhichíl Naofa (St Michael's Mount) amach ó chósta Choirn na Breataine. Mar aon le Mont San Michel is féidir siúl amach chuige nuair atá an taoide amuigh ach is gá turas ghearr ar bhád a thogaint amach chuige.

Brat an Choirn go bródúil ag Cnoch Mhichíl
Tá an oileán féin níos lú na cenn sa Normáin agus is cosúil gur tugadh do mhanaigh Mont Saint-Michel fadó ag Rí naofa Shasana Eadbhard san aonú aois deag. Cuireadh deireadh leis mar mainistir ag aimsir Anroí VIII agus anios is le clann St Aubyn atá ina chónaí ann ó shin. Tá sé ar oscailt don bpobal agus faoi chúram Iontaobhas Náisiúnta na Breataine agus tá an chuid den bhfoirgneamh ar oscailt mar aon leis na gairdíní thár timpeal air. Tá an chrot ar an caisleán agus an séipéal ársa atá fós á úsáid.

Tá sé suite ar bá ós comhair baile beag le hainm a cheap mé a bheith an-chosúil le ainm áite sa Bhriotáin - Marazion (Marhasyow i Cornais). Níos faide siar ar an bhá chéanna tá an baile Pennsans.

Iarsma nua
Níos faide siar tá i "iarsma" de short eile ar fad. Seoid is ceart a thabhairt air - Amrachlann Minack.
An stáitse agus an fharraige faoi mar cúlra!

Radharc ón stáitse
Thóg bean ó lár Shasana, Rwema Cade, áit cónaithe in iarthair Choirn an chomhgarach go Penn an Wlas (Land's End). Bhí suim aice i gcúrsaí dramaíochta agus thosaigh sí ag lorg suíomh a bheadh oiriúnach sa chomharsanacht. Thosaigh sí féin agus a garraíodar, Billy Rawlings, ag obair ar na haillte faoin teach. Is iad beirt a rinne an chuid den obair tógála. Bhí sé ullamh le haghaidh an chéad léiriú - The Tempest le Shakespeare - sa bhliain 1932. Baineadh úsáid as soilse charr mar nach raibh an treallamh cuí suite ann go fóill.

Na suíocháin
Lean siad ar an tógáil na hamhaclainne thuas go dtí go bhfuair sí bás, ag togáil suíocháin agus foth h-ardáin ag an stáitse go dtí an am a fuair sise bás sna hochtóidí. Leirítear drámaí ann fós agus fiú nuair atá cuairteoirí ag dul ann nuair nach bhfuil léiriú ar fáil bíonn daoine ann ag aisteoireach go neamh fhoirmeálta, rud a thaispéanáin acústach na hamharclainne. Bhí duine á dhéanamh agus muide ann mar a fheiceann tú sa pictiúir.

Bhí an aimsir go hálainn agus muid ann. Ba áit dríochta a bhí ann.

Radharc ó Mhinack


7.5.19

Kernow a'gas dynergh! (2)


Tá dhá áit draoíochta in aice le St Austell. Is féidir a rá gur brionglóid a bhí ag Altaire Ísiltíreach a tháinig chuig Corn na Breataine atá ionta.

Gairdíní Ceilte Heligan
Thugamar aghaidh ó dheas ó San Austel ar dtús chuig áit draíochta, go mór mór ag tús an Earraigh agus sa luath Samhradh.
Blath ón bhfiantas
Tá sean teach mór ann, Heligan, a bhí i seilbh sean chlann ón gceantear. Leis na blianta tháing leath agus tháinig drochbhail ar an teach, an talamh agus na gairdíni a bhain leis. Ag tús na Nochadaí tugadh cuireadh do Tim Smits, Altaire Ísiltíreach breathnú ar an ngairdín a bhí plucadh le mothar tiubh driseacha. I ndairíre ba limistéar fiáin a bhí is an áit ar fad.
Brat chloigíní gorma (sa "Dufair Ceilte")
Rinneadar obair na gcapall chun deireadh a chuir leis an bhfiantas - obair atá, ar bhealach, fós ar siúl agus beidh go deo is dócha. Bhí gairdíní álainn i bhfolach (Béarla) faoin bhfásra tiubh nuair a ghearradar ní hamháin fiailí gairdín ach crainnte agus sceachanna a bhí imithe ó smacht leis na blianta!
"Claisán Raithní"
Agus tá an obair fós ar siul.  Is dócha gur thug an obair seo léas éigin isteach in intinn Smits gur féidir rud eile a dhéanamh agus bláth éigin a chur sa bhfásach.

Parrthas sa Chorn,
Deirtear linn gur Éidin a bhí ar an áit ina raibh cónaí ag Adhamh agus Eabha ag tús a saol ach gur díbríodh as an áit iad de bharr a bpeacha! Tugtar Éidin go minic ar aon áit atá ina parthas ó shin. Agus cinnte is cineál parrthas atá cruithithe ag Smits agus a chuid comráidithe i sean chairéal chré.
Coiréal roimh (pic beag) agus i ndiath cruthú Éidin
Sa cheantair ó thuaidh ó San Austel tá cheantair fuairthas fosú mór chré shíneach i rith an ochtú aois déag agus tá an cheantair breactha le cnoic den dramhaíl a bhí fágtha tár éis tocailt don ábhar luachmhar a úsáidtear gréithre deasa a dhéanamh don uasal aicme do gcuid is mó. Tá an obair seo thart anois sa cheantair ach fagadh poill mór ann ina dhiaidh sin chomh maith.

Rognaiódh ceann acu san, poll mór lom ghortach, le brionglóid dodhéanta a chuir i gcríoch. An brionglóid sin? Parrthas a thógáil sa bhfásach. Glaodh Togra Éidin (Béarla) ar an dtionscadal.

Céard tá sa brionglóid seo? Ionad le dúlra a thaispeáint mar atá sé i limistéir aeráide. Tógadh "pobaill" mílteach mór ann angus anois tá dhá ionaid aeráide ann - teochriosach agus meánmhuiríoch. Tá siad ag iarraidh ceann eile, gaineamhlach, a thógáil.

Agus muid ag dul isteach sa phoball teochriosach trópaiceach cheapfá gur istich i gcinéal foraois dhraíochta - teocht, uisce, plandaí, crainnte árda agus ainmhithe ó na limistéirí sin

Agus sa poball eile cheapfá gur áit éigin san Iodáil nó i ndeisceart na Fraince atá tú!

Cé go bhfuil tarraingt mhór ag turasóirí chuig an áit tá obair fiúntach ar siúl ann ó thaobh oideachas agus taighde timpeallachta agus comhshaoil. Tá ceangal ag an áit le hollscoileanna agus bíonn neart scoláirí ag déanamh staidéar ann.

B'fhiú dul chuig an dá áit le feiscing cad is féidir a dheanamh in áit atá cuíosac iargualta.



4.5.19

Kernow a'gas dynergh! (1)


Siar linn trasna an Tamer agus bhíomar i gCorn na Breataine. Seo an céad uair sa tír Ceilteach seo dúinn. Bhíomar sa Bhreatain Bheag go minic agus in Alban cúpla uair agus mar sin bé seo an ceathrú Tír ceilteach dúinn!

Bhíomar i bPlymouth cathair Seirbhíse Cabhlaigh Shasana ar chósta deisceart Shasana. Caitheamar oíce ann agus chun an fhirinne a insint níor thaitin an áit ró-mhór linn. Ar ndóigh, mar aon le an chuid de cathracha Shasana rinne buamáil an dochar dó agus ní raibh an stíl ailtireachta sna foirgnimh a tógadh sna caogadaí nó sna seascadaí ró-dhaonúil. Bhíodar fuair agus gan mórán pearsantacht.

Tá an Tamar mar teorainn idir contae Shasana agus Corn na Breataine, tír ársa Ceilteach lena teanga agus cultúr féin. Glaonn siad Dowr Tamar ar an abha féin. Tá fógra ar an droithead idir an dá thír ag rá Kernow a'gas dynergh! (Fáilte go Corn na Breataine!).

Tá an Corn an-árd istigh sa tír féin agus tá bailte beaga pictiúrtha iascaireachta ag bun bhoithre caol cam géarchnocach. Bíonn dul síos chuig an baile féin ar an mbóthar sin agus ansin tiománann tú thuas arís ar an mbóthar céanna. Ní minic a bhíonn bóthar díreach chuig an chéad baile beag pictiúrtha iascaireachta eile. Níor mhaith liom bheith ag cleachtadh chonas tosú in aghaidh an aird ar na bóithre seo!

B'é Polperro an chead baile a thugamar cuair air. Bhí an aimsir fliuch go leor ach bhí carr clós ar an áird agus bhí bus beag ag déanamgh an turas síos chuig an baile féin. O shin chuamar siar i dtreo Fowey agus cheap mé go raibh bád faranatóireachta idir baile Polruan (ainm Ghaelach?) agus bhí an ceart agam ach me léan ní raibh sé oiriúnach don charr ach do paisnéirí chois amháin. Taréis tiomáint thíos cnoch an ghéar ar fad bhí orainn dul thár n-ais an mbealach céanna chuig Bodinnick, áit a raibh bad oiriúnach ann.
Radharc ón mbád - Fowey
Is baile deas é Fowey - "Foí" a deireann siad agus arís bhí carr chlós ag barr an mbaile le bus ag dul síos chuig an baile fhéin. Béile breá ansin again do lón - ceapaire phortáin a bhí an úr agus blasta.

Caitheamar an oiche sin i San Austel baile cuíosach mór. Thugas faoi dearadh go raibh ainmneacha chuid de na sráideanna dhá theangach, Coirnís agus Bearla.