8.6.20

Míchuí agus mí-oiriúnach!

Nuair a chonaic mé dealbh Eadbhard Colston i gcathair Bristol á leagadh ar an nuacht inné smaoinigh mé ar leagadh eile. Nuair a d'éirigh le trúpaí Bhush Bagdad a gabháil, thárla rud mar sin le dealbh mór den deachtóir Saddam.

Díbeartha ó Theach Laighean
Ar ndóigh thárlaíonn rud mar sin thár timpeall an domhain. Le déanaí tógadh anuas roinnt dealbha nó leachtanna chuimhneacháin sna státaí ó dheas i Meiriceá, Státaí na Cónaidhme i rith na círéibeacha a lean bháis thruamhéileach George Floyd.

Ar ndóigh thárlaíonn rudaí mar sin inár dtír féin mar shampla colún Nelson nó Geogh i Páirc an Fhionnuisce roimhe sin. Tá an dealbh mór den mbanríonn Victoria a bhí i bplásóg Tí Laighean anois "ar íasacht" i Sydney na hAstráile.

Fear Victoria i dTeach Laighean
Tá mise beagáinín idir dhá chomhairle faoi scrios a dhéanamh de na siombail comortha seo. Cinnte is comórtha ar ansmacht, frith-dhaonnacht agus sclábhaíocht agus brú faoi chois, atá i gcuid acu. Ach chomh maith le sin is iomhá stairiúil atá ionta agus cuid acu is sampla maith d'ealaíon a ré iad. Ar bhealach nuair a scriostar iad tá sé cosúil le dóigh leabhar. Diúltú na staire atá ann agus ní hamháin nach ceart é sin a dhéanamh ach ní féidir é a dheanamh. Má déanann muide meoin agus tuairimí, náireach is tá siad, a scriosadh mar seo nach bhfuil muide chomh dona leo nó leis na daoine a thóg iad don gcead uair?

Ní féidir aon drochghníomh a chuir ar neamhní. Tharla sé agus ní féidir é sin a scriosadh ón stair (nó ón gcuimhne?) mar sin.

Cad le deanamh? B'fhéidir gur ceart iad a bhailiú le chéile - tá mé ag ceapadh go bhfuil roinnt i nDaigheann, Contae Uíbh Fhailí. Ansin déan páirc dealbhadóireachta agus iad go léir ann - Gairdín na nGabhála b'fhéidir mar comóradh ní ar na daoine féin nó a gcuid tuairimí ach mar omós dóibh siúd a a bhí ag fulaingt faoina bpolasaithe iomrallacha. Tá gairdín cuimhneachán don gCogadh Mór ar bhruach na lífe agus d'fhéadfadh sé a bheith ansin.

Nach cuid dár stair iad nach ceart a dhiúltú?

N.B. Tá a leithéid mar shampla i mBudaipéist na Ungáire,  an Szoborpark - Páirc na Dealbha
(Ungáiris/Iodáilis/Béarla) - 
Buíochas le Aonghus Ó hAlmhain as an eolas sin a thabhairt dom!