19.7.17

Uafás agus tubaist ar an gCaorán!


Tharla tubaist uafásach dúinne ar an Aoine seo caite!

Marbh!
Bhris an sean oscailteoir bhuidéil againne - ceann an dhaoir bhí ann nuair a ceannaíodh é - ach buíochas le Dia bhíomar i ndán an corc a bhaint as an mbuidéal (Miquel Albarino 2015 - an bhlasta!)! Ach dá mbeadh aon chean eile le h-oscailt bheadh muid ag fáil bháis leis an dtart!

Dúirt duine den gclann againn, "Sin brontannas Nollag sórtáilte againn!" Ach dúradh leis nach mbeadh muid i ndán maireachtáil chomh fada san gan blaiseadh fíona dearg nó geal...

Chuamar siar chuig Tí Níoclás ar an Sathairn agus cheannaíomar ceann de short eile. Ar ndóigh bhí orm an focal ceart Gaeilge a úsáid agus bhain mé trial as tearma.ie agus creid nó ná creid sé corcscriú an focal atá acu air.

Mar sin cheanaíomar corcscriú sciathánach agus ó shin tá muid ar ár saimhín só!

Sláinte!

Ár gcara nua!

10.7.17

Deireadh leis an "ancien regime?"


Tháinig mé ar alt ó iris Meirinceánach le déanaí a chuir ag smaoineamh mé!

Cá bhfios! 
Agus lucht Brexit i Sasana (féach seo san Daily Telegraph Feabhra 2017)!) a tuar ar bhriseadh an Aontais Éireann b'fhéidir gur fiú breathnú ar an taobh eile den Atlantach. Cé chomh socair is atá Poblacht Mór an Iarthair? An fíor go bhfuil togha an Trumpach ag scoilt na tíre sin ó bhun go barr.

Sna Eoraip is cosúil go bhfuil imeacht na Ríochta Aontaithe (Sasana amháin?) ag tarraingt le chéile na baill atá fágtha, an 27. Ach sna Stáit Aontaithe tá scoilt mór ann anois is cosúil. Chomh maith leis sin nuair a bhí an gcruinniú den 22 i Hamburg na Gearmáine ba rí shoiléir í nach i lár na himeachtaí a bhí Uachtarán SAM. Ar bhealach d'fhéadfá a rá go raibh sé ar an imeall i gcomparáid le h-aon Uactarán SAM i mo chuimhne féin - ó FDR, Eisenhower (gur féidir a rá gur sabháilí na hEorpa é ar bhealach) agus na daoine eile. Ní raibh sé sásta suí leis na gceannairí ag cruinniú amháin fiú.
1991

Léiríonn an alt seo sa New Republic (Iris Neamhspleach i Meiriceá ó 1914), "The New Nation-States.", dearcadh ar ché chomh aontaithe is atá na Státaí faoi réimeas Thrump.

Thit Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha as a chéile ag deireadh an Chéid seo caith. Cad a tharlódh roimh deireadh an aonú aoise is fiche?

Cá bhfios?

@NewRepublic #Brexit

7.7.17

Ad astra! Cuimhne bhuachalla óig ar réalteolaí!


Níor thug mé faoi deara na hainmneacha nuiar a ainmníodh foirgnimh nua in ollscoil éigin le deanaí. Bhí tuairiscí faoi sna nuachtáin agus iad ag déanamh mór den rud gur mná a bhí á chomóradh i dtrí chinn dóibh.

Fiú nuair a bhí tuít ó Harry McGee a rá go raibh duine acu gaolta leis níor thug mé faoi deara gur bhuail mé le ceann dóibh agus mé óg. Ní go dtí raibh giolch eile uaidh níos deanaí a dhírigh m'ard ar alt san a bhí san College News, "An Irish University Has Used A Brilliant Initiative When Opening 3 New Buildings," (Béarla).

Chuaigh mé chuig an alt agus léigh mé a raibh ann agus nuair a léigh mé an píosa ann faoi Mary Brück agus a chuid oibre i gcúrsaí réalteolaíochta.
Nuair a bhí mé óg bhí an-suim agam i gcúrsaí réalteolaíochta. Bhí mé ag léamh chuile rud faoi sna nuachtáin agus bhíodh cláracha do pháistí faoi ar Raidío Éireann. Is cuimhin go raibh bean ag caint ar an Raidío agus cheap mé gur Máire Brock a bhí uirthe. Ba cineál laoch don mbuachail beag 10 mbliana d'aois a bhí ionam ag an am. Is cuimhin liom go raibh sí ag obair lena a fhear chéile, Gearmánach san réadlann náisiunta (Béarla) i nDún Sionca. Mé ag ceapadh go rabhadar ina gcónaí ann chomh maith.

Rinne Uncail liom socrú dom dul go Dún Sionca agus rinneamar turas ar an áit. B'í "Máire Brock" a bhí mar treoirí dúinn. Is cuimhin liom gur mhínig sí dúinn an obair a bhí ar siúl le radaiteileascóp ann agus ag lorg eolais ar na réaltraí agus réaltnéalta. Ansin thóg sí amach chuig an teileascóp mór a bhí i foirgneamh le díon cruinneachánach air. B'shin an buach-pointe domsa - ag breathnú ar an ngealach tré  theiliscóp mór.

Mar dhuine óg is dócha nár thuigeas cé chomh mór is a bhí sí mar réalteolaí. Bhí sí an-dheas agus sásta bheith linn - ní raibh ach m'athair, m'uncail agus mé fhéin ann an oíche sin. Ba ocáid speisialta domsa í. Bhí sí foighneach leis an ceisteanna símplí a chuir mé uirthí agus ní dhearna mé dearmad ar an dturas sin thár na blianta. Anois is arís chonaic mé a h-ainm i dtuairiscí ó shin agus ansin tuairisc ar a bás beagnach 10 mbliain ó shin.

Tá áthas orm go bhfuil comóradh agus aitheantas a dhéanam uirthí i DCU agus níl se sin chomh fada san ó Réadlann Dhúin Sionca!

Bean deas séimh a bhí inti.

• Tá eolas fuithí le feiscint anseo sa chúntas irabháis ar shúiomh Cumann Réalteolaíochta Dhún Éideann. (Béarla)

@DublinCityUni @harrymcgee