31.7.19

Peig agus Oíche Ghibellina?

Níor léigh mé leabhair Pheig riamh.

Tá sé dearchair éalú uaithe ar ndóigh agus is minic a tógtar amach as a h-uaigh ó cuireadh a dá cus istigh inti go mór mór ag naimhde na Gaeilge!
Notte di Gibellina

Ach ar ndóigh tá a íomhá le feiscint go minic agus is deachair éalú uaithe.

Dhá bhliain ó shin bhíomar i bpríomh cathair na Sicile, Palermo, agus chuamar isteach i ndánlann ann. Bhí pictiúirí alainn ann mar a bheitheá ag súil cé gur pictiúirí chomaimsirthe a bhí á dtaispeáint ann. Ina meas bhí an ceann seo. "Notte di Gibellina" le Renato Guttuso (1912-1987). Cheap mé gur Peig bocht a bhí le feiscint ann! Ar ndóigh scéal eile ar fad atá taobh thiar den pictiúir seo.

Ba oíche dodhearmadta an 15 Eanáir 1968 sa cheantair seo in oirthear an oileáin. Bhí crith talún 5.5 an oíche sin a leag trí bhaile ar an oileán, Gibellina, Salaparuta and Poggioreale. Maríodh timpeall 400 i rith na hoíche sin agus glaotar "Terremoto del Belice" ar an oíche sin sa Iodáil.  B'é Ludovico Corrao a bhí ina mhéara ar an mbaile Ghibellina agus thosaigh sé ag ath thógáil an bail. D'ostaigh sé na haltire is fearr agus chomh maith leis sin ealaíontóirí chomaimsireach den scoth. Ina measc is cosúil go raibh an Renato Guttuso seo mar dúradh ar an lipéad ag a bun:

Renato Ruttuso
Notte di Gibellina
1970
Olion su tela, 140 x 90cm
Gibellina, Museo Civico d'Arte
Contemporanae "Ludovico Corrao"

Mar sin ní Peig atá anseo againn anseo ach sean bhean ag fulaingt i rith crith talún Belice 1968.

20.7.19

Céim agus léim!

Turas ar arthach farraige agus turas ar spás arthach!

Socraíodh lóistín i Sr Aibhistín dúinn. An maidin dár gcionn d'éiríomrar go luath agus sleamhnaíomar istig i gcúl dhorais an Séipéil Aibhistínigh le haghaidh Aifreann luath sular osclaíodh an eaglais féin.

I nGaillimh a bhí mé agus páirteach ar thuras go hÁrainn leis An Réalt caoga bliain ó shin. D'fhág an bád Gaillimh féin go luath gach maidin ag an am sin. Bé mo chéad turas ar Inis Mór agus thóg an bád  - an Galway Bay a bhí ann - timpeall trí uaire dul go Cill Rónáin an áit ar thóg mé mo chéad chéim ar thalamh naofa Árainn.

Tá cuimhne maith ar roinnt de na rudaí a thárla agus cuid eile dearmadta agam ar ndóigh - Caoga bliain ó shin!

Na Seacht dTeampail.
Tógadh muid siar ar an oileán chomh faide le Cill Mhuirbhigh agus iar uaidh go tithe éagsúla. Cuid againn le muintir na háite, cuid againn a thóg teach saoire don seachtain agus beirt no triúir faoin chanbhás. B'shin an chéad uair dom dul ag campáil chomh maith. In aice le na Seacht dTeampail a bhí sé.

Is cuimhin liom ag iarraidh an pobal a chuir suas agus fear a tí ag dul tharaim agus é a rá "Tá an talamh tanaí ansin!" Agus bhí. Bhí sé deachair go leor gream ceart a fháil le na pionna phubaill a dhainginiú ann. Ar deireadh d'éirigh liom agus bhí codladh cuíosach maith agam sna oícheanta tosaigh. Níos déanaí áfach tháinig báisteach gaothmhar  a leag an phoball agus caith mé an cuid eile den gcuairt ar úrlár cheann de na tithe saoire.

Bhíodh béile agam leis na daoine a bhí ag fanacht sa teach agus mar sin ní raibh orm aon chócaireacht a dhéanamh!

Is cuimhin liom ag dinéar ar an Domhnach - bhíodh dinnear i lár an lae ag gach éinne sna laethanta sin - go raibh cluiche ar siúl ar an Raidio. Bhí an tAth Benedict ODC i meas na sagairt a bhí linn agus bhí an spéis aige sa cluiche - is dócha gur Cill Ceannaigh bhí ag imirt mar ba shliocht muintir Langton é an Ath Benedict. Bhí Amhrán na bhFiann ar siúl ag tús an tráchtaireacht ach bhíomar fós ag an mbord agus is beag aird a thugamar ar an Raidío. Bhí an sagart in aice leis an Raidío agus seas sé suas díreach dom gceol. Leanamar inár suí ag ithe. Tá mé ag ceapadh gur árdaigh sé an fhuaim ach mo léan is beag éifeacht a bhí aige orainn is muid ag caint, ag gáirí agus a baint taitneamh as an béile agus an comhluadar le meas a thaispeáint don Amhrán Náisiúnta!

Is cuimhin liom leis oícheanta cheoil sna tithe ann chomh maith. Bhí fáilte is fiche roimh éinne i gcistineacha do na hoícheanta sin. Is cuimhin liom go raibh beirt ón ísealtír ann agus iarradh ortha rud éigin a casadh dúinn. Chanadar a Amhrán Náisiúnta na tíre sin - Het Wilhelmus (Ísiltíris). Tá an fonn sin i mo chloigeann ó shin.

Is ansin chomh maith a chéad chuala mé duine ag canadh sa sean nós nach chuid de chomórtas é. Fear a'Tí ag canadh "Contae Mhuigheó"

"Ar an loing seo, a Phaidí Uí Loinsigh, 
is ea a bhímse ag déanamh bróin,
Ag osnaíl ins an oíche is ag síorghol sa ló,
Ach anois ó dalladh m’intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir,
Dar m’fhocal, is maith a chaoinfinnse Condae Maigh Eo."

Cos in airde - 20 Iúl 1969
Ar ndóigh i rith na seachtaine seo bhí triúr eile ag déanamh ar áit nach rabhadar ann riamh roimhe, nach raibh duine daona ar bith eile ach an oiread.  B'iad, Neil tréanlámach, Buzz agus an Micheál Coilleánach eile. Bhí roinnt de na daoine i dteach le teilifiseán ann agus labharadar faoi bheith ag breathnú ar an Iolar á isiliú ar Mhuir Shuaimhnis na Gealaí. Is cuimhin liom níos deanaí san oíche ag éisteach ar transistor beag a bhí agam is mé i mo luí sa phoball agus mar nach raibh mé na focail a dúirt Neil a cloisint i gceart de bharr trasnaíochta atmaisféarachta. Ní céim amháin a thóg sé ach léim fhada.

Bhí céilí againn i gCill Rónán chomh maith agus is cuimhin liom gur chuir sé íontas agus sástacht orm gurb é an ceol a bhí acu do "Set Árann" ná píosa ceol a bhíodh á chasadh ag mo Sheanathair (as Inis Cóirthe ó dhúchas).

Agus is is Árainn ansin i rith na seachtaine a bhí mo chéad amharc ar an mbean a phosfainn i gcionn ceithre bliain eile.

Ach sin léim iomlán eile....
Úrú ghealaí a tharla ar an 16 Iúl 2019

• Árainn agus an Ghealach! (27/8/2012)
• Calafort Chill Rónáin (6/3/2013)

13.7.19

Ó racht feirge go h-óid áthais!

"Sondern laßt uns angenehmere anstimmen, und freudenvollere."

(Ceol: Ludwig van Beethoven: Siansa córúil 9, 1824, 
Focail: Johann Christoph Friedrich von Schiller 1785)*.
Bhíonn altanna spéisiúl ag iar-chraoltóir "Morning Ireland" (Clár ar RTÉ Raidió na Galltachta!) Cathal Mac Coille i dTuairisc.ie go rialta. Sílim go bhfuil siad i bhfad níos spéisiúla anois ó scaoileadh saor ó gheimhle RTÉ é!

Scríobh sé píosa le déanaí ar a ndúirt Uachtarán na hÉireann ag imeach éigin agus é ar chuirt stáit ar Phoblacht Feidearálach na Gearmáinne agus an méid a dúirt sé faoin ‘racht feirge’ atá tár éis teacht ar ár gcomharsa béal dorais. Ar ndóigh is deachair téarma níos oiriúnaí a thabhairt ar cúrsaí i Westminster ach tá amhras ar a lán, Cathal ina measc, arbh ceart don Uachtarán a bheith chomh lom oscailte lena a chuid cainte.

Níos déanaí ina thuras thug sé cuairt ar Leipzig agus thagair sé don oráid a rinne se i ngiolch ar maidin.

"An tseachtain seo caite, roinnt bheag laethanta tar éis do Theachtaí Parlaiminte na hEorpa droim a thabhairt le linn amhrán an AE ‘An die Freude’ a bheith á sheinm, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar #Leipzig, an áit ar scríobhadh dán Schiller."

Ní h-aon Trump é agus é ag úsáid an córas ghiolcaireachta twitter buíochas lé Dia ach bhí sé i bhfad níos "fíneálta" sa bhealach a rinne sé tagairt don "racht feirige" úd sa ghiolch seo.

Is ar an ábar: "Todhchaí na hEorpa: Éiceolaíocht, Eacnamaíocht agus Eitic a Athchothromú," a bhí a leacht in Ollscoil Leipzig. Caint a bhí an cothram agus "uachtarántúil!"

• Is féidir breathnú ar a oráid anseo:


Agus seo focail Dán Schiller mar a scríobh sé iad. Ní fios dom ar aistríodh iad go Gaeilge!


An de Freude (Schiller)

O Freunde, nicht diese Töne!
Sondern laßt uns angenehmere anstimmen,
und freudenvollere.
Freude!
Freude!
Freude, schöner Götterfunken
Tochter aus Elysium,
Wir betreten feuertrunken,
Himmlische, dein Heiligtum!
Deine Zauber binden wieder
Was die Mode streng geteilt;
Alle Menschen werden Brüder,
Wo dein sanfter Flügel weilt.
Wem der große Wurf gelungen,
Eines Freundes Freund zu sein;
Wer ein holdes Weib errungen,
Mische seinen Jubel ein!
Ja, wer auch nur eine Seele
Sein nennt auf dem Erdenrund!
Und wer's nie gekonnt, der stehle
Weinend sich aus diesem Bund!
Freude trinken alle Wesen
An den Brüsten der Natur;
Alle Guten, alle Bösen
Folgen ihrer Rosenspur.
Küsse gab sie uns und Reben,
Einen Freund, geprüft im Tod;
Wollust ward dem Wurm gegeben,
Und der Cherub steht vor Gott.
Froh, wie seine Sonnen fliegen
Durch des Himmels prächt'gen Plan,
Laufet, Brüder, eure Bahn,
Freudig, wie ein Held zum Siegen.
Seid umschlungen, Millionen!
Diesen Kuß der ganzen Welt!
Brüder, über'm Sternenzelt
Muß ein lieber Vater wohnen.
Ihr stürzt nieder, Millionen?

Ahnest du den Schöpfer, Welt?
Such' ihn über'm Sternenzelt!
Über Sternen muß er wohnen.