29.12.20

Féile Normánach.

Inniú féile Thomáis Beckett a maraíodh ag saighdiúirí Anraí II Shasana ina Ardeaglais i gCanterbury ar an lá seo sa bhliain 1170. Ba cheann de phríomh oilithreachtaí sna Meán Aoiseanna í ar chomh chéim le Santiago Chompostela nó leis an Róimh féin. 

Deirtear gur tháinig Anraí go hÉirinn chun cairdeas leis an bPápa a dhaingniú arís tár éis bháis Thomáis. Ar ndóigh bhí eagla air go n-éiródh leis na Normánaigh ríocht nua neamhspleach a bhunú in Éirinn. Ar deireadh d'éirigh le Anraí smacht de short éigin a chuir ar na Normánaigh ach d'athain na Taoisigh in Éirinn é mar Thiarna ar an tír agus thosaigh an coimhlint idir Éirinn agus Sasana a mhair go dtí an lá atá inniú ann.

Ní fios cad a tharlódh gan dúnmharú Ardeaspag Thomás ina eaglais sa bhliain 1170?

Nuair a bhíomar ar thuras go hiarthair na Sicile d'fhánamar i mbaile Marsala. Tá cáil ar an baile seo don fíon uathúil láidraithe a faightear sa cheantear. Ba ríocht de chuid na Normánach í an tSicil san triú aois deag. Tá an Ard Eaglais ann tiomnaithe do Thomás Chanturbury agus is ansin atá an pictiúr seo le feiscint ós chionn an phríomh altóir.

21.12.20

An pictiúr deireanach.


Chuir píosa a léigh mé i dTuairisc ar líne ag scríofa ag Alex Hijmans ag smaoineamh mé. Tá cónaí ar an Ísiltíreach i mBraisíl ach ar ndóigh tá a mhuintir soir san Ísiltír. Scríobh sé agus é ag pacaíl a mhala le dul abhaile lena a Mháthair a fheiceáil ach ar ndóigh sna laethanta seo ní bhíonn tú cinnte go bhful tú ar do bhealach go dtí go mbíonn tú sa aer! Deireann sé "Murach nach bhfaca mé mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, le breis agus bliain anuas ní thabharfainn faoin aistear ar chor ar bith." Bhí srath altanna scríofa aige ar an ábar seo roimhe seo ar ndóigh ach cheap mé go raibh rud éigin tochtmhar sa scéal seo aige.

Ansin bhí giolch ag Féilire Gaeilge ag meabhrú dúinn gur cothram an ama seo a fuair an síciatraí Gearmánach Alois Alzheimer  bás. B'eiseann a chéad scríobh páipéar eolaíochta faoin néaltrú seo a tugann muid "Galar Alzheimer" air inniu. Buail taom chroí é ar an 19 Nol 1915.

Is dócha nach gcuirfinn mórán suime sna scéalta seo ach amháin go raibh galar mar sin ag mo mháthair féin - néaltrú seanaoise a bhí uirthí cinnte ní fios dúinn an é an galar Alzheimer a bhí uirthí ach ar ndóigh is beag an difríocht idir an dá ghalar. 

Diaidh ar ndiaidh chaill sí a cuid chuimhne ó fuair m'athair bás. Bhíodar seasca bliain pósta agus maidin amháin fuair sí é agus é gléasta le dul amach ach bhí sé ina luí ar a leaba. Bhí sé ochtó seacht agus taom croí a fuar sé. Ach go dtí an lá atá inniú ann níl fhios agam cad a thárla nuair a fuair mo mháthair é, cé chomh fada is a bhí sé leis sular lorg sí cabhair. Ar deireadh chuaigh sí amach agus bhuail sí ar dhoras chomharsan. Dúirt sí leis, "Tá mé ag ceapadh go bhfuil m'fhear marbh!" a dúirt sí don comharsa bocht.

Is dócha go raibh gach rud ina dhiaidh sa mar cineál brionglóid dí. Nuair a bhí an socraid thart d'fhán duine de mo dheartháireacha sa teach léi ar feadh cúpla mí. Agus nuair a bhí orm dul go Baile Átha Cliath ar chúrsaí ghnó d'fhán mé leithí. Ach bhí sé soiléar nach mbeadh sí i ndán fanacht leithí féin. Thóg bean mo dheartháir istigh ina tigh féin í - rud nach raibh éasca mar bhí sí ag éirí níos measa agus is dócha go raibh gach cuimhne den seasca bhliain a bhí aicí lenár nAthair caillte aici mar níor luaidh sé ríamh é ina dhiaidh sin. Uair amháin chuir sí ceist orm, cé tusa? 

An pictiúr deireanach 
"Is mise do mhac," a dúirt mé. 

"Seans ar bith!" a d'fhreagair sí, "Ní raibh mise pósta riamh!"

Thárla rudaí greanmhar mar sin go minic léithí ach bhí sé an deachair orainn go léir agus í ag dul i ndonais agus an cuimhne ag imeacht uaithe diaidh ar ndiadh. Bhíodh sí ag caint faoin a saol mar páiste ar scoil agus an teach ina raibh chónaí uirthí fadó fadó. Ag caint faoi daoine agus imeachtaí nach raibh aon eolas againne futhu. Fiú nuair a thógamar amach sa charr í agus nuair a thaghnamar thár n-ais níor aithin sí an teach ina raibh sí ag fanacht. "An ar chuairt anseo atá muid?" a dearfadh sí.

Bhí fhios aici go raibh aithne aicí orainn cé nach raibh fhios aici go díreach cé bhí ionainn!

Tháinig a bás cuíosach tobann. Bhí mé léithí i mBaile Átha Cliath ar an gCeadaoin agus aith go leor thóg mé dhá phictiúir dí. Ceann amháin bhí sí ag breathnú brónach agus ansin dúirt mé leithí miongháire a dheanamh don gceamra. Rud a rinne sí ach mar sin féin bhi rian den amhras agus cineal easnamhachas le feiscint ina cuid súile.

An Sathairn dár gcionn bhuail taom éigin í agus taobh istigh de cúpla uair bhí sí imithe uainn. Is dócha gur faoiseamh dí a bhí ann.

Ar dheis Dé go raibh sí agus anamnacha na marbh ar fad! 

13.12.20

Nollaig 1956

 Is ar an lá seo, 13 Nollaig 1956, a fuair mo sheanathar bás. Bhí sé 77 bliain d'aois.

John George Ryan
1897-1956
Is cuimhin liom go maith an oíche. Bhí mé ag teacht abhaile ó thraenáil mar freastalaí altóra timpeall leath uair tar éis a seacht. Bhí an oíche dorcha ach ní rainh aon bháisteach. Chonaic mé solas sa seomar tosaigh - ghlaoghamar an Drawing Room air. D'fhéach mé isteach ann agus bhí m'athair ag caint le fear maol ard in gcóta mór dorcha. 

Lig mo mháthair istigh se teach mé agus bhí fhios agam díreach go raibh Grandpa mar a ghlaoigheamar air, imithe uainn. Bhí Aintín m'athair, Aunt Katy, deirfiúr leis, sa seomra agus thosaigh mé ag caoineadh. "what ails you!" a duirt sí. Ach bhí an bhrón orainn mar bhí an aithne again ar Grandpa ó bhíomar óg. Cailleadh athair mo mháthair trí bhliain roimhe sin ach ní raibh an aithne céanna againn air. Ba mhr an sport a bhí again le athair m'athair féin.

San am sin níor ligeadh páistí bheith ag socraid agus ní fhacamar é sa chónra ná ní fhacamar an cónra féin fiú. Cuireadh i Reilig Ghlas Naíon é ach ní cuimhin liom aon rud faoi sin. Ar dheis Dé go raibh sé.

Go gairid ina dhiadh d'iarr m'Athair orainn - na páistí - an gcurifeadh sé isteach go mór orainn gan Crann Nollag a bheith againn don bhliain áirithe sin. Ba chuma linn faoin gcrann áfach ach bhí rud eile i bhfad níos tabhachtaí ag cuir isteach orainne. 

"Ach an dtiochfaigh San Níochlás ar Oíche Nollag?"

Duradh linn go dtiochfadh sé fiú gan crann.

Agus tháinig!


Seans go mbbeadh suim agaibh sna píosaí anseo

10.12.20

Iománaí ar chlé – nó ar dheis…


Tháinigh eagrán an Gheimhridh den Iris is sine, Timire an Chroí ró Naofa, sa post inné. Bhí alt faoin gceannteideal "Iománaí ar Chlaí" san eagrán deireanach a spreag  chun pinn mé agus bhí an eagarthóir sásta mó phíosa a chur i gcló.

Seo mar a scriobh mé:

“Ní gá gurb ionann seasamh An Timire agus na tuairimí san alt seo!” Ardaíodh mo chuid spéise nuair a léigh mé é seo ag tús ailt sa Timire le deanaí (Fomhair 2020).

Bhí an alt féin faoi chúrsaí na hEaglaise agus an coimhlint idir “liobrálaigh” agus “coimeadaigh!” 

Ní maith liom na lipéidí sin go mór mór nuair is cúrsaí eaglasta atá i gceist.  Mar a admhaíonn údar  an ailt féin go h-indíreach ceileann na lipéidí sin an chuid den fhirinne. Cad is brí leis an lipéidí sin agus an ceart iad a úsáid i gcúrsaí eaglasta, nó i gcúrsaí chreidimh?

Tagann sé ó dhearcadh “domhanda” agus ag daoine a cheapann gur eagras éigin í an Eaglais. Cineál cumann le rialacha trom nach féidir iad athrú nó ar an dtaobh eile gur féidir iad a athrú más sin toil for mhór na baill. Ach, mar a deireann Naomh Pól linn is coirp í an eaglais, Corp Chríost. 

Mar sin ní cumann í an eaglais,  agus ar bhealach ní reiligiún í fiú! Is muintireas, caidreamh idir gaolta, clann Dé tré ár ndeatháir a Mhac, Íosa, mac Mhuire.

Is cuimhin liom fiche bliain ó shin, gur cuireadhh ceist orm ag Sagart i Meiriceá i mBéarla, “Are you a conservative or a liberal Catholic?”  Ar ndóigh níor smaoiníos ar seo i mo shaol roimhe seo ach thuig mé gur ceist “politiuíl” a bhí ann. D’fhreagraíos é, “I hope I am an orthodox Catholic.”  Is cosúil gur shásaigh an fhreagra sin é. 

Ach cad is liobarálach ann?  Cad is coimeadaí ann? An ceart na téarmaí, na lipéidí, sin a úsáid ag caint faoi Eaglais Chriost?  Ní dóigh liom gur ceart. Is tearmaí “domhanda” iad, téarmaí a úsáidtear sa saol polaitíochta.  Tharais san is téarmaí iad a úsáidtear le deighilt a cruthú dár liom.  I ndairíre is dócha co bhfuil tuairimí liobarálach agus tuairimí coimeadach ag gach duine, Coimeadaigh Liobarálach, Liobarálaigh Coimeadeach!

Sílim nach mbaineann na breathiúnais sin le saol Chaitliceach Chriostaí (ná Críostaí ar bith!) beag nó mór áfach.  “Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh..” a dúirt Íosa tráth. 

An Pápa i gCearnóg Pheadair 11 Meán Fomhair 2014

Deireann údar an alt úd nach n-aontaíonn an Pápa Prionsias leis an gclé, deas, clé, deas,  seo ach an oiread. “Ní fheiceann an domhain mór ach daoine a bheith páirteach ar an taobh clé nó deas.” Ní fheiceann an Spiorad Naomh ach clan Dé, a deireann sé.  Ní dóigh go ndúirt Pápa ar bith eile a mhalairt.  

Cinnte ní ceart dúinn bheith in adharca a chéile.  I bhfocal Íosa féin, ag guibhe leis an Athair,  “Go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.”

Luann údair an ailt úd an litir láidir a chuir an tArd Easpaig Viganó inar iarraidh sé ar an bPápa éirí as mar nach bhfuil sé láidir ag cosaint firinne an chreidimh.  Ionsaí fíochmhar a bhí sa litir úd.  (An féidir an litir “Dubia” ó ceithre Cairdinéal* a lua sa comhthéacs seo chomh maith cé nach bhfuil sé seo leath chomh spadhrúil is atá comhfhreagras an Ardeaspaig.) Cuireadh ceist ar an bPápa faoi seo agus é ar a thuras go hÉireann agus d’fhreagair sé: "Ní déarfaidh mé focal amháin faoi seo, sílim go ndeireann an ráiteas seo a scéal féin, agus is leor an cumas atá oraibhse mar iriseoirí bhúr gconclúd féin a dhéanamh!”   Chuir sé ocáid eile im intinn agam, “… freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardíonadh ar an ngobharnóir.”

Deireann an tIománaí ar Chlaí go bhfuil peaca marfach,  “nach maithfear dó é”, déanta ag an bPápa.  Is breithiúnas gan aon amhras é sin.  B’fhéidir nach dtuigeann sé meon an Phápa seo. Nó b’fhéidir go dtuigeann sé go ró mhaith é. 

Is maith liom polaitíocht agus go mór mór polataíocht na Vatacáine. Ach nach bhfuil baol áirithe ann  breithiúnas a dhéanamh ar rudaí nár ceart breithiúnas a dhéanamh.  Níor mhaith liom féin a rá faoi éinne go bhfuil peaca mairfeach déanta aige cé go dtuigim céard is peaca mairfeach ann.  

Sílim gur fiú go mór éisteacht leis an méid a bhí le rá ag Jorge Mario Bergoglio agus é díreach tofa far Pápa, "Is peacach mé, ach tá muinín agam as trócaire agus foighne ár dTiarna Íosa Críost atá gan teorainn." 

Seo Pápa a thuigeann go bhfágann Dia saor sinn fiú chun muid féin a scaradh uaidh agus botúin a dhéanamh ach ar deireadh atá ag feithimh orainn, ag glaoch orainn i gcónaí. Seo teachtaireacht a rinne Eoin Pól II i nGaillimh chomh maith le hóige na hÉireann.

Is dócha gur seo an teachtaireacht atá á theagasc i gcónaí ag Prionsias ó shíochán Pheadair sa Róimh. Teachtaireacht go bhfuil níos “mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.”

Is léir sin ón manadh a thóg sé nuair a ornaíodh ina Easpag é san Airgintín: “Miserando atque eligendo!”  (“Ó d’féach sé air go trócaireach do rognaigh sé é!”)

* Litir i mí Meán Fomhair 2016 le cúig ceisteanna a chuir na Cairdinéil (Raymond Burke, Carlo Caffarra, Walter Brandmüller, Joachim Meisner) chuig an Pápa tár éis fhoilsiú Imlitreach "Amoris Laetitia."


• Seans go mbeadh spéis agat san píosa seo uaim "Boladh na gCaorach." (26/9/2015)