16.8.07

Tar éis chuairt dúinn ar Mhuscraí Uí Fhloinn Iúl'72


Reilig aoibhinn Ghobnatan
tráthnóna te mí Iúil,
duine ag guidhe anseo 'sansiúd,
paidrín phatrúin ina lámh'
ciúineas ann.

Uaigh gan leach,
uair naoi mhí
úr bhlath uirthi
blathfhleasc nó dhó..
ceol 'nár gcroíthe.
Ceol nach caoine é..
tá sé imithe
tá sé linn
éist.

Aifreann canta
séipéal beag
orgán 'na láir
guth binn Chúil Aodha
láidir.

13.8.07

8ú Lá d'Eanáir 1972

Solas ó neamh
Solas ó Dhia,
Níl deireadh linn,
Beocht i gcónaí a bheidh a'inn.

10.8.07

Ar bháis Sheáin Uí Riada - 3ú lá Deireadh Fomhair 1971


Cumadóir cumasach de dhith ort a Dhé?
Ár gceoltóir aoibhinn féin
go h-óg le h-aois?
A chruthaigh
a theaspáin
a léirigh tabhacht do shaothar
le tuiscint nua, le brí?
Thóg tú uainn é a Dhé!

Tá muintir seo na Fodhla
anois go tréith-lag brónach.

Tagann an briseadh seo.
Ní thuigean muid atá
fós i ngéibhinn. Ach
anois tá saoirse aige
faoi dheire thiar i
gcuideachta na naoimh
i gcomhluadar an Tine Bheo.

Creidim seo mar Chór Chúil Aodha -
"Ag Críost an síol
Ag Críost an fomhair,
I n-iothlann Dé
go dtugtar sinn,"
le chéile.
Amen

9.8.07

Doire - 13


Triúrdéag
Tuige ar thairing tú uainn iad?
Fir óga aireach Dhoire........,
Triúrdéag
blath a muintir i mblath a saoil,
blath ár bhfear, tráthnóna tobann
marbh i lár na sráide -
TRIÚRDÉAG..

Maith dhóibh é, a thiarna,
a ndearna críoch a chuir
le saol an triúr bhlath déag,
níor thuigeadar, ní thuigeann siad,
mo léan, ní thuigfidh siad go deo,
gur as an mbás a thagann fás
is tuiscint ar ár mbrí.


Nuair a scríodh an píosa seo ní raibh ach triúrdéag marbh, ach fuair duine eile bás níos déanaí.
Thárla an áir seo, Domhnach na Fola, 30 Eanáir 1972 i nDoire Cholmcille
.

7.8.07

Swedan, Heaven and Hell...

Reilg Eilifeant sa tSualann ó thuaidh
Fiche urláir ar airde,
Crainn ársa ann leis,
Sneachta ar thalamh.

Seanbhean ag breathnú amach sa saol,
Ag súil lena h-iníon óig
Nach bhfaca sí le h-aois,
Dearmadta go deo.

Tá, dár linn, a n-obair déanta,
"Gura maith agat, Imigh!
"Níl ann anois duit
"ach bás is críoch."

Ach ní mar sin an fíor-scéal amh,
"A Thaisce níl tú críochnai'
"Tá breis le déanamh a't,
"Lás tine mo Ghrá."

6.8.07

29 Meitheamh 1972

Cinnteacht agus síocháin,
níl ann anois
ach ceist a chur
Ó! a Dhé bí liom.