24.9.10

Tuar ceatha!

Bhí mé amuigh ag tiomáint idir Baile Locha Riach agus Cathair na Gaillimhe dhá oíche ó shin. Bhí gealach lán an-gheal ann. Thosaigh sé ag báistí agus nuair a bhí an cioth thart - tá an-chuid muireannaí báistí again ag an tráth seo den bhliain - thug mé faoi dearadh go raibh tuar ceatha gealaí le feiscint go soiléar sa spéir ós ar gcionn. Chuala mé go raibh a leithéad de rud ann ar ndóigh ach ní fhaca mé ceann go dtí an oíche sin.

Se pictiúir de thuar ghealaí a fuair mé ar an idirlíon.

17.9.10

Bás mháthar!

Mo thuismitheoirí (ag cothrom lae trí scór bliana an phósta i 2009)
Posta: 27 Mean Fomhair 1944
Scarthad ag an mbás: 26 Feabhra 2005
Aontaithe arís i bParthas Dé: 12 Mean Fomhair 2010

Cailleadh mo mháthair ar an nDomhnach. Bhí sí 91 bliain d'aois.

O fuair m'athair bás cúig bliain ó shin bhí a cumas meabhrach ag isiliú mar a tharlaíon do an-chuid sean daoine. Nealtriú is dócha a glaoghtear ar an galar a bhí uirthi.

Bhí sí pósta le m'athair le seasca bliain agus is cosúil gur goill a bhás go mór uirthí.

Tháinig an bás cuíosach tobann uirthí ach bhí an triuir leads a bhí ina chónaí in Éirinn lena a mná chéile thar timpeall uirthí nuair a glaogh Dé uirthí ag an deireadh. Bhí sí ciúin, gan rian phiain uirthí agus gan imní ag cuir isteach uirthí mar a tharlódh go minic le ceithre bliain anuas.

Molaim go mór na banaltraí san oidspidéal (Baile Bhlainséir) agus roime sin an foireann ag an teach altranais (Parke House - Béarla)ar a raibh sí ag fáil churam faoiseamh. Ní fhéadfadh siad a bheith níos cinealta lei nó linne.

Bhí muid ag súil le n-í a bhailliú agus í a thabhairt abhaile ar an nDomhnach ach bhí plean eile ag Dia di. Tháinig isiliú mór ar a brú fola ar an nDaordaoín agus nuair nár tháining aon fheabhas air an Aoine mhil an doctúir í a thabhairt chuig an oispidéal i mBaile Átha Cliath.

Bhí mise chun dul thuas cuichí ar an Domhnach ach mhol mo bhean go mbeadh a turas ró fhada le do soir agus anoir ar an lá céanna agus rinneamar socrú fanach so cathair ar an oíche Sathairn.

Buíochas lé Dia gur thárla sé mar bµi mé i láthair a bheith leithí ag an noiméad deireannach.

Ar dheis Dé go raibh sí.

10.9.10

Frustrachas an M50


Bíonn an méid sin frustrachas ag baint leis an gcóras ríomh-dola atá acu. Tá sé a reachtáil ag eflow agus ar ndóigh bhí deachrachtaí acu ón tús.

Ar dtús ní raibh éinne i ndán an rud a íoch as Gaeilge, bhí ort an suíomh Béarla a úsáid. Diaidh ar ndiaidh tá sé sin a cheartú acu ach tá tuilleadh le déanamh!

Má théim go Baile Átha Cliath bhí sé de nós agam an dola a íoch roimh ré ar an riomhaire agus d'éirigh liom é a dhéanamh go dtí a seachtain seo caite. Ach cupla lá ó shin rinne mé iarracht agus theip glan ar an gcóras. Níor thóg sé uimhir mo charr agus ní raibh mé i ndán an rud a íoch.

Scríobh mé chucu mar seo - bíonn ort ceann de na diabhal foirmeacha a líonadh mar níl seoladh r-phoist ar an suíomh!:
    "Rinne mé cúpla iarracht an dola a íoch ar maidin agus theip ar an chóras. Bhí mé ag úsáid Firefox 3.6.8 don MAC.

    Ansin bain mé trial as Safari agus fuair mé an teachtaireacht
    "Your browser is not supported by this site. Please click here to get the latest version of Internet Explorer or here to get the latest version of FireFox." Ní féidir Explorer a úsáid ar MAC agus tá Safarí 5.0.1 (2010) agam.
Ar maidin bhí freagra agam:
    A Tuasil (sic) O Rian,
    Go raibh maith agat as teangmhail le serbhís custaiméirí eflow.

    Cuirimid failte roimh teangmhail mar seo agus beidh nóta déanta air. Tá ár tionscadal ar an M50 an-nuálach agus tá sé ár tosaíocht príomhúil faoi lathair.

    Táimid tar éis alán am agus acmhainní a chuir isteach sa tráchtáil idirlíne agus beimid ag uasgrádú na feidhmeanna diffrúil in am trátha.

    Feicimid nach bhfuill Safari agus Mozilla Firefox 3.6.8 ar fáil i gcóir íoslódáil ar ríomhairí Apple Mac áfach táimid ag deanamh iarracht an fócas custaiméirí a barrfheabhsú. Iarrimid ort fanacht ama linn.

    Tá brón orainn ar an míchaoithiúlacht seo.

    Tar éis féachaint ar na turasanna don gluaistéan XYZ, feicimid go bhfuil turas amháin gan íoc ar ár córas. Bhí an turas seo ar an 24/08/10, Uimhir Fhógra Dola Neamhíoctha 1183700752, agus tá iarmhéid €6 gan íoc.

    Dean nóta, tá trí slí gur féidir íocíocht as na píonóis ar an M50, mar a leanas:
    1: Téir go dtí an rogha "Íoc Gnáth-Iarratas Dola/Fógra Dola Neamhíoctha/Pay a Notice/Penalty", chuir isteach an Uimhir Fhógra Dola Neamhíoctha 1183700752.
    2: Déan teangmháil len ár roinn serbhís custaiméirí ar na huimhir thíos.
    3: Déan scanáil ar an litir a bhí postáilte amach chugat i shiopa Payzone.

    Má tá a thuilleadh ceistenna agat, déan teangmháil linn. Tá na rogha teangmháil atá ar fáil ar fad thíos.
    Le Meas
    (ainm duine)
    Serbhís Custaiméirí Eflow
Mar sin, mar tá MAC ag éinne agus úsáid a bhaint as na brabhsálaí Safari nó Firefox i féidir íoch as. Níl Explorer le fáil don MAC a thuile!

Nach gcuirfeadh sé soir thú?

3.9.10

Seoda na nOileán


Coiste Fhéile Chomórtha Joe Éinniú ag eagrú oíche mhór ceoil, amhrán agus damhsa i dteach ósta ‘Tí Mheaic’ i gCarna, ar an Aoine seo chugainn 10ú Meán Fomhair ag 9.00in, mar cheiliúradh ar an dlúthdhiosca nua ‘Seoda na nOileán’ atá curtha amach ar an margadh ag an bhfliúitadóir Marcus Ó hIarnáin (Béarla) as Ruisín na Manach (Carna) agus an boscadóir Johnny Ó Conghaile as Inis Bearacháin ó dhúchas. Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an mbeirt cheoltóirí seo agus is seoda ceart atá sa dlúthdhiosca nua.

Rinneadh taifead ar an gceol ar fad ar an teallach i dteach Mharcuis i Ruisín na Manach agus is álainn go deo an fuaim a thagann ón mbeirt dlúthchairde. Ag coinneáil comh-cheol leo ar an dtaifead spleodrach seo, tá Tim Edey ar an ngiotár agus Brian McGrath ar an bpianó.

I measc na haíonna speisialta a bheidh ag glacadh páirt sa cheiliúradh seo i dTigh Mheaic, beidh Proinséas, Breandán agus Labhrás Ó hIarnáin, chomh maith le ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí áitiúla eile.

Is í Neansaí Ní Choisdealbha a bheidh mar aoí-chainteoir ar an oíche. Is ceoltóir den scoth í Neansaí agus bíonn sí le cloisteáil go minic ag craoladh ar Raidió na Gaeltachta.

Tá céad míle fáilte roimh cách ag an ócáid i gCarna!