13.3.22

Mutti...

Thosaigh mé ag léamh an leabhair seo sular thárla Cogadh Phúitin san Úcráin. Chuir sé me ag smaoineamh agus mé leath bhealach tríd ar cad a dhéanfaidh sí mar Kanzelerin agus an sléicht sa tír mí-ámharach sin.

Le na hUachtaráin
Leabhair1 an suimiúil atá anseo. Beatha Angela Merkel na Gearmáine atá ann ón turas a rinne a muintir soir ó saoirse in iarthair na tíre i Hamburg, ina rugadh í, go daoirse Bhradenburg san oithear. Ba tréadaí Lútarach a h-athair agus múinteoir a máthair agus chinn é dul soir chun cabhrú le Críostaithe , "mar a bhí á dheanamh ag misinéiri chuig an Aifric!"

Tógadh ansin í mar Lutarach, Críostaí, ach, ar ndóigh ní raibh móran saoirse ann cé go raibh saol compórdach go leor ag an clann. Bhí sí go maith ar scoil agus ansin chuaigh sí chuig an ollscoil i Leipzig. Rinne sí go maith ansin chomh maith ag staidéir fisice. Is dócha gur chabhraigh sé sin go mór léithi agus an paindéim ChOVID ag scaipeadh tríd an domhain níos deanaí.

Ta na leabhair scríofa ag bean taidhleora Meiriceánacha2, Kati Marton, agus bhuail sí le Angela Merkel mar sin. Ach is dócha gur ceart cuimhne gur Meiriceánach an údar. Ach mar a deireann sí sa leabhair níl sé chom éasca sin aithne a chuir ar an mbean príobháideach seo. Ar bhealach ní ligeadh éinne ón saol polataíochta istigh ina saol príobháideach. Bhí cónaí uirthe, agus tá fós, in árasán i gcomharsanacht neamh-fhaiseanta i mBerlin. Ach anois is arís feictear óna hiompair cén saghas duine atá inti. Is minic a léiríonn sí a dearcadh ar dhuine nó ar pholasaí tréna dreach nó trén iompú a súile ina ceann!

Caith sí níos mó na sé mbliain déag i gcumhacht ina tír aontaithe féin. Nuar a d'éirigh sí as mar Seansiléir d'éirigh sí as go toiltineach. Rud nach dtárlaíonn go ró mhinic. De gnáth díbrítear as oifig iad ag an bosca ballóide nó ag naimhde ina bpáirtí féin. Ní nach ionadh gur "Mutti" (Mámaí) a tíre í.

Léirítear sa leabhair a caidreamh le ceannairí éagsúla i dtíortha eile go mór mór na Stáit Aontaithe agus Poblacht Cónaidhmeach na Rúise. An fhaid is a bhí sí ina seansailéir bhí ceithre Uachtarán ar a tír féin. Bhí ceithre Uachtarán sa Stáit Aontaithe, (Bush, Obama, Trump agus Biden) ach ní raibh ach ceannaire amháin sa Rúis (Putin). Is cosúil go raibh an claonadh agus meas aici ar Meiriceá agus "pax Meiriceánach!" Ach mar duine ó Ghearmáin Thoir bhí sí i bhfad níos cúramaí le ceannaire na Rúise. Ach nuair a tháinig Donald Trump i réim i Washington d'athraigh an scéal. Léiríonn caint Iar-Uachtarán Ghearmánach, Gauch an dearchadh agus a modh oibre a bhí aicí go soiléir: "She just doesn't play their game. She knows well and good when Putin and Trump are lying to her, mostly she disregards their fabrications and pressed on with her own agenda."

Le Xi Jinping, Putin & Erddogan
Tá an caibidil faoi Putin an suimiúil ar ndóigh. Bhí Ruisis aici agus, ós rud é gur chaith sé seal mar gníomhaire KGB i nDresden bhí Gearmánais ar a thoil ag Putin. Mar sin ní raibh gá le ateangaire agus iad ag caint. Ach ba léir gur thuig sí cé chomh dainséarach is a bhí sé mar céile comhraic. 

Bhí Béarla aici chomh maith, cé nach labhrann sí go poiblí in aon teanga seachas a teanga féin, agus bhí an-meas ag George W agus Obama uirthi. Ach nuair a tháinig Trump i gcumhacht bhí athrú iomlán ar an scéal. Ba Uachtárán nach raibh spéis dá laghad aige i bpolataíocht taobh amuigh dá thír féin agus mar sin athníodh Angela Merkel mar "Ceannaire an Iarthair" cé nár thaitn sin léi.

Entente Cordial 
An Ghearmáin & an Fhrainc
Thóg sé tamall uirthí dul i dtaithí ar Macron na Fraince chomh maith, fear óg agus spreangach dár léithí ach tár éis tamall d'éirigh leo bheith in  cáirde politiúil.

Ta dearcadh anseo ar a h-umhlaíocht. Ní duine carasmatach a bhí inti agus bhí sí amhrasach faoi dhuine charasmatach - thóg sé tamall uirthí muinín a bheith i mBarac Obama. Níor labhair sí chomh minic sin ach d'éist sí go cúramach sular ndéanfadh sí aon chinneadh.

Cé gur duine seachantach, coimeadach agus cúramach í,  bhí sí ábalta cinneadh conspóideacha a dhéanamh gan coinne. Mar shampla an cinneadh le milliún daoine ón tSiria a ligint isteach ina tír, nó deireadh a chuir le gineadh chumhacht adamhach tár éis tubaist Fukushima sa tSeapáin.

Tá an leabhar seo éasca le léamh, i stíl Meiriceánach agus sílim cé gur gá beagáinín eolas ar polatáiocht i Meiriceá ní loiteann sé seo an scéal féin faoin nduine, ceann-ródaí gan coinne. Scéal Lútarach, umhal, fad-radharch, fial agus oscailte do chuid is mó.

Má tá duine ag iarraidh aithne a chuir ar an mbean seo is fiú go mór an leabhar seo a léamh,

1. The Chancellor, The remarkable odyssey of Angel Merkel, Kati Marton: Harper Collins, ISBN 978-0-00-849945-7 (crua) nó ISBN 978-0-00-849946-4 (bog)

2.  Richard Holbrooke, iar ambasadóir SAM sa Ghearmáin agus níos déanaí mar Rúnaí Chunta na Státaí san Eoraip agus san Áis.

8.3.22

Cosúil linne...?

Bhí duine éigin ar an raidío a lá faoi dheire agus é ag déanamh tagairt do na teifigh bochta ón Úcráin. Dúirt sé go raibh sé cosúil linne. Is dócha go raibh sé ag tagairt ar a chuid éadaigh, caranna (agus peataí ag chuid acu). Eorpaigh iad cosúil linne.
 

I got wings, you got wings
All God’s chillun got wings. 
When I get to heaven, 
on’ put on my wings,
gon’ fly all over God’s heaven..

Ar ndóigh bhí an-chuid den ceart aige. Nár léirigh sé intinn nó meon éigin atá i bhfolach i ngach éinne againn?

Bhí tuairiscí chomh maith ar iompraíocht ar theorainn na Pólainne. Bhí fáilte is fiche roimh na teifigh ach go raibh fadhb ag roinnt de chine nach ón Eorpa a chuid shinsir. Níor ligeadh isteach iad chomh h-éasca le daoine "geala."

Nach daoine daonna muid uilig? Ma gearrtar muid nach dearg an dáth atá ar ár gcuid fola?

Nár léirigh an t-uafás atá a dhéanamh ag Putin ar an dtír flaithiúnasach rud éigin a bhí i bhfolach b'fhéidir. An gcreideann muid in ionannas an duine?

Ar deireadh nach ionann mise agus an duine is boichte ó tír éigin i gcroí lár na hAifrice, nó ón Áis, nó Meiriceá Theas?

Nach fíor na focail sa tsean amhrán spioradálta agus muid "All God's chillun."

• Alt le Alex Hijmans i dTuairisc.ie 9 Márta 2022 gur fiú a léamh:  Cén fáth go gcuireann cogadh in aghaidh daoine bána isteach níos mó orainn ná na cogaí a bhíonn á bhfearadh ar dhaoine de dhath? 

• Alt eile ag Fachtna Ó Drisceoil chomh maith (22/3/20220: Ní gá gur ciníochas nó fimíneacht is cúis le níos mó suime a bheith againn sa chogadh seo ná cogaí eile/