29.10.09

Rith 2010

An chéad chéim eile

Seolfar RITH 2010, ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge ag ócáid cheiliúrtha mar chuid d'imeachtaí Fhéile na Samhna, Oireachtas na Gaeilge.


Is é seo an chéad uair go mbeidh an fhéile seo in Éirinn ach tagann an smaoineamh ó Thír na mBascach, áit go bhfuil an "Korrika"(Suíomh i mBaiscis agus teangacha eile) á rith acu ó 1980, le breis is leath-mhilliún ag rith ann i 2009!
Thaistil baill de Choiste Stiúrtha RITH ar thuras staidéir go Tír na mBascach i mí an Mhárta 2009 le páirt a ghlacadh sa Korrika agus le comhairle a fháil ó lucht eagraithe an Korrika.

Dúirt Daithí de Faoite, Cathaoirleach Coiste Stiúrtha RITH, “Táimid an-sásta go bhfuil na heagrúcháin ag teacht ar aghaidh go maith agus líonra de dhaoine aonair agus eagrais éagsúla rannpháirteach san eagrúchán. Tá obair dhícheallach ar siúl ag an gcoiste le roinnt míonna anuas ag pleanáil na féile agus ag cruthú naisc lenár gcomhionainn i dTír na mBascach agus sa Bhriotáin.

“Tá an-áthas orainn as an méid tacaíochta atá faighte againn don togra go dtí seo. Chomh maith leis na heagrais Ghaeilge agus pobal atá ag tacú linn, tá Fáilte Ireland ag tacú leis an fhéile agus tá síol maoinithe ceadaithe ag Foras na Gaeilge don togra. Fógrófar ceapachán Bainisteoir RITH i rith mhí na Samhna, rud a chuirfidh dlús mór leis an obair atá déanta go dtí seo. Táimid ag súil go mbeidh RITH ar an gcéad chloch-mhíle mór eile in athbheochan na Gaeilge," arsa Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Caidrimh Phoiblí.

Ar an 10ú Márta 2010, tosóidh RITH 2010, an ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann, i mBéal Feirste le baitín sealaíochta ag athrú láimhe idir daoine/grúpaí reatha gach ciliméadar. Leanfaidh Rith 2010 ar aghaidh ar feadh seacht lá, gan stad, thar 1600km idir Ulaidh, Laighin, Mumhain, Connachta agus ag críochnú mar chuid de pharáid Lá Fhéile Phádraig ar phríomhshráideanna na Gaillimhe.

Beidh seastán ag Rith 2010 i rith Oireachtas na Gaeilge ón Déardaoin 29 Deireadh Fómhair go dtí tráthnóna Sathairn.

23.10.09

Tuam

Treoirlínte do Chomhairlí Tréadach

Bhí thart ar trí chéad nó níos mó i láthair ag seoladh oifigiúil de leabhair nua de chuid Árd-deoise Thuama (suíomh as Béarla), "Treoirlínte do Chomhairlí Tréadach" ag an Árdeaspag Micheál Ó Néaraí. Thárla sé san Ostán McWilliam Park i gClár Clainne Muiris ae an 22ú Lá Deireadh Fomhair 2009. Tháinig an slua, baill chomhairlí thréadach ó paróiste i ngach áird den deoise mór seo a síneann ó Acaill ó dheas go hÁrainn agus soir go dtí an Mór i gContae Ros Comáin.

Labhair an Ath Pádraig Ó Fearachair, atá ainmnithe ag an Árdeaspag mar "Acmhanaí" do na comhairlí thréadach. Mhínigh sé stair and cuir le chéile an lebhair agu chuaigh sé trén leabhair go tapaidh.

Tá fadhb ag an Árd-deoise, mar aon le gach deoise sa tír mar tá na sagairt ag éirí sean agus níl mórán fir óga ag teacht ina diaidh. Anois is ceart muintir sa paróiste, an eaglais ó ceart, Pobal Dé, seilibh a ghlacadh ar an paróiste. Beidh an-chuid paróiste gan ach sagart amháin ionta agus tá seans go mbeidh paróistí áirithe gan an sagart amháin ann. Tá gá le bheith ullamh dó san.

Is leabhair treoir anseo, tugann sé cúlra agus fís atá leis an comhairle seo. Tá comhairle ann ar conas daoine a earcú, faid tearma oifige na baill agus conas iad a thréanáil.

Tá dúshlán mór roimh pobal na hÁrd-deoise agus guí an Dr Néaraí gach rath agus beannacht ó Dhia ar an obair.

21.10.09

Seanbhróg

Dráma Nua le Darach Ó Scolaí

Léireofar dráma nua géarchúiseach grinn leis an scríbhneoir iomráiteach Darach Ó Scolaí sa Project Arts Centre i mBÁC i mí Deireadh Fomhair 2009. Is iad an compántas gairmiúil amharclannaíochta Salamandar atá i mbun léirithe

Suite sa bhliain 1171, caitheann An tSeanbhróg súil úr ghreannmhar ar an stair agus ar an Éireannachas. Agus é faoi thionchur a chomrádaí glic Muiris, tá an ridire buacach Normannach Gearóid idir dhá chomhairle: a bheith dílis dá Rí thall i Londain nó ríocht nua a chruthú dó féin san oileán iathghlas seo atá curtha faoi chois acu. Deirtear gurb iad na buaiteoirí a scríobhann an stair ach céard a thárlaíonn nuair a deir na buaiteoirí gurb iad féin a chaill?!

Léiriú eile é An tSeanbhróg ar bhua Uí Scolaí mar cheardaí pinn a bhfuil faobhar ar a chuid focal agus é ag fí greann nádúrtha dúchasach Chonamara as fáithim thragóideach na daonnachta. Drámaíocht nua, dhána, fhisiciúil í seo a thagann sna sála ar shár-léirithe rathúla eileSalamandar a léiríodh le deireanas 'Craos' & 'An Braon Aníos'.


Le Darach Mac Con Iomaire (Cré na Cille) ag stiúradh agus Seán Ó Flaithearta i mbun dearadh stáitse, tugann An tSeanbhróg roinnt de na pearsana is aitheanta i ndomhan na drámaíochta Gaeilge i gcomhpháirtíocht le chéile arís. Orthu siúd tá na haisteoirí Seán Ó Meallaigh, Marcus Lamb & Eoin Geoghegan, agus an cumadóir clúiteach ceoil Rachel Holstead.

Osclóidh An tSeanbhróg sa Project Arts Centre, Baile Átha Cliath ón Mháirt 20 - go Satharn 24 Deireadh Fómhair sula dtabharfar aghaidh ar an Regional Cultural Centre i Leitir Ceanainn ón gCéadaoin 28 - go Satharn 31 Deireadh Fómhair, mar chuid d'Oireachtas na Gaeilge.

15.10.09

Raidío ar líne

Se ráiteas a fuaireamr ar maidin!
Bheadh sé go deas an cruinniú se a bheith craolta ar an líon ionas go mbeadh seans ag daoine nach as Baile Átha Cliath dóibh, páirt a ghlacadh, nó ar a laghad bheith i ndán na himeachtaí a fheiscint agus a cloisint ar líne beo agus iad ag tárliúint.

Bheadh sé saor in aisce le ríomhaire glúine, ceamra agus líne leathn bhanda ag úsáid clár idirlíne mar Dim-Dim. Bhaineas féin úsáid as le déanaí chun bheith páirteach ag cruinniú i mBoston agus mé i mo shuí anseo i gConamara.

B'fhéidir an chéad uair eile!

iPhone agus idirlíon idir lámha ag ollchruinniú oscailte Raidíon Rí-Rá

Tá an cairtstáisiún Gaeilge is mó in Éirinn ag lorg tuairimí a lucht éisteachta ar conas Raidió Rí-Rá a fhorbairt ag ollchruinniú oscailte in Óstán Blooms, Barra Temple, Baile Átha Cliath 2, óna 8 – 9.30in Dé hAoine, 16 Deireadh Fómhair 2009.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: “Bhí teacht ar níos mó na milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM i gcathracha ar fud na hÉireann le linn mhí an Mhárta 2009, agus cuireann na mílte daoine cluas rialta linn ar-líne.


Danny O'Reilly (The Coronas) agus Aodhán Ó Deá (Grúpa oibre Raidío Rí Rá)

“Tá Raidió Rí-Rá cheana féin ag dul i dtreo na teilifíse digití agus tá clár feidhmiúcháin do ghutháin Nokia agus an iPhone idir lámha ionas gur féidir le daoine éisteacht leis an gcairtstáisiún Gaeilge aon uair gur mian leo, ach teastaíonn uainn smaointe ár lucht éisteachta a fháil i dtaca le tuilleadh forbartha agus pleanála fadtéarmaí do Rí-Rá freisin.”

Is é Raidió Rí-Rá an chéad chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus ba í an craoladh sealadach i mbliana an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha a chur ar fáil do dhaoine óga ar an gcóras náisiúnta FM, dar le Ó Braonáin.

Is mór an dul chun cinn atá déanta ag Raidió Rí-Rá ó thosaigh sé ag craoladh ar-líne faoin ainm oibre Raidió X i mí Mhárta 2008 buíochas le ham agus le hobair dheonach go leor daoine, mar aon le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, urraíocht ó Samsung (Suíomh i mBéarla!) agus deontas ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta(Beagáinín Gaeilge!).

Deir Julian de Spáinn, Comhrúnaí Raidió Rí-Rá: “Tá go leor bainte amach ag Raidió Rí-Rá go dtí seo, ach tá ionchur níos mó agus struchtúr níos éifeachtaí de dhíth le níos mó daoine le Gaeilge a chur ag obair ar an aer agus ag tiomsú airgid don stáisiún. Beidh deis ag daoine a gcuid moltaí a thabhairt dúinn chuige sin ag cruinniú cinn bliana Rí-Rá in Óstán Blooms an Aoine bheag seo.”

Tá an ollchruinniú oscailte d’éinne gur spéis leo Raidió Rí-Rá agus tá sé á reáchtáil mar chuid de dheireadh seachtaine traenála na mac léinn tríú leibhéil arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt le Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ)(Béarla amháin!) ó tá an oiread sin spéise léirithe ag scoláirí óga ollscoile sa togra ón tús. Cuirfear sólaistí agus bia ar fáil do theachtaí.

Is féidir moltaí d’fhorbairt an chairtstáisiúin a chur go Julian de Spáinn roimh Aoine an 16 Deireadh Fómhair 2009 más spéis leat dul chun cinn Raidió Rí-Rá ach nach féidir leat a bheith i láthair don chruinniú cinn bliana ar an oíche.

12.10.09

Scéal brónach

Bás amhránaí óg eile

Fuarthas coirp Stephen Gately ar an Sathairn. Ni raibh sé ach 33 bliain d'aois.

Ní raibh aithne agam ar. Is beag eolas atá agam ar a shaol ná ar a chuid cheoil. And t-aon rud a bhí ar eolas agam faoi ná go raibh claonadh aige i dtreo na fír. Bhí sé aerach!

I cosúil gur duine tarraingteach, ciúin, béasach a bhí ann. Is cinnte go raibh cion mór ag a phobal air.

An céad smaoineamh a bhí orm nuair a chuala mé an scéal ná a aois, 33 bliain. An aois céanna a bhí ag ár shlánaitheoir nuair a básíodh é. Spéisiúil mar smaoineamh.

Níl cead agam, ní cheart dom , breithiúnas a thabhairt ar roghanna saoil aon duine. Tá go leor le deanamh agam le mé fhéin a choimeád ar an mbóthar ceart. Ach tá daoine ann a déinfidh cáineadh ar a bhfear seo agus ar na roghanna a rinne sé. Seans nach bhfeiceann siad an béama atá ina súil féin.

Tá súil agam go raibh saol sásúil ag Stephen Gately. Go raibh tioncar maith aige ortha siúd a bhuail leis i rith a shaol gairid. Tá súil agam leis go mbeidh sólas ag a fhear. Cé nach dtuigim an cineál sin gaol idir beirt den gnéas céanna is cosúil go raibh grá doimhin idir an bheirt seo. Agus ní peaca an grá.

Ar dheis Dé, go raibh sé, go gcánadh sé leis na haingil i gcuideachta lucht an ghrá mar mar a deireann an soiscéalaí is é Dia an grá. Go mbeadh an Dia céanna ina shólás agus ina dhídean dúinn go léir.


Seo Amhrán do Stiofán scríofa ag Marion Gunne a deireann "gan choinne a tháinig éirim an amhráin sin chugam le moch maidine inniu!"(16/10/2009)
(Fonn: “No Matter What” le Boyzone)


Curfá:
Is cuma cad a deir siad
Maidir le beart is briathar
Is cuma faoina dteagasc
Linne an lá sa deireadh thiar

Meabhraimis fios ár mbealaigh
Más cogadh ann de shíor
Meabhraigh an rud is tábhachtaí
Mar atá, duit féin bí fíor

Seasaim leis an rud is ceart
Dar liomsa, seachas cách,
Bíodh saol fada ann nó gearr
Sealbhaím an grá go brách

Dá mb’ionann gol is gáirí
Dá mb’ionann oíche is lá
Dá mb’ionann fáil is iarraidh
Chloisfimis guth Dé a rá


Curfá

Is mé do choimhde is do sciath
Is cumhachtaí tú dá chionn
As áit nach léir ach fásach
Tig aisling úr anonn
Pé ceannasaí a leanann siad
Pé áit a bhfuil a dtriall
Pé breith a thugaid orainn
Bainfeadsa an t-uaigneas díot
Más doineann nó más soineann dúinn
Más olc nó maith ár scéal
Is cuma cad is críoch dó
Ó chuir tú tús lem shaol

Cas amhráinín do Stiofáinín
Glac leis an saol go réidh
Ar ndóigh, ar ndóigh,
Beidh an grá ann amárach
Díreach mar a bhí inné
Is cuma cad

Foilsithe le caoin chead ó Marion Gunne