26.5.11

Glór na nGael agus An Tulach

Bhí lá mór ag buaitheoirí Glór na nGael in Áras an Uachtaráin le déanaí agus  bhí baill den choiste áitiúil, Coiste na Tulaigh, ann le buaileadh leis an Uachtarán. Ocáid mór a bhí ann, comóradh 50 bliain don eagraíocht agus don gComórtas.
Tomás Ó Neachtain agus baill den gCoiste ag caint leis an Uachtarán!
Bhuaigh Coiste Pobal an Tulaigh an chéad áit náisiúnta sa chomórtas do choistí gan cúnamh fostaíochta. Bhronn an tAire Donncha Mac Fhionnlaoich agus an Dr Íde Ní Uallacháin an duais cheana féin, seic do €10,000, ar Nuala Ní Chonghaile agus Tomás Ó Neachtain, thar cheann an choiste i dTeach Carton, Má Nuad, ar an 16ú lá Aibreáin 2011. (Féach an pic ag an bun!)

San Áras!
Na buaitheoirí ar fad leis an Uachtarán.

An bronnadh féin i Má Nuad mí Aibreáin 2011

25.5.11

An dá Eilís agus an Ghaeilge!

An chéad leabhar clóite Gaeilge feicthe ag an mBanríon Eilís II i gColáiste na Trionóide (Béarla)
Eilís II ag éisteacht le Robin Adams.
Ar chúl a fear chéile, Iar Úachtarán Máire Mhic Róibín
agus Ruairí Quinn, Aire Oideachais.


Nuair a thug an Bhanríon Shasana Eilís II cuairt ar Choláiste na Tríonóide le linn a Cuairt Stáit ar Éirinn le déanaí, thaispeáin Leabharlannaí an Choláiste, Robin Adams, an chéad leabhar riamh a cuireadh i gcló i nGaeilge in Éirinn di. D’fhoilsigh John Kearney aibítear agus caiticeasma- Aibidil Gaoidheilge 7 Caiticiosma- sa bhliain 1571 ar chlóphreas a chuir an Bhanríon Eilís I ar fáil.

Rinne William Bedell (1571-1642), aistriúchán go Gaeilge ar an Sean Tiomna. Propast ar Choláiste na Tríonóide agus Easpag na Cille Móire a bhí ann ag amanna difriúla. Foilsíodh an saothar seo, in éineacht le haistriúchán ar an Tiomna Nua a rinne William Daniel (a d’éag i 1628). Tugadh “Bíobla Bhedell” ar an saothar ina iomláine.

Rinne Daniel, a ceapadh ina Ardeaspag ar Thuama é i 1609, aistriúchán Gaeilge ar an Book of Common Prayer freisin. Chlóigh John Francke an leabhar seo - Leabhar na nUrnaithe gComhchoiteann - sa bhliain 1608. Rinneadh aistriúcháin go Gaeilge ar eagráin eile de Leabhair na hUrnaí Coitinne ag amanna éagsúla ina dhiaidh sin.

Nuair a bhí Bedell ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide, chuir sé iachall ar ábhair mhinistir ó chúlraí Gaelacha freastal ar léachtaí i nGaeilge, ar mhaithe leis an soiscéal a scaipeadh i measc na nGael.

24.5.11

Seirbhís 'Cleamhnais' do dhaoine dífhostaithe!

Mar gheall ar chomh maith is a d'éirigh le cruinniú poiblí ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo caite (dár críoch 21 Bealtaine!), tá sé socraithe go gcuirfear scór áit ar leataobh do rannpháirtithe  as Conamara ar an gclár 'Begin Again' (Béarla) atá dírithe ar dhaoine dífhostaithe a fháil ar ais ag obair. Is clár náisiúnta é seo a chuireann tréimhsí taithí oibre ar fáil do dhaoine le comhlachtaí agus as an 400 duine a ghlac páirt sa scéim anuraidh fuair 240 duine acu post buan ina dhiaidh. Tá cruinnithe poiblí dhá eagrú anois i gCois Fharraige, Ros Muc agus in Iorras Aithneach le daoine a chuir ar an eolas faoin gclár agus na deiseanna atá ar fáil ann.

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, atá ag tacú le forbairt an chláir i gConamara, ag moladh do dhaoine atá dífhostaithe faoi láthair agus d’fhostoirí atá ag lorg daoine le scileanna faoi leith, teacht chuig na cruinnithe eolais i Ros Muc idir a 3 agus a 5 a chlog agus i gCill Chiaráin ag a 7 a chlog Dé Luain seo chugainn (29 Bealtaine'11) agus in Óstán na Páirce sa Spidéal ag a 8 a chlog ar an Mháirt (30 Bealtaine), faoin gclár tacaíochta fostaíochta ‘Begin Again’.

‘Tá comhlachtaí amuigh ansin a bhfuil scileanna agus ceirdeanna faoi leith ag teastáil uathu’, a deir an Seanadóir Ó Clochartaigh. ‘Tá daoine ann chomh maith nach bhfuil ag iarraidh a bheith díomhaoin. Sa chlár seo déantar cineál cleamhnas eatarthu seo, áit a fhaigheann an duine dífhostaithe deis taispeáint d’fhostóir cén chumas atá iontu agus gur féidir leis an bhfostóir scileanna an té sin a mheas thar tréimhse trí mhí. Coinníonn rannpháirtithe a gcuid cearta leasa shóisialaigh ar fad agus faigheann siad tacaíocht bhreise i leith costais. Cuirtear traenáil agus tacaíocht phearsanta ar fáil chomh maith dóibh le linn an tréimhse. Go minic taréis an phroiséas seo bíonn caidreamh maith cothaithe agus socraíonn an chomhlacht post a thairiscint don duine. Tá gach duine ag buachan.’

Is togra náisiúnta atá in ‘Begin Again’ atá faoi scáth Aonad na Náisiúnta na hÉireann um Shárchumas Gnó (Irish Centre for Business Excellence) (Béarla). Tá sé ar siúl ó lár 2010 le tacaíocht ón Roinn Oideachas & Scileanna. Beidh ionadaithe ón gclár ar fáil Dé Luain le cur síos a dhéanamh air agus le ceisteanna a fhreagairt faoi.

Is féidir clárú ar-líne don chlár chomh maith le breis eolais a fháil ag www.beginagain.ie (Béarla) nó glaoch air comhordaitheoir an chláir san Iarthar, Mike Gaffney ag 087-9973575.

18.5.11

Lá'n Phátrún - Féile Choilm Cille!

Tá na socraithe imeachta do Lá fhéile Cholmcille, Lá'n Phátrúin nó Lá an Tobar, mar a tugtar ar go h-áitiúil, ar an 9ú Meitheamh beagnach críochnaithe. Tá an lá seo á chomóradh leis na céadta bliain agus i mbliana déanfar caoimhniúchán ar an ócáid a bhíonn ar bun ar an mBánrainn, Baile na hAbhann, ar an dtrá. Tá dhá tobar ann, Bád Choilm Cille agus ansin sa tsean reilg tá Cloch na hOifreála ann. Tugtar cuairt ar an trí hionaid in rith an tráthnóna.

Bád Choilm Cille
Beidh stair an phátrúin le fáil, mar aon le léacht spioradálta chomh maith le turas naofa ar an dá thobar. Beidh an cóir áitíúil agus ceol eile ar bun ann freisin. Tá comórtas ealaíona agus scríobhneoireachta á reachtáil idir na scoileanna áitiúla, agus bronnfar na duaiseanna i rith an chomórtha.

Beidh taispeantáis caith cruití thuas ag ceann bhothair na Bánrainne - beidh sé seo oscailte don phobal agus go mór mór do dhaoine óga a bhfuil suim acu ann. Is sean-nós traidisiúnta é seo a bhaineann le Féile an Phátrúin. Beidh ceol traidisiúnta le ceoltóirí áitiúla ar bun an oíche sin sa trí theach ósta atá lonnaithe sa gceantar agus táthar ag súil go mbainfear taitneamh as an lá spioradálta agus sóisíalta seo.

Tá an clár iomlán le feiscint ar facebook.

11.5.11

Grand Prix ag TG4

Thuill clár faisnéise as iarthuaisceart Maigh Eo an duais Eorpach is airde ar fad do TG4 ag comórtas Circom 2011 (Béarla)  i Timisoara na Rómáine ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais, an Grand Prix, leis ó Circom chomh maith leis an duais sa rannóg Faisnéise.

Tá cáil agus duaiseanna go leor eile sa mbaile agus i gcéin bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise seo, léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo faoin leas nó a mhalairt a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á dtógáil ansin.

Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá go leor duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc an duais IFTA 2011 do Chlár Fada Faisnéise, Duais an Lucht Féachana ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 agus an duais fhaisnéise ag Féile na Meán Ceilteach 2011 i Steórnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an mhí seo caite.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip ina bhfuil os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír páirteach. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard ag na saothair a bhíonn san iomaíocht iontu. Is í seo an ceathrú huair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna ón gcomórtas ach an chéad uair an Grand Prix, an duais is airde ar fad ó Circom, buaite ag TG4.

D’fháiltigh Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud i gcónaí duais a fháil,” a dúirt sí “ach is deise fós gradam ónár gcomhghleacaithe Eorpacha. Deimhníonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár gceardaíocht ag lucht teilifíse ó chultúir atá an-éagsúil linn.”