Bhí Tigh Giblin sa Spidéal ag cur thar maoil aréir nuair a sheol Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla leabhrán ar leith atá foilsithe mar chuid d’ Oireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014.
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEiOQLa5j8XYVUOTq745Ons0dTKN6qre_LAmh7u2cT6P3yTzOMe6nPoBeIP_MYaTmpkfxUe5fOHK_d2p6hVy3EmJv_sd2dhx7NvXu78erhgshde8-hWKQg8DbgXAB_7S1hR8VGISm7jd-SuR/s1600/leabhra%CC%81n.jpg038.jpg)
Ina phíosa cainte ag an ocáid, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go mba údar ceiliúrtha é Oireachtas na Gaeilge 1974 agus an méid a baineadh amach ó shin.
Dúirt sé go dtugann na hailt sa leabhrán léargas ar an speodracht a bhain le reáchtáil an OIreachtais i gceantar Chois Fharraige dhá scór bliain ó shin agus ar an misneach a bhí ag daoine seasamh lena gcearta agus go raibh Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta agus TG4 mar thoradh ar na síolta a cuireadh sa tréimhse sin.
"Mar phobail Ghaeltachta," dúirt sé, "Sí seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin ceann dena dúshláin is mó atá os ár gcomhair anois agus caithfidh an stát ceannaireacht a léiriú agus a chuid féin a dhéanamh chun a chinntiú nach lagaítear an Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta thar mar atá sí lagaithe cheana féin!"
Dúirt sé nach bhfuil an éileamh mí réasúnach go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh stáit atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a chuireann seirbhís ar fáil sna ceantair sin. Tá an caint a thug sé le léamh anseo!
Ag glacadh buíochas leis an Roinn Ealaín, Oidhreachta is Gaeltachta, as tacaíocht a chur ar fáil don leabhrán, dúirt Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, Donncha Ó hÉallaithe, go raibh sé níos tábhachtaí anois ná ariamh go mbeadh tacaíocht ar fáil le foilsiú irisí áitiúla sa Ghaeltacht, os rud é nach mbeidh aon nuachtán Gaeilge clóite ar fáil amach anseo. "Má tá deis le bheith ag pobail na Gaeilge sa Ghaeltacht ábhar tré Ghaeilge a léamh go rialta, is iad na hirisí áitiúla ar nós Biseach agus leabhrán bliantúil Iorras Aithneach, is fearr a chuirfidh an deis léitheoireachta sin ar fáil."
Tá an leabhrán, ina bhfuil 72 leathanach, ar fáil le ceannacht i siopaí ar fud Gaeltacht Chonamara ón lá inniu ar aghaidh ar phraghas €4.