19.6.21

Béile blasta i mBaile na hAbhann!

Tá muid anseo i gceantair Bhaile na hAbhann le beagnach cúig mbliana deag anois. Is beag áit gur féidir dul ann le haghaidh béile a bhí san áit. I ndairíre ní raibh ach siopa Uí Dhurcháin Tígh Dick atá ann leis an blianta agus is féidir rolla bhricfeasta blasta nó a fháil agus suí taobh amuigh ag bínsí ar thaobh an bhóthair.

Thosaigh Aonghus Eoin Garraí Glas ar thalamh a mhuintíre sa cheantair deich mbliain nó mar sin ó shin agus tá togha agus rogha na glasraí le fáil ag a shiopa bheag ann.

Osclaíodh Gastró Pub soir uaidh bliain nó dhó ó shin i dTír na nÓg roimh na paindéime. Ba gnáth teach tabhairne a bhí ann roimhe seo é agus ar ndóigh tá an t-ádh leo go bhfuil raidhse glasraí le fáil ón gcomharsa béal dorais! Tá bacús acu chomh maith.

Inné bhí áit nua ar oscailt dúinn. Is in Ionad Fíbín, ionad Ealaíona, san áit ina mbíodh Tígh Johnny Sheáin fadó atá POTA (@Potacafe ar twitter).  Bhí alt ar Tuairisc.ie ag caint faoin dtógra agus mar sin chinneamar dul soir len é a thriál!

Ar ndóigh de bharr na paindéime ní féidir ach ithe taobh amuigh go fóill. Bhíomar cuíosach déanach, tar éis a dó a chloig, ann. Bhí an bia chlár scríobha ar chlár dubh agus bhí rogha deas ann.

Bhí ceapairí ann sicín, portán nó cáis ghabhair Árainn. Bhí tostaí ann leis cáis nó bagún. Bhí chuile rud le fáil le sailéad séisiúrach ar ndóigh.

Bhí ocras orainn agus mar sin roghnaigh muid an "Tagine Uaineoil Chonamar le Cúscús Luibheach, Iógairt Velvet Cloud agus Collchnónna." Bhí cineal eagla orm mar tá goile beagáinín coimeadach agam agus bíonn eagla orm rudaí nua a thriál. Ní raibh fhios agam cén cineál rud a bhí i dtagine ach ní raibh eagla ar bith ar mo bhean roimhe.

Is dóch gur cineal stobhach atá ann agus buíochas le Dia bhí sé go deas gan an iomarca spíosraí istigh ann. Bhí an uaineoil an bhlasta agus bog le n-ithe agus ní raibh rud a bith fágtha inár ndiaidh.

Agus ansin na milseog! Faraoir bhíomar ró dhéanach don Píog Meireang Liomóide ach bhí mionbhruar Biobóige ann - le huachtair (d'eile?). Uaireanta bíonn biabhóg ró-mhilis agus uaireanta eile bíon sé i bhfad ró ghear ach anseo bhí an "géireacht" díreach ceart dom.

Bhí cupán deas espresso ansin agam mar críoch.

Bhi an áit taobh amuigh go deas agus bhí slua maith ann de gach cineal, "Ladies what lunch Conamara Style;" Daltaí scoile (tá an scoil trasna an bhothair) agus corr réalt teilifíse ó TG4 siar uaidh.

Tríd is trid bhaineamar an taitneamh as ár gcuairt ar Phota. 

Beidh muid thár n-ais.