9.2.09

Ciarán Ó Con Cheanainn


Is mór an brón atá ar mhuintir Chois Fhairrge, agus ar Mhuintir Chonamara agus muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fúd an domhain.

Bhí séipéal An Chnoic lán go doras agus taobh amuigh ag fágáil slán le Ciarán Ó Con Cheanainn, an tamhráiní óg a cailleadh go tobann i rith na seachtaine seo chaite. Ní raibh sé ach 27 bliaina óg agus a saol roimhe amach, lán le ceol agus léann. Bé an tamhánaí is óige a bhuaigh Corn Uí Riaid, agus mar a dúirt Peadair Ó Riaida ar an Raidío ar an Aoine bé an céad duine de buathóirí an Chorn sin a cailleadh ó ainmníodh é.

Bhí daoine ó chuile áird ag an séipéal. Níor thuigeamar é. Ógfhear a raibh gealladh air, comh álainn, comh cneasta, scioptha uainn gan coinne!

Bhí na sagairt a bhí ag céiliúradh an Aifreann chomh brónach agus a bhí muid fhéin. Níor thuigeadar ach an oiread cén míniú atá le tubaist mar seo.

Ba bhreá an seanmóin a thug an Ath Micheál ag iarraidh miniú a fháil ar a tharla, ag iarradh sólás a thabhairt dá máthair, Brídín agus Máirín a dheirféar, a thabhair dúinn ar fad.

Togadh suas rudaí a bhain lena shaol ghearr ag an ofráil, bailiucháin amhráin, an bonn a fuair sé i mí Deireadh Fomhair seo caite ag an Oireachtas i gCorcaigh nuair a bhuaigh sé Corn Uí Riada.

Is beag duine nach raibh ag sileadh deora nuair a sheinneadh craoladh de Chiarán ag canadh "Contae Mhuigheó" ag an oireachtas agus ag rá "gura maith agaibh" ag a deireadh. Ba croíúil an bualadh bos a líon a séipéil ansin.

Ach ansin ag deireadh ar fad chan Máire Pheter, a bhíodh ag múineadh Ciarán a chuid amhránaíochta, amhrán gearr brónach. Más féidir liom na focail a aimsiú cuirfidh mé anseo iad.

Cuireadh Ciaráin i gcré na cille ag Reilig an Chnoic, in aice lena athair, Pádraic, a fuair bás cúpla blian ó shin.

Is beag duine nach raibh deor nó dhó á sileadh i rith an searmanais seo.

Tosnaíonn Conchubair Ó Liatháin, píosa ar a bhlag fhéin leis na focail.

Is é an cladhaire an bás a thagann
Go ciúin gan caint na teangan
Ar nós an taoide leathan
I gcuantaibh do shaol...

I measc na haingil atá Ciarán anois, ag ceoltóireacht do Dhia na Glóire. Go dtugadh an smaoineamh seo sólás dá chlann is dá mhuintir is dúinn go léir.


Omós do Chiarán i mBlag Alison Ní Dhorchaidhe