31.10.20

Oíche Samhain gan arracht nó taibse!

Tá an gaoth ag séideadh go láidir. Tá Aodhán tagtha. 

Bíodh eagla ort!
Inniú Oíche Shamhna. Oíche Shamhna nach bhfuil cosúileachta la haon Oíche Shamhna eile.

Ní bheidh seans againn fáitle a chuir le na taibhse agus ollphéist óga ag an ndoras. Níl arracht ar bith thár timpeall - ach amháin an scannán seolta le deanaí. 

Ar ndóigh beidh seans ag an dream óg iad fhéin a gléasadh mar is gnáth ach ní mór dóibh fanacht sa mbaile i mbliana. Cuid againn tá gléasanna soisialta againn agus mar sin is féidir linn breathnú ortha ach níl éinne sa teach seo do na húlla agus cnóanna a bhíodh ag an ndoras.

Cuid againn, go mór mór muintir na Gaillimhe ag súil le féile mór an Oireachtais a chéiliúradh - Oireachtas na Samhna - mar chuid lárnach deGaillimh 2020. Ach...

Mar sin féin chuireamar roinnt de na maisiúcháin Shamhna thúas mar comhartha go bhfuil muid fós beo agus b'fhéidir le dóchas áirithe a thabhart dúinn féin agus muid báite sa droch-nuacht coróinvíreasach lá in ndiaidh lae! 

Beidh lá eile ag an bPaorach deirtear linn.



16.10.20

Scoláireachtaí mheantóireachta dhéanamh phíob.

Tá dhá Scoláireacht Mheantóireachta Dhéanamh Píob bronnta ag Na Píobairí Uilleann (Béarla)  i gcuimhne ar an bpíobaire agus ar an ndéantóir píob oirirc Leo Rowsome, a ndearnadh comóradh air an mhí seo caite.

Leo Rowsome (1903 - 1970)
Is é seo an tionscnamh is déanaí i gclár dhéanamh uirlisí NPU atá á reáchtáil i gcomhar le Coláiste Breisoideachais Bhaile Formaid (Béarla). Tá tús curtha anois leis an ndéanamh cláirseach, a fógraíodh mar chuid den chlár cruthaitheach seo níos luaithe i mbliana. Mar sin, den chéad uair i stair an stáit, tá déanamh an dá uirlis is mó a shamhlaítear leis an tír á mhúineadh ar bhonn foirmiúil trí churaclam struchtúrtha.  

Tar éis dóibh neart iarratas ar ardchaighdeán a fháil, bhronn NPU gradaim ar bheirt déantóirí píob atá ag teacht chun cinn – Mark Blackwell, arb as Contae na Mí é, agus Eoin Dillon, arb as Baile Átha Cliath é.

Mar chuid den scéim mheantóireachta (a fhaigheann tacaíocht ó Chomhairle Dhearadh agus Cheardaíochta na hÉireann), cuirfear gach scoláire ag obair le déantóir aitheanta ar leith a chuirfidh meantóireacht aonair ar fáil ina cheardlann féin thar dhlúth-thréimhse ama.

Rinne Mark Blackwell, céimí de chuid CBBF, agus Eoin Dillon (an dara bliain, CBBF) traenáil ag ionad PipeCraft NPU i gCluain Seach mar chuid den Ard-Dioplóma Náisiúnta i Léiriú an Cheoil Thraidisiúnta (Ceoltóir).

Le linn an chláir mheantóireachta cuirfear aiseolas grinn ar fáil do na mic léinn ar phíoba a rinne siad cheana, gheobhaidh siad breis stiúrtha ó dhéantóirí cumasacha, agus gheobhaidh siad cur amach ar an obair a dhéantar i bhfíorcheardlann. 

Déanfaidh an déantóir John Butler, arb as Acaill dó, meantóireacht ar Blackwell, agus tabharfaidh Dillon, a chaith seal ag obair le Cillian Ó Briain cheana, cuairt ar Patrick Hyland i gContae Laoise. 

Cé go bhfuil caoga bliain ann ó bhásaigh Leo Rowsome, spreagann a chuid oibre eiseamláireach lucht dhéanamh píob go fóill inniu.

Mar chomhartha ómóis ar Rowsome, ba mhaith le NPU tacaíocht a thabhairt do dhéantóirí píob atá ag teacht chun cinn agus deis a thabhairt do dhéantóirí seanbhunaithe a gcuid scileanna a chur ar taispeáint.


@Napiobairi @BCFE_Official

13.10.20

Fás úr agus sean!


Tá roinnt plándai róslabhras a fás ós comhair an tí s'againne. I ndairíre táid fiáin agus anuireadh bhí ceann acu eirithe an mhaol leis an ngaoth. Bhí na craobhacha eirithe an ghránna. Chinn mé ar é a ghearradh siar ar fad. 

Nuair a bhí an obair sin thart bhí an créafóg a bhí faoi thar a bheith lom, gan rud ar bith a fás air. Cheannaíomar rós le cur ann agus d'éirigh leis socrú síos ann. Bláthanna deas "pink" air. Cé go raibh an rós ag fás go maith bhí spás ag a bun i mbliana le rud éigin eile a chur ann. 

Ar ndóigh ní rabhamar i ndán dul aon áit san earrach ach go h-áitiúl. Timpeall míle uainn tá An Gharraí Glas agus tá sé de nós againn glasraí a cheannach ag an siopa beag atá acu ar thaobh an bhothair. Cheannaigh mo bhean planda trátaí ar an lá airithe seo. Chonaic me ansin go raibh gleoráin i bpotaí acu agus cheanníomar trí nó ceithre chinn le chuir sa bhfolmhach faoin rós. Rud a rinneamar.

Tharla rud nach raibh mé ag súil leis i rith an tsamhraidh. Thosaigh an róslabhras ag fás arís ar chúl agus rinne na glóráin drepadóireacht trén rós agus ansin istigh sa róslabhras féin. 

Is dócha nach ndéanadh garraíodar ceart iad a chur le chéile ach dár liom is álainn an radharc é an trí planda ag fás le chéile. 

Nach bhfuil an ceart agam?