28.2.21

Meath intinne!

Ta alt a scríobh Alex Hijmans i rith na seachtaine i m'aigne ó léigh mé é. Is cuid de srath atá á scríobh aige don nuachtán fíorúil Tuairisc.ie ar a thaithí féin agus é ag dul ar a thuras gan staonadh lena a mháthair agus a sláinte ag dul go neamaiteach in olcas. 

Bhí néaltrú seanaoise ag mo mháthair féin a cailleadh timpleall 10 mbliain ó shin. Cé nár ainmníodh mar ghalar Alzheimer a bhí uirthi is beag an difríocht idir an dá riocht. 

Is cosúil go raibh sí mar sin sular bhfuair m'athair bás cúig mbliain roimpí. Cé go raibh fhios againn go raibh sí beagáinín "dearmadach" ní raibh fhios again go raibh sí chomh dona agus a bhí sí dairíre. D'fhán sí ina cónaí leithí féin ach d'fhán duine de mo dheartháireacha sa teach leithí san oíche ar feadh sé seachtaine nó mar sin. 

Oíche amháin chuir sí ceist ar duine acu. "Cén fáth go stopann duine agaibh liom gach oíche?" 

Bainfeadh geit as mo dhreathair agus d'fhreagair, "Cheapann muid go bhfuil tú uaigneach a Mháthair!" 

"Cinnnte tá mé uaigneach," ar sí, "ach ní mé uaigneach díbh-se!"

Diaidh ar ndiaidh d'éirigh sí níos measa. Mar a deireann Alex "...is de réir a chéile, seachas thar oíche, a thagann an meath..." 

Bhí timpist aici lá. Thit sí agus tógadh go dtí an oispidéal í. Chinneamar nach bhféadfadh sí fanacht leithí féin agus thóg duine de mo dheartháireacha agus a bhean cróga isteach ina dteach féin í. 

Chun sos a thabhairt dóibh thógamar anoir go dtí ár dteach-sa i gConamara chun sos a thabhairt dóibh ó am go chéile. Is léir go raibh sí ag dul níos measa gach uair a tháinig sí.  Agus ar ndóigh an géartheangachas agus an stuacacht. Bhí orainn súil géar a choimead uirthi an t-am ar fad agus smach a coimead ar ár dteangacha agus ar ár méin féin!

Ar deireadh is ar éigin go raibh aithne aicí orainn cé go raibh fhios aici go rabhamar a tabhairt aire di.

Lá amháin chuir sí ceist orm: "Cé thusa?"

"Is mise do mhach a Mháthar!"

"Ní fhéadfadh sé sin a bheith fíor," a dúirt sí go dearfa agus go láidir, "Ní raibh mise pósta riamh!"

Ar deireadh fuair uair sí bás go tobann agus muide thár timpeall orainn. Is cuimhin liom agus í a rothú thuas go dtí an bharda san oispidéal gur raibh greim daingin aici ar mo lámh ach gan focal a rá. 

Bhí an tuismitheoir ina pháiste.

Beannacht Dé le hanamacha na marbh agus go gabhródh sé leo siúd ag tabhairt aire dóibh - go minic gan buíochas.

22.2.21

Ag stiúiriú na píobairí!

Tá sé fógartha ag Na Píobairí Uilleann (Béarla) gur ghlac Tomás Mac Thréinfhir BL le hainmniúchán do Bhord Stiúrtha na heagraíochta.

Is abhcóide é Tomás atá ag obair ag Barra na hÉireann. Tá sé cáilithe leis an dlí a chleachtadh trí mheán na Gaeilge, agus is Idirghabhálaí Creidiúnaithe de chuid CEDR é, atá deimhnithe i socrú dhíospóidí tráchtála agus idirbheartaíocht gan réiteach lasmuigh den chúirt.

Cuimsíonn cúlra gairmiúil Thomáis róil shinsearacha i mbainistíocht ghnó tráchta agus i gceannasaíocht ag leibhéal an bhoird in earnálacha éagsúla, seirbhísí proifisiúnta, an teicneolaíocht, seirbhísí airgeadais agus earnálacha gan bhrabús ina measc. Sular gaireadh chuig an mBarra é, bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar Institiúid Mhargaíochta na hÉireann, mar a raibh sé i gceannas an ar mbunathrú a rinneadh ar an gcomhlachas gairmiúil náisiúnta.

Bhain sé MBA san Fheidhmiúcháin Idirnáisiúnta agus dioplóma sa Rialachas Corparáideach amach ag Scoil Ghnó Smurfit in UCD. Bhronn Institiúid na Stiúrthóirí in Londain stádas an Stiúrthóra Chairte air agus chomhlánaigh sé cúrsa feidhmiúcháin ag Scoil Ghnó Harvard. Bronnadh comhaltas de chuid Institiúid Chairte na Margaíochta, arb é an comhlachas gairmiúil margaíochta is mó ar domhan é, air. Tá sé líofa sa Fhraincis agus sa Ghaeilge, agus bhí sé ina bhall de bhord an Confédération Européenne du Marketing / Cónaidhm Mhargaíochta na hEorpa.

Baineann Tomás le teaghlach mór ceoil thraidisiúnta agus píobaireachta. Is fidléir aitheanta é agus tá céim mháistreachta aige sa Cheol Traidisiúnta.

Agus é ag labhairt thar cheann Bhord Stiúrtha Na bPíobairaí Uilleann, dúirt an cathaoirleach, an Dr. Caoimín Mac Aoidh:

“Tá áthas ar Na Píobairí Uillean fáilte a fhearadh roimh bhall nua den Bhord. Beidh saineolas gairmiúil Thomáis ar an ngnó, ar an margaíocht agus ar an dlí ina bhuntáiste mhór don eagraíocht, go háirithe agus muid ag dul ag dul i ngleic i gcónaí ar leathnú riachtanais an Chóid Rialachais. Táimid ag súil go mór lena chuid rannpháirtíochta agus le bheith ag obair ina theannta.

Rinne Na Píobairí Uilleann athrú ar a mBunreacht le deireanaí le ballraíocht ag leibhéal an Bhoird a cheadú dóibh siúd a bhfuil scileanna uathúla le tairiscint acu ó thaobh cur chun cinn gach uile ghné den phíobaireacht. Cinnteoidh a leithéid de bhallraíocht ghníomhach ag leibhéil an Bhoird go beidh na struchtúir Rialachais agus na caighdeáin is oiriúnaí á gcur i bhfeidhm ag an eagraíocht.“

Bord Stiúrtha reatha Na Píobairí Uilleann: Dr. Caoimhín Mac Aoidh, Danny McGreevy, Carolyne Lindsay, Rick Lines, Sorcha Potts, Peter Browne, Barra McGrory QC, Tomás Mac Thréinfhir BL.

@TomTrainor @Napiobairi #Ceol


21.2.21

Sé seachtaine!

Bhí mé ag an dochtúir i rith na seachtaine - gnáth scrúdú sláinte bliaintúil.

Chuir me ceist faoin vacsaín agus conas mar a n-eagrófar é sa chleachtas acu?

Duradh go mbeidh siad ag glaoch orm i gcionn sé seachtaine.

"Tá tú i gcohort a trí," a duradh liom.

Conas a thosaíodar ag úsáid an focal sin. Bhíodh sé á úsáid i gcúrsaí cugaidh agus tá píosa filíochta im chloigeann ón am a rabhas ar scoil... dán ó pheann an Tiarna Byron:

"The Assyrian came down like the wolf on the fold,
And his cohorts were gleaming in purple and gold;
And the sheen of their spears was like stars on the sea,
When the blue wave rolls nightly on deep Galilee."

"Scrios Sennacherib" atá ar an dán agus is cuimhin liom gur thaitin sé go mór liom. 

Le cúnamh Dé ní thárlódh a thárla do chohóirt an rí Aisirigh don cohórt ina bhfuil mé féin - nó aon cheann de na chohóirt atá le dul faoin tsnáthaid amach anseo. 

Agus go mbeidh an ráig seo scriosta mar chinn Sennacherib, "melted like snow in the glance of the Lord!"


Tá an dán ina iomláine le fáil anseo: The Destruction of Sennacherib: George Gordon (Lord Byron) 1815

13.2.21

Lón faoi dheireadh!


Is ar amharaí an tsaol nách raibh fhaca mé an scannán úd "Lón sa Spéir!*" go dtí aréir ar TG4. Bhí neart faoin scannán ar an gcóras giolcaireachta agus na meáin shóisialta leis na blianta ach theip orm é a fheiscint aon uair a bhí á dtaispeáint.

Níl fhios agam cad a bhi mé ag suíl leis. Is dócha scéal na bhfear a bhí ag glacadh sosa thuas ós cionn Nua Eabhrach sa phictiur cáiliúl. Ach ní sin a bhí ann cé go éirigh le déantóirí an scannáin beirt ainm a fháil go cinnte, b'fhéidir - beirt as Éirinn!

Ba léiriú ar saol atá athraithe ó bhun go barr i gcúrsaí tógála. Is ró cosúil nár chuala éinne ag an am seo (1932) faoi sláinte agus sabháltacht! Is ina suí gan aon chosaint 800 troigh ós cionn sráideann gnóthach Nua Eabhrach ag am lón a bhi an aon duine déag seo. Ní raibh hata chrua ag éinne acu mar shampla! Ní raibh aon criosanna sabháltacht le feiscint. 

B'íontach liom go raibh cartlann sa bhfoirgneamh féin le pictiúirí (an ceann áirithe seo san áireamh) a thóg grianghrafadóirí agus an tógáil ar siúl. Ach cé go bhfuil an pictiúirí féin le feiscint ann is beag eolas atá ann faoi ainmneacha na bhfear oibre a bhí le feiscint sna pictiúirí sin. Níl fiú aon chinnteacht ar ainm an té a thóg an pictiúir úd. Ba gnáth grianghrafadóirí nuachtáin iad agus ba chuid dá ghnáth oibre don nuachtán a bhí ar siúl acu. 

Tríd is tríd bhi an mheas ar na hoibrithe á léiriú. Bhíodar ag obair thuas ansin ar na cearchaillí - ag rinnce d'fhéadfá a rá ós cionn  na cathrach. Ní nach íonadh cailleadh cuid acu ach bhí pá maith ann dóibh dúradh.

Chuir mé suim sa cineamatagrafaíocht, más sin an focal. Bhí sé íontach go rabhadar ábalta dul isteach sa phictiúir, dul faoi an gcábla atá ar dheis sa pictiúir. Nó dul faoi na fir agus breathnú ar na foirgnimh a bhí ansin. Bíontach an scil nó an teicníocht é a chuir leis an léiriú. 

Is pictiúir é seo atá mar siombail ar chathair agus ar thréimhse nó aois eile. Ar thógáil cathair nach raibh a leithéid de am go dtí sin - meascán treibheanna nó náisiúin idir Éireannaigh, Iodálaigh agus Eorpaigh eile. Tá sin fós ag tarliúnt fos sa cathair sin ach le daoine ó náisiún eile, Vítneam, an Phacastáin, an Aifric agus eile. An comhleá cultúir atá i Nua Eabhrach thár aon cathair eile fós.

Ba an léiriú ar am agus ar luachanna Nua Eabhrach sna tríochaidí é an scannán seo. 

*"Lón sa Spéir/Men at Lunch": Léiritheoir,  Seán Ó Cualáin, Sonta Films, Conamara 2012

@Sontafilms @TG4TV