11.10.14

Aistear ó thuaidh sa bhFomhair!

Bhí an lá go h-álainn inné.

Thugamar sciuirdín beag ó thuadh go dtí an Chlochán mar is nós dúinn ó am go h-am. Nuair atá muid sa chomharsanacht  buaileann muid isteach chuig ár gcáirde, Muintir Roberts sa teach deataigh (Bearla) ag barr ché Bhun Abhann in Áille Breach. Is teach céardaí atá ansin a bhfuil cáil air ar fud na hEorpa. Cuirtear a chuid earraí bradán, ronnach agus túnaín deatach agus bradán deanta d réir nós Lochlannach - gravadlax chuig chustaiméirí ar fud na mór-roinne.

Nuair a thánamar  amach ón dteach thug mé faoi deara an radharc ar na sléibhte ón gcaladh agus ghlach mé an bpictiúir thuas. Nach álainn an radharc é ag breathnú ó thuaidh ar an Beanna Beola i dtuaisceart Chonamara?

Ansin ar aghaidh linn chuig an baile agus lón deas i Mitchel's. Bhuaigh siad duais Georgina Campbell don Phroinnteach Mara is Fearr (Béarla) sa tír 2015.Bhí béile breá ansin againn, mangach mín le diúilicíní blásta. Bhí sceaimpí cloicheáin Ros a'Mhíl ag mo chompánach. Blásta!

Thiomáineamar abhaile ansin ag breathnú agus muid ag breathnú ar an íontas agus an saibhreas dúlra ar gach taobh den mbóthar go dtí gur shriochamar an baile s'againne!

Bhí an lá go h-álainn inné


2.10.14

Dhá scór bliain ón gcéad traffic jam i gCois Fharraige #OnaG74

Bhí céiliúradh thár barr anseo i gConamara, nó i gCois Fharraige i rith na seachtaine seo caite.
Cuid den slua taobh amuigh den bPoitín Stíl ag oscailt Oireachtais Chois Fharraige 
(Pic Sheáin Uí Chualáin ar twitter)
Bhí Seosamh Ó Cuaig agus Deasún Fennell i gCorcaigh sa bhliain 1969. Is cuimhin liom féin an gcruinniú a bhí ann idir lucht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gcathair Fhionnbarra. Bhí "teachtaireachtaí" ó Chonamara agus Corca Dhuibhne agus b'fhéidir ó cheantracha Gaeltachta eile. Chuaigh mé fhéin agus scata beag anuas ó Bhaile Átha Claith i gcarr Amhlaoibh Uí Loinsigh, beannacht Dé leis. Is cuimhin liom go maith oíche amháin i rith na deireadh seachtaine le filí Innti, amhránaíocht den scoth agus fear óg amháin a dúirt "Táim-se im choladh is ná dúistear mé!" chomh h-álainn sin nár chuala mé roimhe ná ó shin á casadh ag éinne. Ní cuimhin liom rud ar bith ó thaobh na cruinnithe féin de ach is cuimhin Seosamh féin é mar deireann sé gur ansin a luadh an smaoineamh ag Fennell gur chóir an tOireachtas a reachtail i measc na nGael ina nGaeltacht seachas i gcathair "gallda" Bhaile Átha Cliath.

Nascanna
Pictiúirí don cuid is mó

Réamh imeachtaí
Pictiúirí ón Seoladh Chláir

Seoladh Leabhrán Óireachtas Chois Fharraige (An Coimisinéir Teanga)
Pictiúirí

Oscailt Oifigiúil
Oscailt Oifigiúil (Joe Steve Ó Neachtain)
Pictiúirí
Pictiúirí eile

Imeachtaí éagsúla
An Cabaret Craiceáilte
Taispeáinteas Ealaíne
Agallamh le h-údar Rocky Ros Muc (pictiúirí)
Omós do Johonny Chóil Mhaidhc
Omós do Johnny Chóil Mhaidhc (eile)

Fís'74 - cad a thárl dó?
Seoladh "Colmcille i gConamara"
Seoladh "Chois Fharraige le mo linnse"
Coirm Ceoil Mór Shean Nóis (Uachtarán na hÉireann i láthair)
Choirm Cheoil Sean-nós (eile)

Seoladh "An Glanfhírinne"
Coirm Cheol an Chlabhsúir
Coirm Cheol an Chlabhsúir (eile)
Comóradh Oireachtas 1974


Cartlann d'imeachtaí Oireachtais Chois Fharraige 2014
Mar sin ba chun brú a chur ar Chonradh na Gaeilge An tOireachtas a bhogadh amach as an nGalltacht, cuireadh Oireachtas na nGael ar bun i Ros Muc i 1970, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige (Conamara).

Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.

An Smaoineamh
Níos túisce i mbliaina bhí an smaoineamh ag Cumann Forbartha Chois Fharraige faoina Cathaoirleach Donncha Ó hÉilithe comóradh Oireachtas Chois Fharraige 1974 - 2014 á eagrú, an deireadh seachtaine deireanach de mhí Mheán Fómhair, le comóradh a dhéanamh ar an neomad seo i stair na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge 1974 i nGaeltacht Chois Fharraige.

I gcuimhne ar an árdú anama a thug an t-aistriú seo léirithe mar shampla san aitheasc iontach spreagúil a thug Joe Steve Ó Neachtain ag cuir fáilte roimh na h-aíonna.  Mar a dúir tsé níos daichead bhliain níos deanaí "Cuireadh cúpla focal breise le teanga na nua-ghaeilge, le linn an Oireachtais sin, mar gurbh é an chéad uair ar tháinig ‘traffic jam’ go Cois Fharraige. "

Tuairimí & Smaointe á chuir i gcríoch!
Deineadh cruinniú a ghairm ag deireadh Mí Bealtaine agus b'íontach an fhreagairt a fuarathas. Taobh istigh de acar an-ghearr bhí coiste cumhachtach éifeachtach gníomhach curtha ar bun. Tháinig tuairimí, agus beart mór smaointe éifeachtach go tiubh agus diaidh ar ndiaidh thainig crot ar an mbunsmaoineamh, dátaí, cé tá sásta a bheith páirteach sna míreanna éagsúla. An ceart cuireadh a thabhairt don politeoir seo nó siud. Céard faoin Uachtarán? An mbeadh seisean sasta teacht. (Ní raibh ceart aon imní a bheith ar éinne, mar a thárla rudaí ní raibh rud ar bith, fiú cluiche ceannais iomána, a chuirfeadh isteach ar a theacht!)

Ar an idirlín
 Cuireadh suíomh idirlín ar bun. Socraíodh ar shuíomh ar facebook le cuireadh agus eolas a fhoilsiú ar líne. Bunaíodh láithreacht ar an suíomh giolcaireachta twitter leis an seoladh @OnaG74. Ceapadh haisclib #OnaG74 ionas go mbeadh gach éinne i ndán pé rud a bhí ráite faoin gcomóradh a bheith éasca a aimsiu ar an léibheann nó árdán áirithe sin.

Cabhair
Ar ndóigh bíonn urraíocht de dhith ag gach imeacht shoisialta agus gan flaithiúlacht Chomhar Creidmheasa Cholm Cille ar dtús agus Údarás na Gaeltachta ní fhéadfadh an féile a reachtáil. Ar ndóigh bhí comhluchtaí agus eagraíochtaí eile, An tOireachtas féin ina measc, lán sásta cabhair a thabhairt le hionad nó acmhainní eile a chuir ar fáil.

Clár
Foilsíodh clár ag searmanis deas i gceann ceathrú an Chomhair Creidmheasa i dtús mí Meán Fomhair. Bhí sé soiléar gur deaineadh an-chuid oibre ar an gclár a bhí lán d'h-imeachtaí. Taispeánadh gearr scannán a bhí deanta ag Bob Quinn blaiseadh de scanán a taispeánadh níos deanaí i rith na féile.

Leabhrán
Seoladh Leabhrán an Oireachtais Chois Fharraige , Comóradh an Dá Scór ós comhair slua an-mhór istigh i  dTigh Ghiblin ag an gCoimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill. Is mar seo a labhair sé faoin obair a chéad thug an tOireachtas anoir, "Níl deireadh leis an obair sin go fóill." Leabhrán an-spéisiúl atá ann. Ní clár imeachta amháin atá ann ach bailiúchán altanna, aistí, stair, filíochta agus pictiúirí a cuirfidh go leor ar bhóithrín na smaointe agus b'fhéidir go spreagfaidh sé daoine eile chun gnímh. Má fheiceann tú cóip de is mór is fiú é a fhaíl agus é a léamh.
Leabhrán Oireachtais
Chois Fharraige

Tháinig an lá!
Bhí fadhb mór acu ag an Oireachtas sa bhliain 1974 agus b'shin an aimsir nuair a leagadh an pobal mór a bhí le bheith  mar lár ionad don bhféile. Tháinig an Poitín Stíl isteach ar an scéal agus chuireadar foirgneamh le fáil. Ní raibh fadhb ar bith leis an aimsir i rith an chomóradh seo áfach, i ndairíre bé an Mean Fomhair is fearr ó thaobh na h-aimsire de a bhí i mbliaina againn nuair a bhailigh slua mór ag an bPoitín le leach ag an mballa a nochtadh ag comóradh an ocáid ag Pádraigh Ó Héalaí, Uachtarán an Oireachtais 2014 (Pic ar bharr). Is cosúil gur bhfuair an Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta cuireadh an plaic a nochtadh ach nach raibh sé i ndán teacht ar chúis amháin nó ar chúis eile!

Ansin isteach linn le h–éisteacht le h-oráid fíordhúshlánach ó an Joe Steve céanna dúinn. Spreagfidh sé an-chuid cainte ach an spreagfidh sé gnímh? "Sílimse go bhfuil sé in am againn forfhógra nua, glan a scríobh mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca."

Na mór ocáidí
D'éirigh thár barr leis an gComóradh agus dár leis an gcomhfhreagraí seo bhí trí oícheanta nach féidir a shárú. Ar an Aoine bhí omós don file, aisteoir, scríobhnóir agus saoi, Johnny Chóil Maidhc curtha i láthair ag a chomh aisteoir, Máirtín Jaimsie. Taispeánadh scannán le giotaí le Johnny ag caint faoina chuid tuairimí agus ag aithreas píosaí dá chuid scríobhnóireachta.

Thóg Rónán Mac Aodha Bhuí, atá beo i gcónaí Cabaret Craiceailte anuas ó Thír Chonaill lena bheogacht agus spleodair  a scaipeadh i measc óige Chois Fharraige. Agus ag breathnú ar na pictiúirí a cuireadh ar na meán shóisialta bhí daoine nach raibh chomh san ag baint suilt agsu craic as!

Bridín, máthair Chiaráin Uí Chon
Cheanainn le  hÚachtarán na
hÉirinn ag an gCoirm Cheol
Sean Nóis ar an Saith.

(pic Marion Ní Shuileabhán)
Ansin bhí coirm ceoil mór nach bhfacthas riamh (agus b'fhéidir nach bhfeicfear arís) ós comhair slua oll-mhór. B'shin Coirm Ceoil Sean Nós in onóir cuimhne Chiaráin Ó Chon Cheanainn inar chan 16 déag de phlúr na n-amhránaithe sean nós a bhuaigh Corn Sheáin Uí Riada ó 1972 i leith. Bhí ríméid ag gach éinne go raibh Uachtarán na hÉireann, Micheál Ó hUigín agus a Bhean, Sabina, i láthair ag an coirm ceoil sin. Chuir Cór Chúil Áodha, cór cáiliúil an Riadaigh, deireadh bríomhar leis an gcoirm ceoil a bhí á craoladh ag Raidío na Gaeltachta.

Mar clabhsúr le rudaí bhí coirm ceoil ar siúl ar an oíche eile le togha ceolteoirí ó Chonmara agus áiteanna nach é. Arís ní raibh síochán fágtha le suí air agus bhí spiorad íontach sa lucht féachanna ag baint taitneamh as gach nóta a seineadh nó a chanadh i rith na h-oíche.

Is féidir leis an gcoiste a d'oibrigh chomh dian san a bheith sásta gur éirigh thár barr leis an gComóradh. Súile agam go raibh codladh sámh acu tár éis toradh a gcuid saothair a chaith siad a oiread dua leis!

Agus an gcéad ceist eile? Cad a fhásfidh as amach anseo?

Seo bailiúcháin ó míreanna nuachta TG4 ar Oireachtas Chois Fharraige snaidhmthe le chéile ag TGcóa (Tiúba as Gaeilge).