27.2.07

“No Gaeilge” i gCois Fhairrge


Is mó an lúcháir a bhí sa cheantair nuair a fuair Pharóiste an Chnoic duais Glór na nGael cupla seachtaine ó shin.


Tá neart obair déanta ag an gcoiste áitiúl Ghlór na nGael ar son chaomhnú na teangan san áit agus uaireaanta is in aghaidh easa atá siad ag dul.


Tóg cúrsaí comharthaí sealadacha ar thaobh an mbóthar mar shaampla. Gan aon amhras siad na ceantálaithe an dream is measa sa chás seo. “For Sale”, “Site for Sale” “Apartment to let” agus eile ar fúd na duthaigh ar fad. Le déanaí tugtar faoi deara go bhfuil comhlucht amháin ag cur suas “Le díol” agus go leanfaidh an nós sin.


Tháinig banda leathan saitilíte chuig an Spidéal, seachtain nó dhó ó shin agus ní nach ionadh bhí an comhlacht ina mbun – Digiweb - ag iarraidh poiblíocht agus breis cuistiméirí fháil. Chuireadar fógraí móra ar na boithre ag dul isteach sa bhaile. Fógraí i mBearla ar fad a bhí ann.


Is cosúil go ndéarna an comhlucht céanna an rud céanna i gCarna bliain nó dhó ó shin.

Scríobh mé chuca ag iarraidh miniú ar an scéal. Ach freagra ní fhuair mé!


Tá sé éasca meoin Digiweb a thuiscint nuair a fhéacann tú timpeall ar na comhlachtaí atá ag freastal ar muintir na h-áite: Óstáin – Ostán na Páirce mar shampla, áit atá á úsáid go minic ag muintir na háite níl ach Béarla ag an dá bhealach isteach ón bpríomh bhóthar; Siopaí - Siopa an Phoball, an siopa Supervalu, ag fógairt go bhfuil sé ar oscailt go dtí a naoi san oíche, i mBéarla, ar na lampaí sráide ar an mbóthar agus na slad mhargadh á fhógairt istig sa siopa (agus sa phost) imBéarla amháin; Ionad seirbhíse charranna ag Cnoc na hAille, boinn pollta, glanadh charranna, artola 7rl-Béarla amháin. Is masla iad seo go léir ar phoball na háite.


Tugann siad seo le tuiscint nach fiú bacadh le teanga ársa mhuintir na Gaeltachta.



Deirtear uaireanta gur ceart Béarla a úsáid chun freastaal ar na turasóirí. Is cosúil nach chuireann úsáid na Gaeilge isteach ar Siopa Standúin atá plódaithe le turasóirí gach lá. Ní dóigh liom go bhfuil laghdú ar ghnó Banc Aontas Éireann agus a bhfuinneoga le fógraí móra i nGaeilge amháin.



Ní bhaineann an Acht Teanga le comhluchtaí nach eagrais stáit iad agus níl cumhacht ar bith ag an gCoimisinéir Teanga leis na gcásanna seo. Níl aon dul as ach scríobh nó glaoch ar an gcomhlucht agus do thuairimí a léiriú go béasach leo. I gcás Digiweb is féidír glaoch ar an uimhir 1800 28 58 28 no sa rphoist:

sales@digiweb.ie.


Pic: Fógra Digiweb ar an Spidéal


Seo alt ag an An Dr Pádraig Ó Laighin i Lá Nua "Comharthaí bóthair agus fís an rialtais!"

13.2.07

Blagadóir na bliana!

Déanaimíd comhgáirdeas le Conn Ó Muineachán ó bhuaigh sé an Grand Prix san Digital Media Awards i rith na seachtaine seo chaite.

Seo na tuairiscí

An tImeall

agus Lá Nua

Ar aghaidh go Duaiseanna Blagadóireachta na hÉireann

Beir bua a Choinn...