29.5.21

Uachtarán agus Rí agus consias!

'Se an Dr. George Vella an deichiú uachtarán ar Phoblacht Mhálta (President tar-Repubblika ta ’Malta). Toghagh é mar Uachtarán sa bhliain 2019.

Uachtarán Mhalta
Is dochtúr leighis é a chaith an chuid ama sa polataíocht. Bhí sé mar Aire Gnóthaí Eachtracha é sna nochadaí agus ó 2013 go 2017. Ba bhall den bParlaimint ó 1978 é i bpáirtí an Lucht Oibre.

Le déanaí deineadh iarracht an dlí i leith ginmhilleadh a athrú sa Pharlaimint i Malta. Is cosúil nach bhfuil Lucht Oibre nó an Páirtí Náisiúnta ina bhfabhar. Mar sin féin tá díospóireacht teasaí ar siúl idir iad siúd atá ar a son agus iad atá ina choinne. Sa chomhtheacs sin ag agallamh leis an Uachtarán inar léirigh sé a dhearcadh (ní don chéad uair is cosúil) ina thaobh.

“Ní féidir liom an fheidhmeannas a chosc ó chinneadh a dhéanamh, is é sin an Pharlaimint. Ach tá an t-saoirse agam, mura n-aontaím le bille, éirí as agus dul abhaile agus níl fadhb ar bith agamsa é sin a dhéanamh.
“Ní shíneoidh mé bille go deo lena mbaineann údarú dúnmharaithe.” Dúirt sé go raibh a seasamh ar an ábhar seo an shoiléir i gcónaí.

Ar ndóigh dá mba rud é gur ritheadh acht mar sin bheadh géarchéim bunreachtúil ann sa tír sin. Is cosúil go mbeadh ortha Uachtarán nua a aimsiú!

Rí na mBeilgeach (1951-1993)
Is cuimhin liom go raibh fadhb mar sin sa Bheilg i réimis an Rí Boudewijn. Sa bhliain 1990 ritheadh Bille trén bParlaimint a cheadaigh ginmhilleadh. Dúirt an Rí nach síneodh sé an bille le bheith ina dlí. Chinn an Rialtas nach raibh an Rí i ndán a chuid dualgaisí a chomhlíonadh agus mar sin de réir na Bunreachta na Tíre bhí an comhacht ag an Rialtas féin ina iomláine. Shínigh gach ball den Rialtas an Bhille ansin. An lá dár gcionn (5 Aibreán 1990) chinn an Rialtas go raibh an Rí i ndán a chuid dualgaisí a chomhlíonadh arís.

Tá conspóid i Meiriceá chomh maith ar an ábhar seo. Deirtear go bhfuil an Uachtarán nua ann "ar son ghinmhilleadh." Deintear ionsaithe pearsanta air dá bharr. Tá ionsaithe á dhéanamh ar Uachtarán Mhalta chomh maith. 

Nach ait an rud an coinsias? An ceart do dhuine seasamh leis an ceart mar a feichtear don duine féin nó an ceart seasamh siar agus ligint don rud mícheart dul in uachtair. 

Dá mbeinn im Uachtarán (Dia dár sabháil!) ní bheinn i ndán bille mar sin a shiniú mar creidim gur duine daonna atá in ucht mná. Níor éirigh le héinne mé a chuir ar mhalairt tuairime go dtí seo. D'fhéadfainn a bheith mí cheart ar ndóigh. Ach an féidir éinne é sin a cruthú.

• Feach chomh maith: Dleathach ach mícheart (9/5/2013)

14.5.21

Cá bhfuil do chuid sonraí?

Bhí fadhb againn ar an Ceadaoin. Theip go tobann ar ár gceangail leis an idirlín ar an maidin.

Is i spota dubh ó thaobh an idirlín atá Caorán na gcearc. Tá seirbhís acu leath míle soir uainn agus agus tá seirbhís siar i Ros a'Mhíl acu chomh maith ó na comhluchtaí móra - Éircom, Vodafone, agus comhluchtaí fhóin eile. Mar sin tá mise ag brath ar chóras gan sreang - Airwire "Ag Nascadh Pobail an Iarthair!" Agus tá seirbhís an shásúil uatha i gcónaí.

Chuireadar teachtaireacht i bhfoirm téacs ar an bhfón phóca ag rá go raibh "ionsaí DDoS" ar an líonra acu ag chuir isteach ar chúrsaí ach go rabhadar "ag obair air an fhadhb."

D'éirigh leo gach rud a chuir ina ceart go luath sa tráthnóna (15:00) agus bhí gach rud ceart go leor arís.

Ansin inné is cosúil go raibh fadhb ag tuairisc.ie. Dúradh nach raibh fáil ar a aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne (URL). Chuireadh giolch amach uatha "Tá fadhbanna teicniúla ag óstach tuairisc.ie faoi láthair, rud a fhágann go mb’fhéidir go bhfuil deacrachtaí ag daoine áirithe teacht ar an suíomh faoi láthair." Tár éis cúpla uair a chloig bhí cuile rud i gceart arís.

Níos deanaí bhí giolch ó Tús Áite, clár Fhachtna Uí Dhrisceoil ar 17:00 gach tráthnóna ar Raidío na Gealtachta: "Ár leithscéal ach tá fadhb theicniúil againn leis na podchraoltaí faoi láthair. Tá súil againn go mbeidh siad ar an suíomh amárach ar a dhéanaí." Agus thugadar nasc eile.

Ansin ar maidin chualamar faoin fhadhb ar an gréasán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus go raibh gá leo an córas a dhúnadh síos ina iomláine ar eagla na heagla. Dúradh gur ionsaí bogearraí éirice a bhí faoi deara. Cuireadar giolch amach ar maidin (i mBéarla ar ndóigh) ag rá go raibh "ionsaí bhogearraí suntasach ar chórais TF FSS." agus "Táimid tar éis an réamhchúram a dhéanamh maidir lenár gcórais TF go léir a dhúnadh..."*

Chuir comhghleacaí i Meiriceá alt suimiúil chugam**.  Dúirt oifigeach sínsearach i Rialtas SAM go raibh méadú as cuimse ar na hionsaithe bogearraí éirice. "Is cinnte nach rud nua é an bhagairt sin ... tá méadú 300% ar an mbliain roimhe sin." Dearbhaigh sé go rabhadar "ag fás níos sofaisticiúla, níos minice agus níos ionsaithí."

"Ní i Meiriceá amháin," mar dúirt an fear eile!

Ní maith liomsa an bealach atá chuile dream, bancanna, coimisinéirí ioncaim agus eile ag brú orainn an tidirlíon a úsáid in gcónaí. "Ní mór duit tú fhéin a chlárú ar líne" a deirtear linn go ró mhinic. Ach cé chomh sabhálta is atá na sonraí a roinneann muid leo? Ní mór dúinn a bheith ar ár n-aire!

Ionsaí mór haiceála ar chóras Fheidhmeannacht na Seirbíse Sláinte  (Nuacht RTÉ 14/5/2021)

** Alt foilsithe ag CNN (Béarla 11/5/2021)

12.5.21

Fás ocht mí bainte!

Bhí an lá go deas agus muid ag dul soir chuig an gcathair inné. Bhí báisteadh geallta ach ní raibh deoir le feiscint. 

Ba léir nach raibh na srianta chomh trom agus a bhí mar bhí an trácht i bhfad níos troime ó Bhearna soir. Bhí sé "thár n-ais" mar a déarfa. Bhí roinnt teachtaireachtaí agus siopdóireacht le deanamh. Bhí borradh sa cathair nach raibh ann ón Nollaig ach bhí an-chuid de na siopaí dúnta go fóill.

Shiúl mé thár siopa barbóra agus ní raibh mórán istigh ann. 

"An bhfuil sibh ag glacadh le custiméirí ón sráid nó an gá dom coinne a dhéanamh?"

"An dá rud!"

"An feidir libh mé a dheanamh anois?"

"Tar ar ais i gcionn leath uair a chloig," a dúradh liom.

Lean mé orm ar ann thíos an sráid agus ceannaigh mé nuachtán. Bhí an ghrian ag taitneamh agus shuigh mé ag an  bhFaiche ag léamh. Bhí sé gaofar ach deas agus geal. Bhí duine anseo is ansiúd ina suí ach ag claí leis an scaradh fisiciúil. 

Nuair a bhí an leathuar thart shiúl mé thár n-ais. Bhí neart daoine istigh sa siopa faoin am seo agus dúradh liom dul chuig cathaoir istigh ann. Bhí triúr nó ceathrar daoine ag obair go chrua ag baint fomhair mór gruaige - luach beagnach sé mhí de - ó gach chloigeann ann.

Bíonn an fhadhb céanna agam gach uair ag an mbarbóir. Chuireann siad an ceist orm, "Cén saghas gearradh atá uait?" Ní bhíonn fhios agam riamh cad is ceart a rá. Nuair a bhí mé óg níor cuireadh an cheist sin ort. Shíodh tú istigh sa cathaoir agus gearradh do chuid gruaige. Rogha ar bith ní raibh ann!

Pé sceal é ba chuma cad a bhí uaim bhí obair chrua roimh an fhear bhocht - fás níos mó na ocht mhí. An uair deireannach a bhí leo bá roimh an dara dhianghlásáil í. Mar a dúirt mé bhí neart gruaige roimhe! 

Ar aghaidh leis mar sin agus taobh istigh de leath uair a chloig bhí sé críochnaithe liom agus bhí me i bhfad níos eadroime.

Ar maidin d'féach mé isteach ar an scathán agus bhí duine nua ag breathnú amach orm!

Anois tá an snaithid faighte agam, (faoi dhó), tá mo chuid grúige in ord agus mé reidh don gcéad chéim eile! 


7.5.21

Victoria agus Paidaí Mhicheáil Airt!

Dúnmharú, Drámaíocht agus Scannal

Ar 6ú Bealtaine 1882 tharla feallmharaithe míchlúiteacha i bPáirc an Fhionnuisce agus crochadh cúigear do na Invincibles dá bharr. Tháinig deireadh dramátúil leis an scéal le marú an bhrathadóir míchlúiteach James Carey ar bhord an SS Melrose ar chósta na hAfraice Theas in 1883. 

Fadscannán drámaíochta-faisnéise é The Queen v Patrick O’Donnell ina dtugtar léargas don chéad uair ar an scáileán ar cheann de na comhchealga dúnmharaithe is suntasaí i stair na hÉireann, scéal lán le foréigean, cleasaíocht cúirte, scéiméireacht pholaitiúil agus rómánsaíocht. 

Faightear tuiscint nua ó chomhad de chuid na Breataine a coinníodh ina rún ar feadh 100 bliain ar scéal beatha agus ar chinniúint an Chonallaigh ciúin a mharaigh feallmharfóir agus brathadóir míchlúiteach ar chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883. 


Céard a thug ar an bhfear Ghaoth Dobhair, Padaí Mhicheáil Airt, nach raibh léamh ná scríobh aige, ceannaire na Invincibles a mharú? Cérbh í an bhean mhistéireach a bhí ina chomhluadar mar bhean chéile? Agus cén fáth gur iarr Uachtarán Mheiriceá agus sár scríbhneoir na Fraince Victor Hugo nach gcrochfaidh é?

Tá an fhoireann chéanna a chuir Murdair Mhám Trasna* in iúil tagtha le chéile arís chun an scéal cumhachtach seo a insint, tar éis taighde fairsing a rinne Seán Ó Cuirreáin do ROSG.

Tá na haisteoirí buaiceacha, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell ag glacadh páirt sa bhfadscannán.

Stiúrtha ag Tomás Seoighe, léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh & Seán Ó Cuirreáin do ROSG. 

Tá an fadscannán maoinithe ag TG4, Fís Éireann agus an BAI agus beidh sé le feiscint níos deanaí sa bhliain.

*Slua don Eagóir (23/2/2018)

@ROSGtv @TG4TV @ScreenIreland @BAItweets

5.5.21

Alan Titley, Benedict XVI agus an fhírinne!

Is ag caint ar an leagan amach nua ar an stair atá ag Micheál Martin, Taoiseach Éireann, a bhí á plé ag Alan Titley san IT le deanaí. Le tamall, a deireann Alan, tá sé seo le feiceáil i ndearcadh ní h-amháin an Taoisigh ach go forleathan i measc lucht polaitíochta áirithe sa tír. "Claonadh é seo atá ag dul ar aghaidh le tamall fada, an maíomh go bhfuil gach seasamh bailí, gach taobh mar an gcéanna, gach cúis chomh maith le haon chúis eile."

Ní minic a cloistear i measc polaiteoirí áirithe ó dheas "Tá an ceart agam!" "Tá tusa mícheart!" 

An Fhirinne Ghlan?

Is cosúil go gceapann siad go bhfuil siad ag iarraidh cearta firinneachta a thabhairt don taobh eile. Ach mar a deireann an Ollamh Titley, "Tuigimid go maith gur cur i gcéill é seo agus gurb iarracht ar chúla téarmaí é gan aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna móra bunreachtúla arb iad cnámh na cúise iad." 

Bhí alt ag Fintan O'Toole sa nuachtán céanna (Béarla - "Earth calling Poots!") agus é ag caint faoi dearcadh cinnte Edwin Poots ar an Máirt.  Agus inniú bhí píosa ag Seosamh Ó Cuaig i dTuairisc inniú leis an gceist "An bhfuil Fianna Fáil ar an dé deiridh?" a léiríonn cé chomh trína chéile is atá Fianna Fáil agus an bogadh nó maolú atá le feiscint sa páirtí. 

Nár cuireadh ceist fadó ag Gobharnóir sa Mhean Oirthear. "Cad is fírinne ann?"

An Fhirinne Ghlan?
Tá cáil ar Benedict XVI faoin ionsaí a rinne sé ar coibhneasaíacht go mór mór san Eaglais ar ndóigh. Mar sin féin nach coibnneasaíocht atá i gceist anseo san alt? Dúirt sé agus é fós ina Cairdinéal Ratzinger, "Ní aithníonn an coibhneasaí aon rud a bheith cinnte agus  gurb é an cuspóir deiridh atá aige ach “mianta a 'Ego' Féin a shásamh.”

Is cuimhin liom duine mór le rá éigin i gCanada ag rá go raibh sé ag maireachtáil de réir a fhirinne féin! Ach i ndairíre an fhirinne a bhí i gceist aige?

Chuile seans nach bhfuil an fhirinne agamsa nó agatsa. 

Sílim a leithéid de rud agus firinne a bheith ann agus nach féidir ach firinne amháin a bheith ann. Már deirtear go bhfuil firinne amháin agatsa bailí agus go bhfuil firinne eile agam-sa. Tá duine amháin againn agus chuile seans go bhfuil  an beirt againn - mícheart.

Nach raibh sainmhiniú deas ar an meon nó an claonadh seo ag Kellyanne Conway i mí Eanáir 2016 nuair a rinne sí tagairt do "Fíricí malartacha?" 

2.5.21

Faighte - cuid a dó!

Tá beagnach 30 lá idir Aoine an Chéasta agus Lá Bealtaine. Agus i rith a tríoca lá sin is beag athrú a tháinig ar chúrsaí dianghlásála.

Deireadh le ráig?
Bhí coinne againn áfach ag leath uair tár éis a haon déag againn sa mháinliacht sa chathair dár ndara phéach snaithide. Bhí cineál eagla go mbeadh scuaine ann mar a bhí ar ár gcéad ionaclú. 

Bhí an lá go hálainn agus bhí am againn beagáinín siopadóireacht a dhéanamh roimh dul chuige.

Rinneamar a carr a phairceáil píosa beag ón ionad agus shúileamar ann. Ní raibh ach scúine an ghearr ann. Ó rud é go raibh coinne cinnte scríofa ar chearta againn agus ag cuile duine bhí cúrsaí i bhfad níos eagraithe an babhta seo.

Chuamar istigh agus taobh istigh de ama an ghearr fuaireamar an snáthaid. Suíomar ansin ar feadh cúig neomad déag agus ansin ligeadh saor muid. Dúradh linn go mbeidh muid faoi chosaint ón ghalar mallaithe i gcionn seachtaine.

An Barrista Bus roimh Chovid!
Shiúlamar thár n-ais chuig an carr. Ar an mbealach thugas faoi dearadh go raibh sean veáin Volkswagen a bhí ath deisithe mar "Barrista Bus" ar thaobh an bhothair. Is cuimhin liom go raibh a leithéad ann ag bóthair na Trá ach cheap mé gur chuir Bárdas na Cathrach deireadh leis. Pé scéal é bhí sé ann inné trasna an bóthar ó Scoil Fhursa. Cheannaig mé caifé iodálach láidir uaidh - espresso foirfe. Bhí mé armtha do gcuid eile de lá! Is aoibhinn liom an braoinín cáifé. 

Agus i gcionn seacht lá beidh mé armtha don saol amach romhainn gan Chovid - le cúnamah Dé. 

Faighte - cuid a h-aon!

#coróinvíreas #COVID19 #coronavirus