19.3.09

Ní in Éirinn amháin...

Bain sult as seo!


Moncaithe ag damhsa! - Na físeán baile is fearr anseo!

Is cosúil go raibh ceol agus craic acu i ríocht na n-ainmhithe chomh maith ar an Máirt!

16.3.09

Troscadh


Uaireanta téim chuig "Tearmann", suíomh mhacnaimh na n-Íosánach, chun sos beag a glacadh. I rith na seachtaine seo tá an smaoineamh seo ann mar thús:

"Lá dá raibh, bhí dlithe eaglasta ann maidir le troscadh a shainigh go mion méid agus meáchan an ábhair a ceadaíodh do dhuine ag príomh-bhéile agus ag roisíní.

I mbéascna an lae inniu, níl mórán céille lena leithéid. Ach amháin seo: gurb é is cuspóir le troscadh anois ár saoirse phearsanta a chosaint agus a neartú in aghaidh nósanna sean-bhunaithe, cuid acu ina nósanna iteacháin, b'fhéídir, a bhaineann leis an iomarca a ghlacadh, nó gan a dhóthain, nó an cineál mícheart a ithe nó a ól, nó é a dheánamh rómhinic nó ró annamh. Gan tracht ar mhí-úsáid drugaí. Tá neart deiseanna againn fós na laetha seo chun dea-rúin a dhéanamh. Ach meabhraigh seo: ní leor dea-rún a chumadh, nó a scríobh síos i ndialann nó a leithéid. Déantar rud fírinneach de nuair a chuireann tú é i ngníomh."

Maidir liom féin tá an carghas nach mór "more honoured in the breach than in the observance!" Ach chuir an píosa seo ag smaoineamh arís mé!

15.3.09

Libertas nó saoirse?

Feicim go bhfuil Declan Ganley chun a ainm a chuir isteach le haghaidh ceann de na trí suíocháin atá sa cheantair Thuadh-Thoir don AE. Deireann sé go bhfuil sé chun cam chuairt a dhéanamh tar timpeall an toghceantair mór seo ó Thuaisceart Dhún na Gall go deisceart Chontae an Chláir.

Tá súil agam go mbeidh fáilte mór roimhe sna ceantreacha is mó Gaeltachta sa tír atá san toghlach. Is beag Gaeilge a bhí á úsáid ag a ghluaiseacht Libertas i rith reaifreann Liosbón. Seans go mbeadh níos mó meas aige uirthi nuaira atá céadtadán níos aoirde a úsáideann i ar bhonn laethúil?

Taobh amuigh de cheist an Gaeilge is docha go bhfuil an troid roimh an triúr atá an faoi láthair, go mór mór Seán Ó Neachtain, fear Fianna Fáil.

Feichimíd!