11.11.22

Gealúnach síoraí!

Bhí mé sa seomra folctha agus thosaigh mé ag smaoineamh. Rith sé liom go raibh athrú suntasach i gcúrsaí gallúnacha ó bhí mé óg.
Mar a bhí!
Bhíodh sé de nós barra gallúnaí a bheith ar thaobh an baisín sa seomra folcadh nó in aice leis an doirteal cistine. Nó bhíodh se ar mhias faoi leith ann. Ach ní mar sin atá cúrsaí. Is gnáth rannóir gallúnaí atá ar thaobh an báisín anois agus gallúnach leachtach istig ann.

Mar atá!
Bhí gallúnach Lifebouy againn sa bhaile a bhí chrua go leor. Bhí sé an dheachair sobal ceart a fháil leis. Dath dearg a bhí air agus mar sin is minic a glaodh "Gallúnach Dearg" air. 

Is cuimhin liom agus mé ar scoil i gCorcaigh go ndáiltí barra chrua gallunaí - "Ryan's Klimax Carbolic". Bhí monaraca ghallúnadóireachta sa cathair ag an comhlucht Ryans - tugadh na "Soapy Ryans" ar úinéirí an mhonarcan. Thugamar leasainm "gealúnach síoraí" ar an mbarra. Díoladh barra fada de. Gearradh an barra i gcúig gcodanna le sreang agus bhí píosa an duine deanta as. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an comhlucht dúnta le fada.

Ach anois ní maireann an buidéal mórán ama. Agus táim in amhras an bhfuil sé leath chomh láidir is a bhí an barra chrua dearg carbólach?

1.11.22

An t-séid nar sheid.

"Ceathrar againn a bhí ann agus gach duine dinn sástaé féin a shéideagh ina bheatha." 

Is mar seo a thosnaíonn an leabhar seo. Mí na Samhna 2015 i bPáras na Frainceach atá an fear seo, Khalil, agus crios pléascach thár timpeall a choime. Ón chéad abairt sa chéad caibiddil bhí mé gafa ag an leabhair seo. Thaistaigh orm fháil amach cad a thárlódh leis an bfear óg seo ón tús.

Is cuimhin liom an oíche sin a bhí ionsaí uafásach Bhataclan. Bhí triúr ionsaí féinmharfach eile i dtuaisceart na Cathrach, bruachbhaile St Denis. Bhí cluiche socar idir an Fhrainc agus an Ghearmáin ar siúl. Is cosúil gur theastaigh ag triúr fir leis na buamaí dul isteach agus iad fhéin a phléascadh ag an cluiche. Ach de bharr nach raibh ticéidí acu níor ligeadh isteadh iad agus pléasc siad na buamaí taobh amuigh den stáid.   S leabhair seo is sé an ceathrú duine a bhí leis é fhéin a phléascadh atá ag insint a scéal féin. Is cosúil gur theip ar an buama pléascadh. Insíonn sé ar a thárla dó ina dhiaidh san; a éalú ó Pharas chuig an Bheilg; ag smaoineamh ar cad a dhéanadh sé ina dhiaidh; cad a cheapadh a cheannarí faoi? An roghnófar é le eachtra eile marfach?

Tá an léiriú ar a chuid smaointe, ar a dhearcadh, ar fealsúnacht an ionsaitheora féinmharúach. Chuir sé leabhair eile ag an Ailgéreach, Albert Camus* i gcuimhne dom. Séal eile ina deineann duine iniúcadh ar a intinn féin, a smaointe agus a dhearcadh nackh cosúil le dearcadh an "gnáth" duine!

Bhí an leabhair seo an éasca le léamh cé gur aistriúchán a bhí ann ní cheapfá ach go raibh sé scríofa sa Ghaeilge. Stíl breá nadúrtha scríobhnóireachta dár liom. Cloisim go bhfuil leabhair eile aistrithe ón bhFraincís aici. Tá mé ag súil leis.

Seo an dara leabhair ó stábla Barzaz. Scríobh mé píosa faoi Madame Lazare i mí Feabhra agus cé chomh éasca is a bhí sé le leamh. Go leanfaidís an nós!

• Khalil, Yasmina Khadra: Aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire; Barzaz ISBN: 978-I-910945-85-8


* An Strainséara; Albert Camus: Aistrithe Diarmuid Ó Gráinne; Coiscéim 2012 (L'Éntranger - 1942)

31.10.22

Sa bhFrainc (2)

Agus Antibes fágtha againn thiománamar go díreach go Cherbourg ach ar ndóigh ós rud é go bhfuil an turas díreach cuíosach fada stopamar i mbailte eile ar an mbealach. Is ar motarbhealaí beagnach an turas ar fad.

Abha na Róine taobh leis an A7 ag Valance
B'é Valance, baile ó dheas ó Lyons an chéad ceann. Thóg sé timpeall ceithre uaire dul chomh fada leis an mbaile sin ar bhruach abann mór na Róine. Is minic a glaoghtar "Geata Dheiscirt na Fraine" ar an gcathair seo. D'fhánamar oíche amháin anseo.

Thugamar aghaidh ar an mbóthar ó thuaidh  (an A7) go luath ar ar maidin. Téann an bóthar tré cathair mór eile - Lyon - ach chuamar chuig baile eile Beaune - príomh cathair fíona ceantair na Burgúine. Bhíomar ann cheanna cúpla uair agus ar ndóigh blasadh cuid de thorthaí an cheantair sin. Sláinte!

Ansin leanamar ár dturas ó thuaidh. Ní raibh mé ag súil go mór leis an cuid seo mar théann an bóthar thár timpeall Pharais. Tá cáil ar an dtrácht a tá thar a bheith trom ar an "Boulevard Périphérique" thár timpeall na cathrach sin. Ba ar Rouen a bhí ár dtriall, cathair ársa siar ó thuaigh ó Páras in oirthera na Normáinne. Ní raibh gá dúinn a bheith imníoch. Bhí an comharthaí thar a bheith soiléir ón A6 agus timpeall 20 km ó dheas ón Ardcathair bhí comhartha breá líofa ag rá "Rouen". Cé nach mótarbhealach bhí an bóthar thar timpeall seo i bhfad níos faide ón gcathar i dtreo Verseilles agus tár éis leathuair a chloig nó mar sin bhíomar ar an A13, an motorbhealach siar cun na farraige. Agus taobh istigh de uair a chloig bhíomar i Rouen.

Foigneamh claonta i lár Rouen agus an Ardeaglais ann
Mar a dúirt mé is Cathair ársa atá i Rouen bunaithe ag na sean-Francaigh agus níos déanaí ag na Rómhánaingh. Bhí an cuid seo den bhFrainc faoi ríthe Shasana ó aimsir an Rí Liam, a bhí ina diúc ar an réigiúin sin nuair a chuaigh sé go Sasana chun a éileamh ar an gcoróin ansin a neartú rud a rinee sa bhliain 1066. Ach ar ndóigh ó shin leis an céadta bhliain bhí sé in a cogadh dearg idir Ríocht na Fraince agus Ríocht Shasana ach sa deireadh ní raibh fágtha ag Rífhlathas Shasana ach Îles d'la Manche. Cé nach chuid de Shasana (nó fiú den Ríocht Aontaithe) is faoi Coróin Shasana atáid go fóill. Is i lár an cogaíocht seo sa cúigiú aois déag d'éirig cailín, Jeanne d'Arc, mar cheannaire láidir ar son Rí na Fraince. Ar deireadh gabhadh í agus dódh í ar deireadh tár éis "seóthriail". Is i gcroí lár Rouen a dóadh í.  Caitheamar oíche amháin ansin agus shiúlamar isteach i lár stairiúil na cathrach.

Leanamar orainn ar maidin siar go Cherbourg agus bhí an bád leis an áit a fhágáil timpeall an ceathair. Agus muid sa scúine do bhád bhí roinnt bhaith carranna ó Úcráin. Ceann beag romainn agus bhí éadaigh, cuirtíní agus ornáidí tithe. Bá bhrónach é le feiscint. Bá léir go raibh imní ag an tiománaí (is dócha mar bhíonn an méid trioblóid dul go dtí an Bhreatain). Nuair a d'oscail an geata bhí air a chuid páipéirí a theasopeáint agus ba léir a fhaoiseamh agus a áthas nuair nach raibh fadhb ar bith leo.

Mar a dúirt mé cheana, ní raibh báisteach ar bith ann agus muid sa bhfrainc ach nuair a dhúisíomar ar maidin i mbá Bhaile Átha Cliath bhí an báisteach ag titim go trom! Fáilte fliúch Éireannach!

22.10.22

Sa bhFrainc...

Ni rabhamar sa bhFrainc - ná in aon tír eile lasmuigh d'Éirinn ó lár 2019 agus mar sin bhíomar ag súil leis an dturas seo. Bhí sé beartaithe le tamall ach cuireadh ar athló trí nó ceithre uair de bharr Chovid agus ansin de bharr cúrsaí clainne.Ach ar deireadh bhí na socraithe déanta agus d'fhágamar an baile le dul ar ár dturas leis an mbád a fháil ó Bhaile átha Cliath go Cherbourg na Fraince.

Bád mór is sea an WB Yates, bád cuíosach nua ag Irish Ferries. Bhí sé an chompórdach agus tá na cábáin i bhfad níos mó ná ar aon bhád eile ar a rabhamar roimhe seo dár linne. Tá seirbhís bhuffet ann agus ar ndóigh ar ndóigh an chuid "lounges" nó áiteann le suí. Bhí seirbhís idirlín le fáil ach bhí costas ag baint leis ach an rud nach raibh fhios againn nach raibh rialacha fanachíochta an Aontas Eorpach i bhfeidhm agus mar sin féin níor thóg sé mórán ama costas ard go leor a chuir le do bhille. Cé go ndúirt an chóras linn faoi seo ní raibh tuairim agam go mbeadh sé leath chomh hard agus a bhí. Ta ceacht foghlamtha againn!
Thiománamar ó dheas ó Cherbourg go La Rochelle. Ós rud é gur tháinig an bád istigh i dtír roimh nóin bhí neart ama againn turas 4 uair nó mar sin a dhéanamh. Bhí beagáinín deachtracht againn an ostán a aimsiú ach ar deireadh d'aimsíomar é. Roinnt mhaith blianta ó shin fuaireamar amach faoi grúpa ostáin B&B sa bhFrainc a bhí thár a bheith saor. Tá cuid acu cosúil le motels i Meiriceá - páirceáileann tú an carr agus tá doros taobh amuigh seachas istigh saan ostán. Ní bhíonn éinn san oifig fáilte ach ar maidin nó ar feadh cúpla uair sa tráthnóna. Bíonn chuile rud begnach ar líne agus faigheann tú uimhir airthint agus tugtar uimhir cód le dul isteach sa seomra. Bhaineamar úsáid as na h-ostáin seo agus níor íochamar níos mó ná €60 don oíche in aon cheann acu.

Níl sé de nós againn bricfeasta a thógaint sna h-ostáin ach téann muid chuig boulangerie nó patisarai nó margadh áitiúl. Bíonn dinéar againn san baile áitiúil de gnáth - pot-luck. Is annamh a bhíonn droch béile againn sa bhFrainc.

Ar aghaidh linn an chead lá eile soir go Limoges, cathair cáiliúl don phoirceallán and cineál gréithre a bhí ag an tSín ar dtús ach a tháining go dtí an Eoraip timpeall is 300 bliain ó shin. Is cosúil go raibh gréithre de gach saghas á dheanamh i Limoges ón 2ú aois déag ach is san dara chuir den 8ú aois deag a thosaíodar ag deanamh an poirceallán i gceart mar bhí an cré a úsáidtear le fáil sa cheantair. (Tá cáil ar phoirceallán Sèvres chomh maith ach is i gceantair Pharás atá an baile sin).

D'fhánamar i lár an bhaile agus d'aimsíomar proinnteach an deas ann don dinnéar san oíche sin. Bé an chef féin a chuir fáilte romhainn. Ní raibh éinne san áit nuair a shriocheamar í bhí sé lán sular thosaigh muid ag ithe. Bhí an béile thár a bheith go deas. Deireann sé "Je leur apporte mon expérience, ils me donne leur fraîcheur." (Tugaim mo thaithí dóibh, tugann siad a n-úire nó a mbeocht dom.) agus bhí an béile agus an seirbhís thár a bheith go maith. Lán marc! 

Margadh Limoges

Ar maidin chuamar thuas chuig an margadh do bhricfeasta. Ait álainn. Má tá Baile Átha Cliath ag pleanáil rud a dhéanamh leis an sean mhargadh ag Lána Mhuire (Tá sé dúnta ó 2019) d'fhéadfadh siad breathnú ar an áit seo - nó margadh ar bith ar an mór roinn!

Ar aghaidh linn ansin soir go Clermont-Ferrand i lár na tíre. Príomhchathair ceantair an Auvergne atá ann agus is i sean-suíomh bholcánach atá se. 

Radharc ón Puy-de-Dôme(intlís an Puy-de-Dôme féin)

Tá an Puy-de-Dôme, sean cruinneachán bolcáin, soir ón gcathair agus le feiscint ó chuile áit sa cathair. Chinneamar ar dul suas ann - tá sé níos mó na 1400 méadair in airde ach buíochas le Dia tá traen-ín a théann suas ann go rialta. Radharcanna álainn ann ón bharr, agus ón dtraen ar an bhealach thuas ann. Tá aeróg  míleateach suite ar a bharr agus tá fothrach de Theampall Mhearcair de chuid na Rómánigh ann chomh maith. Bhi an lá go h-álainn agus bhíomar i ndán na sean bholcáin thar timpeall a fheiscint. 

Is cosúil go bhfuil an éileamh ar an áit le haghaidh an parafaoileoireacht nó faoileoireacht foluana agus bhí slua maith ag eitilt thár timpeall. Níor bhaineamar triall as faraoir.

Domhnach a bhó ann agus chinneamar ar lón deas mall a bheith againn i bproinnteach ag bun an tsléibhe. Bhí díomá orainn. Tá nós ag na Frainncigh gach bialann a dhúnadh ag a dó a chloig don lá agus mar sin bhí an áit dúnta - cé gur thangeamar ag cúig neomad tár éis a dó. Nuar a deireann Francach go bhfuil an áit dúnta tá sé dúnta is cumadh cé mhéid atá ag ithe nó ag ól san áit! Bhíomar i bponc. Ní raibh orainn ach dul thár n-ais chuig an ostán agus muid ocrach.

Rinne mé Googláil ag lorg bialann don oíche mar ní raibh bia lé fáil san ostán. Bá cosúil go raibh gach áit dúnta, Agus ansin chonaic mé go raibh áit in aice leis an ostán Basilic & Co - Pizza de Terroir. Dúirt Monsieur Google go raibh sé ar oscailt agus d'fhéach sé ceart go leor . Shiúl muid ann - níor thóg sé ach cúig neomad - agus bhíomar ann. Bhí sé ar oscailt agus d'fhéach sé an ghlan agus mar sin isteach linn. Cuireadh an fháilte romhainn agus bhí na píotsaí ar fheabhas. Fuair mé ceann ceithre cháiseanna agus bhí mé ag lorg ceann "medium" ní raibh ach beag nó mór le fáil. Fuair mé an ceann mór - agus bhí! Ní raibh mé i ndán é a chríochnú cé go ndearna mé an iarracht!

As Clermont chuamar ó dheas go an Cote d'Azur. Bhí orainn a carr a athbhreoslú ach bhí costas artola íseal go leor i gcomparáid leis an praghas in Éirinn. Cheap mé go raibh a margadh maith déant agam nuair a cheanaigh mé ar €1.76 i mbaile Átha Cliath ach sa bhFrainc bhí sé idir €1.58 & €1.34 don lítear. Fuaireamar amach cén fáth níos deanaí sa turas. Is cosúil gur thug an Rialtas ansin fóirdheontas do na garáistí - 20c don garáiste agus 30c don chustaiméir. Thug cuid de na garáistí an deontas ina iomláine don chustiméir agus cuid acu - ar na mótarbheallaigh (Autoroute) de gnáth - a choimead an 2oc dóibh fhéin. Beidh deireadh leis an gcóras sin áfach i mí na Samhna!

Antibes - ní Ros a'Mhíl í

Tá cara againn le h-arasán in Antibes agus téann muid ann anois is arís. Bhí an aimsir thár a bheith te cé gur lár mí Meán Fomhair a bhí ann. Tá caladh doimhin ann agus fanann na luamh innill atá ró mhór don gcaladh i Monte Carlo anseo. Is baile cuíosach beag í Antibes idir Cannes agus Nice nach bhfuil chomh fhorbartha ó thaobh tráchtála de is atá an dá áit eile. Is sea áit í agus tá cáil é mar lár ionad ealaíona caith Picasso seal ann mar aon le healaíontóirí eile. Ós rud é go bhfuil sé ar am Meanmhuir tá na bialanna ann an mhaith. Ach i ndairíre nach bhfuil rud ar bith níos fearr roimh nóin ná suí ar thaobh na sráide le do ghloine rosé ag breathnú ar na daoine a siúl ós do comhair?

Cote d'Azur

Caitheamar timpeall deich lá sa bhFrainc an uair seo gan báisteach ar bith, grian te ós ár gcionn agus muid ag dul a choladg sa bhád. Ach chomh luath agus a shroich an bad ar maidin bhí báisteach fliuch na hÉireann romhainn. Ach bhíomar sásta a bheith sa bhaile arís inár leabh compórdach fhéin.

3.10.22

As spás!

Ní go ró mhinic a léim leabhair filíóchta. Chuala mé údar an leabhair seo* ar an raidío tamall ó shin agus chinn mé ar cóip dá leabhair a fháil. Bhaineas taitneamh as.

Bá phíosa á rá aige i "gcaniúnt" Bhleá Cliath "loike" agus léirigh sé i gcúpla focail an difríocht idir theanga an Gaelscoile san IarGhaeltacht agus teanga na Ghaeltachta féin. Anois is arís ní hionann an dá chanúint!

Mar is gnáth le filíocht thuig mé chuid dá chuid filíochta agus cuid eile bhí teachtaireacht an udair ceilte orm (an ag éirí sean atá mé?).

Ar ndóigh thuigfeadh éinne le Gaeilge an chéad phíosa ann - "Níl agam ach" - a cuireadh an cheist air nó uirthe "What's that in English!" Agus tá an fhreagra aige ag tabhairt an sloinne coilíneach. Caithfidh mé smaoineamh ar sin an chéad uair eile. Taithnódh ceann eile linn chomh maith, ("Wouldn't it be great...") agus é ag samhlu chonas íoch as ceadúnas teilifíse ó An Phost ar an bhfón. (An Post please copy!)

Chuaigh dán eile aige go mór i bhfeidhm orm. Is cuimhin liom na smaointe díreach céanna a bhí orm nuiar a chuala mé faoi Phádraig agus a cháirde a bhí sásta an ghníomh a dhéanamh ar a son...

    "Níl aon aithne agam ort
    ach le trí ráithe anuas
    tá an tost fada atá ag teacht uait
    á líonad ag daoine nach stopann ag caint ort..."

Scríobh mé píosa anseo faoi seo ag an am.

Bhí ceann eile a thaitn go mó liom a léirigh saol teaghlaigh an lae inniú...

    "Gach éinne sa tigh
    ag teacht le chéile
    i halla an tí
    'Bhfuil rud éigin
    mícheart leis an idirlíon?'"
Nach rabhamar go léir ann?


Spásas, Marcus Mac Conghail, Coiscéim 2021

2.9.22

Ruidín i mo shúil...


Bhí an méid sin cloiste faoin scannán seo* gur chinneas dul ann. Tá muis an bhruidiúl le déanaí agus ní raibh seans agam go dtí an seachtain seo caite agus mé ar thuras go Baile Átha Cliath.

Bhí sé ar siul ag Institiúid Scannán na hÉireann i gceantair Bharra an Teampaill.

Bhí an méid sin léite faoi gur thóg me go leor ciarsúir liom!

Tá an scéal inste in áiteanna eile, cailín cuthalach ciúin i gclann bocht faoin dtuath gan mórán grá ann di nó dá siblíní. Bhí leanbh eile ar an mbealach agus cuireadar an cailín seo chuig duine muintirthe leis an máthair sna Déise. Ní raibh ach bean agus a fear sa bhfeirm nua.

Tógann a hathair chuig an áit nua í agus is léir gur duine gan mórán béasa é agus i ndairire is ag "dumpáil" a iníon atá sé agus ní chuireann sé í in aithne do mhuintir an tí nua i gceart í.

Diadh ar ndiadh agus le nodanna bog léiritear cairdeas ag fás idir an gcailín agus bean a'tí ar dtús agus ansin lena fear. Léirítear an fás seo go tuisceanach agus go báúil. Tógtar isteach go hiomlán i saol an teaghlaigh nua í. Tá a ngrá dá chéile ag fás go caolchúiseach ann.

Ar deireadh bhí litir óna máthair go raibh deartháir nua aice agus, mar a bhí fhios acu, tháinig deireadh lena tréimhse sna déise agus bhí ortha í a thabhairt abhaile.

Bhí an aisteoireacht thár bharr. Roghnaíodh aisteoirí a bhí díreach i gceart do na páirteanna. D'éirigh le Cáit (Catherine Clinch) chuile mír den scéal a sníomh le chéile - éacht di mar aisteoir óg. Bhí Eibhlín (Carrie Crowley) agus a fearr Seán (Andrew Bennett) thar bharr agus inchreidthe.

...agus ar deireadh bhí ruidín i mo shúil agam - agus bhí smáileog dusta éigin i súile chuid mhaith den lucht féachanna a bhí ann chomh maith ...

*An Cailín Ciúin;  Sturthóir: Colm Bairéad 2022

@quietgirlfilm @colmbairead @IFI_Dub


18.8.22

Báisteach agus súil amháin.

 Beagnach mí ó scríos píosa anseo. Bhí muid ag taisteal!

Is maith a seans taisteal a thugann do dhuine leabhair a léamh. Is maith liom suí sa traen ag leamh - go mór mór anois nuair nach gá dom íoch as an dturas.

Léigh mé dhá leabhair a bhain le stair, nó réamstair ár dtíre. Is maith an rud é leabhair faoin sean-aimsear. Agus bhí an dá leabhair seo bainte le dhá thréimhse éagsúil. 

Thárla eachtraí sa chéad cheann in aimsir Chromail - (tréimhse 1648-53). Scéil chléirigh ag arm na hÉireann agus iad faoi ionsaí ag lucht Chromail agus a cháirde. Is cuimhin liom gur chuala mé go raibh sé de nós ag an uasal aicme in Éirinn cléireach a bheith acu ag scríobh síos a thárla dá thiarna. Bhí cléireach, a chuala mé, ag Aodh Mór Ó Néill agus é ar a thuras go dtí an Róimh agus dá bhar a chuid scríobhnóireachta tá eolas againn ar an olc agus ar an mí-ádh a thit ar an dturas sin. 

Mar sin atá sa leabhair, An Cléireachle Darach Ó Scolaí, agus istig ann tá an léiriú ar an saol. "Táimíd sa phuiteach leo, agus san draoib, agus sa chlabar," dár le hAlan Titley ina léirmheas agus b'fhíor dhó nuair a lean sé "(nach mór) duit tuáille a tharrangt chugat féin tár éis a léite d'fhonn tú féin a throimiú." Cheap mise go raibh an stíl scríobhnóireachta beagáinín trom ach chuile seans go iarracht ag an údar stíl an seachtú aois deag a léiriú. Mar sin féin níor chuir sé isteach ar rithim a scéil dom. Agus tá mé tirim arís!

Tá leabhair mar seo an tabhachtach dár liom mar cé gur úscéal atá ann tá léiriú ar ár stair féin. Rinneamar an-sceal leis an Ath Peadair, Niamh, agus mé ar scoil a thaitn go mór liom. Ba faoi aimsir Bhrian Boirmhe agus na Lochlainnaigh a bhí sé.  Is annamh a faightear scéal mar seo sa Bhéarla suite in aimsir stairiúl in Éireann - (tá mé ag smaoineamh ar obair Standish O Grady ach cé eile).

Bhí a dara leabhair an-difriúil - Tuatha Dé Danann. Scéal reamh-staire a bhí ann agus arís is maith an rud é sceal mar seo a insint arís agus arís eile. Tá sé istigh ionainn is dócha agus deintear tagairt do na scealtaí miotaseolaíocha seo anois is arís sa gnáth caint - Fir Bolg, Balor na Fomóraigh agus eile. Is maith mar sin fur thóg Diarmuid Johnson a pheann ina lámh leis a sceal a ath-insint. Cé gur i ngnáth caint an lae inniú atá sé á scríobh tá blas na seandálaíochta ann mar aon le blás sheanachaí éigin ag an tine oíche Gheimhridh.  Éist leis: "Níorbh fhada ansin gur éirigh an slua ina gcoinne, an dubhshlua dúr drochdhaite, an drong mhór mhallaithe, an díorma dalba dásachtach, fir agus fathaigh Fhine Fomhórach..." Ní fhéadach TG4 féin pictiúir níos fearr a tharaiscint dúinn.

Tá leabhair mar seo an tabhachtach mar a dúirt mé. Tugann siad cineál cúlra dúinn mar náisiún - bunús dúinn mar phobal.




1. An Cléireach, Darach Ó Scolaí, Leabhair Breach, - ISBN 978 0 898332 33 9 (Cead Eagrán 2007)
2. Tuatha Dé Danann, Seilbh Inse Fódla, Diarmuid Johnson, Leabhair Breach - ISBN 978-1-911363-20-0

20.7.22

Cad a dhéanfaimíd feasta gan airgead?

Fuair mé teachtaireacht r-phoist ó Bhanc Aontas Éireann ar maidin. Bhí sé faoin gcraoibh in a bhfuil cúntais againn san áit a dtugann siad "Spiddal" uirthi.

Is cosúil go bhfuil siad le deireadh a chuir le gnáth sheirbhísí bhanc ann agus go mbeidh orm dul isteach go Gaillimh - "Your nearest branch with cash services is at Lynch's Castle." a deireann siad. Anois beidh ar dhaoine dul isteach go Gaillimh, áit pairceáile a fháil agus a íoch agus siúl isteach go lár na cathrach.

Tá seirbhís maith ag an gcraobh ar an Spidéal agus tá sé éasca páirceáil, saor in aisce, agus do chuid ghnó a dhéanamh. Ach anois ní bheidh nótaí, boinn, seiceanna, malartán eachtrach, dréachtanna bainc. Mar sin tá níos mó ná airgead reatha atá i gceist.

Deirtear go mbeidh seirbhís níos fearr tré Oifigí Phoist ach ag an am céanna tá sé teoranta go leor. Agus má tá tú ag iarraidh gnó nó ceist íogair a phlé ní féidir sin a dhéanamh ag cuntar phoist oifige!

Dhúnadar an foth-chraobh ar an gCeathrú Rua roinnt mhaith blianta ó shin - an fada a tharlódh an rud céanna don Spidéal?

Tuige a bhfuil banc ann anyways?  Níl fiú meas acu ar phobal na háite leis an t-ainm ceart a thabhairt ar an mbaile.

Nach mbeadh sé níos fearr fill ar ais chuig an an sean tocht sa seomra leapan?

9.6.22

Trácht ar thrácht nó turas Seiceach go Baile Munna!


Is minic a bhíonn muid ag gearán faoin dtrácht i gcathair na Gaillimhe.

Bhí mé i mBaile Átha Cliath le deanaí agus bhí orm taisteal ó Chluain Tarbh go Baile Munna tráthnóna éigin. Bhí an lá go deas agus bhí RTÉ Lyric ar siúl sa charr. 

Ní gnáthach dom bheith ag tiomáint ag an am sin. Nuair atá mé sa bhaile bíon Raidió na Gaeltachta ar siúl agam de shíor ach bhí clár le Liz Nolan, sílim gur "The Full Score" atá ar a clár. 

Chuir sí siansa cáiliúl Uimh 9 de chuid an Seiceach Antóin Dvořák - "Aus der Neuen Welt!" (Ón Oileán Úr) ar siúl. Bhí an ceol seo ar eolas agam ó bhí me óg agus taitníonn sé go mór liom. Tá sé cuíosach fada agus cheap mé go meidh mé ag mo cheann scríbe roimh deireadh an cheoil. Tá sé cuíosach fad le ceithre gluaiseachta ann.

Ach bhí an trácht chomh trom sin gur thóg sé an méid sinn ama an turas a dhéanamh. Thaitn sé go mór liom gur ndéarnad mé an carr a pháirceáil díreach is na nótaí deireannach. Togann sé thart ar 41 neomad an siansa iomlán a seinnt mar sin is dócha go dtógann sé an méid sin ama tiomáint ó Chluain Tarbh go Baile Munna!

Ach má tá ceol deas ar siúl ní thugann tú faoi deara an t-am ag imeacht.

13.3.22

Mutti...

Thosaigh mé ag léamh an leabhair seo sular thárla Cogadh Phúitin san Úcráin. Chuir sé me ag smaoineamh agus mé leath bhealach tríd ar cad a dhéanfaidh sí mar Kanzelerin agus an sléicht sa tír mí-ámharach sin.

Le na hUachtaráin
Leabhair1 an suimiúil atá anseo. Beatha Angela Merkel na Gearmáine atá ann ón turas a rinne a muintir soir ó saoirse in iarthair na tíre i Hamburg, ina rugadh í, go daoirse Bhradenburg san oithear. Ba tréadaí Lútarach a h-athair agus múinteoir a máthair agus chinn é dul soir chun cabhrú le Críostaithe , "mar a bhí á dheanamh ag misinéiri chuig an Aifric!"

Tógadh ansin í mar Lutarach, Críostaí, ach, ar ndóigh ní raibh móran saoirse ann cé go raibh saol compórdach go leor ag an clann. Bhí sí go maith ar scoil agus ansin chuaigh sí chuig an ollscoil i Leipzig. Rinne sí go maith ansin chomh maith ag staidéir fisice. Is dócha gur chabhraigh sé sin go mór léithi agus an paindéim ChOVID ag scaipeadh tríd an domhain níos deanaí.

Ta na leabhair scríofa ag bean taidhleora Meiriceánacha2, Kati Marton, agus bhuail sí le Angela Merkel mar sin. Ach is dócha gur ceart cuimhne gur Meiriceánach an údar. Ach mar a deireann sí sa leabhair níl sé chom éasca sin aithne a chuir ar an mbean príobháideach seo. Ar bhealach ní ligeadh éinne ón saol polataíochta istigh ina saol príobháideach. Bhí cónaí uirthe, agus tá fós, in árasán i gcomharsanacht neamh-fhaiseanta i mBerlin. Ach anois is arís feictear óna hiompair cén saghas duine atá inti. Is minic a léiríonn sí a dearcadh ar dhuine nó ar pholasaí tréna dreach nó trén iompú a súile ina ceann!

Caith sí níos mó na sé mbliain déag i gcumhacht ina tír aontaithe féin. Nuar a d'éirigh sí as mar Seansiléir d'éirigh sí as go toiltineach. Rud nach dtárlaíonn go ró mhinic. De gnáth díbrítear as oifig iad ag an bosca ballóide nó ag naimhde ina bpáirtí féin. Ní nach ionadh gur "Mutti" (Mámaí) a tíre í.

Léirítear sa leabhair a caidreamh le ceannairí éagsúla i dtíortha eile go mór mór na Stáit Aontaithe agus Poblacht Cónaidhmeach na Rúise. An fhaid is a bhí sí ina seansailéir bhí ceithre Uachtarán ar a tír féin. Bhí ceithre Uachtarán sa Stáit Aontaithe, (Bush, Obama, Trump agus Biden) ach ní raibh ach ceannaire amháin sa Rúis (Putin). Is cosúil go raibh an claonadh agus meas aici ar Meiriceá agus "pax Meiriceánach!" Ach mar duine ó Ghearmáin Thoir bhí sí i bhfad níos cúramaí le ceannaire na Rúise. Ach nuair a tháinig Donald Trump i réim i Washington d'athraigh an scéal. Léiríonn caint Iar-Uachtarán Ghearmánach, Gauch an dearchadh agus a modh oibre a bhí aicí go soiléir: "She just doesn't play their game. She knows well and good when Putin and Trump are lying to her, mostly she disregards their fabrications and pressed on with her own agenda."

Le Xi Jinping, Putin & Erddogan
Tá an caibidil faoi Putin an suimiúil ar ndóigh. Bhí Ruisis aici agus, ós rud é gur chaith sé seal mar gníomhaire KGB i nDresden bhí Gearmánais ar a thoil ag Putin. Mar sin ní raibh gá le ateangaire agus iad ag caint. Ach ba léir gur thuig sí cé chomh dainséarach is a bhí sé mar céile comhraic. 

Bhí Béarla aici chomh maith, cé nach labhrann sí go poiblí in aon teanga seachas a teanga féin, agus bhí an-meas ag George W agus Obama uirthi. Ach nuair a tháinig Trump i gcumhacht bhí athrú iomlán ar an scéal. Ba Uachtárán nach raibh spéis dá laghad aige i bpolataíocht taobh amuigh dá thír féin agus mar sin athníodh Angela Merkel mar "Ceannaire an Iarthair" cé nár thaitn sin léi.

Entente Cordial 
An Ghearmáin & an Fhrainc
Thóg sé tamall uirthí dul i dtaithí ar Macron na Fraince chomh maith, fear óg agus spreangach dár léithí ach tár éis tamall d'éirigh leo bheith in  cáirde politiúil.

Ta dearcadh anseo ar a h-umhlaíocht. Ní duine carasmatach a bhí inti agus bhí sí amhrasach faoi dhuine charasmatach - thóg sé tamall uirthí muinín a bheith i mBarac Obama. Níor labhair sí chomh minic sin ach d'éist sí go cúramach sular ndéanfadh sí aon chinneadh.

Cé gur duine seachantach, coimeadach agus cúramach í,  bhí sí ábalta cinneadh conspóideacha a dhéanamh gan coinne. Mar shampla an cinneadh le milliún daoine ón tSiria a ligint isteach ina tír, nó deireadh a chuir le gineadh chumhacht adamhach tár éis tubaist Fukushima sa tSeapáin.

Tá an leabhar seo éasca le léamh, i stíl Meiriceánach agus sílim cé gur gá beagáinín eolas ar polatáiocht i Meiriceá ní loiteann sé seo an scéal féin faoin nduine, ceann-ródaí gan coinne. Scéal Lútarach, umhal, fad-radharch, fial agus oscailte do chuid is mó.

Má tá duine ag iarraidh aithne a chuir ar an mbean seo is fiú go mór an leabhar seo a léamh,

1. The Chancellor, The remarkable odyssey of Angel Merkel, Kati Marton: Harper Collins, ISBN 978-0-00-849945-7 (crua) nó ISBN 978-0-00-849946-4 (bog)

2.  Richard Holbrooke, iar ambasadóir SAM sa Ghearmáin agus níos déanaí mar Rúnaí Chunta na Státaí san Eoraip agus san Áis.

8.3.22

Cosúil linne...?

Bhí duine éigin ar an raidío a lá faoi dheire agus é ag déanamh tagairt do na teifigh bochta ón Úcráin. Dúirt sé go raibh sé cosúil linne. Is dócha go raibh sé ag tagairt ar a chuid éadaigh, caranna (agus peataí ag chuid acu). Eorpaigh iad cosúil linne.
 

I got wings, you got wings
All God’s chillun got wings. 
When I get to heaven, 
on’ put on my wings,
gon’ fly all over God’s heaven..

Ar ndóigh bhí an-chuid den ceart aige. Nár léirigh sé intinn nó meon éigin atá i bhfolach i ngach éinne againn?

Bhí tuairiscí chomh maith ar iompraíocht ar theorainn na Pólainne. Bhí fáilte is fiche roimh na teifigh ach go raibh fadhb ag roinnt de chine nach ón Eorpa a chuid shinsir. Níor ligeadh isteach iad chomh h-éasca le daoine "geala."

Nach daoine daonna muid uilig? Ma gearrtar muid nach dearg an dáth atá ar ár gcuid fola?

Nár léirigh an t-uafás atá a dhéanamh ag Putin ar an dtír flaithiúnasach rud éigin a bhí i bhfolach b'fhéidir. An gcreideann muid in ionannas an duine?

Ar deireadh nach ionann mise agus an duine is boichte ó tír éigin i gcroí lár na hAifrice, nó ón Áis, nó Meiriceá Theas?

Nach fíor na focail sa tsean amhrán spioradálta agus muid "All God's chillun."

• Alt le Alex Hijmans i dTuairisc.ie 9 Márta 2022 gur fiú a léamh:  Cén fáth go gcuireann cogadh in aghaidh daoine bána isteach níos mó orainn ná na cogaí a bhíonn á bhfearadh ar dhaoine de dhath? 

• Alt eile ag Fachtna Ó Drisceoil chomh maith (22/3/20220: Ní gá gur ciníochas nó fimíneacht is cúis le níos mó suime a bheith againn sa chogadh seo ná cogaí eile/

27.2.22

Píobaireacht ó Chill Dara!

Ó phrintíseach go máistir; taispeántas píobaireachta Joe Byrne ina dhuais fheiliúnach do scoláire tréitheach.

"Joe Byrne, Uilleann Piping from Co Kildare" foilsithe ag Na Píobairí Uilleann (NPU) (Béarla). Is í seo an cúigiú heisiúint in "Ace and Deuce of Piping", sraith thaifeadtaí NPU.

Tá taifead den scoth curtha ar fáil ag Joe Byrne, arb as Baile Átha Í i gContae Chill Dara dó, ina gcastar poirt chlasaiceacha ar dhóigh a tharraingíonn ar na máistrí móra píobaireachta, ach a bhfuil a stíl indibhidiúil, chríochnaithe ag baint léi.

Bhí Joe Byrne ar na chéad daltaí a thug faoi chosán foghlamtha ar chuir NPU agus Music Generation (Béarla) tús leis cúpla bliain ó shin nuair a chláraigh sé do ranganna píobaireachta Chontae Lú faoi stiúir Gay McKeon. Thosaigh sé ar dheis chleachtaidh a bhí ar iasacht aige trí scéim de chuid NPU, Píb ar Iasacht, atá maoinithe ag Scéim Chaipitil Music Network (Béarla). 

Ní hamháin gur seinnteoir ceannródaíoch anois é Joe, ach is déantóir giolcach cruthanta é chomh maith, agus cúrsa déantús píob críochnaithe aige in ionad traenála NPU, PipeCraft, atá á reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis an gcúrsa ‘Ceoltóir’ i gColáiste Breisoideachais Bhaile Formaid.

Bíonn sé ag teagasc go minic le Music Generation agus leis Na Píobairí Uilleann, agus bíonn sé ag múineadh agus ag seinm go minic ag imeachtaí cheol traidisiúnta ar fud an domhain.

@Napiobairi @JoeByrneMusic @MusNetIrl #Ceol

21.2.22

Feadóg cladaigh!

Cor fhocal anseo is ansiúd a chuireann muid ar odaisé uaireanta. Sa scéal seo* is seanbhean is a fear a thóg a n-gariníon ó fuair a iníon bás. Iudaigh ina gcónaí i bPáras iad agus mar Iudaigh tár éis an Cogadh Domhanda a chríochnaigh i 1945 tá cuimhní uafásach ina saol acu. Ní maith le an-chuid acu labhairt faoi a thárla - an tUileloscadh nó an Shoʾah1 - agus ní nach íonadh.

Buaileann tinneas ar an seanbhean - Madame Lazare. Téann an gariníonn, Levana, abhaile on mBruiséil, ina bhfuil sí ag obair, cun cabhair a thabhairt di. De réir mar a imíonn a h-éirim aigne tosnaíonn an tseanbhean ag labhairt i dteanga nach Fraincís í nó aon teanga eile a bhí ar eolas ag an ngar iníonn. Cheapann sí gur Eastóinís atá a labhairt aici mar dúradh lei gur as an Eastóin a thanaigh sí tár éis an Chogaidh agus go raibh a muintir go léir ar shlí na firinne. Déanann Leavana teanbháil le aistritheoir i gComisiúin na hEorpa len a fháil amach céard tá Madam Lazare ag rá. Ach níl mar a shíltear bítear. Is mar sin tosnaíonn odaisé neamh ghnach an scéil.

Ta an leabhair seo ióntach so-léite. De gnáth mar duine a tógadh le Béarla bíonn deachrachtaí agam ag léamh i nGaeilge nach mbíonn agam le leabhair Béarla. Ach ní raibh aon fhadhb agam leis an leabhair seo. Dár liom ní raibh focal sa bhreis ann.

Maidir leis an scéal. Agus mé á leamh bhí mé ag iarraidh fháil amach cad a tharlódh sa chéad caibideal eile. Ba dhaoine iad na príomh charachtair sa scéal. Cheap mé go raibh fhios agam cén deireadh a bheadh leis ach ar deireadh thiar bhí deireadh casta cliste leis an scéal.

Ní nach íonadh go bhfuir sé árd moladh agus gur ainmníodh mar Leabhar na Bliana 2021 ag Gradaim An Post é.

An leabhair is fearr a léigh mé le fada.

*Madame Lazare, Tadhg Mac Dhonnagáin, Barzaz 2021 #ISBM: 978-1-910945-74-2
1Is é an tUileloscadh (Eabhrais: haSho'ah, השואה) an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Romaigh agus grúpaí eile, le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Iarnóta: Críochnaigh mé an leabhar seo ar an lá a tuairiscíodh go raibh Tomás Mac Síomóin tár éis bháis sa gCatalóin. Léigh mé a urscéal "An Tionscadal" ar ábhar neamh gnóthach eile agus a thathain go mór liom chomh maith. Suaimhneas sioraí le hainmneacha na marbh.

@Barzaz_ie @AnPostIBAS

12.2.22

Gan COVID!

Tá máthair chol ceathrar liom i dteach altranais is Sasana. Tá sí thar 96 bliain d'aois agus tá néaltrú aibithe uirthi. Cé go raibh an coróinvíreas san áit ina raibh sí níor éirigh léi an galar a thógaint.

Tá aithne agam ar dhuine eile agus fuair a fear chéile an diabhail Chovid agus ní fhuair íse é. Tá aithna agam ar an chuid a fuair an galar agus ní raibh siad chomh tinn leis.

Bhí clann eile agus fuair duine sa teach agus níor thárla sé d'éinne eile sa teach.

Rud amháin tabhtach bhíodar go léir tár éis na snaithid a fháil a h-aon, a dó agus an treiseoir.

Bhí dochtúir, saineolaí i gcúrsai eipidéimeolaí, ag caint ar an raidío le deanaí agus dúirt sé nach bhfuil tuairim acu cén fáth go dtógann daoine áirithe é agus nach dtógann daoine eile é. Ní mór dúinn smaoineamh nach bhfuil an coróinvíreas seo ach dhá bhliain inar measc agus cé go bhfuil rath suntasach ar chúrsaí cóir leighis tá an chuid nach bhfuil ar eolas againn faoin ngalar.

An rud is tabhachtaí faoi ná nach mór vacsaíniú a fháil. Is cosúil gur dá bharr gur féidir linn anois a bheith chomh saor agus atá muid.

14.1.22

Neamhcoitianta agus gan coinne!

I measc na leabhair a fuair mé i rith na Nollag bhí ceann neamh gnáthach. Cnuasach de altanna agus pictiúirí a bhain leis an naonúr Uachtaráin ar Éirinn ó 1937*. 

Stair "gan coinne" a thugann an eagathóur Flor MacCarthy ar agus is fior dí mar ní bhfeafá ag súil le mórán stairiúil as post neamh-polataíochta mar atá in Uachtarántachta na hÉireann. Ach mar atá fhios againn ní mar a shíltear bítear!

"Tá mé in aois ró-mhór..."
Dúbhglás de hÍde a bhí roghnaithe sa bhliain agus ní raibh aon toghchán ann mar b'eiseann an t-aon iarrthóir. "Badh mhian Fianna Fáil agus le Fine Gael go n-ainmneóchaí tusa le bheith id' Uachtarán ar Éirinn," a bhí sa litir chuige. "Beidhmíd an-bhuidheach díot má aontuigheann tú leis sin..." Seacht mbliain ina dhiadh sin chinn sé air gan é fhéin a ainmniú "Tá mé in aois go ró mhór agus badh chóir fear níos óige a bheith im' áit-se!"

Bé Seán T Ó Ceallaigh a toghadh ina Uachtárán agus caith sé 14 bliain sa phost. Bé Seán T an cead Uachtarán a thug cúirt stáit mar Uachtarán chuig tír eile - An Vatacáin (1949). Bhí cúirt stáit aige chuig Stáit Aontaithe Mheiricea níos deanaí. Is ina thréimhse oifige a fógráidh an stáit ina Phoblacht agus fuair sé comhfhreagras chomhghairdis faoi sin

Ina dhiadh san toghadh Éamon de Valera mar Uachtarán agus ina thréimhse siu tá litreachta buíochas agus cairdeas ó chinn stáit eile a thug cuairt ar Éirinn lena linn, mar John F. Kennedy agus Grace de Monaco. B'é an ceann stáit ba shine ag an am agus bhí sé nocha bliain d'ais nuair a chrióchnaigh sé mar Uachtarán. 

Ansin toghadh Erskine Childers agus tá litir deas ó Dev á dtréaslú ag tagairt dá h-athair a cuireadh chun báis i gCogadh na gCarad. Deirtear go raibh cineál cuimhlint idir an Rialtas agus Childers ach phléasc sé sin le linn réimiash a chomharba nuair a chinn Cearbhall Ó Dálaigh éirí as mar Uachtarán tár éis níos lú ná dhá bhliain san oifig nuiar a dúirt sé nár chomhíon an Taoiseach (Liam Cosgrave) "even remotly" a dhualgas bhunreachtúil (Alt 28.5.2) "..eolas i gcoitinne a thabhairt don Uachtarán ar nithe a bhaineas le beartas inmheánach agus le beartas idirnáisiúnta."

Is cosúil go raibh na Rialtais i bhfad níos chúramaí ina chomhchaidreamh leis agus faoi an oifig tabhachtach. 

An Prez!
Faoi na uachtaráin eile mhéadíodh ar an méid litreacha agus a hábhair.

Tá caibidil spéisialta ar chomhfreagras ó pháistí na tíre agus liníocht speisialta, pictiúirí agus eile. Le déanaí tá méadú mór tagtha ar seo de bharr chursai COVID-19. Agus tá na litreachta i bhfad níos neamh-fhoirmealta "téachsach" nó "ríomhlabhairt" - "dear Prez!"

Anois tá an t-Uachtarán ar líne agus a chúntas féin (aisteach go leor is @PresidentIRL seachas @Uachtaran atá á úsáid aige) aige.

Cinnte is stair gan coinne atá sa leabhair seo agus tá léiriú an mhaith ann ní ar pholaitíocht amháin ach ar meon phobal na tíre agus meas ar ár dtír ón iasacht.

* The Presidents' Letters - An Unexpected History of Ireland, Flor MacCarthy 2021; New Island Books; ISBN 978-1-84840-769-5 (@NewIslandBooks)


10.1.22

Curtha soir!

Fuair mé roinnt leabhair mar bhrotannais um Nollaig. Ina measc bhí leabhair ar choraí chainte. (Cheapann gaolta liom ós rud é go bhfuil Gaeilge i leabhair tá sé oiriúnach dom-sa!) Leabhair  le Micheál Ó Conghaile a bhí ann*, agus tá sé an suimiúil ceart go leor. Roinnt nár chuala mé cheana iad agus roinnt eile a chuala ach ná thuig mé.

Chuir mé níos mó spéis sa réamrá agus é ag caint ar a óige ar Inis Treabhair i gCeantair na nOileán i gConamara. Bhí cuimhne ar a óige nuair nach raibh Béarla ar bith aige. Thosaigh ar scoil ar an oileán sa bhliain 1966 agus bhí duine is fiche ag freastal ann. Nuar a d'fhág sé í (1975) ní raibh ach cúigear ann agus dúnadh í sa bhliain 1980 nuair nach raibh ann ach beirt.

Deireann sé go raibh 170 ina chónaí ar an oileán i seachtóidí an naoiú aois deag agu gur fhag a clann deireannach an oileán "cúpla bliain ó shin."

I nuacht litir Pharóiste na Ceathrún Rua bhí píosa ann ag deanamh comparáid idir 1921 agus 2021. Báisteadh 96 páiste ann i 1921, bhí 46 bainis ann agus cuireadh 34 daoine ag deireadh a saol. Anuireadh fuair 38 daoinea bás, báisteadh 49 agus phós seisear cúpla.

Cinnte tá difríocht mór idir 1921 qgus 2021 i saol na ndaoine agus ar dearcadh na ndaoine. Ta clainnte níos lú ann agus ní phosann gach cúpla ach mar sin féin tá léiriú éigin ar cad tá ag tárlúint faoin dtuath.

Níl cúrsaí i gCois Fharraige chomh dona is atá sé níos faide siar áfach. Bhí píosa againn, "Achainí thochtmhar aniar!" ar na deachreachtaí atá á chuir ar fhorbairt na h-áite tré cúngdhearchacht lucht pleanála sa Rialtas áitiúl agus náisiúnta.

Tá sé deachair a shéanadh nach bhfuil tuiscint dá laghad ag an gcóras riaracháin thoir ar an saol san iarthair.  Bhí litir ar an ábhar seo i roinnt nuachtáin áitiúil trí no ceithre bliain ó shin a rá nach bhfuil "worthwhile plan to address rural decline" ann.

D'fhéadfá a rá go bhfuil siad ag iarraidh muid a chuir soir - chun cor chaint a úsáid! (Lch 122 sa leabhair úd!)

Colourful Irish Phrases, Micheál Ó Conghaile,  Mercier Press 2018; ISBN: 978 1 78117 555 2


3.1.22

Uasalaicme!

Tá mé díreach tár éis leabhair Mháire Mhac An tSaoi, Scéal Gearóid Iarla* a léamh. Leabhair deas a léiríonn saol nach bhfuil ann a thuile agus saol i dtréimhse nach bhfuil mórán eolas againn faoi. Ar bhealach cé gur úscéal atá ann, is leabhar filíochta gan filíocht é  chomh maith. Gach caibidil gearr so-léite agus uaireanta cuid dé filíochta an Iarla féin ann.

Chuir sé mé ag smaoineamh ar an saol Ghaelach a bhí ann fiú nuar a ghlac Rí Shasana "Tiarnas na hÉireann" ar féin agus fiú  go dtí teitheadh na nIarlaí sa bhliain 1607. Bhí uasal aicme ann le tréithe agus nósanna nach raibh ag na Sasanaigh nó fiú ag na huaisle i dtíortha eile san Eoraip. Cé go raibh sé chomh Gaelach sin bhí sé ina fear ionad don Rí Shasanach chomh maith. Léiríonn an leabhair seo cé chomh Gaelaithe is a bhí na Normánaigh chomh fada le deireadh réimis roga na Phlantagenet i Sasana ó Aonraí II chomh fada leis a triú Risteard a fuair bás sa pháirc úd i mBosworth. 

Ag aimsir Ghearóid Iarla (caoga bhliain roimhe sin) ba léir go raibh saol chomh Ghaelach agus ab fhéidir a bheith ag na huaisle. Bhí an altramas á chleachtadh i measc na huaisle - Gaelach is Normánach mar shampla. Agus ar ndóigh bhí meas acu ar an bhfilíocht - mar léirítear sa leabhair seo. 

Ach  is faoi Clann Tudor an dá Aonraí (VII & VIII) agus Éilís, a thosaigh an sléacht is an cos ar bholg ar an saol agus an intinn maorga Ghaelach - go fiú an lá atá inniú ann.

Pic: Galway Advertiser 30/12/2021
Agus mé a smaoineamh ar seo tháinig cóip den Galway Advertiser chugam agus istigh ann bhí cúntas ar Art Ó Laoghaire agus an caoine a dúirt a bhaintreach nuair a fuair sí é "Gan Pápa gan easpag, Gan cléireach gan sagart." Bhí léiriú ar an scéal agus bhuail smaoineamh céanna liom. An saol eile seo a bhí ag na huaisle in Éireann a bhí le feiscint i saol Airt Uí laoghaire, an oifigeach calma in Airm na hUngáire agus ag a ghrá gheal. 

Rud nach bhfuil fágtha anois faraoir. 

Is dócha gurb iad Chlann Eibhlín Dhuibh i measc na huaisle, na sean-uaisle seo a chleacht na sean nósanna Ghaelach. Ar bhealach bá é Dónal Ó Conaill an Uasal Ghaelach Deireannach agus gur fagadh na sean nósanna sin le nua-nósanna Uaisle Shasannach a ghlacadh. Narbh fhíor don gCraobhinn nuair a ardaigh sé an cheist beagnach céad tríocha bhliain ó shin? 

"If we take a bird's eye view of our island today, and compare it with what it used to be, we must be struck by the extraordinary fact that the nation which was once, as everyone admits, one of the most classically learned and cultured nations in Europe, is now one of the least so; how one of the most reading and literary peoples has become one of the least studious and most un-literary, and how the present art products of one of the quickest, most sensitive, and most artistic races on earth are now only distinguished for their hideousness."

Nach aisteach na rudaí thagann isteach i do chloigeann agus tú ag leamh leabhair! 

* Scéal Ghearóid Iarla, Máire Mhac an tSaoi, Leabhair Breach 2011, ISBN 0 898332 53 7