21.11.16

Corr Riasc ag guibhe? (Ceartaithe!)

Féach an iar nóta thíos!

Tá an aimsir fuair na laethanta seo ach tá sé tirim agus glan go leor le dul ag siúl. Tá siúlóidí deas thár timpeall anseo. Tá ceann deas ó dheas ón dtí againn a théann siar ó dheas chuig caladh beag - Céibh an Chaoráin nó an Chéibh Nua a thugann Tim Robinson air - agus amach uaidh tá neart carraigreacha agus oileáinín beaga. Tá An Codú féin beagáinín níos faide siar.

Inné chuamar ag siúl mar is dúil dúinn. Thugamar faoi dearadh rud éigin ag seasamh ar carraig amuigh sa bhfarraige. Is dócha gur Corr Riasc a bhí ann. Is minic atá siad le feiscint ar chosta Chonamara ach an rud is spéisiúla faoin gceann seo ná go raibh a chuid sciathán á leathadh an t-am ar fad - cosúil le sagart a rá "Orate fratres!".

Thóg me roinnt pictiúirí le mo fón. Má brútar ar an gceann thuas feicfidh tú é. Rinne me iarracht pic a thogadh leis an zoom ach níor éirigh chomh maith leo siúd thios



Iarnóta Cheartúcháin- 27 Samhain 2016: Tá mé buíoch as an mblagadóir "Mise Áine" mé a chuir ar an mbóthar ceart anseo mé nuair a dhírigh sí m'airde ar phíosa a scríobh sí anuireadh - Éan scéal. Is cosúil nach Corr Riasc atá ann ach Broigheall nó ainm a thaitníonn go mór lion, An Cailleach Dubh. Tá Scairt air an éan sin i gCúige Uladh dár le Cairde Éanlaith Éireann (Béarla).

• Seans go mbeadh spéis agat sa chean  seo faoi éan atá gaolta leis an gcorr riasc a bhí ar chúl an tí sa bhliain 2013: Éan bán i ndiaidh stoirme...

16.11.16

Ró ró luath?

Fuair mé é seo sa phost leichtreoineach anseo ó Tuismitheoirí na Gaeltachta ar maidin! Tá sé ró luath - nó an bhfuil?

"A Chairde,

Bhí drogall orainn é seo a fhógairt chomh luath seo – ach bhí daoine ag fiosrú faoi (tá sibh an-eagraithe go deo!!) mar sin rinne muid an cinneadh an scéal a scaipeadh!

Sea, beidh muid ag tabhairt cúnaimh d’fhear na féasóige arís i mbliana…bí ag scríobh!!

Tuilleadh eolais thíos. Beidh bileoga á scaipeadh ar scoileanna Chonamara agus ceantar Gaeltachta Thír Chonaill an tseachtain seo chugainn. Déan teagmháil linn más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh go gcuirfeadh muid billeoga nó postaeir sa bposta chugaibh. Is maith le Santaí na litreacha Gaeilge!

Le buíochas

Sorcha agus an coiste."


Litir chuig San Níoclás


Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta le cúnamh a thabhairt d’fhear na féasóige arís i mbliana agus na litreacha uilig ó ghasúir Chonamara (agus áiteanna eile ar fud na hÉireann agus na cruinne) a chruinniú le chéile agus a chur chuige, le go mbeidh sé in ann iad a fhreagairt i nGaeilge!

Ní gá do na gasúir ach a gcuid litreacha a chur sa bposta chuig an seoladh seo:

Litir chuig Santaí
F/Ch Tuismitheoirí na Gaeltachta
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe.

Bí cinnte Tuismitheoirí na Gaeltachta a scríobh ar an gclúdach litreach agus stampa a chur air lena chinntiú nach rachaidh an litir amú. Scríobh ainm agus seoladh na ngasúr ar an litir freisin nó beidh mearbhall ar an bhFear Mór!

Moltar go láidir na litreacha a bheith sa bposta roimh Dé hAoine, an 9 Nollaig.



Bímís ag scríobh agus bí go maith!