28.2.13

Deireadh nós!

Seo litir a chuir mé agus a foilsíodh san eagrán deireannach de Gaelscéal (agus níos deanaí i Nuacht 24.

Cupán cáife agus Gaelscéal...

A chara,

Bhí sé de nós agam cúpán mór láidir caifé a bheith agam agus Gaelscéal a léamh gach seachtain. Bhí neart le léamh inti agus is ansin a fuair mé an-chuid eolais faoi a bhí ag tarlúint sa saol Ghaolach thart timpeall na tíre. Rud tábhachtach, dar liom, ná an dearcadh a bhí ag roinnt de bhur n-iriseoirí sa Sé Chontae, dearcadh nach bhfuil ag na meáin Bhéarla ná fiú ag TG4 ná R na G.


Ní thuigim an cinneadh caolaigeantach atá déanta ag Foras na Gaeilge, nó sa saol níos leithne céard atá ar siúil ag an Rialtas. Léiríonn na cinntí atá déanta , nó nach bhfuil á dheanamh acu, an neamh-shuim agus an easpa tuisceána ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí phobail.


Guím gach rath ar an fhoireann bheag dhíograiseach a bhí ag Gaelscéal. Tá muid go léir go mór faoi caomhaoin agaibh.


Go raibh míle maith agaibh



Eoin Ó Riain

Conamara

Seo píosa ón Gaelscéal deiridh inné:

"Cuireadh Gaelscéal i gcré na cille ag 18:00 aréir. Tá go leor irisí agus nuachtáin breátha thíos sa reilig chéanna, i mbun díospóireachta go deo.....

"I ndeireadh na dála, bhí conradh ann idir Thorann na dTonn, úinéir Ghaelscéal, agus Foras na Gaeilge. Faoi choinníollacha an chonartha sin, bhí Gaelscéal le bheith ag díol 9,000 chóip faoin am seo.

Ní raibh ná aon bhaol air agus ní bheadh choíche.

Mar sin de, tá an conradh briste, tá deireadh curtha leis, tá ré Ghaelscéal thart. Sin é."

An mbeidh nuachtán eile Gaeilge mar chomharba at Inniú, Anois, Lá, Foinse, Lá Nua, agus Gaelscéal. Ag Dia amháin atá a fhios mar is léir nach bhfuil a fhios ag Foras na Gaeilge!

21.2.13

Na cáirde ag damhsa!

Tá sé fógraithe ag an gcoiste náisiúnta de Chairde Rince Céilí na hÉireann go mbeidh an 5ú deireadh seachtaine náisiúnta den rince céilí á reachtáil acu san Ionad Comhdhála agus Spioradálta i Dromantine, Co. an Dúin ón 3-5 Bealtaine 2013. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl thar an deireadh seachtaine beidh trí Fhíor-Chéilí, Fíor-Chéili na nÓg, cainteanna, cúrsa traenála do dhaoine gur mhaith leo rince céilí a mhúineadh, ceardlanna rince céilí agus Aifreann dátheangach.

Tá lóistín ar ard-chaighdeán ar fáil ar an láthair don deireadh seachtaine iomlán nó beidh fáilte roimh dhaoine teacht chuig na h-imeachtaí a oireann dóibh fiú muna bhfuil siad ag fanacht don deireadh seachtaine. Táthar ag glacadh le háirithintí don lóistín anois.

Beidh daoine ag teacht ó ghach chearn den tír agus thar lear don teacht le chéile seo a bhíonn ar siúl uair amháin gach trí bliana. Tá tuilleadh eolais faoin eagraíocht agus faoin deireadh seachtaine ar fáil ar an suíomh acu nó ón Rúnaí Náisiúnta Eilís Ní Mhearraí ar 087-2770873.

16.2.13

Ardú meanma!


Rinne mé tagairt don earrach le deanaí nuair a roinn mé pictiúirí de sceathrag froig a bhí le feiscint i linn agus muid amach ag siúlóid seachtain ó shin. Inniú tá comhartha eile sa gharraí ós comhair an teach s'againne.

Lus an chromchinn cróga a tháining amach ar a chuairt bliaintúil chugainn. Túar eile dhóchas, ó thaobh aimsire de pé scéal é. Cuireann sé i gcuimhne dom mach mbeidh lá Lúis an Chomchinn ag linn i bhfad - an 22ú lá Márta 2013 i mbliaina. Seo lá ina bhailítear airgead ar son Chumann Ailse na hÉireann (Béarla) agus i mbliaina táid ag comóradh caoga ón gcéad lá a bhí ann i 1963.

Comhartha le ardú meanma a thabhairt do dhuine. Tá Dia láidir!




13.2.13

Gradam Ceoil 2013

Is ar an mboscadóir cáiliúil as Dún na nGall Dermot Byrne a bhronnfar Gradam Ceoil 2013. 

Dermot Byrne
Fógraíodh sin agus duaiseoirí eile na bliana ag ócáid i Luimneach aréir. Tá ardmheas agus cáil ar fud an domhain ar Dermot, ball den ghrúpa aitheanta Altan le fada.

Tugann Gradaim eile na bliana seo aitheantas do cheoltóirí agus d’eagras a bhfuil gean orthu agus urraim dóibh: cumadóir agus fidléir as Tír Chonaill a bhí mar bhall bunaithe den Bothy Band, amhránaí binn ildánach as Corca Dhuibhne a bhfuil cáil an cheoil ar mhuintir ar fad, fear as iarthar an Chláir a bhí ina bhall bunaithe de Cheoltóirí Chualann agus de na Chieftains, fidléir óg as Muineachán agus eagras ar éirigh leis uirlis a bhí a mbaol báis a tharrtháil agus a chur chun cinn go héachtach.

Seo duaiseoirí Ghradam Ceoil TG4 Ceoil 2013:


• Gradam Ceoil: Dermot Byrne
• Ceoltóir Óg: Dónal McCague
• Gradam Saoil: Michael Tubridy
• Cumadóir: Tommy Peoples
• Amhránaí: Séamus Ó Beaglaoich
• Gradam Aitheantais: Na Píobairí Uilleann

Gheobhaidh siad ar fad duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll. Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 30 Márta 2013, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird. Craolfar ar TG4 an oíche dar gcionn, Domhnach Cásca. Tá an ócáid sin á heagrú mar chuid de agus le tacaíocht ó Thóstal Éireann 2013 agus beidh maithe go leor i láthair mar bhronntóirí agus ag seinm ar an oíche.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur “deis luachmhar é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha a shaibhríonn agus a cheiliúrann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil, i láthair a gcairde féin agus trí mheán na teilifíse agus an Idirlín.”

Deir Jim Miley, Stiúrthóir Togra Thóstal Éireann 2013 go bhfuil áthas air go bhfuil an Gradam Ceoil agus an Tóstal ag obair as láimh a chéile. “Is dlúthchuid d’fhéiniúlacht na hÉireann é an ceol traidisiúnta,” a deir sé “ agus tuilleann ár gceoltóirí meas agus urraim don tír seo i ngach ceard den domhan. Is tóstal ar leith é an Gradam Ceoil agus is deas a bheith luaite leis.”

12.2.13

Léacht: Teilifís & twitter!


Tá cúrsaí teilifíse ag athrú go tapa le seirbhísí ar líne ag athrú an gaol idir an lucht féachana agus na cláir atá á gcraoladh. Sa chaint seo, eagraithe ag Foras Gnó na hÉireann, labhróidh Diarmaid Mac Mathúna faoi na dúshláin agus na deiseanna atá á gcruthú do chomhlachtaí. Úsáidfidh sé samplaí ó chláir ar nós Bród Club (Dhá Theangach) le Bernard Dunne chun na deiseanna don Ghaeilge a phlé freisin.

Is léiritheoir físe é Diarmaid Mac Mathúna a bhíonn ag obair ar an teorainn idir cúrsaí teilifíse agus gréasáin shóisialta ar líne. Oibríonn sé leis an gcomhlacht físe Agtel, agus i measc na cliaint aige tá RTÉ, an HSA agus KBC. Chruthaigh sé GaelSpell freisin, rud a thugann saineolas faoi leith dó ar chúrsaí teicneolaíochta agus saol na Gaeilge.

"Teilifís agus Twitter: Gréasán nua agus Gréasán Gaelach?"
le Diarmaid Mac Mathúna

19:30, Dé Déardaoin, 7ú Márta 2013
Cumann na nInnealtóirí, 22 Bóthar Cluaidhe, Baile Átha Cliath 4
Fáilte roimh chách, saorchead isteach.

Beidh an léacht craolta ar an ngréasán. Chun clárú chuige sin,
bain úsáid as an nasc seo.

11.2.13

Gníomh cosáin coisithe Chonamara

"Siúl, siúl, súil, a rúin," a deireann an amhrán ach go minic is gá na focal "go dteigh tú a mhúirnín slán" a chuir leo más ar bhóthair Chonamara atá do thrial!

Tá fhios ag madraí na sráide faoi crot bhoithre Chonamara. N'fheadair an fhuil fhios acu faoin easpa chosáin in an chuid áiteanna ann.

Tá gníomh á dhéanamh ag Coiste na Tulaigh na madraí a chuir ar an eolas i mí Márta tré Oíche na gCon a eagrú istigh i nGaillimh ar an  gcead Sathairn sa mhí sin. Beidh slua ag dul soir ann le craic a bheith acu agus airgead a sholáthar do thógra le cosán ó Áras TG4 siar chomhfada le cros bhóthar Bhaile na hAbhann. Is dócha gur comhartha ar an nganntanas maoine ón Rialtas é nach bhfuil an Comhairle Chontae sásta (nó ábalta?) íoch ar obair mar sin ó chiste na Chomhairle.

Eagraíodh ocáid ag chuir tosú leis an bhfeachtas ar an Aoine seo caite agus b'é laoch peile (nó caide) Chiarraí agus tráchtaire raidío agus teilifíse, Dara Ó Cinnéide, a sheol é. Bhí slua ón gceantair ann mar aon le hionadaí áitiul, mar an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus na Comhairleoirí Seán Ó Tuairisc agus Seán Ó Laoi. Bhí dhá cúnna ann lena a dtacíocht a theaspáint chomh maith!

Tá pictiúirí den ocáid le feiscint ar facebook anseo.

Bí ag breathnú le níos mó eolais faoin oíche spraoiúil seo ar an meáin soisialta agus eile!

10.2.13

Sceathrach - Comhartha earraigh!

Froganna ar a mbealach?
Amach ar siúlóid ar an mbóthar ó dheas inniú - bhí an maidin deas agus tirim, buíochas le Dia - bhí neart fuinte nó linntreoga inár slí.

Thug mé faoi deara i gceann acu go raibh rudaí beaga cosúil le glothach nó taipióca ag lonrach ann. Sceathrach froig a bhí ann, síol froganna atá ag feitheamh le briseadh amach ina torbáin beag dubh nó súmadóirí.

Comhartha eile ag rá linn go bhfuil an earrach tagtha.

Toisc go bhfuil siad uilig i linntreog ar an mbóithrín níl mé cinne gurb é an áit is fearr dóibh a bheith mar bhíonn corr charr nó tarrchóir ag teacht agus ag imeacht ar an mbóthar seo.

Deirtear liom go dtógann sé deich sheachtain ar shúmadóirí chun fás ina bhfroganna beaga.

Coimeádfaidh mé súil orthu pé scéal é!

4.2.13

Missale Romanum


Tíonóldh an t-ochtú cruinniú den gCoiste Sapienti le iniúcadh a dhénamh ar aistrúcháin nua an Missale Romanun i gCnoch Mhuire idir an 30 Lá Eanáir agus a 4ú lá Feabhra 203.

Bhí An Dr Ró Oirmh Michael Neary, Árdeapag Thuama mar cathaoirleach. Bhí An Dr Ró Oirmh Philip Boyce, Easpag Rath Bhóth, An Dr Ró Oirmh Brendan Kelly, Easpag Achadh Conaire, An Dr Caitríona Ó Dochartaigh, An Moinsíneoir James Ó’Brien, An tUas Brian Ó Donnchadha agus an tAthair Joseph Briody, Rúnaí, i láthair ag an gcruinniú freisin.

Rinne an coiste trácht ar fuílleach ábhair sa Mhissale Romanum, mar Aguisíní 2-5; Aifrinn Mhóideach; Aifrinn Deasghnathach; Coisreacháin Maighdean; Glacadh Módhanna Daoine Rialta, 7rl; Tiomóntas Eaglaise agus Altóir chomh maith le hAifrinn agus paidreacha le haghaidh riachtainisí agus ocáidí éagsúla. Luadh agus moladah arís ard-chaighdeán na dréachta tríd is tríd.

Cuireann an scrúdú seo deireadh leis an gcéim seo d’iniúcadh an dréachtaistriú ar an mbealach go críochnú An Leabhar Aifrinn Rómhánach go luath.

Tathar ag súil leis an gcéad cruinniú den gcoiste sa Róimh i mí Bealtaine 2013.