22.1.07

"Sé áthas an Tiarna do neart!"

Tháinig na smaointe seo chugam ag Aifreann inné!

Is cuimhin liom ag cruinniú urnaithe i mBaile Átha Cliath timpeall 10 no 15 bliain ó shin chuaig mé chuig daoine le haghaidh paidir príobháideach. Bhí mé beagáinín gruama ionam fhéin, in ísle bhrí, dúlagan imní orm!

"'Se áthas an Tiarna do neart!"
Bhí beirt ag paidireoireacht liom (Kay agus Dermot). D'fhanadar liom ar fead trí nó ceithre neomaid ag urnaí i mBéarla agus i dteangacha. Ag an deire dúirt Kay liom go raibh "focal" aici dom. Agus ansin dúirt sí na focail: "'Sé áthas an Tiarna do neart!"

Bhí íontas éigin orm na focail seo a cloisint mar bhí mé tar éis bheith ag léamh leabhair le Frank Sheed "To know Christ Jesus" agus ar an cludach bhí píosa ag caint faoi chomh aineolaach a bhíomar ar Íosa ina phearsantacht. An bhfuil fíoraithne air mar dhuine? An raibh sé ag caoineadh ríomh ina shaol agus caithin? Luaigh Sheed go raibh áit amháin sa scrioptúr ina luaitear go raibh áthas air. Agus mar sin de. (ISBN: 9780898704198: Ignatius Press, Béarla)

Chuaig mé abhaile agus mé ag smaoineamh ar an focal a bhí ag Kay dom. Níor chuala mé cheana iad agus cheap mé go raibheadar bainteach leis an meon a bhí orm ag an amm - duibheagán croí.

Agus ansin trí nó ceithre seachtaine tár éis na Nollag bhí mé ag Aifreann agus gan mórán áird á thabhairt don léamh ar an lá sin nuair a chuala mé an focal arís ón duine a bhí ag léamh: "Sé áthas an Tiarna do neart!" (Tá sé le fáil i Leabhair Nehemiá 8:10).

Ó shin déanaim iarracht áthas an Tiarna a fheiscint I mo shaol fhéin agus i saol na hEaglaise. Má tá athas ann tá an Spiorad Naomh ann. Mar tá an Spiorad Naomh ann bíonn a torthaí le feiceáil, “Grá, Lúcháir, Síocháin, Foighne, Cineáltas, Dea-chroí, Láchas, Dílseacht, agus Féinsmacht.”

Mar a deireann N Pól, "Bígí lucáireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: Bíodh lúcháir oraibh."

Agus má tá tú ag lorg an áit in a deireann sé go raibh áthas ar Chríost tá sé ráite ag Lucás 10:21 nuair a deireann sé go ndearna íosh "gairdeas sa Spiorad Naomh."

Bíodh gairdeas an Spiorad Naomh orainn go léir i gcónaí.

(Foilsíodh an píosa seo in Iriseán Ardeoise Thuama, New Dawn, Earrach 2013)

No comments:

Post a Comment