14.3.13

An Pápa nua!

"Qui Sibi Nomen Imposuit Franciscum"

Nuair a tháining an Cairdinéal Tauron amach ar Loggia Lár Eaglais Naomh Peadair bhí gach éinne ag súil le togha duine de na Papabile, iad siúd a bhí na i mbéal lucht an phreasa, Schola (Milano), nó Scherer (Sao Paulo) nó fiú O'Malley (Boston). Ach bhí féirín gan coinne aige dúinn.

Súiomh na Vatacáine ar maidin! (Spáinis)
Habémus Papam
Bhí guth cuíosach lag ag an gCairdinéal agus é ag rá na focail traidisiúnta:
"Anunnuntio vobis gaudium magnum..."
Bhí ciúineas sa slua leis an ainm a cloisint. "Seoirse Máire.." Cén sloinne? Níor chuala mé an sloinne i gceart. Ach ansin dúirt sé ..."Qui Sibi Nomen Imposuit Franciscum"
Tháinig osna ón slua, "Cen duine é seo?" "Seo ainm nua ar fad!" "Prionsias.!"

Thóg tráchtaire RTÉ, Bryan Dobson, neomad nó dhó leis an eolas a thabhairt dúinn. Ar deireadh bhí sé aige agus dúirt sé gur Cairdinéal ón Airgintín abhí ann, Jorge Mario Bergoglio, 76 Bliain d'aois, agus leis an ainm Prionsias, an chéad duine a thóg an ainm sin. Mar aon leis sin Íosánach a bhí ann, an chéad Íosánach riamh a toghadh mar Pápa.

Habemus Papem (Smaointe Fánacha Aonghusa 4/4/2013)
Ar ndóigh thosaigh gach éinne ag smaoineah ar cén brí a bhí le rogha ainm Il Poverello, Naomh Assisi, naomh bochtanais, naomh an dúlra, an naomh a fuair an teachtaireacht "Téir agus déan mo h-eaglais a ath-tógáil dom!" An siombal a bhí san ainm seo?

Seo muid
Thóg se cúpla neomad eile leis an fuinneog a oscailt arís agus ansin tháining sé amach.

Thug daoine a thuigeann na rudaí sin faoi dearadh go raibh sé spéisiúl nach raibh air ach a chuid éadaí bán. Ní raibh air an muzzetta, nó an fhallaing dearg le cóiriú eirmín leis an stól. Ní raibh ach an éidaí simplí bán air. Siombal eile? Bhi an cuma gur baineadh geit mór as nuair a sheas sé go cúthalach ós comhair an slua.

Ansin labhair sé, nós a thosigh Eoin Pól II, "Fratelli e sorelli, Buona sera..." Bhí Iodáilis mhaith aige! Agus bhí athás ag an slua Romhánach. "...chuaig na Cairdinéal chuig deireadh an domhain le bhúr n-easpag nua a fháil....ach seo muid!"

Ansin threoirigh an slua ag urnaí don iar-Phápa Benedict XVI, "Ár nAthair...Sé do Bheatha a Mhuire...Glór don Athair." Rud nua eile!

Ansin d'iarr sé ar gach éinne guidhe go ciúin leis roimh a chéad bheannú mar Pápa. Chroim sé a cheann agus tháinig ciúineas mór ar an slua, slua ollmhór sa chearnóg.

Ansin chuir sé air an stól agus thug sé a bheannacht Urbi et Orbi, don cathair agus don domhain. Briseadh eile leis an dtraidisiún a bhí anseo mar níor chan sé an bheannú.

Nuair a bhí an beannú thart dúirt se leis an slua go raibh sé le dul le guidhe ag scrín Salus Populi Romani - scrín Mhuire in Eaglais Mhuire Mhór.

Ag an deireadh dúirt sé "Oíche mhaith agus codladh sámh!"

Mar a deirim is cosúil gur duine nua atá mar Pápa againn. Tá comharthaí le feiscint agus le cloisint. A ainm, Iosánach, simplíocht a bheatha go dtí seo, a dhúcas mar "Papa Americano." Mar a dúirt duine éigin ar twitter: "Ní h-é Prionsias I chomh mór san againn ach Eoin Pól I!"

Mar a deireann siad sa Róimh, "Viva il Papa Francisco!"
Simplíocht! Eoin Pól II agus Prionsias ar lá a dtogha


1 comment: