30.1.14

An cinneadh ceart? Uisce Éireann eile á bhunú ag an Rialtas?

"Cuireann an tAire fáilte roimh shíniú an chonradh don Chóras Náisiúnta Postchóid"

Seans gur chaill tú an nuacht seo.

D'fhógair an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte TD ar an Luain (27 Eanáir 2014) go bhfuil an conradh foirmiúil don Cheadúnaí Bainistiú Postchóid sínithe le Capita Ireland (Béarla).

Déantar soláthar sa chonradh deich mbliana atá sínithe le Capita, le tacaíocht ó BearingPoint (Béarla) agus Autoaddress, le haghaidh postchóid náisiúnta a dhearadh, a chódú agus a sheoladh amach faoin gcéad ráithe de 2015.  Is dearadh úrnua ar domhan é ina n-úsáidtear aitheantóir uathúil le haghaidh gach uile seoladh in Éirinn.

Úsáidfear cód alfa-uimhriúil 7 gcarachtar sa chóras nua postchóid.  Coinneofar na ceantair poist i mBaile Átha Cliath mar atá siad. Ní fios dúinn an mbeidh na códeanna bunaithe aimneacha áite agus más mar sin a bheidh siad an ar ainmneacha ársa Ghaelach áite a bheidh siad bunaithe!

Deirtear linn go ndéanfadh gach seoladh agus a chód a stóráil i mBunachar Sonraí Seoltaí lárnach (PAD).   Le rochtain ar na geo-chomhordanáidí a bhaineann leis an gcód seo beifear ábalta léarscáiliú mar a dhéanamh ar láthair an chóid ar ardáin éagsúla teicneolaíochta agus fearais, lena n-áirítear ríomhairí, taibléid, fóin póca, loingseoireacht saitilíte agus córais ele bhogearraí léarscáilíochta.   Beidh láthair gréasáin ar fáil don phobal agus beidh rochtain in aisce air chun postchóid a lorg go mear agus go héasca.

Bunóidh an Ceadúnaí Bainistiú Postchóid láthair gréasáin faisnéise sna míonna atá le teacht chun Ceisteanna Coitianta a fhreagairt, faisnéis iomlán a sholáthar faoi dhearadh an chóid, úsáid agus buntaiste an phostchóid náisiúnta a fhógairt, agus cabhrú le gnólachtaí pleanáil a dhéanamh don chóras nua.

Ní deirtear linn cén fáth go bhfuil gá leis an  gconradh áirithe seo agus costas mar tá ronnt chomhluchtaí ann cheanna féin atá cuid nó an cuid is mó den obair seo déanta cheann féin.

Is cosúil nár iarraidh fiú ar LOC8, mar chomhlucht ag fáil cúnamh stáit ó Fhiontraíocht Éireann cheana féin, dul san iomaíocht don gconradh seo. An raibh fhios ag an aire nó ag a chomhairle go raibh a leithéid de chomhlucht ann? Is léir ó mo chuid taithí féin go bhfuil an cumas ortha an cineál seo obair a dhéanamh, ní h-amháin san ach tá sé á dhéanamh cheanna féin.

Tá mise clúdaithe leo agus á úsáid ar mo sheoladh féin. Más maith leat is féidir dul díreach agus breathnú ar an teach againn ag Caorán na gCearc tré cliogáil ar an gcód K5C34RW8. Dála an scéal tá ainm truailithe na h-áite ar an learscáil mar nach bhfuil an leagan ceart d'áit Ghaeltachta ar léarscáil Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (Béarla) - ait go leor níl ainm na h-eagraíochta féin i nGaeilge ar a suíomh acu!

Ní fios dom cén chostas a bheidh ar seo ach tá aon rud idir €15milliúin go €25milliúin air - nó níos mó?. An Uisce Éireann atá á bhunú aige?



No comments:

Post a Comment