22.1.10

Éan aisteach


Cúpla lá ó shin chonaic mé éan aisteach sa gharraí taobh leis an teach. Níor éirigh liom pictiúir ceart a fháil de agus d'imigh sé sul a raibh seans eile agam pictiúr níos fearr a fháil. Ar maidin thugas faoi dearadh ealta de cúig nó sé acu sa ghearraí ó dheas den teach. D'éirigh liom griangraf i bhfad níos fear a fháil agus seo dhá cheann.

Is cosúil gur cuirliúin ata ionta, nó crotach mar a thugtar ortha a shuíomh Birdwatch Ireland (Béarla).

Tá trí cineál cuirliún ann dar leis an suíomh seo:an Gobanán Crotaigh, an Crotach cloch and an Crotach. Tá éan eile luaite an Crotach Éanaigh. Deireann focal.ie go bhfuil and focal Cuirliún "in úsáid" seachas Crotach.

Is lapaire an éan seo. Déanann na h-éin mhóra dhonna seo a neadacha i mí Aibreáin agus i mí Bhealtaine nuair a bhíonn neart bia le fáil. Is éin cheoil iad agus tá glór ar leith acu. Déanann siad a neadacha sa fhraoch ar na tortóga. Itheann siad péisteanna mar cuiteoga, feithidí agus plandaí a aimsíonn siad lena ngob fada cuarach sa puiteach nó i dtalamh bog.

5 comments:

  1. Dea-scéal nó bhí an crotach ar shéala a bháis nach raibh?

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Sílim go bhfuiltú ag baint mí bhrí as nod Focal.ie, atá tógtha ón leabhar

    "Ainmneacha Plandaí agus Ainmhithe · Flora and Fauna Nomenclature (eagrán·edition 2) 2004"

    Ciallaíonn "in úsáid" go bhfuil an leagan sin sa chaint, sa bhreis ar an leagan údarásach.

    ReplyDelete
  3. Gura mait agat, 'Aonghuis. Catfidh mé ceist a chur ar duine de mhuintir na háite anois le cén ainm atá acu féin ar.

    Agus a Fearn, is dócha gurb é an traonach a bhí (atá?) i mbaol. Deirtear go bhfuil an crotach coitianta go leor.

    ReplyDelete
  4. Téann a ghlór agus glór na farraige le chéile go paiteanta . An t-éan cladaigh is fearr liomsa.

    ReplyDelete
  5. Téann a ghlór agus glór na farraige le chéile go paiteanta . An t-éan cladaigh is fearr liomsa.

    ReplyDelete