Cuid den slua taobh amuigh den bPoitín Stíl ag oscailt Oireachtais Chois Fharraige
(Pic Sheáin Uí Chualáin ar twitter)
|
Nascanna Pictiúirí don cuid is mó Réamh imeachtaí Pictiúirí ón Seoladh Chláir Seoladh Leabhrán Óireachtas Chois Fharraige (An Coimisinéir Teanga) Pictiúirí Oscailt Oifigiúil Oscailt Oifigiúil (Joe Steve Ó Neachtain) Pictiúirí Pictiúirí eile Imeachtaí éagsúla An Cabaret Craiceáilte Taispeáinteas Ealaíne Agallamh le h-údar Rocky Ros Muc (pictiúirí) Omós do Johonny Chóil Mhaidhc Omós do Johnny Chóil Mhaidhc (eile) Fís'74 - cad a thárl dó? Seoladh "Colmcille i gConamara" Seoladh "Chois Fharraige le mo linnse" Coirm Ceoil Mór Shean Nóis (Uachtarán na hÉireann i láthair) Choirm Cheoil Sean-nós (eile) Seoladh "An Glanfhírinne" Coirm Cheol an Chlabhsúir Coirm Cheol an Chlabhsúir (eile)
|
Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.
An Smaoineamh
Níos túisce i mbliaina bhí an smaoineamh ag Cumann Forbartha Chois Fharraige faoina Cathaoirleach Donncha Ó hÉilithe comóradh Oireachtas Chois Fharraige 1974 - 2014 á eagrú, an deireadh seachtaine deireanach de mhí Mheán Fómhair, le comóradh a dhéanamh ar an neomad seo i stair na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge 1974 i nGaeltacht Chois Fharraige.
I gcuimhne ar an árdú anama a thug an t-aistriú seo léirithe mar shampla san aitheasc iontach spreagúil a thug Joe Steve Ó Neachtain ag cuir fáilte roimh na h-aíonna. Mar a dúir tsé níos daichead bhliain níos deanaí "Cuireadh cúpla focal breise le teanga na nua-ghaeilge, le linn an Oireachtais sin, mar gurbh é an chéad uair ar tháinig ‘traffic jam’ go Cois Fharraige. "
Tuairimí & Smaointe á chuir i gcríoch!
Deineadh cruinniú a ghairm ag deireadh Mí Bealtaine agus b'íontach an fhreagairt a fuarathas. Taobh istigh de acar an-ghearr bhí coiste cumhachtach éifeachtach gníomhach curtha ar bun. Tháinig tuairimí, agus beart mór smaointe éifeachtach go tiubh agus diaidh ar ndiaidh thainig crot ar an mbunsmaoineamh, dátaí, cé tá sásta a bheith páirteach sna míreanna éagsúla. An ceart cuireadh a thabhairt don politeoir seo nó siud. Céard faoin Uachtarán? An mbeadh seisean sasta teacht. (Ní raibh ceart aon imní a bheith ar éinne, mar a thárla rudaí ní raibh rud ar bith, fiú cluiche ceannais iomána, a chuirfeadh isteach ar a theacht!)
Ar an idirlín
Cuireadh suíomh idirlín ar bun. Socraíodh ar shuíomh ar facebook le cuireadh agus eolas a fhoilsiú ar líne. Bunaíodh láithreacht ar an suíomh giolcaireachta twitter leis an seoladh @OnaG74. Ceapadh haisclib #OnaG74 ionas go mbeadh gach éinne i ndán pé rud a bhí ráite faoin gcomóradh a bheith éasca a aimsiu ar an léibheann nó árdán áirithe sin.
Cabhair
Ar ndóigh bíonn urraíocht de dhith ag gach imeacht shoisialta agus gan flaithiúlacht Chomhar Creidmheasa Cholm Cille ar dtús agus Údarás na Gaeltachta ní fhéadfadh an féile a reachtáil. Ar ndóigh bhí comhluchtaí agus eagraíochtaí eile, An tOireachtas féin ina measc, lán sásta cabhair a thabhairt le hionad nó acmhainní eile a chuir ar fáil.
Clár
Foilsíodh clár ag searmanis deas i gceann ceathrú an Chomhair Creidmheasa i dtús mí Meán Fomhair. Bhí sé soiléar gur deaineadh an-chuid oibre ar an gclár a bhí lán d'h-imeachtaí. Taispeánadh gearr scannán a bhí deanta ag Bob Quinn blaiseadh de scanán a taispeánadh níos deanaí i rith na féile.
Leabhrán
Seoladh Leabhrán an Oireachtais Chois Fharraige , Comóradh an Dá Scór ós comhair slua an-mhór istigh i dTigh Ghiblin ag an gCoimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill. Is mar seo a labhair sé faoin obair a chéad thug an tOireachtas anoir, "Níl deireadh leis an obair sin go fóill." Leabhrán an-spéisiúl atá ann. Ní clár imeachta amháin atá ann ach bailiúchán altanna, aistí, stair, filíochta agus pictiúirí a cuirfidh go leor ar bhóithrín na smaointe agus b'fhéidir go spreagfaidh sé daoine eile chun gnímh. Má fheiceann tú cóip de is mór is fiú é a fhaíl agus é a léamh.
Leabhrán Oireachtais Chois Fharraige |
Tháinig an lá!
Bhí fadhb mór acu ag an Oireachtas sa bhliain 1974 agus b'shin an aimsir nuair a leagadh an pobal mór a bhí le bheith mar lár ionad don bhféile. Tháinig an Poitín Stíl isteach ar an scéal agus chuireadar foirgneamh le fáil. Ní raibh fadhb ar bith leis an aimsir i rith an chomóradh seo áfach, i ndairíre bé an Mean Fomhair is fearr ó thaobh na h-aimsire de a bhí i mbliaina againn nuair a bhailigh slua mór ag an bPoitín le leach ag an mballa a nochtadh ag comóradh an ocáid ag Pádraigh Ó Héalaí, Uachtarán an Oireachtais 2014 (Pic ar bharr). Is cosúil gur bhfuair an Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta cuireadh an plaic a nochtadh ach nach raibh sé i ndán teacht ar chúis amháin nó ar chúis eile!
Ansin isteach linn le h–éisteacht le h-oráid fíordhúshlánach ó an Joe Steve céanna dúinn. Spreagfidh sé an-chuid cainte ach an spreagfidh sé gnímh? "Sílimse go bhfuil sé in am againn forfhógra nua, glan a scríobh mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca."
Na mór ocáidí
D'éirigh thár barr leis an gComóradh agus dár leis an gcomhfhreagraí seo bhí trí oícheanta nach féidir a shárú. Ar an Aoine bhí omós don file, aisteoir, scríobhnóir agus saoi, Johnny Chóil Maidhc curtha i láthair ag a chomh aisteoir, Máirtín Jaimsie. Taispeánadh scannán le giotaí le Johnny ag caint faoina chuid tuairimí agus ag aithreas píosaí dá chuid scríobhnóireachta.
Thóg Rónán Mac Aodha Bhuí, atá beo i gcónaí, Cabaret Craiceailte anuas ó Thír Chonaill lena bheogacht agus spleodair a scaipeadh i measc óige Chois Fharraige. Agus ag breathnú ar na pictiúirí a cuireadh ar na meán shóisialta bhí daoine nach raibh chomh san ag baint suilt agsu craic as!
Bridín, máthair Chiaráin Uí Chon Cheanainn le hÚachtarán na hÉirinn ag an gCoirm Cheol Sean Nóis ar an Saith.
(pic Marion Ní Shuileabhán)
|
Mar clabhsúr le rudaí bhí coirm ceoil ar siúl ar an oíche eile le togha ceolteoirí ó Chonmara agus áiteanna nach é. Arís ní raibh síochán fágtha le suí air agus bhí spiorad íontach sa lucht féachanna ag baint taitneamh as gach nóta a seineadh nó a chanadh i rith na h-oíche.
Is féidir leis an gcoiste a d'oibrigh chomh dian san a bheith sásta gur éirigh thár barr leis an gComóradh. Súile agam go raibh codladh sámh acu tár éis toradh a gcuid saothair a chaith siad a oiread dua leis!
Agus an gcéad ceist eile? Cad a fhásfidh as amach anseo?
Seo bailiúcháin ó míreanna nuachta TG4 ar Oireachtas Chois Fharraige snaidhmthe le chéile ag TGcóa (Tiúba as Gaeilge).
No comments:
Post a Comment