20.1.15

Árd luas i gConamara go híseal ar chlár Éircom!

Is minic dom ag gearán faoin nasc atá againne anseo leis an gcóras idirlíon nó an gcóras leathan bhánda mar a glaoghtear air in áiteanna. Scríobh mé píosa dhá mhí ó sin agus ar ndóigh níor tháinig mórán feabhas - feabhas ar bith - ar chúrsaí ó shin.

Bhí giolc ar maidin ó Thí Chaidhain i gCill Chiaráin faoin roll amach (focal.ie!) leathan bhanda ina gceantair féin agus é ag breathnú ar léarscáil atá ag Eircom. Ba léir ón learscáil seo nach raibh plean dá laghad ag Éircom córas chábla snáthoptaice leathan bhanda a thabhairt i gceantair Iorrais Aithneach.  Breathnaigh mé fhéin ar an suíomh (Thóg sé níos mó ná ceathrú uair a chloig an léirscáil a íoslóidiú ar maidin!).
Nach spéisiúil mar léarscáil é? Is cosúil nach bhfuil plean ar bith acu ní h-amháin ceantair Iorrais Aithneach agus siar uaidh a cheangail leis an gcóras ach tá Árainn ina iomláine fágtha ar lár acu chomh maith (mar aon le cuid de thuaisceart Co an Chláir!).

Maidir liom féin is cosúil go mbeidh muid anseo i gCaorán na gCearc ar líne idir Iúl agus Mí na Nollag i 2015.  Ach nuair a chuir mé mo uimhir guthán sa ceistneoir fuaireas an teachtaireacht lom seo:
Nach aisteach an rud é? An amhlaidh nach gcreideann siad a léarscáil féin. Mar a dúirt an cean  eile -  "Feicfimíd!" 

Tuigim anois cén fáth go bhfuil oifig tuairisc.ie ar imeall na Gaeltachta mar is cosúil gur Barna (sic) an t-aon ceantair ina bhfuil córas ceart leathan bhanda le fáil!  Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin i gcúrsaí eile, "...más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga. "

Seo mar atá an luas anseo agus seo á scríobh!




No comments:

Post a Comment