22.6.26

Alhassane Balde - Miñan

 Léigh mé roinnt mhaith leabhair faoin Aifric le deanaí. Ní d'aon ghnó a cheannaigh mé iad ach is dócha gur chomhtharlúint a bhí ann.

Bád chun na hEorpa (Ibrahima Balde)
Is leabhar de chuid Alan Titley é "Gluaiseacht". Cuntas ar eachtraí ógánaigh tár éis ár uafasach ina cheantair fhéin, Fágadh gan éinne dá chlann. Bhí sé tár éis uisce a bhailiú dá mhuintir ach nuair shroich sé a bhaile fhéin ní raibh éinne ann. Mar sin chinn séar imeacht ón áit - agus sa leabhair ansin tá cúntas ar a chuid eachtraí go dtí saol níos fearr, mar a chaap sé, sa Eoraip. (Gluaiseacht - An Gúm)

Ansin léigh me aistriu ar leabhair sa bhFraincís. Úrscéál eile a bhí ann ach is faoi lead óg sa Bharún agus a thárl i rith sléacht Bharún agus Ruanda. Ach is cosúil gur scéal ar duine a bhí gaolta sa bhFrainc aige agus mar sin, cé go raibh eachtraí aige agus go raibh sé i mbaoil ar uairibh bhí ar deireadh seans aige saol sabhálta san Eoraip a bheith aige. (Tír Bheag - Barzaz)

An triú leabhair is fíor scéal atá ann*. Stócach i gceann de na tíortha in Iarthair na hAifrice agus a shaol ann. Ní raibh mórán oibair ina cheantair fhéin agus mar sin chuaigh sé go dtí an cathair Conacraí, príomh cathair na Guine. Bhí a chlann féin , Máthair, Deartháir agus deirfúireacha sa bhaile agus bhí seisean mar Fhear an Tí ó fuair a athair féin bás. Níor thaistigh uaidh ach bheit ina thiománaí lorraí, ach tháining athrú air nuair a  fuair sé amach gur fhág a dheatháir óg, Miñan, Alhassane, an chlann le dul ó thuaidh cun na hEorpa. Chuala sé go raibh sé imithe chomh fada ó thuaidh go Libia. Cheap sé go raibh dualgas ar dul chun é a thógaint thár n-ais chuig a áit dhúchais arís. Tá an leabhar seo ina chuntas ar an turas sin agus na heachtrí a bhí aige agus ar tháral ar deireadh - cé go gceapfainn fhéin nach bhfuil deireadh ceart lena a chuid eachtraí anois. 

Chuir an leabhair seo leabhair Alan Titley go mór i cuimhne dom, fear óg aifreacach ag déanamh a bhealach ó thuaidh trén bhfásach gainmheach neamaiteach (más féidir focal mar sin a úsáid faoin dúlra).

Scríodh an leabhair seo i mBaiscais ó bhéal an fhir óig seo, Ibrahima Balde.  An chead rud a thug mé faoi deara an méad teangacha teangacha a bhí le n-úsáid aige ar a thuras - cuid acu nár chuala mé trácht ortha roimhe.  Teanga faoi leith in a áit dhúchais Fuláinis.  Tá 25 teangacha éagsúla ann sa Guine féin, an Fraincís san áireamh, agus ar an turas ó thuaidh is cosúil go bhfuil an chuid teangacha eile. Rud eile a thug mé faoi deara ná an difríocht idir mheoin na hAifriceach agus mo mheoin féin. Bhí sé dílis dá mhuintir féin, dá chreideamh agus do fáth a raibh sé ar an "oilthreacht" seo: a Mhiñan, a dheartháir bheag.

Rud eile deirtear ar leathanigh tosaigh an leabhair "Rugadh an leabhair seo O ghlór Ibrahima Balde agus ó lamh Amers Arzallus Antia." Tá rian de sin sa leabhair. Ar bhealach ní scéal scríofa atá ann ach scéal inste, mar a d'inis Ibrahima a scéal. Ar bhealach tá sé cosúil le Peig - scéal inste agus meon eile léirithe ann. Agus b'fhéidir ó thaobh chúrsaí teanga de! Cé go bhful na focail scríofa síos ag Amers Arzallus Antia tá saothar Ibrahima le feiscint ann sna píoas liníochta ann mar a pic anse den bád ón Aifric ó thuaidh go I. Agus ní dhearna siad dearmad ar fáth a turas mar ag an deireadh tá an saothar tiomnaithe do Alhassane Balde, an "Miñan - an deartháir Beag."


* Deartháir Beag - Miñan, Ibrahima Balde/Amets Aezallus Antia, Aistriúchán:Séamus Mac Conmidhe, CreativeCommons: ISBN 978 84 09 83026 8

18.5.26

Míbhuntáiste digiteach - tost!

Bhí orm dul chuig an bannc áitiúl le airgead, i bhfoirm seice, a chuir isteach. Tá sé éasca go leor é a dhéanamh tré inneal* ag an brainse agus carta speisialt atá éisithe ag an mbannc. Chuir mé istig mo charta, agus ansing chuir mé an seic isteach agus dúirt sé liom méid na seice. Deimhnigh mé an méid tre cnaipe a bhrú agus thug sé admháil dom. Éasca go leor.

Níl Gaeilge againn!
Ansin bhí orm buidéal báinne fháil sa siopa - Tesco a bhí ann. Chuaigh mé isteach agus shúil mé trén siopa len é a fháil. De gnáth sna siopaí bíonn an Báinne ag cúl an siopa agu bíon ort siúl trén siopa ar fad - maragaíocht is dócha agus is mininc a fheicim rud eile nach bhfuil ag taisteal uaim ach ceannaím é chomh maith! An babhta seo ní raibh ach báinne uaim agus séan mé an cathú an uair seo. Tá gléas* acu le n-íoch as do chuid siopadóireacht ansin. Rud a rinne mé.

Shiúl mé amach as an siopa leis an báinne.

Ag dul abhaile dom smaoinigh me nár labhair mé le duine ar bith. Nach aisteach an rud é. Níor labhair mé le h-éinne agsu níor labhair éinne liomsa. Dul chun cinn?

Nach mbeadh sé go deas cúpla focal, fiú an "gura maith agat" a rá nó bhféidir comhrá beag a bheith agat faoin aimsir? Nó faoi bhua na hIar Mhidhe ar Bhaile Cliath inné?

Deirtear gur dull chun cinn an digitiú seo agus ar bhealach b'fhéidir gur féidir forchéimiú atá ann. Ach nach bhfuil rud tabhachtach caillte - daonnacht, an comhrá eadrainn mar dhaoine?


* Ar ndóigh ní labhrann an Bannc nó Tesco linn sa Teanga Náisiúnta ar na gléasanna seo, cé go bhfuil an dhá chraobh luaite anseo, i gcroí lár na Gaeltachta...

19.4.26

Ceithre scór.

Bhi lá breithe rothlamach* agam sé mhí ó shin. Bhí neart coinnle ar an gcáca!

Tugaim faoi deara go bhfuil cuimhne níos fearr agam ar rudaí a thárla nuir a bhí mé óg ach nach bhfuil cuimhne aga ar chad a thárla i rith na seachtaine, nó na míonna seo caite. Is cuimhin liom sean daoine ag rá san liom ach is cosúil gur duine den sean-dream anois mé mé féin.

Nuair a fograíodh le déanaí go raibh Ronnie Delany tar éis bháis chuir sé ar bhóthre na smaointe mé. Is cuimhin liom go maith nuair a bhuaidh sé an bonn óir i Melbourn na hAstráile. Is ar éigin go raibh fhios agam cérbh iad na cluiche oileampeacha ag an am ach bhí cáil ar Ronnie Delany ag an am agus ar ndóigh méadaigh an rás sin a cháil as cuimse. Má bhí aon rás ar siúl bheeadh siad a rith mar Ronnie Delaney as sin amach. Ní raibh me ach aon bliain déag ag an am.

Ansin thosaigh mé ag smaoineamh ar na rudaí a thárla agus mé ag fás. Sea rugadh go déanach sa bhliain 1945 mé - bhí an cogadh thárt. Thit na buamaí adamhach ar Hiroshima & Nagasaki beagnach trí mhí roimh lá mo bhreithe agus is dócha gur chuir sé sin (na buaimí agus ní mo bhreith) deireadh leis an cogaíocht!

Ta cuimhne i bhfad siar agam ar rudaí a thárla sa teach againn i nDeilginis, rudaí a bhaineann leis an gclann. Breith mo dheatháireacha agus turasanna sa bhus - ní raibh carr againn. Is cuimhin liom mo ceathrú lá breithe agus go bhfuair me cárta leis an rann i mBearla,

"Hickory Dickory Dock,
the mouse ran up the clock..."

An céad rud domhanda a cuimním air ná sceal an Flying Enterprise a scríobh mé faoi cheanna. Is cuimhin liom ag briostú abhaile leis an uacht is deanaí a fháil ar Raidío Éireann - bhí an nuacht ar leath uair tár-éis a haon leis an scéal faoin gCaiptéan Carlson cróga agus fear leis an sloinne Dancey ca cuaigh ar bhórd cun cabhrú leis an bád a shabháilk. Mhair an scéal seo seo ar feadh trí seachtaine sular ar imig an long go tóinn poill. Sabháladh an bheirt fhear. Thárla seo sa bhliain 1952.

Sa bhlian céanna thárla bás Seoirse VI, rí Shasana. Is cuimhin bhí pictiúr mór de sna nuachtáin.

Sa bhlian 1953 fuair Stalin bás. Ba duine an dhána é dár le gach éinne agus is cuimhin liom ag rá le mó mháthair. "Bhfuil sé imithe go hifreann!" Agus an freagra afuair mé. "Ní féidir sin a rá, Níl fhios ag éinne céard tá istigh i gcroí duine nuair atá sé ag fáil bháis agus mar sin ní féidir linn a rá go cinnte go bhfil siad ar neamh nó san áit eile. Breatheann sé ar thrócaire Dé!" Ceacht tabhachtach mar ní féidir liom go dtí an lá atá inniú ann breathúnas docht daingean ar éinne (cé go mbíonn cathú orm anois is arís tuigeann tú).

Chonach mé teilifís don gcéad uair ar an dara lá meitheamh 1953. Bhí sé dubh agus bán agus an mhí-shoiléar. Bhí teilifís ag cáirde de mo mhuintir sa Reabóg agus thugadar cuireadh dúinn breathnú ar coiriniú Éilís II Shasana. Bhí cineál páirtí acu - creid nó ná creid. Ní cuimhin liom mór á de ach na cóistí agus na capaill ar scáileán beag "sneachtúil". (Smaoiním anois ar dhán Gabriel )

Is cuimhin liom sa bhlian 1956 gur thárla ionradh na fórsaí Rúiseacha arn an Ungáir bocht. An Cáirdinéal Mindszenty, Easbag Estragom - is cuimhin liom a áit cé nach bhfuil an litriú ceart agam - a fuair tearman in Ambasáid Mheiriceá. Is cuimhin liom go mait an díomá a bhí rom nach raibh aon tír eile sásta cabhair a thabhairt do mhuintir na tíre beag sin agus gur cuireadh faoi chois iad arís ag na Cumanaigh. Díomá a a bhí orm níos deanaí sna seascaidí faoi Biafra agus Réabhlóid an Earraigh i bPrague.

Tá dian cuimhne ar an chuid i rith mo shaol ar ndóigh agus níl anseo luaite agam ach cinn áirithe sa chéad deich mbliana. Tá rudaí eile a cuimhin go maith sna blianta ina dhuiadh san suas go dtí an lá atá inniú ann. Tá fhios agam cá rabhas nuiar a maríodh JFK (1963). Is cuimbin lion mo chéad turas go dtí an Ghaeltacht (Conamara 1967); Pósadh agus teacht na bpáistí (1973 ar aghaidh); Bás De Valera (1975); Watergate (1973/4); An Pápa Eoin Pól in Éireann (1979) nó titim an Dá Thúr i Nua Eabhrach (2001).

Tugaim faoi deara go bhfuil cuimhne níos fearr agam ar rudaí a thárla nuir a bhí mé óg ach nach bhfuil cuimhne aga ar chad a thárla i rith na seachtaine, nó na míonna seo caite. Is cuimhin liom sean daoine ag rá san liom ach is cosúil gur duine den sean-dream anois mé mé féin.


*Focal a chum mé don téarma Bhéarla, "Roundy!"

3.1.26

Reilig um Nollaig.

Tá an nós i dtealaigh áirithe cúirt a thabhairt chuig uaigeanna a sínsir ó am go chéile. Níl an nós sin ag mo mhuintir ach tá sé ag clann mo bhean. Mar sin is minicí a bhí mé ag uaigeanna a sinsir ná ag uaigeann mo ghaolta féin. I ndairíre ní thugann muid cuairt ar uaigeann ár shinsir féin ach amháin nuair atá duine eile le chuir isteach ann.

Bhíomar i mBaile Átha Cliath lenár n-ioníon, don Nollaig i mbliana agus mhol mo bhean dom dul chuig Reilig Glas Naoín chuig uaigh mo thuismitheoirí. Cleas b'fhéidir mé a chuir as an teach agis iad ag ullmhú do béile níos déanaí sa lá?

Tá sé an suimiúil bheith ag tiomáint i gcathair ar maidin Lá Nollag. Is beag trácht atá ann agus corr dhuine ar na gcosáin - corr duine ag déanamh ar an Aifreann b'fhéidir.

Níor thóg sé mórán ama Reilig mór Ghlas Naoín a bhaint amach. Bhí na sluaite ann - rud nach raibh mé ag súil leis. Ní raibh seirbhís bus ar siúl ar ndóigh agus mar sin bhí carranna páirceáilte ar thabh an mbóthar mór Fionglaise. Bhí bláthanna, plandaí agus bláthfhleasca chuilinn á dhíol ag na geataí. Bhí veaineanna ag na díolteoirí lán go duras dá gcuid earraí.

Chuaigh mé isteach ag geata agus bhí siúlóid cuísach fad le déanamh agam go dtí an áit ina bhhuil mo mhuintir curtha. Mar a dúirt mé bhí an-chuid daoine ann agus iad á beannú a cheile. "Nollaig Shona!" "Beannachtaí na Nollaig!" "Lá deas!" agus eile. Cuid acu bhí bláthanna le leagan ar uaigh a mhuintire.

Agus mé ag siúl thug mé faoi deara go raibh ceithre no cúigear leads le gluais rothair ag uaig máisithe go mór - leach a bhí maisithe go gáifeach (dár liomsa). Cheap mé go raibh sé go deas go mbeadh leads óga, déagóirí deanach nó luath feichidí, ag tabhairt ómós dá comráidí b'fhéidir. Thosaigh siad a rothair ansin, ní Harleys a bhi ionta ach bhféidir cinn níos eatroma - rothair sléibhe(?) ach bhí torann glórach astu - omós de short éigin eile a bhí ann. Bhí se deas!

Shuíl mé ar aghaidh thár uaigeann eile, Túr Uí Chonaill agus uaig an Coilleánaigh chomh fada le uaig mo shínsir. Tá ár shin shean athair agus a bhean ann (Mac Cába - athair & máthair mo shean mháthar féin), cuid dá bpáistí (bhí aithne agam ar beirt acu) agus ansin m'Athair agus mo Mháthair. Duairt mé paidir beag ar a son ar ndóigh. Is i sean-chuid den reilig atá se o 1886. Cuireadh an leach ann nuair a fuair mo mháthair bás. Nach íontach an méid gur féidir a fhoghlaim ó leach in reilig. Agus nach íontach an méid

Tá na Rianaigh curtha in áit éigin eile sa reilg ach bhí an uaig sin "lán" nuair a fuair mo thuismitheoirí bás.

Ansi thug mé aghaidh chuig Áit Uaighe na n-Aingeal atá in aice leis ina bhfuil deifiúir óg againn (3 mhí) curtha. Scríobh mé píosa faoi sin cheanna.

Thosaogh mé a siul thár n-ais chuig an charr ansin. Agus mé beagnach ann thug me faoi dear a fear ag seasamh go ciúin ós comhair. Sílim go raibh sé sna daicheadí. Bhí cuma an bhrónach, aonarach air. N'fheadair cén scéal a bhí ansin, bean óg b'fhéidr a d'fhag "gan cara, gan compánach" é. Duirt mé paidir beag ar a shon leis. Chuir sé an ndán úd le Pádraig Ó hÉigeartaigh ag caoimeadh a Dhonncha óg.