6.1.18

Breabhsáilíthe sa lochán!

Tá sé de nós agam tiomáint go luath maidin Sathairn chuig an siopa leis an nuachtán a fháil. Tigh Dic nó Tí Dhurcháin atá ar an siopa áitiúil againn.

Ar thaobh na láimhe dheise agus mé ag tiomáint soir, tá lochán bheag. Tá sé idir Bánrach agus an casadh istigh chuig an Chloich Mhóir. Go luath ar maidin sular éiríonn an ghrian i gceart bíonn scáil na spéire le feiscint ann. Solas geal sa dorchadas!


Ar maidin áfach bhí ceithre chuairteoir istigh ann. Ní fhaca mé oiread agus eala amháin ann roimhe seo ach ar maidin bhíodar ann ag breabhsáil ar a suaimhneas. Stop mé an chearr agus ghlach mé pictiúir. Tá an radharc anois agam ní hamháin i mo chuimhne ach le roinnt leatsa anseo.

Is mé ag caint faoi Tí Dic tá dhá alt san eagrán deireannach d'irisleabhair bliantúil Chois Fharraige - Biseach 2017. Tá ceann amháin scríofa ag Ruaidhrí Ó Tuairisg ar an siopa féin, a stair agus na daoine a bhí ag freastail ar mhuintir na h-áite ó 1933 agus roimhe.

Ta an dara alt ag Áine Durkin (@miseÁine)* agus a cuimhne féin ar an siopa sa "sean-aimsir." Tá tagairt aici ar na rudaí a bhí le díol ann, cuile cineál rud -

"Ar na seilfeanna, bhíodh buataisí rubair, bróga, taephotaím, cloigne scuaibe urláir, sáspain, coinneoirí, buicéid ... measctha tríne chéile ar thaobh amháin den siopa, agus earraí mná ar nós 'girdles' agus 'drawers' ar an taobh eile.."

Mar a deireann sí féin "Tá an saol ag athrú agus tá ré na sean siopadóireachta beagnach thart' ach "i gcuimhne duine duine ar bith a théann siar ar bhóithrín na smaointe, ag cuardach creathnaí, carraigín, ronnaigh bhuí, ola mór..."

N'fheadair cad a bhí á chuardú ag na healaí sa lochán bheag ar thaobh na láimhe deise is mé ag lorg nuachtáin an lae soir i dTí Durkin, Baile na hAbhann.

* Tá cnuasach dánta scríofa ag Mise Áine foilsithe le deanaí, An Bhean Istigh, agus scríos píosa faoi anseo.

2 comments:

  1. Radharc álainn, a chara... Agus, GRMA as na focla sin a roinnt...😊

    ReplyDelete
    Replies
    1. Fáilte romhat - bhí a píosa sin an mhaith i mBiseach 2017.

      Delete