2.2.18

Ligthe i ndearmad, ach ní imithe as cuimhne?

Is cuimhin liom m'athair ag rá gur duine aisteach le breathnú air a bhí ina chead uachtarán ar Éirinn. Agus b'fíor dó nuair a bhíomar óg sna caogadaí. Ní raibh sé de gnáth againn croiméal a fheiscint ós cionn beola fhír gan tagairt a dhéamah do croiméal róin. Agus cinnte b'íontach a ceann a bhí ar chéad Uachtarán na hÉireann.

Dubhglás de hÍde - Uachtarán
Ar leibhéal eile bhí meas agam ar an bhfear seo mar an duine "a d'adhain an tine bheo," lena a oráid i mBearla i mí na Samhna 1892 leis an dtideal "The Necessity for De-Anglicising the Irish Nation!" ach tharais sin ní raibh mórán aithne ná eolas agam air mar dhuine. I ndairíre mar a deireann údar an leabhair seo* tá dearmad deanta air agus ar a fhealsúnacht sa lá atá inniú ann.

Cé nach cúntas iomlán ar shaol Dhúbhglás de hÍde atá anseo sé an rud a thóg mise as ná thréithe an duine féin go mór mór a ghnaíúlacht. Bhí anseo againn duine a bhí socair ann féin, seasta agus cúramach ach ag an am céanna tuisceannach agus cróga. Níl sé ró-shoiléir ó na pictiúirí de ach is cosúil go raibh acmhainn grinn láidir ann.

Séard atá sa leabhair seo ná cúntas ar an gCraobhinn Aoibhinn mar Uachtarán na hÉireann. Agus ní hamháin mar Uachtarán ach mar an céad Uachtarán agus an tioncair a bhí aige ar an oifig agus mar sin ar stair na tíre ó 1938 ar aghaidh. Is minic a cheaptar nach ndearna sé rud ar bith ach bheith ina shuí sa Pháirc ag siniú Achtanna. Ach ní mar sin a bhí.

Tá léiriú an spéisiúil ar an díospóireacht a bhí sa Dáil agus Seanad an tSaorstáit faoin mBunreacht nua agus áit an Uachtaráin ann. Bhí an imní is cosúil i measc páirtithe an fhreasúra go ndéanfadh deachtóir den Uachtarán. Tá sé éasca é sin a thuiscint mar bhí an nós sin go láidir san mór-roinn ag an am, (Hitler san Gearmáin, Mussolini sa Iodáil, Franco sa Spáinn nó Salazar na Poirtingéile). Bhí tabhachtach faoi leith i roghnú an chéid Uachtaráin agus bhí cainteanna idir an dá pháirtí is mó faoi seo. Bhí Éamon De Valera, Taoiseach ag an am, ag iarraidh Seán T Ó Ceallaigh a mholadh don bpost ach ar ndóigh ba poiliteoir éiseann i bhFianna Fáil agus ní fhéadfadh Fine Gael aontú le sin. Ar deireadh ar mholadh ó Fhine Ghael roghnaíodh duine neamh-politiúil a bhí meas ag gach éinne air - Dubhglás de hÍde.

I rith a théarma Uachtarántachta ba mhór an cabhair a bhí aige ó Rúnaí na hUachtránachta, Micheál McDunphy. Ar bhealach d'fhéadfá a rá gur ó obair na beirte sin atá an meas atá againn ar oifig na hUachtarántachta go dtí an lá atá anois ag muintir na hÉireann. (D'fhan Mc Dunphy mar runaí don gcéad Uachtarán eile chomh maith agus mar sin lean a thionchar agus tionchar De hÍde ar oibriú na hoifige!)

Dubhglás de hÍde ina óige.
Agus mé ag caint faoi ghnaíúlacht an Uachtaráin bhí dhá eachtra luaite sa leabhair a chuir íontas orm. Ceann amháin an méid a dúirt sé sa bhliain 1915 futhu siúd a bhí fágtha mar ceannairí ar Chonradh na Gaeilge agus a thóg an gluaiseacht isteach i gcúrsaí polataíochta na poblachta (An Piarsach ina measc!) - "..these people queered the pitch and put an end to my dreams of using the language as a unifying bond to bring all Irishmen together." Chuaig mé chuig nótaí ag deireadh an leabhair chun fháil amach cá raibh sé le fáil agus dúradh gur as aiste de chuid Garrett Fitzgerald a tógadh an píosa sin ach ní deirtear linn cad as a fuair Garret é. Bhfuil taifead de i gcartlann an Chonartha?

Ach ar bhealach an rud is measa atá léirithe sa leabhair seo ná ceist an tOllamh Julius Pokorny, Gearmánach de shliocht Iúdach agus chomh-saineolaí ar chúrsaí Ghaeilge agus ollamh in olscoil Bherlin. Tá sé ríshoiléir ón dtaifead nachraibh sé sásta dul i gcoinne polasaí neodrachta na tíre le cabhair a thabhairt don ollamh seo agus dúradh seo go lom ar son an Uachtaráin.  Ach is cosúil nach raibh an constaic céanna léir don Taoiseach De Valera a thug cabhair dó. Ar deireadh d'éirigh le Pokorny dul go dtí an Eilbhéis agus fuair sé bás i 1970.

Tá neart eolas anseo faoin gcosaint a rinne sé ar an gradam a bhaineann le hoifig an Uachtaráin. Faoi réimeas Bhunreachta 1922 bhí tosaíocht ag Rí Shasana nó a ionadaí ag aon imeacht sa tír. Anois bhí Uachtarán ar Éirinn agus aige san a bhí tosaíocht. Bhí roinnt coimhlintí ag tús a thearma mar Uachtarán nuair a tugadh cuireadh dó dul ag imeachtaí ach nuair a tháinig sé chun solais go raibh an tús áite ag dul ag Ambasadóir na Breataine diúltaigh sé dul ann.

Bhuail stróc é i lár a théarma agus caith sé an-chuid ama ina leaba ach níor chuir sin isteach ar a chuid obair tabhachtach cé nach raibh sé ábalta go minic freastal ar ocáidí i measc an phobail. Ar deireadh chinn sé ar gan dul ar aghaidh don dara thearma agus é fhéin a ainmniú. Deirtear sa leabhair gur scríobh sé leis an dTaoiseach, "Tá mé in aois go ró mór agus bad cóir fear níos óige a bheit in áit-se!"(sic).

Is léir ón leabhair seo gur mór an tairbhe don tír go raibh an acadamhaí seo, sean-fhear léannta i seanchas na ndaoine, duine críonna, saoi agus fáidh, a bheith mar céad Uachtarán na hÉireann.

Uachtaráin ne hÉireann ó 1938 go 2018


* Forgotten Patriot: Douglas Hyde and the Foundation of the Irish Presidency, le Brian Murphy
   Foilsitheoir: Collins Press
   ISBN: 978-1-84889-290-3

No comments:

Post a Comment