29.8.18

An cuimhne ar strae!


Bhí mé ag léamh alt ag Alex Hijmans i dTuairisc.ie - Fear 43 bhliana d’aois thú agus tá ort sonraí a saol grá féin a chur i gcuimhne do do mháthair… - bíonn alt rialta aige faoin ngalar Alzheimer ann ó fuiar sé amach go raibh sé ag a mháthair. Bhí dearmad déanta ar a saol pósta féin a thug preab d'Alex.

Chuir sé i gcuimhne mo mháthair féin agus í ag dul in aois. Nuair a fuair m'athair bás tobann is ise a fuair é. Níl muid ró chinnte ar cad a thárla go díreach. Bhuail taom chroí air agus is cosúil gur cheap sise go raibh sé ina coladh agus d'fhan leis ar feadh tamall. Ansin chuaigh sí chuig an teach bhéal dorais agus dúirt. "I think my husband is dead.."

Bhí sí ina chónaí leithí féin ar feadh tréimhse ina dhiaidh san ach bhí sé de nós ag duine de mo deartháireacha fanacht lei gach oíche (Tá cónaí ormsa 160 míle siar i gConmara).

Lá amháin chuir sí ceist ar duine acu, "Cén fáth a mbíonn tusa agus do dhreatháir ag fanacht gach oíche liom." Baineadh geit as ar ndóigh agus dúirt rud éigin mar gur cheap sé go raibh uaigneas uirthi.

Dúirt sise mar fhreagra "Yes I am lonely but not for you!" B'shin deireadh leis an nós sin!

Ina dhiaidh sin aon uair a bhí mise i mBaile Átha Cliath bhí leathscéal "inchreidte" ormsa fanacht leithí agus bhí mise i ndán súil a choimead uirthí sna hoícheanta sin agus tuairisc a thabhairt.
Diaidh ar ndiaidh daighnigh greim an ghalair uirthí agus cúaigh chun cónaí le duine de mo dheartháireacha áit ar bhfuair sí bás timpeall deich mbliain ó shin.

Bhí sé soiléir i rith an ama sin gur raibh aithne aicí orainn ach ní raibh sí cinnte cén gaol a bhí eadrainn. Uair amháin chuir sé mé in aithne dá comharsan, "This is my uncle!" Tá neart scéalta greannmhar sa chlann faoin am sin ach cinnte ní raibh sé éasca ar chlann mo dhearthaír - ná orainn ag an am sin. Ní mór an fhoighne a bheith ag éinne atá ag freastail ar duine atá i ngreim an ghalair uafásaigh tubaistigh.

Lá amháin chuir sí ceist orm. "Ce thusa?" Agus nuair a dúirt mé "Is mise do mhac!" dúirt sí amach go borb agus le cinnteacht "I was never married!"

I measc na naomh go raibh sí!


No comments:

Post a Comment