10.9.18

Smaointe crainnte!

Bhí solas aisteach ann ar maidin aréir. Éirí na gréine agus bhí an solas uaidh ag lasadh beanna bána na tithe sa cheantair. Ach thugas splanc dearg is mé ag breathnú amach ar an saol. Crann Chaorthainn atá ag fás sa ghearraí ó dheas againn atá trom le caora a bhí lasta ag an "úr-ghriain". Bhí sé go h-álainn.

Nuair a bhí mé ar scoil bhí leabhair ag mo dheartháir "Bruíon Chaorthainn' le staidéar air. Déarfainn gur beag staidéar a rinne sé air agus níos lú ná sin an suim a bhí agamsa ag an am i gcúrsaí scoile. Ní raibh fhios agam cé brí a bhí leis an dteideal ag an am. Dúradh liom go raibh an Ghaeilge deachair agus mar sin féin ní raibh mórán spéis agam ann nó mórán iarracht á dhéanamh agam lei mar ábhar. (Sílim gur cúis é sin nach bhfuil staidéar déanta air .i. tionchar tuairime na dtuismitheoirí gur deachair í mar theanga í an Ghaeilge agsu go bhfuil se dofhoghlaimithe). Is leabhair de chuid an Phairsigh de Scéalta Fiannaíochta é is cosúil. Níl sé léite agam agus ní fios an bhfuil se i gcló anois.

Nach aisteach na smaointe a thagan ar dhuine agus é ag breathnú amach an fhuinneoig?

No comments:

Post a Comment