18.10.18

Fathach Ros a'Mhíl!


Bhí sé ag breathnú go bagrach orm thar Thóin a'Cnoic siar uainn.

Bhí muid amach ag siúl tráthnóna inné ar an boithrín ó dheas ón teach nuair a thugamar faoi deara é - Fáthach an mhór a chuir scéal H.G.Wells, Cogadh na Reann, i gcuimhne dom.

Bíodh an eagla ort!
An raibh cúis eagla ann? An raibh ionradh réaltrach tosaithe? Tús le cogadh na réaltraí?

“Ní chreidfeadh duine ar bith i mblianta deiridh an naoú céad déag go raibh súil ghéar ghrinn ar imeachtaí an domhain seo ag neacha ar mhó a n-intleacht ná intleacht an duine, ach dá ainneoin sin, a bhí chomh básmhar linn féin… Ach, thar dhuibheagán an spáis, bhí ag breathnú anuas orainn go santach créatúir a raibh an oiread difríochta idir a meabhair agus ár meabhairne agus atá idir meabhair an duine agus meabhair an ainmhí, créatúir a raibh intleacht ábhalmhór fhuar chrua acu, agus bhí siad ag beartú seifteanna go mall lenár mbascadh.” 
Cogadh na Reann, HG Wells 1898 aistrithe Leon Ó Briain 1934
Eagrán 2015, Clúdach: Bog; Foilsitheoir: Evertype ISBN 978-1-78201-099-9

Ach ní raibh ann ach muileann gaoithe. Tá ceann beag in aice leis an monarca éisc i mBaile an tSléibhe níos comhgaraí dúinn ach tá an ceann nua atá suite in Ros a'Mhíl i bhfad níos móire agus níos so-fheithe. Agus táid ann a deireann gur ionradh de short éigin eile atá sna muilte gaoithe céanna!

N'fheadair!

Is féidir an ceann beag a fheiscint sa pic seo. (Beagnach ina lár).

No comments:

Post a Comment