21.12.20

An pictiúr deireanach.


Chuir píosa a léigh mé i dTuairisc ar líne ag scríofa ag Alex Hijmans ag smaoineamh mé. Tá cónaí ar an Ísiltíreach i mBraisíl ach ar ndóigh tá a mhuintir soir san Ísiltír. Scríobh sé agus é ag pacaíl a mhala le dul abhaile lena a Mháthair a fheiceáil ach ar ndóigh sna laethanta seo ní bhíonn tú cinnte go bhful tú ar do bhealach go dtí go mbíonn tú sa aer! Deireann sé "Murach nach bhfaca mé mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, le breis agus bliain anuas ní thabharfainn faoin aistear ar chor ar bith." Bhí srath altanna scríofa aige ar an ábar seo roimhe seo ar ndóigh ach cheap mé go raibh rud éigin tochtmhar sa scéal seo aige.

Ansin bhí giolch ag Féilire Gaeilge ag meabhrú dúinn gur cothram an ama seo a fuair an síciatraí Gearmánach Alois Alzheimer  bás. B'eiseann a chéad scríobh páipéar eolaíochta faoin néaltrú seo a tugann muid "Galar Alzheimer" air inniu. Buail taom chroí é ar an 19 Nol 1915.

Is dócha nach gcuirfinn mórán suime sna scéalta seo ach amháin go raibh galar mar sin ag mo mháthair féin - néaltrú seanaoise a bhí uirthí cinnte ní fios dúinn an é an galar Alzheimer a bhí uirthí ach ar ndóigh is beag an difríocht idir an dá ghalar. 

Diaidh ar ndiaidh chaill sí a cuid chuimhne ó fuair m'athair bás. Bhíodar seasca bliain pósta agus maidin amháin fuair sí é agus é gléasta le dul amach ach bhí sé ina luí ar a leaba. Bhí sé ochtó seacht agus taom croí a fuar sé. Ach go dtí an lá atá inniú ann níl fhios agam cad a thárla nuair a fuair mo mháthair é, cé chomh fada is a bhí sé leis sular lorg sí cabhair. Ar deireadh chuaigh sí amach agus bhuail sí ar dhoras chomharsan. Dúirt sí leis, "Tá mé ag ceapadh go bhfuil m'fhear marbh!" a dúirt sí don comharsa bocht.

Is dócha go raibh gach rud ina dhiaidh sa mar cineál brionglóid dí. Nuair a bhí an socraid thart d'fhán duine de mo dheartháireacha sa teach léi ar feadh cúpla mí. Agus nuair a bhí orm dul go Baile Átha Cliath ar chúrsaí ghnó d'fhán mé leithí. Ach bhí sé soiléar nach mbeadh sí i ndán fanacht leithí féin. Thóg bean mo dheartháir istigh ina tigh féin í - rud nach raibh éasca mar bhí sí ag éirí níos measa agus is dócha go raibh gach cuimhne den seasca bhliain a bhí aicí lenár nAthair caillte aici mar níor luaidh sé ríamh é ina dhiaidh sin. Uair amháin chuir sí ceist orm, cé tusa? 

An pictiúr deireanach 
"Is mise do mhac," a dúirt mé. 

"Seans ar bith!" a d'fhreagair sí, "Ní raibh mise pósta riamh!"

Thárla rudaí greanmhar mar sin go minic léithí ach bhí sé an deachair orainn go léir agus í ag dul i ndonais agus an cuimhne ag imeacht uaithe diaidh ar ndiadh. Bhíodh sí ag caint faoin a saol mar páiste ar scoil agus an teach ina raibh chónaí uirthí fadó fadó. Ag caint faoi daoine agus imeachtaí nach raibh aon eolas againne futhu. Fiú nuair a thógamar amach sa charr í agus nuair a thaghnamar thár n-ais níor aithin sí an teach ina raibh sí ag fanacht. "An ar chuairt anseo atá muid?" a dearfadh sí.

Bhí fhios aici go raibh aithne aicí orainn cé nach raibh fhios aici go díreach cé bhí ionainn!

Tháinig a bás cuíosach tobann. Bhí mé léithí i mBaile Átha Cliath ar an gCeadaoin agus aith go leor thóg mé dhá phictiúir dí. Ceann amháin bhí sí ag breathnú brónach agus ansin dúirt mé leithí miongháire a dheanamh don gceamra. Rud a rinne sí ach mar sin féin bhi rian den amhras agus cineal easnamhachas le feiscint ina cuid súile.

An Sathairn dár gcionn bhuail taom éigin í agus taobh istigh de cúpla uair bhí sí imithe uainn. Is dócha gur faoiseamh dí a bhí ann.

Ar dheis Dé go raibh sí agus anamnacha na marbh ar fad! 

No comments:

Post a Comment