Le déanaí tháining me ar an gceann seo a bhí i nGaeilge na hAlbain ag Tim Armstrong. Tá an-aistriú anseo déanta ag Eoin P. Ó Murchu sa leabhair 'Tinte na Farraige Duibhe.'*
Scéal faoi imeachtai agus daoine agus robait (nach fuaránach é!) i bhfad ó shaol an lae inniú. Gach rud faoi smacht ag deachtóireacht de shaghas éigin. Scéal daoine atá ag iarraidh bheith saor ach atá a leanúint ag forsaí "an dlí". Scéal ar éalú agus aimsiú atá ann.
Agus ar a dturas bhí beirt agus robot agus i rith a chuid eachtraí leandáil siad i "San Fran Sioscó" áit inar bhuail siad le daoine nár thuig a dteanga. Sa leabhair tá Béarla San Fran Sioscó scríofa de réir na foghraíochta, foghraíochta na Gaeilge! Tá sé deachair iad a thuiscint ar dtús ach is deas mar cleas é.
- "Bhuelcum tú ár humball hóm" mar shampla.
- Nó "'Bhír beac!' Tháinig 'Ille Cuipt isteach, agus Dé-Rac ansin faoi ualach málaí droma lána.
- 'Siod dads heibhí' arsa Dé-Rac agus leag sé a mhála féin. 'Dúd, dhiú babhd de hól deam stór'"
Is eachtra maith é. Tá sé éasca le léamh. Is scéal a choinníonn d'aire an t-am ar fad é. Bíonn súil ag an léitheoir go n-éiríonn le laochra an scéil a bheith sona ag an deireadh agus a naimhde scriosta ar deireadh.
Bhain mé sult as.
*Tinte na Farraige Duibhe; Tim Armstrong; aistrithe Eoin P. Ó Murchu; Leabhar Breach (2020) ISBN 978-1-913814-03-8
No comments:
Post a Comment