8.1.21

Buchenwald go Bun Gabhla!

Bheifí ag ceapadh go mbeinn in ann na leabhair ar fad nach bhfuil léite agam go dtí seo a léamh agus muid faoin dhianghlasáil. Ach mo léan, ní mar a síltear bítear. Thit cineal fuarchúiseacht nó spadántacht orm agus ar cúis amháin nó ar chúis eile ní raibh mé ábalta díriú ar aon rud go leanúnach. 

Rinne mé iarracht leabhair Bhreandáin Uí Eithir, "Lig Sinn i gCathú!" a léamh. Níor éirigh liom suim a mhuscailt sa scéal agus stop mé á léamh. Is dócha go dtarlaíonn sin ó am go chéile. Is cuimhin liom agus mé óg dúradh liom an scéal seo nó an scéal siúd a léamh agus uaireanta theip orm an leabhair a chríochniú - thárla sé liom le "David Copperfield" mar shampla agus le "Gulliver's Travels." Bhí an diomá ag mo mháthair, a bhí ina léitheoir críochnaithe, agus níor thuig sí cad a bhí cearr liom. Ar ndóigh níor léas leabhair i nGaeilge go dtí go raibh i bhfad níos sine sa meánscoil. (Bé "An Fáinne Arabch" le Deasún Breathnach an cead ceann a léas agus tá sé agam fós - ach sin scéal eile!)

Agus an Nollaig ag buaileadh linn chinn mé ar thosú arís ag léamh. Chonaic mé rud éigin ar líne ag moladh leabhir eile le Breandán Ó hEithir - "An Nollaig Thiar." 

Foilsíodh é san bhliain 1989 agus is cuimhne chinn ata ann ar a shaol nuair a bhí sé óg ar Inis Mór. Díreach roimh agus i rith an dara Cogadh Domhanda a bhí ann agus tá léiriú an mhaith a shaol mar gasúr óg ar oileán atá ann. 

Baineadh geit asam mar níl ar oileán iargualta in iarthair na hÉireann a thosnaíon an údar. Ní hea. Is i Weimar na Gearmáine a thosnaíonn sé. Ait go leor is ansin a bhí an Rialtas lag sa tír sin ón gCogadh Mór go dtí éirí Adolf Hitler agus an Triú Reich agus an Dara Chogadh Domhanda. Ach b'shin stair anois, sna hochtóidí, bhí an údar sa Ghearmáin agus chinn sé ar chuairt a thabhairt ar champa ghéibhinn Buchanwald. 

Ar an turas ón gcampa  bhuail sé le Gearmánach, seanfhear, agus chaitheadar an tráthnóna "ag chur síos ar an Nollaig thoir agus ar nósanna na Nollag thiar ar imeall na Mór-Roinne." Is dócha gur as sin a tháinig an leabhar seo - turas ó chuairt go Buchenwald siar go Bun Gabhla Árann.

Ta na leabhar íontach éasca le leamh. Cur síos beacht ar shaol in Árann nuair a lastar solas na Nollaig i lár na Gheimhridh. Ar ndóigh bhí an cogadh ar siúl don chuid is mó agus an léiriú ar an tionchar ar phoball an oileáin. An tabhacht a bhí leis an mbad, an Dún Aonghus, agus an ceangal a bhí ag na hoileannaigh ar siopaí áirithe i nGaillimh.

Domsa, mar "áitreabhach" i mbruach bhaile de chuid Bhaile Átha Cliath, is léiriú ar shaol atá doshamhlaithe. Gan aibhleis, ag úsáid connnle mar gnáth sholas. Raidió a úsáideann cadhnra fliúch agus an stró a bhí ortha le cinntiú go mbeadh cadhnra lódáilithe, go mór mór am Nollag.

Agus ansin go raibh gá dó dul "thar lear" l'aghidh oideachas tár éis bhunscoile. Agus ansin ag an deiredh é i mBaile Átha Cliath ag teacht abhaile don Nollag, an imní go gcaillfadh sé an bád ó Ghaillimh agus an turas ocht n-uaire abhaile de bharr aimsir geimhreata agus droch ghual d'inneal an bháid. Agus ansin bheith ag súil leis an turas ar ais go Bhaile Átha Claith agus a shaol ann. Cé nár thuig sé ag an am cad a bhí ag titim amach dó, "tuigim anois go raibh fonn orm a bheith sna fir, agus nach mbeadh an Nollaig thiar go deo arís mar a bhíodh." 

* An Nollaig Thiar, Breandán Ó hEithir, Poolbeg Press, ISBN 1 85371 044 X

No comments:

Post a Comment