Bhi lá breithe rothlamach* agam sé mhí ó shin. Bhí neart coinnle ar an gcáca!
Tugaim faoi deara go bhfuil cuimhne níos fearr agam ar rudaí a thárla nuir a bhí mé óg ach nach bhfuil cuimhne aga ar chad a thárla i rith na seachtaine, nó na míonna seo caite. Is cuimhin liom sean daoine ag rá san liom ach is cosúil gur duine den sean-dream anois mé mé féin.
Nuair a fograíodh le déanaí go raibh Ronnie Delany tar éis bháis chuir sé ar bhóthre na smaointe mé. Is cuimhin liom go maith nuair a bhuaidh sé an bonn óir i Melbourn na hAstráile. Is ar éigin go raibh fhios agam cérbh iad na cluiche oileampeacha ag an am ach bhí cáil ar Ronnie Delany ag an am agus ar ndóigh méadaigh an rás sin a cháil as cuimse. Má bhí aon rás ar siúl bheeadh siad a rith mar Ronnie Delaney as sin amach. Ní raibh me ach aon bliain déag ag an am.
Ansin thosaigh mé ag smaoineamh ar na rudaí a thárla agus mé ag fás. Sea rugadh go déanach sa bhliain 1945 mé - bhí an cogadh thárt. Thit na buamaí adamhach ar Hiroshima & Nagasaki beagnach trí mhí roimh lá mo bhreithe agus is dócha gur chuir sé sin (na buaimí agus ní mo bhreith) deireadh leis an cogaíocht!
Ta cuimhne i bhfad siar agam ar rudaí a thárla sa teach againn i nDeilginis, rudaí a bhaineann leis an gclann. Breith mo dheatháireacha agus turasanna sa bhus - ní raibh carr againn. Is cuimhin liom mo ceathrú lá breithe agus go bhfuair me cárta leis an rann i mBearla,
An céad rud domhanda a cuimním air ná sceal an Flying Enterprise a scríobh mé faoi cheanna. Is cuimhin liom ag briostú abhaile leis an uacht is deanaí a fháil ar Raidío Éireann - bhí an nuacht ar leath uair tár-éis a haon leis an scéal faoin gCaiptéan Carlson cróga agus fear leis an sloinne Dancey ca cuaigh ar bhórd cun cabhrú leis an bád a shabháilk. Mhair an scéal seo seo ar feadh trí seachtaine sular ar imig an long go tóinn poill. Sabháladh an bheirt fhear. Thárla seo sa bhliain 1952.
Sa bhlian céanna thárla bás Seoirse VI, rí Shasana. Is cuimhin bhí pictiúr mór de sna nuachtáin.
Sa bhlian 1953 fuair Stalin bás. Ba duine an dhána é dár le gach éinne agus is cuimhin liom ag rá le mó mháthair. "Bhfuil sé imithe go hifreann!" Agus an freagra afuair mé. "Ní féidir sin a rá, Níl fhios ag éinne céard tá istigh i gcroí duine nuair atá sé ag fáil bháis agus mar sin ní féidir linn a rá go cinnte go bhfil siad ar neamh nó san áit eile. Breatheann sé ar thrócaire Dé!" Ceacht tabhachtach mar ní féidir liom go dtí an lá atá inniú ann breathúnas docht daingean ar éinne (cé go mbíonn cathú orm anois is arís tuigeann tú).
Chonach mé teilifís don gcéad uair ar an dara lá meitheamh 1953. Bhí sé dubh agus bán agus an mhí-shoiléar. Bhí teilifís ag cáirde de mo mhuintir sa Reabóg agus thugadar cuireadh dúinn breathnú ar coiriniú Éilís II Shasana. Bhí cineál páirtí acu - creid nó ná creid. Ní cuimhin liom mór á de ach na cóistí agus na capaill ar scáileán beag "sneachtúil". (Smaoiním anois ar dhán Gabriel )
Is cuimhin liom sa bhlian 1956 gur thárla ionradh na fórsaí Rúiseacha arn an Ungáir bocht. An Cáirdinéal Mindszenty, Easbag Estragom - is cuimhin liom a áit cé nach bhfuil an litriú ceart agam - a fuair tearman in Ambasáid Mheiriceá. Is cuimhin liom go mait an díomá a bhí rom nach raibh aon tír eile sásta cabhair a thabhairt do mhuintir na tíre beag sin agus gur cuireadh faoi chois iad arís ag na Cumanaigh. Díomá a a bhí orm níos deanaí sna seascaidí faoi Biafra agus Réabhlóid an Earraigh i bPrague.
Tá dian cuimhne ar an chuid i rith mo shaol ar ndóigh agus níl anseo luaite agam ach cinn áirithe sa chéad deich mbliana. Tá rudaí eile a cuimhin go maith sna blianta ina dhuiadh san suas go dtí an lá atá inniú ann. Tá fhios agam cá rabhas nuiar a maríodh JFK (1963). Is cuimbin lion mo chéad turas go dtí an Ghaeltacht (Conamara 1967); Pósadh agus teacht na bpáistí (1973 ar aghaidh); Bás De Valera (1975); Watergate (1973/4); An Pápa Eoin Pól in Éireann (1979) nó titim an Dá Thúr i Nua Eabhrach (2001).
Tugaim faoi deara go bhfuil cuimhne níos fearr agam ar rudaí a thárla nuir a bhí mé óg ach nach bhfuil cuimhne aga ar chad a thárla i rith na seachtaine, nó na míonna seo caite. Is cuimhin liom sean daoine ag rá san liom ach is cosúil gur duine den sean-dream anois mé mé féin.
*Focal a chum mé don téarma Bhéarla, "Roundy!"

No comments:
Post a Comment