Nuair a thosaigh an ghéarchéin sé mí ó shin is beag a cheapamar go mbeidh muid
fós ag caint faoí agus ag maireachtáil faoi scáth dorcha dothuartha na ráige.
Ní raibh tuairim againn ag tús mí Eanáir go raibh fhios ag an gnáth duine go
raibh a leithéid de rud ann agus coróinvíreas gan trácht ar COVID-19.
Cinnte bhí scéailín beag faoi rud éigin ar siúl i gcathar Wuhan (ní raibh
fhios agam go raibh an cathair sin ann cé go bhfuil 11 miliún daoine ina
chónaí). Da réir mar a scaip an scéal i mí Eanáir fuaireamar amach go raibh an
galar seo chomh dainséarach san gur dúnadh an cathair. Is cuimhin liom
smaoineamh go soineanta go mbeadh a leithéad de réiteach éasca go leor i dtír
mar an tSín ach nach mbeadh sé indéanta i dtír daonlathach. Nach ormsa a bhí
an dul amú!
Nuair a labhair an Taoiseach ar chéimeanna Ambasáid na hÉireann i Washington
go luath ar maidin agus is beag nár gur dún sé an tír ina iomláine na
scoileanna agus eile. Agus tá fhios againn gur éirigh nach mór leis an dúnadh
síos seo. Ach bé sin an chuid den cogadh a bhí éasca. Cheapamar go mbeadh an
dainséar thart taobh istigh de mí nó dhó! Ach ní do céad uair bhí dul amú
orainn!
Tá sé éasca chuile rud a stopadh ach níl sé leath chomh éasca rudaí a oscailt.
Anois tá córas nua foilsithe ag an Rialtas. Roineann siad na céimeana i gcúig
leibhéil agus d'fhoilsigh siad (i mBearla amháin) treoireacha dúinn. Rinne an
Irish Times tábla agus anois tá leagan de sin foilsithe ag Glór na nGael. Agus
mé ag scríobh seo tá an tír ar fad ag leibhéal 2 ach tá baol ann go mbeidh
Baile Átha Cliath ag Leibhéal 3 roimh deireadh na seachtaine.
Idir an dá linn tá treoracha símplí le gach éinne a coimead sabháilte.
- Ní na lámha.
- Coimead dhá méadair óna chéile.
- Caith clúdaithe aghaidhe.
- Seachan sluaite daoine
- Íoslódáil an Covid Tracker ar an bhfón phóca.
Fanaimís slán!
No comments:
Post a Comment