28.10.12

Clocha, carraigeacha agus ciúnas!

Dún Chunchúir
Bhí mo dheartháir sa bhaile ón a pháróiste sa Róimh agus tháinig se anse chugainn i gCaorán na gCearc ar feadh cupla lá.

Slán leis an gCodú!
"An bhfuil seans againn dul amach go hÁrainn?"

"Má tá an aimsir go maith!" arsa mé.

Bhí sé scammalach ar maidin ach chinneamar dul. I ndiaidh Aifreann rinneamar ceapairi agus líonamar buidéil le huisce.

"Cén oileán?" a dúirt me. Is cuma liom a dúirt sé. Bhíomar beirt ar Inis Mór cheanna, agus cé go raibh mé fhéin ar Inis Meáin fadó sna hochtóidí chinneamar dul ansin.

Tá áit cuíosach nua ag na báid i Ros a'Mhíl agus bíonn dhá bád ag dul amach gach lá ag an gcomhlucht bháid farantóireachta, ceann amháin go h-Inis Mór agus an ceann eile go dtí an dá oileain eile. Fagann siad an calafort ag an am céanna gach maidin - 10.30 - agus ar an Máirt se d'fhagadar i n-am.

Ba turas maith timpeall daichead neomad a bhí againn. Agus thug mé beannacht don Codú, atá mar ainm ar an mblag seo agam, ar an mbealach amach.

Cé go raibh sé scamallach agus ceomhar go leor ní raibh sé ag báisteadh. D'imigh an mór thír (nó Éire) as radharc go sciopadh agus ansin bhíomar ag an caladh nua atá tógtha ag Inis Meáin.

Ansin thosnaíomar ag siul.
Ni fada go dtí go rabhamar ag an aerstraice. Níl mórán tithe ar an taobh sin den oileán ach mar sin féin bhí sé soiléar go raibh na garrai glás néata agus bhí na fallaí árd agus dorcha, ní cosúil le Conamara ar chor ar bith. Is aoilcloch atá ar Árainn agus cloch eibhir geal atá anseo i gConamara. Thugamar faoi deara cé chomh ciúin is a bhí an áit. Ní raibh duine nó deoraí le feiscint ann.

N Caomhán
Diaidh ar ndiadh thánagmar chuig an áit a raibh na tithe agus bhí cor daoine le feiscint anseo is ansiúd.  Tá an taobh seo den oileán ar cineál ardán agus tá dhá sean dhún ann, Dún Fhearbhuí agus Dún Chonchuir. Thugamar aghaidh ar Dhún Chonchuir atá sa baile beag atá ann ar a dtugtar Móinín na Ruaige. Is ansin atá an séipéil agus Teach Synge chomh maith.

Bhí an séipéil ar oscailt agus chuamar isteach ann. Séipéil álainn atá ann, fuinneoga breatha de chuid stiúideo Harry Clarke agus an altóir deartha ag athair na bPiarsach. Is fiú go mór dul isteach ansin chun iad a fheiscint agus ar ndóigh "Hello!" a rá leis an Tiarna!

Agus ár  n-ágalamh leis an Tiarna thart chuamar ar aghaidh thar Theach Synge, a bhí dúnta (tá séasúr na turasóireachta thart) agus uaidh sin go dtí an Dún féin.  Tá sé ar bharr chnoic leis an cianta. Chuamar isteach ansin agus bhí lón istigh ann againn mar bhí fothainn ón gaoth ann.

Áit ársa mór atá ann. Chuirfeadh sé íontas ort  cé chomh mór is atá sé. Tá na ceisteanna ann leis nach bhfuil freagra le fáil orthu, agus seans nach mbeidh go deo. Cé thóg é? Cén fáth a dearnadh é? Ar bhealach bhí se cosúil le h-iarsmaí atá in Arizona sna stáit ar nós Caisleán Mhontatsuma, cé go bhfuil Dún Chonchúir i bfhad níos sine - agu níos fuaire!. Ach árdaíonn sé na ceisteanna céanna. Cé thóg é? agus cén fáth gur thréig siad an áit?

Ingearán
Shúileamar ansin go mall ar ais chuig an chaladh. Faoin am seo bhí an ghriain ag iarraidh teacht amach dúinn. Bhí nios mó daoine amuigh agus bhuaileamar le roint a bhí ag siúil. Tá an talamah "an-tanaí" anseo agus in áiteanna níl ithir ar bith ann. I ngarraí eile is ithir a deineadh leis na cianta as gainimh agus feamainn atá ann, ithir a deirtear liom, atá an toirtiúil.

Faoin am seo bhíomar ag dul thár trá a bhí lán de eineacha difriúil ag lorg beatha sa gainimh, san fheamainn agus ar ndóigh san uisce. Chonaic mé Cor Éisc ina measc agus broigheall agus dosaen nó dhó d'eanacha a cheap me gur géanna fíáine a bhí iontu ach ní saineolaí mé.

Bhí an grian amach faoin am seo agus shroiceamar an caladh díreach ag an am céanna agus a bhí ingearán ag teacht i dtír ag an aerstraice.  Ba chuid den cabhlach aertharrthála ag cleachtadh a bhí ann is dócha.

Bhí an bád beagáinín déanach ag teacht anoir as Inis Oírr ach tháining sé ar deireadh le sin a thabhart abhaile go Ros a'Mhíl áit ar ar bailíodh muid le dul abhaile chuigh béile deas blásta agus te. D'fhagamar slán le h-Inis Meáin le smaointe maithe d'áit, clochach, carraigreacha agus ciúin. Áit éagsúil.
Slán le hInis Meáin


• Tá learscáil in aice leis an gcaladh le trí lúbanna márcáilte, ach cé go bhfuil na logainmneacha i nGaeilge ar is i mBéarla amháin atá na treoracha. An rud céanna faoin suíomh turasóireachta atá ag Bórd Fáilte ar líne, muna bhfuil Béarla agat is beag a cabhair atá ionta.

Tá pictiúirí eile a tógadh ar an dturas le fáil anseo!
Inis Meáin 2013

7 comments:

  1. M'anam ach go raibh lá suimiúil agaibh!

    An bhfuil tú a maíomh go bhfuil do dheartháir ag obair mar shagart i bpáróiste sa Róimh?


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Ní dhéarfainn gur ag maoíomh a bhí mé ach is Sagart i bparóiste Nostra Signora di Guadalupe e S. Filippo sa Róimh é gan amhras!

    ReplyDelete

  3. Ababúna! sin rud nár shamhlaigh mé riamh.( Níl fhios agam cén fáth.) Tuilleadh bisigh dó.

    maidir le "maíomh": nuair a deirtear é sa Leath Choinn, bíonn sé chomhchiallach le "rá".

    Fearn

    ReplyDelete
  4. Muise nach naofa an dream muid.. ;-) (Sin maoímh duit gan aon agó!)

    ReplyDelete
  5. Dhéarfainn gur naofa sibh cinnte :-)


    Fearn

    ReplyDelete
  6. Go hálainn ar fad. Fuair mé leabhar faoi bhallaí na nOileán Árann leis an ealaíontóir Seán Scully agus an t-údar Colm Tóibín sa leabharlann le déanaí. Is fiú go mór é a léamh. Cur síos fileata ar Inis Meáin ag Tóibín agus griangrafanna deasa dubh agus bán glactha ag Scully. Sin ráite, sílim go bhfuil do ghriangrafanna féin gach pioc chomh healaíonta.

    Leabhar anseo: http://www.amazon.com/Sean-Scully-Walls-Aran/dp/0500543399

    ReplyDelete
  7. Gura maith agat John!

    Tá muintir Inis Meáin faoi bhrón inniú mar fuair file mór na háite Dara Beag básar an Máirt (1/11/2012). Ar dheis Dé go raibh sé!

    ReplyDelete