17.9.09

Teach bán

Bóthar go dtí an White House

Sraith thábhachtach nua ó fhoireann léirithe Mhobs Mheiriceá, ina rianaítear stair eachtrúil agus ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas.

Bóthar go dtí an White House seolta ag Ambasadóir SAM
Stair eachtrúil na nGael i bpolaitíocht Mheiriceá

B’é a Oirearcas, Dónal Ó Ruanaidh, (Daniel M Rooney) Ambasadóir nua na Stát Aontaithe in Éirinn a sheol an tsraith teilifíse seo le TG4 ag ócáid ina Áras cónaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath inné.

Sraith thábhachtach í seo ina rianaítear ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas. Le cabhair anailíse ó shaineolaithe staire agus ó thráchtairí polaitiúla agus ábhar go leor ón gcartlann físe, cuireann an tsraith seo, 6 chlár ar fad, síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.

Agus é ag seoladh na sraithe, dúirt an tAmbasadóir Ó Ruanaidh: “Mar ionadaí an Uachtaráin Obama agus phobal na Stát Aontaithe – agus mar dhuine de shliocht Éireannach mé féin - is ábhar bróid dúinn ar fad a bhfuil déanta ag Éireannaigh sa saol poiblí sa tír s’againn.”

Thug Bríd Seoighe, an léiritheoir sraithe le Abú Media, an comhlacht neamhspleách as Gaeltacht na Gaillimhe a sholáthar an clár do TG4: “Léirigh an taighde a rinne muid go bhfuil scéal mór iontach againn anseo, ina bhfuil na mílte scéal eile fite, a thugann léargas dúinn ar an mianach a bhí sna Gaeil agus an tuiscint a bhí acu ar thábhacht na polaitíochta chun cás an Éireannaigh agus a stádas a chur chun cinn sa Domhan Nua.”

Ghabh Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4, buíochas leis an Ambasadóir as a thacaíocht don tsraith seo agus dúirt: “Tá léargas tráthúil ar fáil sa tsraith seo ar chumas an Éireannaigh é féin a chur chun cinn, ainneoin constaicí agus bacainní uaireanta ceacht ón stair nach miste a mheabhrú sa la atá inniu ann freisin.”
JFK i gCorcaigh Meith 1963

Le cabhair anailíse ó shaineolaithe staire agus ó thráchtairí polaitiúla agus ábhar go leor ón gcartlann físe, cuirfidh an tsraith seo, 6 chlár ar fad, síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.

Díreoidh gach clár ar dhuine amháin agus ar a thionchar ina cheantar féin lena linn agus ar a oidhreacht, idir phearsanta agus pholaitiúil. Cuirfidh an tsraith lenár dtuiscint ar an dul chun cinn a rinne na hÉireannaigh ina n-iarracht seilbh agus ceannas a fháil ar an struchtúir polaitiúil ag an leibhéal áitiúil, cathrach, Stáit agus náisiúnta.

Is é Richard 'Boss' Croker is ábhar do Chlár 1 (24/09/2009), fear a d’imir tionchar mór ar an saol i Nua Eabhrac tar éis an Ghorta Mhóir. B’as an gCarraig Dhubh i gCorcaigh ó dhúchas dó ach is ar chathair Nua Eabhrac a d’fhág sé a mharc mar gurbh é a fuair ceannas ar Tamanny Hall, eagras cumhachtach polaitiúil na cathrach.

Is iomaí sin cleas a rinne sé agus is iomaí gníomh cam salach freisin nó gur fhill an feall ar an bhfeallaire roimh dheireadh a shaoil. Dá ainneoin sin, léirigh sé go raibh na Gaeil in ann an córas a láimhsiú agus a neart mar chine a eagrú go háitiúil.

Alfred E Smith is ábhar don dara clár (1/10/2009), an chéad Chaitliceach agus an chéad duine de shliocht Éireannach a sheas d’Uachtaránacht na Stát Aontaithe (i 1928). Toghadh ina Ghobharnóir ar Nua Eabhrac é cheithre huaire ar fad agus chuir sé go leor tograí i gcrích chun leas na cathrach sin a d’fhág a rian go láidir uirthi. Dá ainneoin sin, spreag a iarracht ar an Uachtaránacht go leor ionsaithe ciníocha agus maslaí gránna agus léirigh go raibh go leor deacrachtaí le sárú ag na hÉireannaigh sula rachaidís chun cinn ag an leibhéal náisiúnta de pholaitíocht na Stát Aontaithe.

Cuirfear aithne ar Boss Tom Prendergast i gclár 3, (8/10/2009) duine de charachtair iontacha Kansas City sna 1920í agus fear a bhí lárnach i saol polaitiúil na nUachtarán Roosevelt agus Truman. Cé gur éirigh leis go leor infheistíochta a mhealladh chun na cathrach, thuill Kansas go leor míchlú freisin de thoradh na coiriúlachta agus an fhoréigin a bhí fairsing inti lena linn. Thug seo ar na húdaráis dul i mbun fiosrúcháin ar Phrendergast féin faoi dheireadh, ciontaíodh é ar chúis a bhain le seachaint cánach agus cuireadh i ngéibheann é. Cáineadh an tUachtarán Truman as dul chuig a shochraide i 1945.

Is í cathair Bhoston ceann de mhórionaid na nGael i Meiriceá le breis is céad bliain agus bhí James Michael Curley ar dhuine de na pearsain ba cháiliúla riamh de shliocht Gael sa gcathair sin. I gclár 4 (15/10/2009), tráchtfar ar chuid den iliomad eachtra a bhain lena shaol. Ní raibh saibhreas ná maoin ag a mhuintir ach d’éirigh leis dul go croílár na cumhachta sa gcathair sin agus greim a choinneáil ar an gcumhacht sin ar feadh i bhfad, cé go raibh fórsaí suntasacha ina choinne agus biogóideacht mar chúlra le cuid de.


Bhíodh triall na nGael ar Chathair na Gaoithe ón tús agus is é Richard J. Daley an polaiteoir is mó atá luaite le Chicago agus is é is ábhar do chlár 5 (22/10/2009). Polaiteoir conspóideach ab ea riamh é, ina laoch ag dream amháin agus ina namhad fíochmhar ag dreamanna eile. Bhí greim aige ar scair shuntasach den Pháirtí Daonlathach i lár an chéid seo caite. Dá réir sin ba mhór a thábhacht in ainmniúchán John F Kennedy mar iarrthóir an pháirtí sin i dtoghchán na hUachtaránachta i 1960. Is é a mhac, Richard M Daley, Méara Chicago faoi láthair.

Díríonn clár 6 (29/10/2009) ar an teaghlach Gael-Mheiriceánach is cáiliúla agus is cumhachtaí ar fad, clann Uí Chinnéide. Is scáthán as scéal iomlán na deoraíochta é a scéal siúd. Tháinig a sinsir go Meiriceá in aimsir an Ghorta agus de réir a chéile rinne siad dul chun cinn, glúin ar ghlúin, sa saol gnó agus ansin sa saol polaitiúil. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda (inar maraíodh an mac ba shine, an té a bhí roghnaithe ag a athair le dul le polaitíocht) b’é John F. Kennedy dóchas an teaghlaigh agus d’éirigh leis i 1960 éacht pholaitiúil a dhéanamh nach ndearna éinne de shliocht Gael roimhe sin – bua a fháil agus é tofa mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Teaghlach ildánach casta ab ea na Cinnéidigh agus tá a rian go láidir fós ar pholaitíocht Mheiriceá, fiú le bás be, Eunice Shriver agus an Seanadóir Edward Kennedy i mí Lúnasa na bliana seo.

1 comment: